Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Tá an dalla púicín críochnuighthe. Nuair do bhíos am gharsún bhímís ag imirt an chleasa so agus ag iarraidh greim d'fhághail ar a chéile. Loingeas Shasana bhí ag imirt an chleasa chéadna ar feadh coicighis agus fuaramar tuairisg an rangáis nó an bhréag-imreasgabháil ó lá go lá ins na páipéaraibh Gallbhéarla. Ní fuláir nó go dtabhar- famuis-ne tuairisg air chomh maith leo acht is beag atá againn le rádh 'na thaobh. Cloisimíd go raibh an loingeas nó an chabhlach so ag rith ar a chéile timcheall na hÉireann, scata acu ag leigean ortha go rabhadar ar tí Éire do ghabháil, agus scaoth eile acu istigh ins na cuantaibh ag bagairt ortha súd amuich. I ndorchadas na h-oidhche thagadh dó nó trí longaibh i mbéal cuain, d'iompuighdís léas soluis go h-obann ar na longaibh istighi - "chím gur annso atáthaoi," adeiridís, agus théidheadh an solus i n-éag, acht dhúisigheadh an mhuintir istigh, chaithidís léas soluis ar na fairirí amuich, "fágaidh an bealach nó marbhóchainn sibh," agus sceinneadh an námhaid las-muich leis do diair. Sin é an cogadh. Is dócha gurab annamh d'fhaghann muintear Chorcaighe, Áth Cliath, agus Bhéil- feirsde, caoi ar chabhlach mór d'fheicsint, agus gan amhras bhí fonn ortha lán súl d'fhághail uirthi. Do réir dheallreamh bhí muintir umhal-chroidhtheach na catharach thuaidh ag baint na sála dhá chéile, agus is clos dúinn go ndóbair go múchtaidhe cuid acu ag iarraidh radhairc d'fhághail ar an gcabhlaigh. Do réir Impire na nGearmánach is feárr loingeas na Fraince ná loingeas Shasana. Bhí an tImpire sin ar bórd loinge cogaidh leis an bhFrainc go déidheanach agus dubhairt sé nách raibh cúmhacht eile ar domhan is treise ar fhairrge 'ná an Fhrainc. Ba dhóich le duine ná deanfadh caint mar é sin díoghbháil d'éinneach, acht mar sin féin chuir Seághan Buidhe pus ar féin nuair do chualaidh sé é, agus ní mhaithfidh sé do'n Impire go fóil. Is gnáthach le Cúmhach taibh oifig gan oibliogáid, mar chomhartha onóireach, do bhronnadh ar righthibh agus ar dhaoinibh árd-chéimneach de'n tsaghas sain, agus do dhein Seaghan taoiseach fairrge de Impire na nGearmánach uair, acht ní mór leo a chéile indiu. Deir Séaghan, mar sin féin, gur chóir do'n Impire báidh do bheith aige le loingeas Shasana. Ní h-é Seághan amháin gur chuir an chuaird úd an Impire fearg air, mar deirthear go bhfuil an Rúise ar dearg-bhuile 'na taobh leis, toisg an teist atá amuich ar an Impire go measann sé cáirdeas cogaidh do shnadhmadh leis an Fhrainc. Do réir mar lasann buachaill óg suas le h-éad má bhíonn rábaire eile ag cur aighnis ar a bhean-chara, deirthear go bhfuil Rúise ag tormas mar gheall ar an súirigheacht so, agus go bhfuil teachtaire tíre ó'n bhFrainnc ag deisiúghadh an ghnótha. Muna mbiaidh carthanacht an Impire Alasdar na Rúsach do sgriosfadh Bismarck an Fhrainc dhá bhliadhain d'éis an cogaidh mhóir i 1870. Tháinig éad ar an nGearmáin leis na Franncachaibh an uair sin ar fheicsint dóibh go rabhadar ag teacht chúca féin agus ag dul i neart go tiugh. Mheas Bismarck ná fuaradar a ndóthain agus gur chóir dó leathsgéal éigin do cheapadh le troid do chur