Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. V - Leigheas Chonchubhair Óig.
Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. V - Leigheas Chonchubhair Óig.
Author(s)
Ó Conchubhair, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh. V. - LEIGHEAS CHONCHUBHAIR ÓIG. Cá bhfuair Conchubhar Óg na heascainidhe agus na focail bhorba go léir a bhíodh aige? Ba dheacair a rádh. Níor bh'ó n-a mháthair ná ó n-a athair a chualaidh sé iad, pé scéal é. Bean chomh deamhmhóideach agus chomh caoin-labhartha le máthair Chonchubhair ní chasfaidhe ort i siubhal na seachtmhaine; agus maidir leis an athair b'é eascaine ba mheasa a chualaidh éinne riamh uaidh 'ná "Gan geir ort," mallacht a thug sé ar phílear a chuir an dlighe air i dtaoibh a ghadhair. Dá chomhartha-san féin, níor géilleadh dá ghuidhe ar an ócáid sin, mar do steall Gobnait Nic Eoin lán scilléid de gheir leaghta ar mhullach cinn ar an bpílear céadna an lá chuir sé a géadhna i bpóna. Bhí geir annsoin air, b'fhéidir, agus oiread is nár shanntuigh sé leis, ar a shon go raibh sé chomh caol le geitire. Acht, a dhuine mo chroidhe istigh, bhí dóthain na paróisde go léir - ó Bhinn na Naomh go Doirín - d'eascainidhibh ag Conchubhar. Agus, chun a cheart féin a thabhairt dó, ní raibh greim ró- dhaingean aige ortha. Bhí fonn air gaoth a thabhairt dóibh agus iad a scaipeadh. Badh chuma cia bheadh láithreach, do sceinnfeadh ceann aca uaidh le gach tríomhadh focal dá ndeireadh sé. Shleamh- nuighdís uaidh ar chuma éigin i ganfhios dó. Acht i bpáirt iad a theacht ó n-a chroidhe, ní thagaidís. Ag dul i n-aois ag dul i n-olcas dó, mar is gnáth le héinne thairrngeann droch-bhéas air féin. Thosnuigh sé sarar chuaidh sé riamh ar scoil; agus, cé gur minic a thug an máighistir greadadh dhó a bhéadh dian a dhóthain ar asal, ní raibh Conchubhar leighiste agus é ag éirighe as an scoluidheacht. Thuig sé féin go maith, agus níor bh'fhánach é dhá rádh, ná raibh aon smacht aige ar a theangain. Deireadh sé go raibh sé lá ag déanamh a fhoistine leis an sagart paróiste. Ní mór a bhi aige le n-a innsint, acht amháin go raibh sé ró-thugtha do sna heascainidhibh. Bhí an sagart
dhá chómhairliughadh agus ag athchuinghidh air an nós gránda mí- chríostamhail úd do chaitheamh uaidh. "Is scannaileach an peaca é, a dhalta," ars' eisean, agus ná bí-se ag déanamh seirbhíse an mhic mhallachtan let theangain bhoirb níosa shia." "Go mbeiridh an d-l leis mé, má dheinim," arsa Conchubhar go dúthrachtach. "Is maith an tosnughadh é sin, a bhuachaill," ars' an sagart séimh. Acht im briathar gur tháinig leigheas Chonchubhair i ndeireadh na dála. Tháinig sí chuige de phreib, agus ní sagart ná ministir ná máighistir scoile a sholáthruigh dó é. Níor bh'eadh, mhaise, geallaim díbh. Níor cuireadh gobán ann, agus níor baineadh barra na teangan dé; acht mar sin féin bhí Conchubhar ó aois a chúig bliadhna fichead agus do thagadh crith cos agus láimh air dá gcloisfeadh sé eascaine ó éinne. Seo mar thuit amach gur chaith sé uaidh iad. Bhí an paiste beag talmhan ba shaidhbhre san mBaile Dhubh i seilbh athar Chonchubhair. Ba mhaith an díol air sain, go deimhin, óir is é bhíodh amuigh moch déidheannach ag bailiughadh leasuighthe trágha chum na feirmeach. Deireadh na comhursain gur aníos as an dtráigh a thiocfadh an bás chum Éamuinn. B'shin é athair Chonchubhair. 