Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Radharc ar an nGadaidhe dhubh
Title
Radharc ar an nGadaidhe dhubh
Author(s)
Mac Suibhne, Tadhg,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Radharc ar an nGadaidhe dhubh Nidh nach iongnadh san, do chuir cunntas Dhonnchaidh Uí Loingsigh faoi thiodal "Slad na hÉireann" insa Chlaidheamh Soluis (teilgean an 8adh lá de'n mhí chuaidh thorainn) corraighe mór, gan a rádh crith-eagla, ar lucht na Gaedhilge i Lonndain. Níor thugamar creideamhain ar dtúis do'n tuaraisg úd ó'n Sídhe go raibh an Gadaidhe Dubh fós 'na bheathaibh agus 'na chomhnaidhe insa' chathair mhóir seo. Dá mbeadh amháin fiadhnaise Chuinnín na bPúcaidhe ag neartughadh an sgéil ag Donnchadh bhreágh, ní bheadh aon amhras orainn. Acht ar aon chuma do thuit amach nídh ághmharach do dhaoinibh áirithe cois Fáscoille a chuirfidh gnúis na fírinne ar sgéal ná raibh ro-shoiléir roimhe seo. Lá dá raibh Seaghán Ó Cathain, Fionán MacColuim, Ó Síothcháin calma, Ó Luaghnaigh luath lúthmhar agus tuilleadh de shíol na Féinne 'na suidhe ar mhóinteán álainn i n-imeall na Fascoille ag roinn agus ag riarughadh seilge an lae - ní raibh fear aca nár mharbh céad torc le sárughadh dian agus chéad fiadh le luas con do réir a gcunntais féin. Bíodh san mar atá, is gearr gur chloiseadar istigh i gcumar na coille an dordán múchta ar dtúis, agus a dhaoine na gcarad! Ar ball riará, suathadh, agus bualadh báinte ag teacht 'na dtreó. D'éirigh Fíonán suas go colgach agus ar sé: "Má's namhaid atá ag déanamh an cheó bhóthair agus ag fothraim seo, buainfead-sa an chéad ghéim as lem' chuaille chomhraic. Acht má's fear macánta é, líon an corn óir do." Le n-a linn sin, do tháinig fear amach as an gcoill i n-anaithe an tsaothair. Do bhí sgeón 'na shúilibh agus a ghruag 'na seasamh ar a phlaosg. Nuair a dhruid sé léo, do labhair an fear sgafanta Ó Síothcháin go hárd agus adubhairt. "Siúd é an Muireadhach dhó chuaidh i mudha lá an chomhcholáin (= coimhthionóil), nuair a theip orainn géilleadh ar Fhíonán an dara órdóg go chogaint chum tuaraisg' d'fhágháil air." "Dá chomhartha san féin, do bhíos-sa i nÉirinn an lá úd leath-traochta ar thaobh Cnuic Mhaoil Domhnaigh," arsa Seaghán Ó Catháin. Do chuir Fíonán an chuaille chomhraic ar leathtaoibh agus adubhairt: "Moladh 's buidheachas leis an dTighearna, a Mhuireadhaigh - cá rabhais, an fada thángaís nó créad tá ort i n-aon chor a' rioth chughainn mar seo ar do chroidhe-dhícheall tar éis lae agus oidhche ar seachrán? Cad a chuir gruaim agus eagla ort? Seo! tóg iarrachd as an gcorn go bhfuighir d'anál as. Innis dúinn gan moill cad 'imthigh ort, a bhuachaill macánta, ó lá an chomhcholain go dtí seo." Do chuir an Muireadhach an corn chum a bhéil, agus do bhuain bolmac (= bolgam) nó dhó agus sgluig mhaith fhada 'na dhiaidh sin go raibh sé sásta, agus do shuidh sé ar a chorragiub ar chnapán ar a raibh tulcha féir agus do labhair sé fá dheireadh go feargach - "Airiú! nach breágh galánta na daoine sibh d'fhág an deoraidhe bocht ó Éirinn ag lúbhadh 's ag casadh ar fud na Fáscoille, is gach rud fiadhain cúthach 'na bhóthar, 's an fear aosda dorcha ag imirt orm i mbothán phluais charraige." D'fhéach Fíonán anonn ar Ó Luaghnaigh, agus do bhagair a shúil. Annsan adubhairt sé: "Ólamaoid deoch na Féinne le sláinte an Mhuireadhaigh - go mairidh sé i bhfad, agus gráin gach croidhe ar an bhfear úd do bhí ag imirt air. Cé 'rbh' é siúd