ortha arís faid do bhíodar ag dul i bhfeabhas. Thóg na Francaigh sgéan agus sgannradh, rídh ná'r bh'iongnadh, mar ní raibh an tír bhocht cneasuighthe i gceart ó chneadh an chogaidh agus bhí an sparán folamh tar éis dhá chéad milliún púnt do dhíol leis an nGearmáin mar cháin cogaidh. D'innis teachtaire tíre na Fraince, le deoraibh, an sgéal fealltach do Alasdar, agus is é do ráidh Alasdar, "abair le Bismarck a shuaimhneas do ghabháil nó bíodh air féin." Thóg seisean an chómhairle agus atá síothcháin idir an dhá chúmhacht threasna so ó shoin, agus go raibh go deo. Measann an tImpire Gear- mánach muinteardhas do dhéanamh leo agus ní misde a rádh gur mhaith an rud é, gidh go gcuirfeadh sé iongnadh ar an saoghal. Do cheap daoine miosgaiseach cúl-chainteach go raibh an Ghearmáin ar tí cur ar Ameriocá nuair do bhíodar- san ag troideadh leis na Spáinneachaibh. Do shéan an Ghearmáin é, acht mar sin féin atá dream i nAmeriocá do chreideann fós é agus meastar leo-san go mbiadh an Gearmánaigh anuas ortha láithreach muna mbiadh Sasana. Ní fhuil bun ná barr leis an sgéal so, agus dá mbiadh is deárthach ná déarfadh teachtaire tíre Ameriocá atá i bhpríomh-chathair na Gearmáine gur dearg-éitheach é. Deirthear gur cumadh i Lúnduin é mar ar cumadh go minic roimhe seo bréaga níos mó. Pé 'nÉirinn é tá dream éigin ag déanamh a lán-díchill chum imris do ghabháil idir Ameriocá agus Gearmáin agus do b'olc an sgéal dá n-éirigheadh leo. Tá na Gearmánaigh go líonmhar agus go saidhbhir i nAmeriocá agus ní thaithni- gheann an chúl-chaint seo leo i n-aon chor. Táid siad úmhal do riaghaltas Ameriocá agus tá grádh acu dá dtír dúthchais féin. Bhí dáil ag cuid acu i mBoston is dóich liom, tá tamall beag ó shoin agus chuireadar rúin i bhfeidhm gur námhaid d'Ameriocá agus do Ghear- máin an té do chuirfeadh iomarbhaidh idir an dá chúmhacht so. Ba chóir greasáil do thabhairt dá leithéid sin de dhuine le rileóig. Chuir aon nídh amháin do bhain leis an ndáil phuiblidhe úd formad orm. Bhí suas le chúig mhíle duine ann idir óg agus críonna agus níor labhradh focal ann, acht Gearmáinis acht amháin go raibh beirt labharthóirí ann do labhair Béarla. Éireannaigh do b'eadh an bheirt úd, agus fir mhaithe chreideamhnacha, acht is dócha go raibh ceann faoi ortha nuair nach raibh a dteanga dhúthchais féin acu. Tá an bheirt indiu ag cabhrughadh linn agus is é mo mhuiníghin go mbeidh athrughadh sgéil feasda againn. Tá oileán ins na hIndiachaibh Thiar, San Domingo is ainm do agus Togha-Riaghaltas is eadh é, acht is neamh- shocair, coimheasgarach atá muintir na h-áite sin anois agus arís le fada de bhliadhantaibh. Do dún-mharbhuigheadh an tUachtarán do bhí ortha tá seachtmhain ó shoin agus cloisimíd gur chuir ár mbráthair Seón dhá long cogaidh fhá dhéin an oileáin, le h-eagla go raibh amhras ag an nGearmhain ar sheilbh do ghlacadh ann. Cúis éadha eile b'fhéidir idir an dá chúmhacht so. Ní dócha go bhfuil aon dúil ag Seón féin ins an oileán
úd acht má bheidheas an áit i n-áirde i bhfad níor bh'iongnadh liom go mbiadh ár gcómharsa Seághan Buidhe ag cur na súl thríd. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services