Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Tá an dalla púicín críochnuighthe. Nuair do bhíos am
gharsún bhímís ag imirt an chleasa so agus ag iarraidh greim
d'fhághail ar a chéile. Loingeas Shasana bhí ag imirt an
chleasa chéadna ar feadh coicighis agus fuaramar tuairisg
an rangáis nó an bhréag-imreasgabháil ó lá go lá ins
na páipéaraibh Gallbhéarla. Ní fuláir nó go dtabhar-
famuis-ne tuairisg air chomh maith leo acht is beag atá
againn le rádh 'na thaobh. Cloisimíd go raibh an loingeas
nó an chabhlach so ag rith ar a chéile timcheall na hÉireann,
scata acu ag leigean ortha go rabhadar ar tí Éire do
ghabháil, agus scaoth eile acu istigh ins na cuantaibh ag
bagairt ortha súd amuich. I ndorchadas na h-oidhche
thagadh dó nó trí longaibh i mbéal cuain, d'iompuighdís
léas soluis go h-obann ar na longaibh istighi - "chím gur
annso atáthaoi," adeiridís, agus théidheadh an solus i
n-éag, acht dhúisigheadh an mhuintir istigh, chaithidís léas
soluis ar na fairirí amuich, "fágaidh an bealach nó
marbhóchainn sibh," agus sceinneadh an námhaid las-muich
leis do diair. Sin é an cogadh. Is dócha gurab annamh
d'fhaghann muintear Chorcaighe, Áth Cliath, agus Bhéil-
feirsde, caoi ar chabhlach mór d'fheicsint, agus gan
amhras bhí fonn ortha lán súl d'fhághail uirthi. Do réir
dheallreamh bhí muintir umhal-chroidhtheach na catharach
thuaidh ag baint na sála dhá chéile, agus is clos dúinn
go ndóbair go múchtaidhe cuid acu ag iarraidh radhairc
d'fhághail ar an gcabhlaigh.



Do réir Impire na nGearmánach is feárr loingeas
na Fraince ná loingeas Shasana. Bhí an tImpire sin
ar bórd loinge cogaidh leis an bhFrainc go déidheanach
agus dubhairt sé nách raibh cúmhacht eile ar domhan is
treise ar fhairrge 'ná an Fhrainc.



Ba dhóich le duine ná deanfadh caint mar é sin
díoghbháil d'éinneach, acht mar sin féin chuir Seághan
Buidhe pus ar féin nuair do chualaidh sé é, agus ní
mhaithfidh sé do'n Impire go fóil. Is gnáthach le Cúmhach
taibh oifig gan oibliogáid, mar chomhartha onóireach, do
bhronnadh ar righthibh agus ar dhaoinibh árd-chéimneach de'n
tsaghas sain, agus do dhein Seaghan taoiseach fairrge
de Impire na nGearmánach uair, acht ní mór leo a chéile
indiu. Deir Séaghan, mar sin féin, gur chóir do'n
Impire báidh do bheith aige le loingeas Shasana.



Ní h-é Seághan amháin gur chuir an chuaird úd an
Impire fearg air, mar deirthear go bhfuil an Rúise ar
dearg-bhuile 'na taobh leis, toisg an teist atá amuich
ar an Impire go measann sé cáirdeas cogaidh do
shnadhmadh leis an Fhrainc. Do réir mar lasann
buachaill óg suas le h-éad má bhíonn rábaire eile ag
cur aighnis ar a bhean-chara, deirthear go bhfuil Rúise ag
tormas mar gheall ar an súirigheacht so, agus go bhfuil
teachtaire tíre ó'n bhFrainnc ag deisiúghadh an ghnótha.



Muna mbiaidh carthanacht an Impire Alasdar na Rúsach
do sgriosfadh Bismarck an Fhrainc dhá bhliadhain d'éis
an cogaidh mhóir i 1870. Tháinig éad ar an nGearmáin
leis na Franncachaibh an uair sin ar fheicsint dóibh go
rabhadar ag teacht chúca féin agus ag dul i neart go
tiugh. Mheas Bismarck ná fuaradar a ndóthain agus
gur chóir dó leathsgéal éigin do cheapadh le troid do
chur ortha arís faid do bhíodar ag dul i bhfeabhas.



