Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Radharc ar an nGadaidhe dhubh

Title
Radharc ar an nGadaidhe dhubh
Author(s)
Mac Suibhne, Tadhg,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Radharc ar an nGadaidhe dhubh



Nidh nach iongnadh san, do chuir cunntas Dhonnchaidh
Uí Loingsigh faoi thiodal "Slad na hÉireann" insa
Chlaidheamh Soluis (teilgean an 8adh lá de'n mhí chuaidh
thorainn) corraighe mór, gan a rádh crith-eagla, ar lucht
na Gaedhilge i Lonndain. Níor thugamar creideamhain
ar dtúis do'n tuaraisg úd ó'n Sídhe go raibh an Gadaidhe
Dubh fós 'na bheathaibh agus 'na chomhnaidhe insa' chathair mhóir
seo. Dá mbeadh amháin fiadhnaise Chuinnín na bPúcaidhe
ag neartughadh an sgéil ag Donnchadh bhreágh, ní bheadh
aon amhras orainn.



Acht ar aon chuma do thuit amach nídh ághmharach do
dhaoinibh áirithe cois Fáscoille a chuirfidh gnúis na fírinne
ar sgéal ná raibh ro-shoiléir roimhe seo.



Lá dá raibh Seaghán Ó Cathain, Fionán MacColuim,
Ó Síothcháin calma, Ó Luaghnaigh luath lúthmhar agus tuilleadh
de shíol na Féinne 'na suidhe ar mhóinteán álainn i
n-imeall na Fascoille ag roinn agus ag riarughadh seilge
an lae - ní raibh fear aca nár mharbh céad torc le
sárughadh dian agus chéad fiadh le luas con do réir a
gcunntais féin.



Bíodh san mar atá, is gearr gur chloiseadar istigh i
gcumar na coille an dordán múchta ar dtúis, agus a
dhaoine na gcarad! Ar ball riará, suathadh, agus bualadh
báinte ag teacht 'na dtreó. D'éirigh Fíonán suas go
colgach agus ar sé: "Má's namhaid atá ag déanamh an
cheó bhóthair agus ag fothraim seo, buainfead-sa an
chéad ghéim as lem' chuaille chomhraic. Acht má's fear
macánta é, líon an corn óir do." Le n-a linn sin, do
tháinig fear amach as an gcoill i n-anaithe an tsaothair.
Do bhí sgeón 'na shúilibh agus a ghruag 'na seasamh ar a
phlaosg. Nuair a dhruid sé léo, do labhair an fear
sgafanta Ó Síothcháin go hárd agus adubhairt. "Siúd
é an Muireadhach dhó chuaidh i mudha lá an chomhcholáin
(= coimhthionóil), nuair a theip orainn géilleadh ar
Fhíonán an dara órdóg go chogaint chum tuaraisg'
d'fhágháil air." "Dá chomhartha san féin, do bhíos-sa i
nÉirinn an lá úd leath-traochta ar thaobh Cnuic Mhaoil
Domhnaigh," arsa Seaghán Ó Catháin.



Do chuir Fíonán an chuaille chomhraic ar leathtaoibh
agus adubhairt: "Moladh 's buidheachas leis an
dTighearna, a Mhuireadhaigh - cá rabhais, an fada
thángaís nó créad tá ort i n-aon chor a' rioth chughainn
mar seo ar do chroidhe-dhícheall tar éis lae agus oidhche
ar seachrán? Cad a chuir gruaim agus eagla ort? Seo!
tóg iarrachd as an gcorn go bhfuighir d'anál as. Innis
dúinn gan moill cad 'imthigh ort, a bhuachaill macánta,
ó lá an chomhcholain go dtí seo." Do chuir an Muireadhach
an corn chum a bhéil, agus do bhuain bolmac (= bolgam)
nó dhó agus sgluig mhaith fhada 'na dhiaidh sin go raibh sé
sásta, agus do shuidh sé ar a chorragiub ar chnapán ar a raibh
tulcha féir agus do labhair sé fá dheireadh go feargach -
"Airiú! nach breágh galánta na daoine sibh d'fhág an
deoraidhe bocht ó Éirinn ag lúbhadh 's ag casadh ar fud
na Fáscoille, is gach rud fiadhain cúthach 'na bhóthar, 's
an fear aosda dorcha ag imirt orm i mbothán phluais
charraige."



D'fhéach Fíonán anonn ar Ó Luaghnaigh, agus do bhagair
a shúil. Annsan adubhairt sé: "Ólamaoid deoch na
Féinne le sláinte an Mhuireadhaigh - go mairidh sé i
bhfad, agus gráin gach croidhe ar an bhfear úd do bhí ag
imirt air. Cé 'rbh' é siúd i n-aon-chor!" Do bhuaidh an
Muireadhach tarrac láidir as an gcupán mhór agus do
tháinic dreach ghrianach air. Is beag ná gur gháir sé leis
féin sul a labhair sé arís.



