Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. VI - Cionnus mar ghoideadh an gé.
Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. VI - Cionnus mar ghoideadh an gé.
Author(s)
Ó Conchubhair, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanchus Grinn na Tuaithe MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh. VI. - CIONNUS MAR GHOIDEADH AN GÉ. Ní cuimhin liom anois, cé gur dócha ná rabhas gan a chlos, cad as ar thrialladar Donnchadh Ó Garbhaigh agus a bhean an uair chuireadar fútha chun comhnuighthe i nGarraidhe na gCrann. Ní miste a rádh gur ghluais a gcáil le n-a gcois, nó, marar dhein, ba ghearraid i n-a ndiaidh a bhí sí. Cad a bheadh ann 'ná an mhuinn- tear a tháinig rómpa ag tréigean a gCreidimh le linn an droch- shaoghail. "Lucht Anbhruithe," nó "Soupers", a bhí ionnta, a cháirde. An uair airigheamair iomlán an scéil, níor ró-mhór í ár bhfáilte rómpa; agus muna raibh muinntear an bhaile mí-chéad- fhadhach de Liam Ó Catháin a chuir bothán chucha, ní lá go máir- each é. 'Seadh, ní raibh leigheas air anois. Bhí an margadh - nó an donas, mar adéarfá - déanta, agus sealbhachas an tighe glactha ag Donnchadh. Bhí sé a d'iarraidh féar bó fhagháil ó Liam i n-a theannta, acht do tugadh an t-eiteach dó. Ní raibh i nDonnchadh acht sclábhuidhe, fear a théigheadh ag tuilleamh a pháigh ar thaoibh an bhóthair - ar a shon go ndeireadh Siobhán Thaidhg go bhfeacaidh sí féin, lá áirithe dar ghaibh sí isteach chúcha, carn óir dá chóimhreamh ar an mbórd ag Donnchadh agus ag Síle. Níor chuireamair mórán suime i nglór Shiobhán, ámhthach - mar, go deimhin díbh, níor mhincíghe an fhírinne ar siubhal aici 'ná an rud eile, an t-éitheach. Acht níor bh'eólach dúinn tart ná ocras, ganntanas bídh ná annlain, ar an mbeirt. Ní hamháin soin, acht níor bh'fhánach mion-fhéasta aca - gé beirbhthe nó rósta, nó sóghmhlacht éigin den tsaghas soin. Chaitheadar ráithe ar a laighead 'san áit sar ar dhein éinne de sna comhursanaibh mórán caidrimh ná cáirdis leó. Théigheadh Síle ó thigh go tigh an uair oireadh di ar lorg iasachta an chorcáin
nó an scilléid, agus b'í teist na mban uirthi gur bhean ghrádhmhar í agus go raibh a croidhe 'san inead ceart. Do deineadh amach, leis, go raibh Donnchadh i n-a amhránuidhe bhreagh, agus ó'n lá soin amach ní bhíodh easba chuideachtan ortha ist oidhche. Bhailigheadh gasra againn isteach chucha d'fhonn smut den oidhche do chaitheamh ag imirt cártaidhe, agus ba mhinic sinn cruinnighthe timcheall na teine - Donnchadh, agus a dhrom le hiarta aige, is é ag fiann- uidheacht nó ag gabháil amhrán dúinn. Bhí aon tréith amháin a bhain leis an lánamhain seo nár thaithn linn olc maith: agus do b'í tréith í 'ná feóil d'ithe Dia hAoine. Ní dócha go bhfeacadar féin aon díoghbháil ann; ní mar stainncín ar mhuinntir an bhaile a dheinidís é. Acht pé lá eile ithidís prátaidhe tura, bheadh feóil aca ist oidhche Dé hAoine. An bhliadhain d'éis a teachta go Garraidhe na gCrann do chuir Síle gé ar gor, agus is aici bhí an t-ál breagh de ghéadhnaibh óga. Um theacht na Samhna bhíodar reamhar beathuighthe aici. Do síneadh an ceann ba mhéithe ortha i gcómhair Oidhche Shamhna, agus ar ádhbharaighe an tsaoghail do thuit an oidhche chéadna ar an Aoine. Rud nár dheineamair riamh roimhe, do cheap naonbhar againn amach cleas le himirt ar Dhonnchadh agus ar a mhnaoi an oidhche úd. Áiltheóiridhe gan chiall gan tuigsint a b'eadh sinn gan amhras agus cleas dá leithéid d'imirt ar éinne. Admhuighim anois nár chóir ná cheart é dhéanamh, acht ní'l aon teóra le baois na hóige. Díreach agus an oidhche tuithte do sheólamair Muiris Ó Dubhda isteach go tigh Dhonnchadha. "Ní'l agat le déanamh," arsa Tadhg Óg Ó Séaghdha, "acht gabháil isteach chúcha gan faic do leogaint ort. Má chíonn tú go bhfuil an gé ar an dteine cuir cómhartha éigin chughainn. "Agus cá bhfaghaidh mé an cómhartha le cur chughaibh?" arsa Muiris. "Má thagaim amach beifear amhrasach orm ar ball." "Inneosad-sa dhuit cad a dhéanfair, a Mhuiris," arsa Seán Mhíchíl. "Beir leat do ghadhar ó thárla go bhfuilir i gcomhgar do thighe féin, agus annsan má theastuigheann uait cómhartha chur chughainne tiomáin uait amach an doras é, agus leig ort gurab amhluidh a lean sé i gan fhios thú."