i n-aon-chor!" Do bhuaidh an Muireadhach tarrac láidir as an gcupán mhór agus do tháinic dreach ghrianach air. Is beag ná gur gháir sé leis féin sul a labhair sé arís. "Tá fear annsúd," ar sé, "i mbothán phluais charraige do gheall lóisdín dom an oidhche úd do chuadhas i múdha. Fear mór láidir aosda cliabh-sgaoilte. Sgrugal fada de sgórnaigh air, agus aghaidh dhubh smeartha faoi thulcha chiar-dhubh ghruaige. Tá sé breis is dá chéad bliadhain d'aois, adeir sé, agus is ainm do an Gadaidhe Dubh." Seo mion-chaint a bhí againn. Muireadhach. - An é sin th'ainm ceart, a fhir mhaith, nó an leas-ainm é? Gadaidhe. - 'Sé ainm cheana do bhí ag muinntir Bhaile Mhúirne orm. M. - Gabhaim do phárdún, acht an féidir dom tuairim do thabhairt ar t'ainm cheart? G. - M'ainm is mo shloinneadh is ionann liom innsin go raibh dhá chluais chapaill ar dhuine dhem shinnsear. M. - Dhe, ná bíodh aon cheisd ort dá thaobh san. B'ághmharach an sgéal do é ná raibh dhá chluais asail air. Is maith so-ghluaiste an beathadhach capall, agus is mó an chiall aige go minic ná tá ag mórán de na daoinibh. G. - Cuir uait do ghlugar, mar is é mo thuairim gur dailthíneacht magaidh atá fút. Is minic a chualas caint faoi sgáth de'n tsaghas san ó dhaoinibh áirithe sa tsean- bhaile. M. - Ná cuir fearg ort féin, a fhir mhaith. Táim féin saor ó'n aicíd sin. Acht innis dom fós an bhfuil aon'ne ded' dhúthchas beó annso nó annsúd. G. - Do bhuail beirt fhear ó Bhaile Mhúirne liom ar pháirc an mhargaidh timcheall le fiche bliadhain ó shoin annso i Lonndain. Do bhíodar ag díol ime - Seaghán agus Peadar b'ainm dóibh. Ní chuirfeadh aon'ne aca bréag as - gan chúis éigin. Adubhradar liom go raibh stracaire fada d'árd-rógaire de'm chineadh-se ag foghlaim nó ag múineadh Béarlagair na Saor thiar cois Loch' Uí Bhogaigh. Do chuir sé chugam beagán airgid chum tabac ó shoin, acht bíonn sé ag cnámhseáil, agus ag gearán gurab é sin cáin agus cíos na hÉireann dá chur chugham. M. - C'onnus a mhaireann tú chómh fada so, airiú? G. - Tá eólas agam ar luibh na beathadh, agus tugaim beagán di dom' bhuachaill anois is arís. M. Airiú! 's a' bhfuil buachaill agat? G. - Do bhí buachaill agam. Duine bocht maol macánta de mhuinntir Shuibhne, acht ní'l aon mhaitheas le fagháil as le déidheanaighe. Tá sé thíos annsan anois cois tuir rathnaighe ag cur abhráin as - fili- dheacht mar' adh eadh! Seo ceisd a chuireann sé orm go minic - "cad fé ndeár meathlughadh na Gaedhilge?"
Ní thabharfad a' thuilleadh de luibh na beathadh do'n bhreillín úd, acht leigfead do dul chum báis, agus ó tá rinnce maith agat-sa - rud ná raibh aige siúd - agus tú go calma láidir, beidh tusa mar bhuachaill agam. M. - Ca'n-a thaobh nár fhanais, .i. mBaile Mhúirne? G. - Ó Bhliadhain na Gorta ní fhásann luibh na beathadh i nÉirinn, agus dá bhrígh sin dob' éigean dom áisd- riughadh. M. - Ch'onnus a thaithneann leat bheith beó chomh fada so? G. - Ní thaithneann ró-mhaith, agus is é mo smaoineadh luibh an bháis do chur id' chupa-sa agus am chupa féin lá breágh éigin. "Diabhal luibh a chuirfir am' chupa-sa, a chlaidhaire!" arsa mé, agus le n-a linn sin do sgiúrdas an doras amach agus é siúd im' dhiaidh d'urchor - níor stadas de'n rás san go dtánag go dtí seo. "Croidhe na fírinne an Muireadhach!" arsa Fíonán. "Croidhe na fírinne!" ar siad go léir. Sin mar adeirim féin gan amhras. TADHG MACSUIBHNE
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services