Thóg na Francaigh sgéan agus sgannradh, rídh ná'r
bh'iongnadh, mar ní raibh an tír bhocht cneasuighthe i gceart
ó chneadh an chogaidh agus bhí an sparán folamh tar éis
dhá chéad milliún púnt do dhíol leis an nGearmáin mar
cháin cogaidh. D'innis teachtaire tíre na Fraince, le
deoraibh, an sgéal fealltach do Alasdar, agus is é
do ráidh Alasdar, "abair le Bismarck a shuaimhneas do
ghabháil nó bíodh air féin." Thóg seisean an chómhairle
agus atá síothcháin idir an dhá chúmhacht threasna so ó shoin,
agus go raibh go deo. Measann an tImpire Gear-
mánach muinteardhas do dhéanamh leo agus ní misde a
rádh gur mhaith an rud é, gidh go gcuirfeadh sé iongnadh
ar an saoghal.



Do cheap daoine miosgaiseach cúl-chainteach go raibh
an Ghearmáin ar tí cur ar Ameriocá nuair do bhíodar-
san ag troideadh leis na Spáinneachaibh. Do shéan an
Ghearmáin é, acht mar sin féin atá dream i nAmeriocá
do chreideann fós é agus meastar leo-san go mbiadh
an Gearmánaigh anuas ortha láithreach muna mbiadh
Sasana. Ní fhuil bun ná barr leis an sgéal so, agus
dá mbiadh is deárthach ná déarfadh teachtaire tíre
Ameriocá atá i bhpríomh-chathair na Gearmáine gur
dearg-éitheach é.



Deirthear gur cumadh i Lúnduin é mar ar cumadh go
minic roimhe seo bréaga níos mó. Pé 'nÉirinn é tá
dream éigin ag déanamh a lán-díchill chum imris do
ghabháil idir Ameriocá agus Gearmáin agus do b'olc
an sgéal dá n-éirigheadh leo. Tá na Gearmánaigh go
líonmhar agus go saidhbhir i nAmeriocá agus ní thaithni-
gheann an chúl-chaint seo leo i n-aon chor. Táid siad
úmhal do riaghaltas Ameriocá agus tá grádh acu dá
dtír dúthchais féin. Bhí dáil ag cuid acu i mBoston is
dóich liom, tá tamall beag ó shoin agus chuireadar
rúin i bhfeidhm gur námhaid d'Ameriocá agus do Ghear-
máin an té do chuirfeadh iomarbhaidh idir an dá chúmhacht
so. Ba chóir greasáil do thabhairt dá leithéid sin de
dhuine le rileóig.



Chuir aon nídh amháin do bhain leis an ndáil phuiblidhe
úd formad orm. Bhí suas le chúig mhíle duine ann
idir óg agus críonna agus níor labhradh focal ann, acht
Gearmáinis acht amháin go raibh beirt labharthóirí ann
do labhair Béarla. Éireannaigh do b'eadh an bheirt úd,
agus fir mhaithe chreideamhnacha, acht is dócha go raibh
ceann faoi ortha nuair nach raibh a dteanga dhúthchais féin
acu. Tá an bheirt indiu ag cabhrughadh linn agus is é
mo mhuiníghin go mbeidh athrughadh sgéil feasda againn.



Tá oileán ins na hIndiachaibh Thiar, San Domingo is
ainm do agus Togha-Riaghaltas is eadh é, acht is neamh-
shocair, coimheasgarach atá muintir na h-áite sin anois
agus arís le fada de bhliadhantaibh.



Do dún-mharbhuigheadh an tUachtarán do bhí ortha tá
seachtmhain ó shoin agus cloisimíd gur chuir ár mbráthair
Seón dhá long cogaidh fhá dhéin an oileáin, le h-eagla
go raibh amhras ag an nGearmhain ar sheilbh do ghlacadh
ann. Cúis éadha eile b'fhéidir idir an dá chúmhacht so.
Ní dócha go bhfuil aon dúil ag Seón féin ins an oileán


L. 355


úd acht má bheidheas an áit i n-áirde i bhfad níor
bh'iongnadh liom go mbiadh ár gcómharsa Seághan Buidhe
ag cur na súl thríd.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services