Rinnce Gaedhlach.
RISEÁRD Ó FOGHLUDHA do scríbh.
Deir duine éigin gur chun ar smuínte do cheilt
do thugadh labhairt agus teanga dhúinn, agus
dhéarfadh éinne gur mar sin a bhí an scéal ag
an té chúm clár an Oireachtais, maidir leis
an méid de a bhaineann le trácht ar an aiste
athátar ag éileamh ar Rinnce Gaedhlach. Ní féidir inn-
sint go cruinn cad a oireamhnoghadh - cur síos ar Stair an
Rinnce i nÉirinn ó aimsir na Págántachta ileith, nó an méid
atá againn scríobhtha ag Gallaibh i dtaobh Rinnce na nGaedheal
le sna céadtaibh bliadhain seo caithte, nó fós an cur-síos go
haonta atá ag teastabháil ar na comharthaí sóirt a bhaineann le
ríl, port, corn-phíopa, agus na céadtha cineál rinnce a bhaineann
le tír na hÉireann.
'Nuair nách féidir fhághail amach ná a rádh le héan-ughdarás
cad air is cirte scríobhadh, seo chun róid sinn ar ár rogha bóthair:
* Do bhuaidh an aiste seo an duais ar iomaidheacht a 5b ar Oireachtus na
bliadhna 1904.
"An gad is goire do'n scórnain ar dtúis" agus is maith an
riaghail í le leanmhaint.
Acht mura bhfagham teacht thar rinnce na sean, d'easba ár
gcoidribh le cur-síos agus le scríbhnibh na sean-Ghaedhal, b'fhéidir
gur leor dár ngno i ndiu sinn do scríobhadh beagán (agus
fóríor, níl caoi annso chun a thuille, mar go gcaithfam stad
nuair a shroisfam deire míle focal) ar an dtuairisc atá le
fagháil i leabhraibh do scríbh allmhuraig a tháinig ar cuaird
chughainn, agus maidir leis an méid do scríobhadar i dtaobh ceoil
agus rinnce tá sé béasach, cneasta, múinte, mar ná rabhadar
chomh dírighthe ar sinn do mhasladh, pé cúis é, is táid Gaill an lae
indiu.
Ní'l éan-amhras ná go bhfuil mórán de cheol ár ríleanna agus
ár bport, na céadta is na céadta bliadhain d'aois, - i bhfad is
i bhfad níos seannda 'ná an rinnce mar ná fuil éan-chur-síos
cruinn againn ar rinnce níos sia ó bhaile 'ná an séamhad aois
déag. Ins an aois sin bhí an rinnce fada ann go meanmnach, agus
tá sé lán-beo indiu againn: gan éan-ghó bhí sé mar rinnce i
nÉirinn ag ár sean roimhe sin, agus chítar dhúinn go rug
deoraidhthe eolas na gluaiseachta thar caise go dtí Gaedhil na
hAlban agus ó dheas uatha san imeasc na nGall féinidh.
Is greannamhar an nidh é gur rinnce foirne an chéad
ceann go bhfuil a thrácht againn i leabhraibh, mar go n-áitighid
daoine áirithe orainn gur le fíordhiadhnaighe a tháinig ré na
gcruinn-rinncí agus na gcaol-rinncí! Go deimhin, níl tuairisc
ar bith, olc, maith ná cuibhsach, le fagail, thall ná abhfus, i dtaobh
céimeanna, agus is deallrathach de réir gach scéal nár thángadar
na céimeanna so i mairthin go dtí timcheall na bliadhna 1800,
nó beagán fé nó thairis.
Ní gabhadh an Rinnce fada do mhíniughadh annso: bhí sé
coitchiannta san seachtmhadh aois déag, agus is gairid go
mbeidh amhlaidh arís, má leanaid Gaedhil dá bhfuadar. Rud
éigin de'n tsórt chéadna gan amhras a bhí ins an "Rinnce
Timchiollach" do luaidh Bhallansaí bheith coitchiannta dtaca 1680
de réir a thuairisce féin. Ní gabhadh éin-mearathall bheith orainn
maidir le coitchianntacht an rinnce ag ar sinnsear mar go
ndeimhneoch' ainmneacha go leor bailtí fearainn an cúrsa san
dúinn: tá Crosara an Rinnce i n-aice leath-mhile do'n áit go
rugadh mé; cúpla míle uainn tá sráid-bhaile dárb ainm Inis
an Rinnce - Ínse an Rinnce is eadh is mó a thugtar air: -
tá "Sceichín an Rinnce" i n-aice Chill Bhéithne, agus mar sin,
lán de áiteanaibh eile. Féach chomh minic is tá teacht ag na
filíbh thar an Rinnce seo:
"Beidh RINNCE FADA is gabháil timchioll
Ceol bheidhlín agus teinte cnámh"
(Caoine Chille Chais).
"Dánta ag buidhin na leabhar
Rás is RINNCE FADA
Cláirseach chaoin dá spreagadh
Gártha agus scléip"
(Eoghan Ruadh).
"Tá an tímpre go fórsamhail
'N-a chomhair, is RINNCE FADA aca.
(Eoghan Ruadh).
"Beidh bainfheis is RINNCE FADA againn"
(Eoghan Ruadh).
Acht tá rinnceanna foirne go leor eile againn seoch is an
Rinnce Fada - tá na rinnceanna cruinne nó timchiollacha: tá
Máirseáil na mBúistéirí; An Sagart i n-a bhuataisí; Pleráca
na Banndan; An Súisín Bán; Cúil Ó gCurra; Lá Fhéile
Pádraig; Páidín Ó Rafartaigh; An Táiliúirín Magaidh; An
Buachaill Cael Dubh; Aon is dó na Píobaireachta, agus na
céadtha eile dá mbeadh slighe againn chun a luaidhte annso.
