Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Micheál Chormaic Ó Súilleabháin. II.

Title
Micheál Chormaic Ó Súilleabháin. II.
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Micheál Chormaic Ó Súilleabháin - II.



PEADAR Ó hANNRACHÁIN
do scríobh.



Tá seóda eile sa Tuireamh. Seo ceann aca: -



A bháis, a chamairigh chleasaigh, na gcruadh-chos gcaol.



agus seo ceann eile aca: -



Tar éis an tsagairt ar thalamh a bhí n-a naomh
Níor fhan bláth ar chranaibh, ná eala ar linn nár éag,
Ní'l fíonta á dtarac, ná aiteas ag innsint scéil
Níl fuaim ag easaibh, 's is balbh a chím na héin.




Pé ball n-a bhfuair Micheál an ceannlíne do'n Tuireamh san
níl aon amhras ná gur thuill sé árd-chlú de bhárr, a fheabhas a leig
sé as an seól é. An fhaid a mhairfidh Gaedhilg mar chaint i
gCairbre mairfidh an Tuireamh so, cé gur dhóbair do tamaillín
gearr ó shoin.



Chuala mórán scéalta i dtaobh Mhichíl annso, conus mar bhíodh
sé ag siubhal ó áit go háit i measc na ndaoine go raibh meas air
de bhárr a chuid filidheachta. Bhíodh sé uaireanta ag obair i
dteannta mh'athar, agus deirean sé liom gur bh'fhear ana-chiúin
go léir agus gan puinn cainnte meidhrighe aige riamh. Bhiodh sé
ag machtnamh dho féin agus na daoine 'n-a thimcheall ag cainnt
agus b'é a thiochfadh as ná go mbeadh cúpla bhéarsa cúmtha ag
Micheál nuair a labharfadh sé féin. Ar feadh mórán bliadhanta
thagadh sé go tigh mh'áintín i nDoire Loga, mar a raibh sé féin n-a
chómhnuidhe, uair sa tseachtmhain chun é féin a bhearradh. Bhíodh
fáilte roimis annsan agus i ngach áit eile dá ngabhadh sé mar bhí
ainm ana-mhacánta air riamh: bhí sé deagh-bhéasach agus deagh-
labhartha.



Ní bhíodh sé ar meisce i n-aon chor, agus ní chloiseadh éinne ag
eascainidhe é.



Ní déarfainn ná gur chúm sé amhráin ná cuala éan-trácht
ortha fós cé go bhfuilim ghá gcuardach le fada. Tá amhrán nó
dhó aca scríobhtha ag Mícheál Ó Cuilleanáin, Máighistir Scoile sa
Scibirín, ná fuil agam. Le cúpla bliadhain 'seadh gur bailigheadh
éan-chuid aca.


L. 395


Seo cuid d'amhrán a chúm sé lá bhuail isteach go Scoil
Charraig na Ceardchan i nDrom an Oide i bParóiste Drom Dhá
Liag. Tadhg Ó Conchubhair a b'ainm don scol-mháighistir. Mair-
eann sé fós agus tá seana-Ghaedhilg bhlasta aige. Donnchadh Ó
Mathghamhna a bhí i gCúr an Íosal thug dhom an t-amhrán so. Ó
Mhícheál féin fuair seisean é. Ag seo blúireacha dhe:




Trí Charraig na Ceardchan, lá dem laethibh
Ag siubhal im aonar, an ród do bhíos,
Ag machtnamh smaointeach, ar ghníomhartha an tsaoghail,
Bhocht, bhaoisigh, mhaolaigh, do mheallann sínn;
Níor stad me 'en stáir sin, go hárus aoldha,
Mar a múintear léighean ann, go cliste, cruinn,
Do bheannuig me dhóibh, a teanga Ghaedhilge,
Seo brígh mo scéaltha mar canadh línn.




Tráchtann sé annsan ar ghaolaibh an mháighistir:




… 'S i nÉirinn
Bhí Ó Conchubhar éachtach is a churaidhe groidhe
Connraoi Mac Dáire sa ghárdaibh féinig
Go lúthmhar léigheanta gléasta na Fianna Finn;
Is ionta bhí Meidhbh is Conn na gCéad gCath,
Tuathal Téachtmar agus Art na ngníomh
Lúghaidh Lághaidh, dá namhaid ná staonfadh,
Is na sluaighte laochra dá n-ainmnighim.




