Seanchus Grinn na Tuaithe.
MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR 
do scríobh.
V. - LEIGHEAS CHONCHUBHAIR ÓIG.
Cá bhfuair Conchubhar Óg na heascainidhe agus na focail 
bhorba go léir a bhíodh aige?  Ba dheacair a rádh.  Níor bh'ó n-a 
mháthair ná ó n-a athair a chualaidh sé iad, pé scéal é.  Bean chomh 
deamhmhóideach agus chomh caoin-labhartha le máthair Chonchubhair ní 
chasfaidhe ort i siubhal na seachtmhaine; agus maidir leis an 
athair b'é eascaine ba mheasa a chualaidh éinne riamh uaidh 'ná 
"Gan geir ort," mallacht a thug sé ar phílear a chuir an dlighe 
air i dtaoibh a ghadhair.  Dá chomhartha-san féin, níor géilleadh 
dá ghuidhe ar an ócáid sin, mar do steall Gobnait Nic Eoin lán 
scilléid de gheir leaghta ar mhullach cinn ar an bpílear céadna 
an lá chuir sé a géadhna i bpóna.  Bhí geir annsoin air, b'fhéidir, 
agus oiread is nár shanntuigh sé leis, ar a shon go raibh sé chomh 
caol le geitire. 
Acht, a dhuine mo chroidhe istigh, bhí dóthain na paróisde go 
léir - ó Bhinn na Naomh go Doirín - d'eascainidhibh ag Conchubhar. 
Agus, chun a cheart féin a thabhairt dó, ní raibh greim ró-
dhaingean aige ortha.  Bhí fonn air gaoth a thabhairt dóibh agus 
iad a scaipeadh.  Badh chuma cia bheadh láithreach, do sceinnfeadh 
ceann aca uaidh le gach tríomhadh focal dá ndeireadh sé.  Shleamh-
nuighdís uaidh ar chuma éigin i ganfhios dó.  Acht i bpáirt iad a 
theacht ó n-a chroidhe, ní thagaidís. 
Ag dul i n-aois ag dul i n-olcas dó, mar is gnáth le héinne 
thairrngeann droch-bhéas air féin.  Thosnuigh sé sarar chuaidh sé 
riamh ar scoil; agus, cé gur minic a thug an máighistir greadadh 
dhó a bhéadh dian a dhóthain ar asal, ní raibh Conchubhar leighiste 
agus é ag éirighe as an scoluidheacht.  Thuig sé féin go maith, 
agus níor bh'fhánach é dhá rádh, ná raibh aon smacht aige ar a 
theangain.  Deireadh sé go raibh sé lá ag déanamh a fhoistine 
leis an sagart paróiste.  Ní mór a bhi aige le n-a innsint, acht 
amháin go raibh sé ró-thugtha do sna heascainidhibh.  Bhí an sagart 
dhá chómhairliughadh agus ag athchuinghidh air an nós gránda mí-
chríostamhail úd do chaitheamh uaidh. 
"Is scannaileach an peaca é, a dhalta," ars' eisean, agus ná 
bí-se ag déanamh seirbhíse an mhic mhallachtan let theangain 
bhoirb níosa shia." 
"Go mbeiridh an d-l leis mé, má dheinim," arsa Conchubhar 
go dúthrachtach. 
"Is maith an tosnughadh é sin, a bhuachaill," ars' an sagart 
séimh. 
Acht im briathar gur tháinig leigheas Chonchubhair i ndeireadh 
na dála.  Tháinig sí chuige de phreib, agus ní sagart ná 
ministir ná máighistir scoile a sholáthruigh dó é.  Níor bh'eadh, 
mhaise, geallaim díbh.  Níor cuireadh gobán ann, agus níor 
baineadh barra na teangan dé; acht mar sin féin bhí Conchubhar 
ó aois a chúig bliadhna fichead agus do thagadh crith cos agus 
láimh air dá gcloisfeadh sé eascaine ó éinne.  Seo mar thuit 
amach gur chaith sé uaidh iad. 
