Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Micheál Chormaic Ó Súilleabháin. II.
Title
Micheál Chormaic Ó Súilleabháin. II.
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Micheál Chormaic Ó Súilleabháin - II. PEADAR Ó hANNRACHÁIN do scríobh. Tá seóda eile sa Tuireamh. Seo ceann aca: - A bháis, a chamairigh chleasaigh, na gcruadh-chos gcaol. agus seo ceann eile aca: - Tar éis an tsagairt ar thalamh a bhí n-a naomh Níor fhan bláth ar chranaibh, ná eala ar linn nár éag, Ní'l fíonta á dtarac, ná aiteas ag innsint scéil Níl fuaim ag easaibh, 's is balbh a chím na héin. Pé ball n-a bhfuair Micheál an ceannlíne do'n Tuireamh san níl aon amhras ná gur thuill sé árd-chlú de bhárr, a fheabhas a leig sé as an seól é. An fhaid a mhairfidh Gaedhilg mar chaint i gCairbre mairfidh an Tuireamh so, cé gur dhóbair do tamaillín gearr ó shoin. Chuala mórán scéalta i dtaobh Mhichíl annso, conus mar bhíodh sé ag siubhal ó áit go háit i measc na ndaoine go raibh meas air de bhárr a chuid filidheachta. Bhíodh sé uaireanta ag obair i dteannta mh'athar, agus deirean sé liom gur bh'fhear ana-chiúin go léir agus gan puinn cainnte meidhrighe aige riamh. Bhiodh sé ag machtnamh dho féin agus na daoine 'n-a thimcheall ag cainnt agus b'é a thiochfadh as ná go mbeadh cúpla bhéarsa cúmtha ag Micheál nuair a labharfadh sé féin. Ar feadh mórán bliadhanta thagadh sé go tigh mh'áintín i nDoire Loga, mar a raibh sé féin n-a chómhnuidhe, uair sa tseachtmhain chun é féin a bhearradh. Bhíodh fáilte roimis annsan agus i ngach áit eile dá ngabhadh sé mar bhí ainm ana-mhacánta air riamh: bhí sé deagh-bhéasach agus deagh- labhartha. Ní bhíodh sé ar meisce i n-aon chor, agus ní chloiseadh éinne ag eascainidhe é. Ní déarfainn ná gur chúm sé amhráin ná cuala éan-trácht ortha fós cé go bhfuilim ghá gcuardach le fada. Tá amhrán nó dhó aca scríobhtha ag Mícheál Ó Cuilleanáin, Máighistir Scoile sa Scibirín, ná fuil agam. Le cúpla bliadhain 'seadh gur bailigheadh éan-chuid aca.
Seo cuid d'amhrán a chúm sé lá bhuail isteach go Scoil Charraig na Ceardchan i nDrom an Oide i bParóiste Drom Dhá Liag. Tadhg Ó Conchubhair a b'ainm don scol-mháighistir. Mair- eann sé fós agus tá seana-Ghaedhilg bhlasta aige. Donnchadh Ó Mathghamhna a bhí i gCúr an Íosal thug dhom an t-amhrán so. Ó Mhícheál féin fuair seisean é. Ag seo blúireacha dhe: Trí Charraig na Ceardchan, lá dem laethibh Ag siubhal im aonar, an ród do bhíos, Ag machtnamh smaointeach, ar ghníomhartha an tsaoghail, Bhocht, bhaoisigh, mhaolaigh, do mheallann sínn; Níor stad me 'en stáir sin, go hárus aoldha, Mar a múintear léighean ann, go cliste, cruinn, Do bheannuig me dhóibh, a teanga Ghaedhilge, Seo brígh mo scéaltha mar canadh línn. Tráchtann sé annsan ar ghaolaibh an mháighistir: … 'S i nÉirinn Bhí Ó Conchubhar éachtach is a churaidhe groidhe Connraoi Mac Dáire sa ghárdaibh féinig Go lúthmhar léigheanta gléasta na Fianna Finn; Is ionta bhí Meidhbh is Conn na gCéad gCath, Tuathal Téachtmar agus Art na ngníomh Lúghaidh Lághaidh, dá namhaid ná staonfadh, Is na sluaighte laochra dá n-ainmnighim. Agus