Agus arís:




Is agam-sa atá fhios de shliocht na gaola,
Ó Conchubhair Éachtach, i nEamhain bhí,
De dhlúth-shliocht Rúraidhe, mhic Túrlaig aosta,
Don ealtha céadna a leanann Naois.




Annsan tá trácht ar "Ghuaire agus Eochaidh", ar "Phsaltar
Chaisil agus Phsaltar Theamhrach", ar "Cholm glé-gil agus Bhrighide
Chaoin," ar "Bhiachán agus Chiarán Cléire," agus "Na táinte
Naomh do dheineadh miorbhúiltí." Agus seo mar chuireann sé
críoch leis an seanmóin, mar seanmóin i dtaobh na hÉireann a
b'eadh é, gan amhras - is sin tuigim-se as go h-áirithe:




Gach taoide dá dtáinig, do thráigh go gléineach,
Gach gála spéartha tigheann ceannsa, mín,
Gach Ríoghacht do bhíonn dána, tigheann tláth 'na dhéidh sin,
Do bhár a gclaonta sa gcama dhlighe;

Go bhfuigheadh Fódhla chréimeach a ceart arís,

Sa i bpáirt le chéile seadh scuirimíd.


L. 396


Cá bhfuair an file eólus ar na rudaí so go léir, mara raibh
leabhair aige 'gá léigheadh? Acht, ar ndóigh, mhúinfeadh béal-
oideas rudaí níos cruadha 'ná iad-san, agus ba mhinic do mhúin.



Is clos dom ná raibh aon bhailiughadh daoine riamh i dtigh
Phádruig Bhric ar Bhaile Radhairí - agus bhí na Breacairí gus-
talach an uair úd san áit sin - gan Micheál do bheith i láthair, agus
'sé an gnó do bhí aige de 'ná chun smacht do chur ar éinne go
mbeadh breis gaoithe 'gá leigint aige.



Shíleadar go léir sa treo so an uair úd ná raibh aon teóra le
Micheál bocht. Ní ceart dúinn gan an cháil do thuill sé do
thabhairt do go neamh-dhoicheallach.



Ba bhinn leis i gcomhnuidhe bheith ag cur síos ar stair na
hÉireann le na seandaoine nó ag nochtadh an ghaoil idir na
clannaibh ba mhó cáil sa dúthaigh, agus ba mhaith cruinn chuige é.
D'fhanadh sé go breacadh an lae go minic cois teine i dtigh mo
sheanathar, i nDrom an Oide, ag caint ar sheanchus agus ar ghaol-
aibh sa chuma san.



Bhí tigh lastuaidh den abhain bhig, An tSamhain Ós (Sawinose),
i Drom an Oide, agus fear de mhuintir Bhriain 'n-a chomhnuidhe
ann. Bhí an Brianach ciapaithe cráidhte ag franncaigh ar feadh a
bhfad. Bhídís ins gach aon chúinne sa tigh. Bhidís annsan ar lic
an teinteáin aige, agus annsúd thíos ar tháirsigh an doruis. Ní
chuirfeadh éan rud scannradh ortha. Bhí Micheál ag gabháil an
bóthar lá, agus chuala sé an scéal. D'fhan sé an oidhche sin sa
tigh, agus deirthear ná raibh franncach aca ar fuid an bhaill nár
bhailigh leis féin ó dheas go Roilig Ruis Uí Chairbre sul ar éirigh
an ghrian i mbáireach a bhí chughainn. Micheál a dhíbir iad ar
ndóigh, pé slighe 'nar dhein sé é. Dhíbir sé lán tighe eile aca a
tigh i gCarn na Gráinneóige ins na Doiríní, tamall ar an dtaobh
thuaidh den Scibirín, agus chuala gur dhíbir sé iad a roilig Drom
Dhá Liag. Le linn a ndíbeartha as an áit seo is eadh dubhairt
sé:




Ísbirt na hAoine agus an Domhnaigh ghil,
Sibh a dhíbirt as an gCill seo gur mian liom dul,
Tá míle corp cíor dubh i dTeampal Ruis
Agus bígis 'na gcuibhrean go dtí "Samhain a' suibh."