Bhí an paiste beag talmhan ba shaidhbhre san mBaile Dhubh i 
seilbh athar Chonchubhair.  Ba mhaith an díol air sain, go deimhin, 
óir is é bhíodh amuigh moch déidheannach ag bailiughadh leasuighthe 
trágha chum na feirmeach.  Deireadh na comhursain gur aníos as 
an dtráigh a thiocfadh an bás chum Éamuinn.  B'shin é athair 
Chonchubhair.  'Seadh, bhí comharthaidhe a shaothair le feicsint ar an 
dtalamh.  Raghadh féar go súilibh ar na buaibh lá Samhna i n-aon 
pháirc ghlais dá raibh ina sheilbh.  Agus bhíodh na barraidheacha eile 
dá réir aige.  Ní raibh sé aon bhliadhain riamh gan raidhse prát-
aidhe.  Ní chuireadh sé aon tsaghas droich-shíl i n-ithir ná i mbán, 
agus bhí a rian air.  Thagadh daoine abhfad ó bhaile ag ceannach 
prátaidhe síl uaidh. 
Conchubhar ba ghnáthaighe i ndiaidh an chapaill.  Tháinig lá 
Sathairn i lár an Earraigh, agus do theastuigh ó Éamonn ualach 
prátaidhe a bhreith leis ar an margadh.  Do líonadh isteach i 
málaíbh iad tráthnóna roimh ré, d'fhonn is nár ghábhadh do mhuinn-
tir an tighe éirighe ró-mhoch ar maidin chun a dhéanta. 
Ní fheadar anois cia aca ar phósadh 'no ar thórramh a chaith 
Conchubhar an oidhche roimh ré.  Is deallrathaighe gur ar thórramh a 
bhí sé, mar ní gnáthach le lucht tuaithe pósadh Dia hAoine.  Pé 
scéal é, bhí codladh ar Chonchubhar an uair shaothruigh sé a-bhaile 
"Ní raibh codladh leath-uaire déanta agam, dar liom, nó gur 
cheapas gur ghlaéidh m'athair orm. 
"Éirigh, a chodaltaibh," ars' eisean, "agus bí ag cur díot go 
mear fé dhéin an mhargaidh.  Béir déidheannach." 
"D'éirigheas im shuidhe.  Nílim deimhnighthe an ndubhart Paidear 
nó Cré, acht chuimligheas bas uisce dhem aghaidh agus chaitheas 
greamanna éigin bídh.  Annsoin do ghléasas an capall: do chuir 
m'athair is mé féin an t-ualach san gcairt, agus siúd chum 
bóthair mé. 
"Éinne a ghaibh Bóthar na Connrach riamh tá a fhios aige go 
dian-mhaith go bhfuil sé an-árd.  Bhí ualach trom ar an gcapall 
agam.  Cá hiongnadh mar sin é bheith mall leisceamhail ag cur 
an chnuic de!  Ní théigheadh sé cruinn díreach ar aghaidh i n-aon 
chor, acht é ag imtheacht fiarsceóidh anonn is anall.  Bhíos féin dá 
spriocadh liom, cé go raibh sé ag déanamh a díchill.  Níor sháruigh 
sain mé.  Bhí deithneas orm, agus dá bhrígh sin, ba righin liom 
mar bhí sé ag gluaiseacht.  Tháinig buile orm chuige.  Ní fuláir 
nó b'é an t-áidhbheirseóir féin a bhí ag séideadh fúm. 
"Go mbeiridh an diabhal leis sibh araon mar chapall is mar 
chairt i dteannta chéile!" arsa mise fé dheireadh, an uair bhí an 
fhoidhne caithte agam. 
"A thiarcais! níor thúisce na focail as mó bhéal 'ná ghluais 
splannc lasrach a bhain radharc mo shúl díom beagnach.  Bhain a 
hobnacht preab asam, agus do léimeas ós cionn talmhan.  Ba 
sheacht measa 'ná sain a bhí agam an uair ghluais an tóirneach ar 
a sálaibh.  A leithéid de bhúirthigh is de thormán is bhí aici i measc 
na gcnoc!  Do stad an capall ar an mbóthar, agus thug iarr-
acht ar chasadh mórdtimcheall; acht do choisceas-sa é.  Ní headh 
go bhfeaca é, mar ná feaca; acht do mhothuigheas é.  Go dearbhtha 
bhíos gan léas radhairce agam agus gan focal cainnte ar feadh 
tamaill. 