'Seadh, bhí comharthaidhe a shaothair le feicsint ar an dtalamh. Raghadh féar go súilibh ar na buaibh lá Samhna i n-aon pháirc ghlais dá raibh ina sheilbh. Agus bhíodh na barraidheacha eile dá réir aige. Ní raibh sé aon bhliadhain riamh gan raidhse prát- aidhe. Ní chuireadh sé aon tsaghas droich-shíl i n-ithir ná i mbán, agus bhí a rian air. Thagadh daoine abhfad ó bhaile ag ceannach prátaidhe síl uaidh. Conchubhar ba ghnáthaighe i ndiaidh an chapaill. Tháinig lá Sathairn i lár an Earraigh, agus do theastuigh ó Éamonn ualach prátaidhe a bhreith leis ar an margadh. Do líonadh isteach i málaíbh iad tráthnóna roimh ré, d'fhonn is nár ghábhadh do mhuinn- tir an tighe éirighe ró-mhoch ar maidin chun a dhéanta. Ní fheadar anois cia aca ar phósadh 'no ar thórramh a chaith Conchubhar an oidhche roimh ré. Is deallrathaighe gur ar thórramh a bhí sé, mar ní gnáthach le lucht tuaithe pósadh Dia hAoine. Pé scéal é, bhí codladh ar Chonchubhar an uair shaothruigh sé a-bhaile
agus an lá ag breacadh. Ó thárla go gcaithfeadh sé imtheacht leis an ualach prátaidhe ar ball, dubhairt sé leis féin nár bh'fhiú dhó luighe ar aon leabaidh. Chuaidh sé isteach san scioból, agus shín sé siar ar a shuaimhneas ar chruaich tuighe a bhí san gcúinne. Níor ró-fhada ann é go raibh sé ina chnap suain. Acht fágaimís innsint an scéil faoi féin feasta: "Ní raibh codladh leath-uaire déanta agam, dar liom, nó gur cheapas gur ghlaéidh m'athair orm. "Éirigh, a chodaltaibh," ars' eisean, "agus bí ag cur díot go mear fé dhéin an mhargaidh. Béir déidheannach." "D'éirigheas im shuidhe. Nílim deimhnighthe an ndubhart Paidear nó Cré, acht chuimligheas bas uisce dhem aghaidh agus chaitheas greamanna éigin bídh. Annsoin do ghléasas an capall: do chuir m'athair is mé féin an t-ualach san gcairt, agus siúd chum bóthair mé. "Éinne a ghaibh Bóthar na Connrach riamh tá a fhios aige go dian-mhaith go bhfuil sé an-árd. Bhí ualach trom ar an gcapall agam. Cá hiongnadh mar sin é bheith mall leisceamhail ag cur an chnuic de! Ní théigheadh sé cruinn díreach ar aghaidh i n-aon chor, acht é ag imtheacht fiarsceóidh anonn is anall. Bhíos féin dá spriocadh liom, cé go raibh sé ag déanamh a díchill. Níor sháruigh sain mé. Bhí deithneas orm, agus dá bhrígh sin, ba righin liom mar bhí sé ag gluaiseacht. Tháinig buile orm chuige. Ní fuláir nó b'é an t-áidhbheirseóir féin a bhí ag séideadh fúm. "Go mbeiridh an diabhal leis sibh araon mar chapall is mar chairt i dteannta chéile!" arsa mise fé dheireadh, an uair bhí an fhoidhne caithte agam. "A thiarcais! níor thúisce na focail as mó bhéal 'ná ghluais splannc lasrach a bhain radharc mo shúl díom beagnach. Bhain a hobnacht preab asam, agus do léimeas ós cionn talmhan. Ba sheacht measa 'ná sain a bhí agam an uair ghluais an tóirneach ar a sálaibh. A leithéid de bhúirthigh is de thormán is bhí aici i measc na gcnoc! Do stad an capall ar an mbóthar, agus thug iarr- acht ar chasadh mórdtimcheall; acht do choisceas-sa é. Ní headh go bhfeaca é, mar ná feaca; acht do mhothuigheas é. Go dearbhtha bhíos gan léas radhairce agam agus gan focal cainnte ar feadh tamaill. "I gcionn scaithimh bhig aimsire, d'imthigh na scamaill a bhí ar