arís: Is agam-sa atá fhios de shliocht na gaola, Ó Conchubhair Éachtach, i nEamhain bhí, De dhlúth-shliocht Rúraidhe, mhic Túrlaig aosta, Don ealtha céadna a leanann Naois. Annsan tá trácht ar "Ghuaire agus Eochaidh", ar "Phsaltar Chaisil agus Phsaltar Theamhrach", ar "Cholm glé-gil agus Bhrighide Chaoin," ar "Bhiachán agus Chiarán Cléire," agus "Na táinte Naomh do dheineadh miorbhúiltí." Agus seo mar chuireann sé críoch leis an seanmóin, mar seanmóin i dtaobh na hÉireann a b'eadh é, gan amhras - is sin tuigim-se as go h-áirithe: Gach taoide dá dtáinig, do thráigh go gléineach, Gach gála spéartha tigheann ceannsa, mín, Gach Ríoghacht do bhíonn dána, tigheann tláth 'na dhéidh sin, Do bhár a gclaonta sa gcama dhlighe; … Go bhfuigheadh Fódhla chréimeach a ceart arís, … Sa i bpáirt le chéile seadh scuirimíd.
Cá bhfuair an file eólus ar na rudaí so go léir, mara raibh leabhair aige 'gá léigheadh? Acht, ar ndóigh, mhúinfeadh béal- oideas rudaí níos cruadha 'ná iad-san, agus ba mhinic do mhúin. Is clos dom ná raibh aon bhailiughadh daoine riamh i dtigh Phádruig Bhric ar Bhaile Radhairí - agus bhí na Breacairí gus- talach an uair úd san áit sin - gan Micheál do bheith i láthair, agus 'sé an gnó do bhí aige de 'ná chun smacht do chur ar éinne go mbeadh breis gaoithe 'gá leigint aige. Shíleadar go léir sa treo so an uair úd ná raibh aon teóra le Micheál bocht. Ní ceart dúinn gan an cháil do thuill sé do thabhairt do go neamh-dhoicheallach. Ba bhinn leis i gcomhnuidhe bheith ag cur síos ar stair na hÉireann le na seandaoine nó ag nochtadh an ghaoil idir na clannaibh ba mhó cáil sa dúthaigh, agus ba mhaith cruinn chuige é. D'fhanadh sé go breacadh an lae go minic cois teine i dtigh mo sheanathar, i nDrom an Oide, ag caint ar sheanchus agus ar ghaol- aibh sa chuma san. Bhí tigh lastuaidh den abhain bhig, An tSamhain Ós (Sawinose), i Drom an Oide, agus fear de mhuintir Bhriain 'n-a chomhnuidhe ann. Bhí an Brianach ciapaithe cráidhte ag franncaigh ar feadh a bhfad. Bhídís ins gach aon chúinne sa tigh. Bhidís annsan ar lic an teinteáin aige, agus annsúd thíos ar tháirsigh an doruis. Ní chuirfeadh éan rud scannradh ortha. Bhí Micheál ag gabháil an bóthar lá, agus chuala sé an scéal. D'fhan sé an oidhche sin sa tigh, agus deirthear ná raibh franncach aca ar fuid an bhaill nár bhailigh leis féin ó dheas go Roilig Ruis Uí Chairbre sul ar éirigh an ghrian i mbáireach a bhí chughainn. Micheál a dhíbir iad ar ndóigh, pé slighe 'nar dhein sé é. Dhíbir sé lán tighe eile aca a tigh i gCarn na Gráinneóige ins na Doiríní, tamall ar an dtaobh thuaidh den Scibirín, agus chuala gur dhíbir sé iad a roilig Drom Dhá Liag. Le linn a ndíbeartha as an áit seo is eadh dubhairt sé: Ísbirt na hAoine agus an Domhnaigh ghil, Sibh a dhíbirt as an gCill seo gur mian liom dul, Tá míle corp cíor dubh i dTeampal Ruis Agus bígis 'na gcuibhrean go dtí "Samhain a' suibh." "Samhain a' suibh" : An féidir gur ag tagart do "shubh" (jam) a bhí sé, agus má's eadh cad is brígh leis an bhfocal "Samhain a suibh?" B'fhéidir gurab é an focal "asaibh" atá ann.
