Seanchus Grinn na Tuaithe
MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR
do scríobh.
VI. - CIONNUS MAR GHOIDEADH AN GÉ.
Ní cuimhin liom anois, cé gur dócha ná rabhas gan a chlos, 
cad as ar thrialladar Donnchadh Ó Garbhaigh agus a bhean an uair 
chuireadar fútha chun comhnuighthe i nGarraidhe na gCrann.  Ní 
miste a rádh gur ghluais a gcáil le n-a gcois, nó, marar dhein, 
ba ghearraid i n-a ndiaidh a bhí sí.  Cad a bheadh ann 'ná an mhuinn-
tear a tháinig rómpa ag tréigean a gCreidimh le linn an droch-
shaoghail.  "Lucht Anbhruithe," nó "Soupers", a bhí ionnta, a 
cháirde.  An uair airigheamair iomlán an scéil, níor ró-mhór í ár 
bhfáilte rómpa; agus muna raibh muinntear an bhaile mí-chéad-
fhadhach de Liam Ó Catháin a chuir bothán chucha, ní lá go máir-
each é. 
'Seadh, ní raibh leigheas air anois.  Bhí an margadh - nó an 
donas, mar adéarfá - déanta, agus sealbhachas an tighe glactha 
ag Donnchadh.  Bhí sé a d'iarraidh féar bó fhagháil ó Liam i n-a 
theannta, acht do tugadh an t-eiteach dó. 
Ní raibh i nDonnchadh acht sclábhuidhe, fear a théigheadh ag 
tuilleamh a pháigh ar thaoibh an bhóthair - ar a shon go ndeireadh 
Siobhán Thaidhg go bhfeacaidh sí féin, lá áirithe dar ghaibh sí isteach 
chúcha, carn óir dá chóimhreamh ar an mbórd ag Donnchadh agus ag 
Síle.  Níor chuireamair mórán suime i nglór Shiobhán, ámhthach - 
mar, go deimhin díbh, níor mhincíghe an fhírinne ar siubhal aici 'ná 
an rud eile, an t-éitheach.  Acht níor bh'eólach dúinn tart ná 
ocras, ganntanas bídh ná annlain, ar an mbeirt.  Ní hamháin 
soin, acht níor bh'fhánach mion-fhéasta aca - gé beirbhthe nó rósta, 
nó sóghmhlacht éigin den tsaghas soin. 
Chaitheadar ráithe ar a laighead 'san áit sar ar dhein éinne 
de sna comhursanaibh mórán caidrimh ná cáirdis leó.  Théigheadh 
Síle ó thigh go tigh an uair oireadh di ar lorg iasachta an chorcáin 
Bhí aon tréith amháin a bhain leis an lánamhain seo nár thaithn 
linn olc maith: agus do b'í tréith í 'ná feóil d'ithe Dia hAoine. 
Ní dócha go bhfeacadar féin aon díoghbháil ann; ní mar stainncín 
ar mhuinntir an bhaile a dheinidís é.  Acht pé lá eile ithidís 
prátaidhe tura, bheadh feóil aca ist oidhche Dé hAoine. 
An bhliadhain d'éis a teachta go Garraidhe na gCrann do chuir 
Síle gé ar gor, agus is aici bhí an t-ál breagh de ghéadhnaibh óga. 
Um theacht na Samhna bhíodar reamhar beathuighthe aici.  Do síneadh 
an ceann ba mhéithe ortha i gcómhair Oidhche Shamhna, agus ar 
ádhbharaighe an tsaoghail do thuit an oidhche chéadna ar an Aoine. 
Rud nár dheineamair riamh roimhe, do cheap naonbhar againn amach 
cleas le himirt ar Dhonnchadh agus ar a mhnaoi an oidhche úd. 
Áiltheóiridhe gan chiall gan tuigsint a b'eadh sinn gan amhras 
agus cleas dá leithéid d'imirt ar éinne.  Admhuighim anois 
nár chóir ná cheart é dhéanamh, acht ní'l aon teóra le baois na 
hóige. 
Díreach agus an oidhche tuithte do sheólamair Muiris Ó Dubhda 
isteach go tigh Dhonnchadha. 
"Ní'l agat le déanamh," arsa Tadhg Óg Ó Séaghdha, "acht 
gabháil isteach chúcha gan faic do leogaint ort.  Má chíonn tú 
go bhfuil an gé ar an dteine cuir cómhartha éigin chughainn. 
"Agus cá bhfaghaidh mé an cómhartha le cur chughaibh?" arsa 
Muiris.  "Má thagaim amach beifear amhrasach orm ar ball." 
"Inneosad-sa dhuit cad a dhéanfair, a Mhuiris," arsa Seán 
Mhíchíl.  "Beir leat do ghadhar ó thárla go bhfuilir i gcomhgar do 
thighe féin, agus annsan má theastuigheann uait cómhartha chur 
chughainne tiomáin uait amach an doras é, agus leig ort gurab 
amhluidh a lean sé i gan fhios thú." 