"Tá go maith," arsa Muiris, agus do ghlaoidh sé chuige a ghadhar. Chuarduigheamair annsan nó gur ráinig linn asal Dhonnchadh d'fhagháil. Stiúraigheas féin thar beárnain isteach i n-iothlain Sheóirse Bháin é. Sholáthruigh beirt nó triúr eile dréimire, agus bhíomair ullamh i gcómhair na hoibre bhí idir lámhaibh againn. D'airigheamair Muiris ag doras tighe Donnchadh, agus "Téighir abhaile, a choileáin" ar siubhal go dícheallach aige. Tuigeadh láithreach dhúinn go raibh an gé á bheirbheadh, agus gur mhithid dúinn gluaiseacht má ba mhaith linn ár gcleas do chur i bhfeidhm. Siúd linn fé dhéin an tighe, dréimire agus téidín chaol chnáibe mar churam ar thriúr againn. D'imthigh an triúr so go ciúin socair thar cúinne an tighe, agus an chuid eile isteach 'san tigh. "A Dhonnchadh," arsa Mac Fhíonáin agus é ag dul thar táirsigh an dorais, "tá t'asal thoir i n-iothlain Sheóirse. Má bheireann an Banach air cloisfir scéala uaidh." Amach le Donnchadh ar thóir an asail. Seadh, ní fhillfeadh sé go ceann leath-uaire, agus dhéanfadh leath na haimsire sin ár ngnó dá rithfeadh linn. Bhí corcán ar chrochadh ós cionn na teine, agus ó thárla go raibh praiseach mhéith 'á déanamh de dhruim an ghé ní raibh aon chlúdach air. B'shin rud a bhí fabhrach dhúinn. "Ná beadh cluiche againn?" arsa Muiris Ó Dubhda. "Táimíd sásta," arsa sinne, "acht tá an solus ró-fhada ón mbórd." Bhíomair cruinnighthe timcheall an bhúird um an dtaca so. "Tabharfad-sa coinneall chughaibh, a bhuachaillidhe," arsa Síle. "M'anam thú, a Shíle, níor chaillis riamh orainn," arsa Seán Mhichíl. "An mbeadh lasán ag éinne agaibh?" ar sise. "Tá na coinnle i mbosca thíos san tseomra, agus ní thaith- neann an doircheacht liom." Soláthruigheadh cúpla ceann di. Níor thúisce a drom linn ná do síneadh téad chaol chnáibe go raibh dubhán mór i n-a ceann an simnéidh anuas. Níor chorruigh éinne againne as a inead. Tar éis iarrachta nó dhó ó fhear na téide chuaidh an dubhán i n-achrann 'san ngé, agus d'árduigheadh poll an deataigh amach é. Le linn a árduighthe do stealladh steanncán praisce as an gcorcán ar
ghadhar an tighe a bhí dhá ghoradh féin ar leic an teinteáin. Chuir sé béic as, nídh nár bh'iongnadh mar go raibh a dhóthain de chúis aige, agus siúd fé dhéin an dorais é. Ráinig gan a bheith roimis acht an leath-dhoras. Chuaidh sé d'aon iarracht glan thairis. "T'anam ag an bhfiach, a Shíle! cad é sin imthighthe ag an ngadhar?" arsa Muiris. "Cad deireann tú?" arsa Síle, is í sáidhte 'san mbosca ar lorg na coinnle. "Ailp éigin atá beortha chum siubhail ag Charley, adeirim leat," arsa Muiris. Rith sí aníos as an tseomra agus d'fhéach 'san gcorcán. "Ó, mo ghé breagh imthighthe ag an mbitheamhnach," ar sise, "Ca n-a thaoibh díbh é leogaint leis?" "Ní fheacamair olc ná maith é go raibh sé ag glanadh an doras amach," arsa mise. "Leanaimís é agus bainimís de an gé," arsa Muiris; "ní féidir leis mórán de bheith ithte fós ag an gcladhaire." Dheineamar agus chuarduigheamair go mion dó; acht, nidh nár bh'iongnadh, b'shin a raibh de mhaitheas dúinn ann. Cuireadh scann- radh uathbhásach ar an ngadhar mbocht i dtreó is nár fhill sé ar an dtigh an oidhche sin. An uair tháinig sé lá ar n-a bháireach, ní raibh aon an-fháilte roimis; acht níor gabhadh i n-aon chor air, mar bhí árd-chion ag Síle ar Charley. Ní fheadar i dtaoibh Dhonnchadh, acht táim deimhnitheach ná raibh aon amhras ag Síle gur sinne bhí cionntach i bhfuadach an ghé. An bhliadhain a bhí chughainn bhí Donnchadh bocht i n-a mhairtíneach ag na dathachaibh, agus níor fhéad sé práta ná meacan do chur. Bhailigh fuireann imeartha an chleasa, agus do chuireamar dó iad i n-aon ló amháin. Mar soin is eadh do dheineamair leoirghníomh i gan fhios dó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services