"Tá fear annsúd," ar sé, "i mbothán phluais charraige
do gheall lóisdín dom an oidhche úd do chuadhas i múdha.
Fear mór láidir aosda cliabh-sgaoilte. Sgrugal fada
de sgórnaigh air, agus aghaidh dhubh smeartha faoi thulcha
chiar-dhubh ghruaige. Tá sé breis is dá chéad bliadhain
d'aois, adeir sé, agus is ainm do an Gadaidhe Dubh."
Seo mion-chaint a bhí againn.



Muireadhach. - An é sin th'ainm ceart, a fhir mhaith, nó
an leas-ainm é?



Gadaidhe. - 'Sé ainm cheana do bhí ag muinntir Bhaile
Mhúirne orm.



M. - Gabhaim do phárdún, acht an féidir dom tuairim
do thabhairt ar t'ainm cheart?



G. - M'ainm is mo shloinneadh is ionann liom innsin
go raibh dhá chluais chapaill ar dhuine dhem shinnsear.



M. - Dhe, ná bíodh aon cheisd ort dá thaobh san.
B'ághmharach an sgéal do é ná raibh dhá chluais asail air.
Is maith so-ghluaiste an beathadhach capall, agus is mó
an chiall aige go minic ná tá ag mórán de na daoinibh.



G. - Cuir uait do ghlugar, mar is é mo thuairim gur
dailthíneacht magaidh atá fút. Is minic a chualas caint
faoi sgáth de'n tsaghas san ó dhaoinibh áirithe sa tsean-
bhaile.



M. - Ná cuir fearg ort féin, a fhir mhaith. Táim féin
saor ó'n aicíd sin. Acht innis dom fós an bhfuil
aon'ne ded' dhúthchas beó annso nó annsúd.



G. - Do bhuail beirt fhear ó Bhaile Mhúirne liom ar
pháirc an mhargaidh timcheall le fiche bliadhain ó shoin
annso i Lonndain. Do bhíodar ag díol ime - Seaghán agus
Peadar b'ainm dóibh. Ní chuirfeadh aon'ne aca bréag
as - gan chúis éigin. Adubhradar liom go raibh
stracaire fada d'árd-rógaire de'm chineadh-se ag
foghlaim nó ag múineadh Béarlagair na Saor thiar cois
Loch' Uí Bhogaigh. Do chuir sé chugam beagán airgid
chum tabac ó shoin, acht bíonn sé ag cnámhseáil, agus
ag gearán gurab é sin cáin agus cíos na hÉireann dá
chur chugham.



M. - C'onnus a mhaireann tú chómh fada so, airiú?



G. - Tá eólas agam ar luibh na beathadh, agus tugaim
beagán di dom' bhuachaill anois is arís.



M. Airiú! 's a' bhfuil buachaill agat?



G. - Do bhí buachaill agam. Duine bocht maol
macánta de mhuinntir Shuibhne, acht ní'l aon mhaitheas
le fagháil as le déidheanaighe. Tá sé thíos annsan
anois cois tuir rathnaighe ag cur abhráin as - fili-
dheacht mar' adh eadh! Seo ceisd a chuireann sé orm
go minic - "cad fé ndeár meathlughadh na Gaedhilge?"


L. 356


Ní thabharfad a' thuilleadh de luibh na beathadh do'n
bhreillín úd, acht leigfead do dul chum báis, agus ó tá
rinnce maith agat-sa - rud ná raibh aige siúd - agus
tú go calma láidir, beidh tusa mar bhuachaill agam.



M. - Ca'n-a thaobh nár fhanais, .i. mBaile Mhúirne?



G. - Ó Bhliadhain na Gorta ní fhásann luibh na beathadh
i nÉirinn, agus dá bhrígh sin dob' éigean dom áisd-
riughadh.



M. - Ch'onnus a thaithneann leat bheith beó chomh fada
so?



G. - Ní thaithneann ró-mhaith, agus is é mo smaoineadh
luibh an bháis do chur id' chupa-sa agus am chupa féin
lá breágh éigin.



"Diabhal luibh a chuirfir am' chupa-sa, a chlaidhaire!"
arsa mé, agus le n-a linn sin do sgiúrdas an doras
amach agus é siúd im' dhiaidh d'urchor - níor stadas
de'n rás san go dtánag go dtí seo.



"Croidhe na fírinne an Muireadhach!" arsa Fíonán.



"Croidhe na fírinne!" ar siad go léir.



Sin mar adeirim féin gan amhras.



TADHG MACSUIBHNE

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services