Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rinnce Gaedhlach.
Title
Rinnce Gaedhlach.
Author(s)
Ó Foghludha, Riseárd,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Rinnce Gaedhlach. RISEÁRD Ó FOGHLUDHA do scríbh. Deir duine éigin gur chun ar smuínte do cheilt do thugadh labhairt agus teanga dhúinn, agus dhéarfadh éinne gur mar sin a bhí an scéal ag an té chúm clár an Oireachtais, maidir leis an méid de a bhaineann le trácht ar an aiste athátar ag éileamh ar Rinnce Gaedhlach. Ní féidir inn- sint go cruinn cad a oireamhnoghadh - cur síos ar Stair an Rinnce i nÉirinn ó aimsir na Págántachta ileith, nó an méid atá againn scríobhtha ag Gallaibh i dtaobh Rinnce na nGaedheal le sna céadtaibh bliadhain seo caithte, nó fós an cur-síos go haonta atá ag teastabháil ar na comharthaí sóirt a bhaineann le ríl, port, corn-phíopa, agus na céadtha cineál rinnce a bhaineann le tír na hÉireann. 'Nuair nách féidir fhághail amach ná a rádh le héan-ughdarás cad air is cirte scríobhadh, seo chun róid sinn ar ár rogha bóthair: * Do bhuaidh an aiste seo an duais ar iomaidheacht a 5b ar Oireachtus na bliadhna 1904.
I dtaobh Rinnce i n-aimsir ársa i nÉirinn ní féidir puinn do rádh fós, mar go bhfuil an scéal gan bheith deimhnighthe againn go dtí so. Sara bhféadfam éan-rud níos géire ná tuairm a thabhairt, caithfar litridhacht na Gaedhilge do mhion-scrúdadh, ní amháin an méid athá againn annso i nÉirinn dhí, acht an chuid athá i leabharlannaibh na Frainnce, na hIodáile agus na dtíreach i gcéin, chun go bhfaghfam gach mír d'eolas an scéil uile. Is fada fós go mbeidh caoi againn san do dhéanamh, agus dá bhrigh sin, ní thagann linn trácht fí láthair ar ársaidheacht an chaitheamh- aimsire seo. Fanfaidh an scéal san agus a shocrughadh go dtí go mbeidh nidhthe eile déanta againn, nidhthe atá níos riachtanaighe i bhfad do bheathaidh na Gaedhilge agus do bhuanacht na nGaedhal ná cruinn-eolas ar ársaidheacht an rinnce. Tá sean-abairt againn mar adeir: - "An gad is goire do'n scórnain ar dtúis" agus is maith an riaghail í le leanmhaint. Acht mura bhfagham teacht thar rinnce na sean, d'easba ár gcoidribh le cur-síos agus le scríbhnibh na sean-Ghaedhal, b'fhéidir gur leor dár ngno i ndiu sinn do scríobhadh beagán (agus fóríor, níl caoi annso chun a thuille, mar go gcaithfam stad nuair a shroisfam deire míle focal) ar an dtuairisc atá le fagháil i leabhraibh do scríbh allmhuraig a tháinig ar cuaird chughainn, agus maidir leis an méid do scríobhadar i dtaobh ceoil agus rinnce tá sé béasach, cneasta, múinte, mar ná rabhadar chomh dírighthe ar sinn do mhasladh, pé cúis é, is táid Gaill an lae indiu. Ní'l éan-amhras ná go bhfuil mórán de cheol ár ríleanna agus ár bport, na céadta is na céadta bliadhain d'aois, - i bhfad is i bhfad níos seannda 'ná an rinnce mar ná fuil éan-chur-síos cruinn againn ar rinnce níos sia ó bhaile 'ná an séamhad aois déag. Ins an aois sin bhí an rinnce fada ann go meanmnach, agus tá sé lán-beo indiu againn: gan éan-ghó bhí sé mar rinnce i nÉirinn ag ár sean roimhe sin, agus chítar dhúinn go rug deoraidhthe eolas na gluaiseachta thar caise go dtí Gaedhil na hAlban agus ó dheas uatha san imeasc na nGall féinidh. Is greannamhar an nidh é gur rinnce foirne an chéad