AOIR AN FHILE. Lá bhí Mícheál thiar i n-aice Bhéal an Dá Chob agus bhuail sé isteach i dtigh ar thaobh bóthair ar lorg dighe. "Scairtín na Coille" a bhí mar ainm ar an mbaile n-a raibh an tigh sin. Fuair sé an deoch. Ní raibh san árthach acht uisce. "Mhuise, go gcuiridh Dia an ráth ar bhúr mbuaibh!" ar seisean leis an gcailín do thug an t-uisce dhó, "agus dathuigh é seo dhom a laogh!" Dhein sí rud air. Thóg sí an t-árthach uaidh agus d'imthigh sí, is fuair sí an bainne agus dhoirt sí braoinín de isteach san uisce. Ní mór a dhoirt sí isteach de, is dócha. Thug sí do Mhícheál arís é. D'ól sé cuid de agus stad sé is d'fhéach uirthi agus ar seisean: A chailín ó Scairtín na Coille Go dtagaidh aicíd i leath-taoibh do ghoile, Mar is tanaidhe a dhathuighis an t-uisce. Bhí fear ó Chiarraighe i n-aice Chuan Dor i bhfeidhil Coille Daraighe do cheannuigh fear ó Loch Léin. Bhí an Ciarruigheach so i dtigh an tabháirne lá agus é ag tromaidheacht ar an áit theas. Seo mar labhair sé: Is dealbh bocht an áit, Gur thúirleacas n-a lár; Do thugas gnó do'n bheag Agus gnó do'n mhóir Is ní gheibheas scilling scór i bpádh Chun gur tháinig fóghmhar An phráta cróin Is chun gur scaoileamair an Eorna ar lár. Bhí Mícheál ag éisteacht a's dubhairt: Ciach ort is brón, A ghlugaire bhréin gan cló, Do bhí ag iarraidh déirce rómhat, Trí gach tír Gur ghabhais-se tríd Chun go bhfuairis coill ar scór Do bhí ar bhruach na taoide I gCuan na Fhíona Mar a mbíodh na saoithe ag ól. Dá mairfeadh an t-oighre cór, Do bheadh n-a caisleán aoibhinn romhat, Chuirfeadh sé preabaire snaidhm Ar smután droighean Fét mhuineál buidhe mar sheo. Agus mórán eile mar sin is clos dam.
Ní beag san anois, is dócha, mar thuairisc ar ár bhfile mbocht Micheál Ua Súileabháin. Bheadh im chumas i bhfad níos mó tuairiscí do chur isteach annso, acht chím go bhfuil an aiste seo ró-fhada cheana. Sa Scibirín a fuair Micheál bás, acht nílim deimhnightheach i dtaobh na bliadhna 'nar éag sé. Tá daoine beo annso do bhí ar a shochruid. Cuireadh i Roilig na Mainistreach le hais an Scibirín é, acht níl crois ná leac fós os cionn na huaighe 'nar síneadh é. Is náireach an scéal dúinn é, acht "éireóchamaoid feasta" le congnamh Dé as an áit dhorca 'na bhfuilimíd ró-fhada i nIar- Chairbhre, agus cuirfimíd crois Ghaedhealach ag ceann Mhichil, a bheidh mar chomhartha dhóibh seo a leanfaidh sinn go raibh file againn agus nár dheineamair dearmhad air, cé gur dhóbair dó. Agus nuair a bhrisfidh féith na filidheachta amach ionainn arís - agus brisfidh, luath nó mall - beidh 'nár measc duine éigin a chanfaidh ranna líomhtha i dteangain na Fódla ag tagairt don leomhan-fhear bocht go bhfuil luaidhte agam air san aiste seo. Déanfaidh an file a thiocfaidh an rud do theip orm-sa - an ceart do thabhairt gan easbadh gan fuighealach do Mhicheál Chormaic Uí Shúilleabháin, file d'fhilidhibh Iar-Chairbre.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services