Ní'l éan-chosmhalacht sa domhan idir na rinnceannaibh sin
agus rinnce éin-tíre eile san Eoraip; tá meanamna agus
spriuc ins gach rinnce Gaedhlach, agus riaghail fé leith 'san
ngluaiseacht, acht is cuma ins an donas cionnas a shiubhaltar nó
a bhrúghtar tré na rinnceannaibh Gallda so a tháinig chughainn ó'n
bhFrainnc, tríd an nGearmáinn ar dtúis agus ó'n dtír sin ile
tre Shasana. Ochtar, is dóigh liom, iseadh an chuid is lugha dhe,
agus an chuid is mó dhe uaireannta, d'fhéadfadh bheith i bhfuirinn
'n-a gcomhair seo, acht is féidir triúr, ceathrar, cúigear, seisear,
dháréag, sé-dhuine dhéag, agus rl., agus rl. do chur chun rinnceanna áirithe
Gaedhlacha do dhéanamh. Tá beagán Gaedheal annso abhfus, adeir
go gcuirid na Rinnceanna Gaedhlacha so i n-aigne dhóibh féin, an
nathar nimhe! de bhrigh iad a bheith chomh fighte casta, lúbach san.
Is fíor go deimhin go bhfuilid fighte casta lúbach, acht isé chuirid i
dtuigsint domhsa ná an tarrainteoireacht ealadhnta so a
gheachtar (gheibhtar) i "Leabhar Cheannanuis," casanna atá chomh
mion, mín, measctha sin ná fuil a leithéid le fagháil ar dhruim ar
an domhain, agus sé an dálta céadna é ag Rinnce na hÉireann
nó b'éidir gur chóra a radh - Rinnce Gaedhlach. Bhí na Rinnceanna
Gaedhlacha so ar fuaid na tíreach na céadhtha bliadhain sara
dtáinig TUAIRISC na nGall-Rinnceann go hÉire i n-éan-chor,
agus 'nuair a ráinig go dtángadar san is amhlaidh a rinnceadar
na daoine iad ná díreach chomh banamhail is do dhéinidís a
rinnceanna féin ó'n aimsir bhí i n-allóid ann. Maidir liomsa,
dhéarfainn, i dtaobh na Rinnceanna nGaedhlach fé mar adubhairt
an cime úd i moghsaine fad ó "MÁ'S SUARACH IAD IS
LINN FÉIN IAD."
Ní fheictar dúinn éan-chunntas ar chéimeannaibh aonair ní ba
thúisce 'ná an bhliadhain 1800 nó mar sin: do réir gach deall-
raimh b'iad na rinnceanna foirne amháin a bhí ag ár sinnsear
roimhe sin, agus go dtí an taca san iseadh chaithfeam féachaint
chun bun an méid sin de'n scéal do shocrughadh. Timcheall na
huaire sin 'seadh do tháinig na maighistrí rinnce chun tosaigh ar
dtúis agus gur cheapadar na céimeanna cruadha so atá le
faghail ar fuaid na duithche gan puinn atharughadh go dtí an lá
athá i ndiu againn. Bhí súirt chéimeann fí leith aca do réir an
cheanntair, acht pé aca nár thángadar Gaedhil na gCúigí uile chun
clisteacht ins an obair seo, is léir gur sháruig maighistrí na
Mumhan gach dream eile ar dheacaireacht a gcéimeann.
Is cosamhail gur san tráth san do chumadh na rinnceanna
aonair úd:
An Bata Droighin, Cimil a' Mhailín,
An Londubh, Obair aen Lae,
Fuaim is fothram na Ceárdchan, agus c., agus c.
Acht ní bhfaghfam trácht thórsa so anois, mar go bhfuil deire leis
an míle focal nách ceart dúinn do shárughadh de réir coin-
gíollacha an Chláir.
An méid athá againn de rinnceannaibh ár sean is ár sinn-
sear ba cheart dúinn cleachtadh do dhéanamh air chomh minic 's is
féidir, gan géilleadh in-ean-chor do rudaibh de'n tsórt céadna
a bheadh nuadh. Ní gearánta dhúinn go deimhin an scéal
fí láthair mar atá sé, acht na staonaimís ins an iarracht, mar
má chlisimíd anois - má chaillimíd an báire ins an chluithche seo -
beidh an buadh ag an nGalldacht ins an tír seo go bráth arís.
Ní baoghal dúinn, i gcúrsaibh caitheamh-aimsire ma dlúithimíd le
céile chun cosanta na teangan, na nósann, na dtréithe, agus c., agus c.
do bhain le sna sean-Ghaedhlaibh.
"RINNCFEAM ÁR SEANA-PHUIRT, scaipfimíd ceo
Is cad é sin do'n té sin ná baineann san leo."
"COS ADMHAID".
DÁTH Ó BRUADAIR cct. ar bhás Uí Shúilleabháin .i. Eoghan:
Créad óirne nach ró-luighfeadh tlacht canntlamh
Tré fhód-chuirm Eoghuin i bhfeart Franncach,
Géag rós-bhile bhórd-oirir bhreac leamhna
Lér chóra ár ndóthchus i dteas Teamhrach.
óirne, .i. orainn-na.
Cér mhór gradam na n-aspol i gcóisir Dhia,
Pól ná Peadar ní dheachaidh i gcóiste riamh;
Eóin ná Marcus níor leagadh fá bhordaibh iad,
Le hól beathuisce is pastaithe teó mar bhiaidh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11