ceann go bhfuil a thrácht againn i leabhraibh, mar go n-áitighid daoine áirithe orainn gur le fíordhiadhnaighe a tháinig ré na gcruinn-rinncí agus na gcaol-rinncí! Go deimhin, níl tuairisc ar bith, olc, maith ná cuibhsach, le fagail, thall ná abhfus, i dtaobh céimeanna, agus is deallrathach de réir gach scéal nár thángadar na céimeanna so i mairthin go dtí timcheall na bliadhna 1800, nó beagán fé nó thairis. Ní gabhadh an Rinnce fada do mhíniughadh annso: bhí sé coitchiannta san seachtmhadh aois déag, agus is gairid go mbeidh amhlaidh arís, má leanaid Gaedhil dá bhfuadar. Rud éigin de'n tsórt chéadna gan amhras a bhí ins an "Rinnce Timchiollach" do luaidh Bhallansaí bheith coitchiannta dtaca 1680 de réir a thuairisce féin. Ní gabhadh éin-mearathall bheith orainn maidir le coitchianntacht an rinnce ag ar sinnsear mar go ndeimhneoch' ainmneacha go leor bailtí fearainn an cúrsa san dúinn: tá Crosara an Rinnce i n-aice leath-mhile do'n áit go rugadh mé; cúpla míle uainn tá sráid-bhaile dárb ainm Inis an Rinnce - Ínse an Rinnce is eadh is mó a thugtar air: - tá "Sceichín an Rinnce" i n-aice Chill Bhéithne, agus mar sin, lán de áiteanaibh eile. Féach chomh minic is tá teacht ag na filíbh thar an Rinnce seo: "Beidh RINNCE FADA is gabháil timchioll Ceol bheidhlín agus teinte cnámh" (Caoine Chille Chais). "Dánta ag buidhin na leabhar Rás is RINNCE FADA Cláirseach chaoin dá spreagadh Gártha agus scléip" (Eoghan Ruadh). "Tá an tímpre go fórsamhail 'N-a chomhair, is RINNCE FADA aca. (Eoghan Ruadh). "Beidh bainfheis is RINNCE FADA againn" (Eoghan Ruadh). Acht tá rinnceanna foirne go leor eile againn seoch is an Rinnce Fada - tá na rinnceanna cruinne nó timchiollacha: tá Máirseáil na mBúistéirí; An Sagart i n-a bhuataisí; Pleráca na Banndan; An Súisín Bán; Cúil Ó gCurra; Lá Fhéile Pádraig; Páidín Ó Rafartaigh; An Táiliúirín Magaidh; An
Buachaill Cael Dubh; Aon is dó na Píobaireachta, agus na céadtha eile dá mbeadh slighe againn chun a luaidhte annso. Ní'l éan-chosmhalacht sa domhan idir na rinnceannaibh sin agus rinnce éin-tíre eile san Eoraip; tá meanamna agus spriuc ins gach rinnce Gaedhlach, agus riaghail fé leith 'san ngluaiseacht, acht is cuma ins an donas cionnas a shiubhaltar nó a bhrúghtar tré na rinnceannaibh Gallda so a tháinig chughainn ó'n bhFrainnc, tríd an nGearmáinn ar dtúis agus ó'n dtír sin ile tre Shasana. Ochtar, is dóigh liom, iseadh an chuid is lugha dhe, agus an chuid is mó dhe uaireannta, d'fhéadfadh bheith i bhfuirinn 'n-a gcomhair seo, acht is féidir triúr, ceathrar, cúigear, seisear, dháréag, sé-dhuine dhéag, agus rl., agus rl. do chur chun rinnceanna áirithe Gaedhlacha do dhéanamh. Tá beagán Gaedheal annso abhfus, adeir go gcuirid na Rinnceanna Gaedhlacha so i n-aigne dhóibh féin, an nathar nimhe! de bhrigh iad a bheith chomh fighte casta, lúbach san. Is fíor go deimhin go bhfuilid fighte casta lúbach, acht