"Tá go maith," arsa Muiris, agus do ghlaoidh sé chuige a 
ghadhar. 
Chuarduigheamair annsan nó gur ráinig linn asal Dhonnchadh 
d'fhagháil.  Stiúraigheas féin thar beárnain isteach i n-iothlain 
Sheóirse Bháin é.  Sholáthruigh beirt nó triúr eile dréimire, agus 
bhíomair ullamh i gcómhair na hoibre bhí idir lámhaibh againn. 
D'airigheamair Muiris ag doras tighe Donnchadh, agus 
"Téighir abhaile, a choileáin" ar siubhal go dícheallach aige. 
Tuigeadh láithreach dhúinn go raibh an gé á bheirbheadh, agus gur 
mhithid dúinn gluaiseacht má ba mhaith linn ár gcleas do chur i 
bhfeidhm.  Siúd linn fé dhéin an tighe, dréimire agus téidín chaol 
chnáibe mar churam ar thriúr againn.  D'imthigh an triúr so go 
ciúin socair thar cúinne an tighe, agus an chuid eile isteach 'san 
tigh. 
"A Dhonnchadh," arsa Mac Fhíonáin agus é ag dul thar 
táirsigh an dorais, "tá t'asal thoir i n-iothlain Sheóirse.  Má 
bheireann an Banach air cloisfir scéala uaidh." 
Amach le Donnchadh ar thóir an asail.  Seadh, ní fhillfeadh sé 
go ceann leath-uaire, agus dhéanfadh leath na haimsire sin ár 
ngnó dá rithfeadh linn.  Bhí corcán ar chrochadh ós cionn na teine, 
agus ó thárla go raibh praiseach mhéith 'á déanamh de dhruim an ghé 
ní raibh aon chlúdach air.  B'shin rud a bhí fabhrach dhúinn. 
"Ná beadh cluiche againn?" arsa Muiris Ó Dubhda.
"Táimíd sásta," arsa sinne, "acht tá an solus ró-fhada ón 
mbórd." 
Bhíomair cruinnighthe timcheall an bhúird um an dtaca so.
"Tabharfad-sa coinneall chughaibh, a bhuachaillidhe," arsa Síle.
"M'anam thú, a Shíle, níor chaillis riamh orainn," arsa Seán 
Mhichíl. 
"An mbeadh lasán ag éinne agaibh?" ar sise.
"Tá na coinnle i mbosca thíos san tseomra, agus ní thaith-
neann an doircheacht liom." 
Soláthruigheadh cúpla ceann di.  Níor thúisce a drom linn ná 
do síneadh téad chaol chnáibe go raibh dubhán mór i n-a ceann an 
simnéidh anuas.  Níor chorruigh éinne againne as a inead.  Tar 
éis iarrachta nó dhó ó fhear na téide chuaidh an dubhán i n-achrann 
'san ngé, agus d'árduigheadh poll an deataigh amach é.  Le linn 
a árduighthe do stealladh steanncán praisce as an gcorcán ar 
"T'anam ag an bhfiach, a Shíle! cad é sin imthighthe ag an 
ngadhar?" arsa Muiris. 
"Cad deireann tú?" arsa Síle, is í sáidhte 'san mbosca ar 
lorg na coinnle. 
"Ailp éigin atá beortha chum siubhail ag Charley, adeirim 
leat," arsa Muiris. 
Rith sí aníos as an tseomra agus d'fhéach 'san gcorcán. 
"Ó, mo ghé breagh imthighthe ag an mbitheamhnach," ar sise, "Ca 
n-a thaoibh díbh é leogaint leis?" 
"Ní fheacamair olc ná maith é go raibh sé ag glanadh an 
doras amach," arsa mise. 
"Leanaimís é agus bainimís de an gé," arsa Muiris; "ní 
féidir leis mórán de bheith ithte fós ag an gcladhaire." 
Dheineamar agus chuarduigheamair go mion dó; acht, nidh nár 
bh'iongnadh, b'shin a raibh de mhaitheas dúinn ann.  Cuireadh scann-
radh uathbhásach ar an ngadhar mbocht i dtreó is nár fhill sé ar an 
dtigh an oidhche sin.  An uair tháinig sé lá ar n-a bháireach, ní raibh 
aon an-fháilte roimis; acht níor gabhadh i n-aon chor air, mar 
bhí árd-chion ag Síle ar Charley. 
Ní fheadar i dtaoibh Dhonnchadh, acht táim deimhnitheach ná raibh 
aon amhras ag Síle gur sinne bhí cionntach i bhfuadach an ghé. 
An bhliadhain a bhí chughainn bhí Donnchadh bocht i n-a mhairtíneach 
ag na dathachaibh, agus níor fhéad sé práta ná meacan do chur. 
Bhailigh fuireann imeartha an chleasa, agus do chuireamar dó iad 
i n-aon ló amháin.  Mar soin is eadh do dheineamair leoirghníomh 
i gan fhios dó. 
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11