"Samhain a' suibh" : An féidir gur ag tagart do "shubh" (jam) a bhí sé,
agus má's eadh cad is brígh leis an bhfocal "Samhain a suibh?" B'fhéidir gurab é
an focal "asaibh" atá ann.


L. 397


AOIR AN FHILE.



Lá bhí Mícheál thiar i n-aice Bhéal an Dá Chob agus bhuail sé
isteach i dtigh ar thaobh bóthair ar lorg dighe. "Scairtín na
Coille" a bhí mar ainm ar an mbaile n-a raibh an tigh sin. Fuair
sé an deoch. Ní raibh san árthach acht uisce.



"Mhuise, go gcuiridh Dia an ráth ar bhúr mbuaibh!" ar seisean
leis an gcailín do thug an t-uisce dhó, "agus dathuigh é seo dhom
a laogh!"



Dhein sí rud air. Thóg sí an t-árthach uaidh agus d'imthigh sí, is
fuair sí an bainne agus dhoirt sí braoinín de isteach san uisce.
Ní mór a dhoirt sí isteach de, is dócha. Thug sí do Mhícheál arís é.
D'ól sé cuid de agus stad sé is d'fhéach uirthi agus ar seisean:




A chailín ó Scairtín na Coille
Go dtagaidh aicíd i leath-taoibh do ghoile,
Mar is tanaidhe a dhathuighis an t-uisce.



Bhí fear ó Chiarraighe i n-aice Chuan Dor i bhfeidhil Coille
Daraighe do cheannuigh fear ó Loch Léin. Bhí an Ciarruigheach so i
dtigh an tabháirne lá agus é ag tromaidheacht ar an áit theas.
Seo mar labhair sé:




Is dealbh bocht an áit,
Gur thúirleacas n-a lár;
Do thugas gnó do'n bheag
Agus gnó do'n mhóir
Is ní gheibheas scilling scór i bpádh
Chun gur tháinig fóghmhar
An phráta cróin
Is chun gur scaoileamair an Eorna ar lár.




Bhí Mícheál ag éisteacht a's dubhairt:




Ciach ort is brón,
A ghlugaire bhréin gan cló,
Do bhí ag iarraidh déirce rómhat,
Trí gach tír
Gur ghabhais-se tríd
Chun go bhfuairis coill ar scór
Do bhí ar bhruach na taoide
I gCuan na Fhíona
Mar a mbíodh na saoithe ag ól.



Dá mairfeadh an t-oighre cór,
Do bheadh n-a caisleán aoibhinn romhat,
Chuirfeadh sé preabaire snaidhm
Ar smután droighean
Fét mhuineál buidhe mar sheo.



Agus mórán eile mar sin is clos dam.


L. 398


Ní beag san anois, is dócha, mar thuairisc ar ár bhfile mbocht
Micheál Ua Súileabháin. Bheadh im chumas i bhfad níos mó
tuairiscí do chur isteach annso, acht chím go bhfuil an aiste seo
ró-fhada cheana.



Sa Scibirín a fuair Micheál bás, acht nílim deimhnightheach i
dtaobh na bliadhna 'nar éag sé. Tá daoine beo annso do bhí ar
a shochruid. Cuireadh i Roilig na Mainistreach le hais an Scibirín
é, acht níl crois ná leac fós os cionn na huaighe 'nar síneadh é.
Is náireach an scéal dúinn é, acht "éireóchamaoid feasta" le
congnamh Dé as an áit dhorca 'na bhfuilimíd ró-fhada i nIar-
Chairbhre, agus cuirfimíd crois Ghaedhealach ag ceann Mhichil, a
bheidh mar chomhartha dhóibh seo a leanfaidh sinn go raibh file
againn agus nár dheineamair dearmhad air, cé gur dhóbair dó.
Agus nuair a bhrisfidh féith na filidheachta amach ionainn arís -
agus brisfidh, luath nó mall - beidh 'nár measc duine éigin a
chanfaidh ranna líomhtha i dteangain na Fódla ag tagairt don
leomhan-fhear bocht go bhfuil luaidhte agam air san aiste seo.
Déanfaidh an file a thiocfaidh an rud do theip orm-sa - an ceart
do thabhairt gan easbadh gan fuighealach do Mhicheál Chormaic
Uí Shúilleabháin, file d'fhilidhibh Iar-Chairbre.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services