isé chuirid i dtuigsint domhsa ná an tarrainteoireacht ealadhnta so a gheachtar (gheibhtar) i "Leabhar Cheannanuis," casanna atá chomh mion, mín, measctha sin ná fuil a leithéid le fagháil ar dhruim ar an domhain, agus sé an dálta céadna é ag Rinnce na hÉireann nó b'éidir gur chóra a radh - Rinnce Gaedhlach. Bhí na Rinnceanna Gaedhlacha so ar fuaid na tíreach na céadhtha bliadhain sara dtáinig TUAIRISC na nGall-Rinnceann go hÉire i n-éan-chor, agus 'nuair a ráinig go dtángadar san is amhlaidh a rinnceadar na daoine iad ná díreach chomh banamhail is do dhéinidís a rinnceanna féin ó'n aimsir bhí i n-allóid ann. Maidir liomsa, dhéarfainn, i dtaobh na Rinnceanna nGaedhlach fé mar adubhairt an cime úd i moghsaine fad ó "MÁ'S SUARACH IAD IS LINN FÉIN IAD." Ní fheictar dúinn éan-chunntas ar chéimeannaibh aonair ní ba thúisce 'ná an bhliadhain 1800 nó mar sin: do réir gach deall- raimh b'iad na rinnceanna foirne amháin a bhí ag ár sinnsear roimhe sin, agus go dtí an taca san iseadh chaithfeam féachaint chun bun an méid sin de'n scéal do shocrughadh. Timcheall na huaire sin 'seadh do tháinig na maighistrí rinnce chun tosaigh ar dtúis agus gur cheapadar na céimeanna cruadha so atá le faghail ar fuaid na duithche gan puinn atharughadh go dtí an lá athá i ndiu againn. Bhí súirt chéimeann fí leith aca do réir an
cheanntair, acht pé aca nár thángadar Gaedhil na gCúigí uile chun clisteacht ins an obair seo, is léir gur sháruig maighistrí na Mumhan gach dream eile ar dheacaireacht a gcéimeann. Is cosamhail gur san tráth san do chumadh na rinnceanna aonair úd: An Bata Droighin, Cimil a' Mhailín, An Londubh, Obair aen Lae, Fuaim is fothram na Ceárdchan, agus c., agus c. Acht ní bhfaghfam trácht thórsa so anois, mar go bhfuil deire leis an míle focal nách ceart dúinn do shárughadh de réir coin- gíollacha an Chláir. An méid athá againn de rinnceannaibh ár sean is ár sinn- sear ba cheart dúinn cleachtadh do dhéanamh air chomh minic 's is féidir, gan géilleadh in-ean-chor do rudaibh de'n tsórt céadna a bheadh nuadh. Ní gearánta dhúinn go deimhin an scéal fí láthair mar atá sé, acht na staonaimís ins an iarracht, mar má chlisimíd anois - má chaillimíd an báire ins an chluithche seo - beidh an buadh ag an nGalldacht ins an tír seo go bráth arís. Ní baoghal dúinn, i gcúrsaibh caitheamh-aimsire ma dlúithimíd le céile chun cosanta na teangan, na nósann, na dtréithe, agus c., agus c. do bhain le sna sean-Ghaedhlaibh. "RINNCFEAM ÁR SEANA-PHUIRT, scaipfimíd ceo Is cad é sin do'n té sin ná baineann san leo." "COS ADMHAID". DÁTH Ó BRUADAIR cct. ar bhás Uí Shúilleabháin .i. Eoghan: Créad óirne nach ró-luighfeadh tlacht canntlamh Tré fhód-chuirm Eoghuin i bhfeart Franncach, Géag rós-bhile bhórd-oirir bhreac leamhna Lér chóra ár ndóthchus i dteas Teamhrach. óirne, .i. orainn-na. Cér mhór gradam na n-aspol i gcóisir Dhia, Pól ná Peadar ní dheachaidh i gcóiste riamh; Eóin ná Marcus níor leagadh fá bhordaibh iad, Le hól beathuisce is pastaithe teó mar bhiaidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services