mo shúilibh, agus, a Rí na Glóire! cad a bheadh ina sheasamh i mbolglár an bhóthair i ngiorracht rámhainne dhom 'ná an amhailt ba ghráineamhla dá bhfeaca súil daonna riamh. I gcló fir is eadh bhí sé. Táim i ndeimhin, ámhthach, ná raibh riamh ar shliocht Ádhaimh ollphiast chomh míthaithneamhach leis siúd. Ní fhéadfainn cur síos i gceart air. Ní cuimhin liom go cruinn aon ruainne dhe acht amháin an dá adharc a bhí i n-a seasamh ar chlár a éadain agus na spréacha dearga a bhí ar lasadh i n-inead na súl. Dá gcuirtí an leabhar orm, ní fhéadfainn a rádh an raibh na crúba agus an t-earball air. Is dócha go rabhadar. Dá bhfaghainn saidhbhreas na cruinne, ní thiocfadh liom focal a labhairt. Bhí súla na hamhailte úd fé mar bheadh sceana géara dá sáthadh tríom. "Fé dheireadh do labhair sé: "A gharsúin," ar seisean, i nguth bhog chneasta, "gheobhair toradh do ghuidhe ar an ócáid seo. Tá aon neomaitín i ngach ló, agus, má ráinigheann le duine í aimsiughadh, beidh pé nídh iarr- faidh sé le n-a linn le fagháil aige. Bhí an t-ádh sain ort-sa an iarracht so. Mise an té sin a fuair cuire uait do chapall is do chairt a bhreith chun siubhail. Béarfad liom iad, agus fáilte; acht caithfidh mé tusa, leis, a bhreith liom - mar ní'l aon ghiolla oireamhnach don gcapall sain im ríoghacht-sa." "Dá mbeadh sé i gcumas agam fíoghair na croise do bhaint díom féin, bhí a fhios agam go mbeadh mo shábhail ann. Ní raibh, fóiríor! Mhothuigheas mo chroidhe ag preabarnaigh im chliabh. Bhí m'éisteacht ar fheabhas; acht, ar an dtaoibh amuigh de sin, ní raibh anam ná luadhail ionnam. "'Seadh," arsa fear na n-adharc, "tá gnóithidhe eile ag feith- eamh liom-sa san mbaile, agus is mithid dúinn a bheith ag im- theacht." "D'árduigh sé a chos agus do bhuail speach ar an dtalamh. Do scar an talamh ó chéile, agus do deineadh aidhbhéis mhór leathan ós mo chomhair amach. Do thuit an capall agus an truc- aill, agus mé féin ina ndiaidh, síos síos. Bhí mo mheabhair agus mo chéadfaidh díreach ag teicheadh uaim, an doircheacht 'om mhúchadh, agus mé ag leaghadh leis an dteas, an uair do buaileadh sinn i gcoinnibh rud éigin na mílte slighe síos fén dtalamh. Do beireadh ar chúl orm-sa, agus le n-a linn sin do chuireas scread uathbhásach asam.
"Éirigh, a Chonchubhair," ars' an guth im chluais. "Chuimligheas bas dem shúilibh, agus d'fhéachas im thimcheall. Is amhlaidh a bhí mo dheirbhshiúr Cáit agus greim aici ar chéis orm, agus í dhom chrothadh ar a dícheall a d'iarraidh mé mhúscailt. "Airiú, a bhuachaill," ars' ise, "ní fuláir nó bhí tromluighe ort. Leigis scread asat ó chianaibh a dhúiseóghadh na mairbh. Téaman ort anois - tá do bhreicfeast ullamh. Bhí iongnadh an domhain ar m'athair cár fhanais ná feacaidh sé thú ó éirigh sé." "A cháirde, ní raibh ann acht taidhreamh. Cuireadh scannradh anama orm. Aon uair ó shoin a ghaibhim Bóthar na Connrach bím ar baillchrith an uair thagann cuimhne an taidhrimh sin chugham. Ní gheobhainn an bóthar céadna, im' aonar, d'éis tuitim oidhche ar chíos na Blárnan. "Tháinig aon mhaith amháin as dom. Riamh ó shoin níor chualaidh éinne eascaine óm bhéal, agus ní chloisfidh, le congnamh Dé, "go sínfear i gcomhrainn fé chlár mé"." An bhean a gheóbhainn-se le pósadh Ní thaithneann sí linn, 'S an óigbhean badh mheóin liom Ní ghlacfadh sí sinn. Cluinim thar lear ar shagart shéimh gaoil dam, Pilib an phaca sagart fhéir luimpre; Ar Mhuire nach ait 's a ghlacadh i ngné dhíoghaltuis Gur chuireas-sa slat i gcneas a phréimh-líne. A dhuine uasail do ghluaiseas 'do shodar on Spáinn, Ag fuascailt gach cruadhcheist mar Sholamh mac Dáith, Aithris uait an uair seo go follus ar chlár - Cá huair a fuair buachaill Mhic Dhonnchadha bás? An Freagra: Fuaras ó uaislibh cuideachta ar chlár Ag fuascailt gach cruadhcheist mar Sholamh mac Dáith; 'Sé uair a fuair buachaill Mhic Dhonnchadha bás An tráth d'fhuaruigh a chluasa, a chosa, 's a lámha. An rud do-gheibhtar go bog imthigheann sé go holc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services