"I gcionn scaithimh bhig aimsire, d'imthigh na scamaill a bhí ar 
"Fé dheireadh do labhair sé:
"A gharsúin," ar seisean, i nguth bhog chneasta, "gheobhair 
toradh do ghuidhe ar an ócáid seo.  Tá aon neomaitín i ngach ló, 
agus, má ráinigheann le duine í aimsiughadh, beidh pé nídh iarr-
faidh sé le n-a linn le fagháil aige.  Bhí an t-ádh sain ort-sa an 
iarracht so.  Mise an té sin a fuair cuire uait do chapall is do 
chairt a bhreith chun siubhail.  Béarfad liom iad, agus fáilte; 
acht caithfidh mé tusa, leis, a bhreith liom - mar ní'l aon ghiolla 
oireamhnach don gcapall sain im ríoghacht-sa." 
"Dá mbeadh sé i gcumas agam fíoghair na croise do bhaint 
díom féin, bhí a fhios agam go mbeadh mo shábhail ann.  Ní raibh, 
fóiríor!  Mhothuigheas mo chroidhe ag preabarnaigh im chliabh.  Bhí 
m'éisteacht ar fheabhas; acht, ar an dtaoibh amuigh de sin, ní raibh 
anam ná luadhail ionnam. 
"'Seadh," arsa fear na n-adharc, "tá gnóithidhe eile ag feith-
eamh liom-sa san mbaile, agus is mithid dúinn a bheith ag im-
theacht." 
"D'árduigh sé a chos agus do bhuail speach ar an dtalamh. 
Do scar an talamh ó chéile, agus do deineadh aidhbhéis mhór 
leathan ós mo chomhair amach.  Do thuit an capall agus an truc-
aill, agus mé féin ina ndiaidh, síos síos.  Bhí mo mheabhair agus 
mo chéadfaidh díreach ag teicheadh uaim, an doircheacht 'om 
mhúchadh, agus mé ag leaghadh leis an dteas, an uair do buaileadh 
sinn i gcoinnibh rud éigin na mílte slighe síos fén dtalamh.  Do 
beireadh ar chúl orm-sa, agus le n-a linn sin do chuireas scread 
uathbhásach asam. 
"Éirigh, a Chonchubhair," ars' an guth im chluais.
"Chuimligheas bas dem shúilibh, agus d'fhéachas im thimcheall. 
Is amhlaidh a bhí mo dheirbhshiúr Cáit agus greim aici ar chéis orm, 
agus í dhom chrothadh ar a dícheall a d'iarraidh mé mhúscailt. 
"Airiú, a bhuachaill," ars' ise, "ní fuláir nó bhí tromluighe 
ort.  Leigis scread asat ó chianaibh a dhúiseóghadh na mairbh. 
Téaman ort anois - tá do bhreicfeast ullamh.  Bhí iongnadh an 
domhain ar m'athair cár fhanais ná feacaidh sé thú ó éirigh sé." 
"A cháirde, ní raibh ann acht taidhreamh.  Cuireadh scannradh 
anama orm.  Aon uair ó shoin a ghaibhim Bóthar na Connrach bím 
ar baillchrith an uair thagann cuimhne an taidhrimh sin chugham.  Ní 
gheobhainn an bóthar céadna, im' aonar, d'éis tuitim oidhche ar 
chíos na Blárnan. 
"Tháinig aon mhaith amháin as dom.  Riamh ó shoin níor chualaidh 
éinne eascaine óm bhéal, agus ní chloisfidh, le congnamh Dé, "go 
sínfear i gcomhrainn fé chlár mé"." 
An bhean a gheóbhainn-se le pósadh
Ní thaithneann sí linn,
'S an óigbhean badh mheóin liom
Ní ghlacfadh sí sinn.
Cluinim thar lear ar shagart shéimh gaoil dam,
Pilib an phaca sagart fhéir luimpre;
Ar Mhuire nach ait 's a ghlacadh i ngné dhíoghaltuis
Gur chuireas-sa slat i gcneas a phréimh-líne.
A dhuine uasail do ghluaiseas 'do shodar on Spáinn,
Ag fuascailt gach cruadhcheist mar Sholamh mac Dáith,
Aithris uait an uair seo go follus ar chlár -
Cá huair a fuair buachaill Mhic Dhonnchadha bás?
An Freagra:
Fuaras ó uaislibh cuideachta ar chlár 
Ag fuascailt gach cruadhcheist mar Sholamh mac Dáith;
'Sé uair a fuair buachaill Mhic Dhonnchadha bás
An tráth d'fhuaruigh a chluasa, a chosa, 's a lámha.
An rud do-gheibhtar go bog imthigheann sé go holc.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11