Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na SeanGhaedhilge.
Title
Scoil na SeanGhaedhilge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na SeanGhaedhilge. Ní fuláir nó tá áthus ar an nDochtúir Cúno Meighear is ar lucht riartha Scoil na SeanGhaedhilge mar gheall ar an gcuma nar éirigh le seseón an tSamhraidh seo ann. Ón gcéad bhliadhain nar cuireadh an scoil ar bun, agus n-a raibh an Strachánach againn annso i mBaile Átha Cliath, níor thánig ann oiread daoine agus tháinig i mbliadhna. Diaidh ar ndiaidh tá an scoil ag bailiughadh chúichi féin gasra daoine go bhfuil flosc chun an tseanaléighinn ortha, agus fonn ortha a scar féin a dhéanamh chun a chur sa n-ionad badh dhual dó. Má ritheann leó ar an gcuma so ní fhéadfar a chasadh le hÉireannaigh go bhfuil neamhshuim á chur aca i ndálaibh a sean. Tá obair fhóghanta ar son na Gaedhilge is ar son na hÉireann dá dhéanamh sa scoil seo, ar shon ná seinn- tar stoc ná buadbhall n-a leith, agus tá súil le Dia agam go leanfaidh mar sin. Ba bhreágh le feicsint an dúthracht sa n-obair a thespeáin an uile dhalta dá raibh ann. Fadhb ana-chruaidh iseadh an Briathar sa tSeanGhaedhilg, acht ba shuarach an seasamh do dhein i gcoinnibh na n-amus a thugadh an Dochtúir Ó hAimhirgin agus a bhuidhean daltaí air. Bhítheas leis go ndearna taos den bhfaidhb. Pé uair den ló do raghfá chun na scoile chífá gasra ann agus iad ar a ndicheall ag ullmhughadh i gcóir na hoidhche. Leathsmuigh den scoil féin do casfaidhe ort duine aonair, nó beirt nó triúr, agus b'iad na Gluaiseanna agus An Táin "bun is bárr na paidre" aca. Bhí fonn chun oibre ar gach duine, idir fhearaibh is mhnáibh, idir óg agus aosta. Nuair bhíonn an croidhe sa n-obair is iongantach an saothar is féidir a sheasamh agus ní mothuightar an aimsir ag imtheacht. Do deineadh seódh oibre i Scoil na SeanGhaedhilge an mhí seo ghaibh tharainn. Beidh a rian ar an Scoil agus orainn go léir. Ar shon go raibh ar gach éinne oibriughadh go dian bhí de éad- tromacht croidhe orainn go bhfuaramar an chaoi ar aithne a chur ar a chéile. Bhíodh pas grinn eadrainn anois is arís, agus is breagh an t-anlann don léigheann é. Do ceangladh cáirdeasa ann a mhairfidh le n-ar linn, acht cia déarfaidh nár cheart do lucht
foghluma is saothruighthe na SeanGhaedhilge aithne a bheith aca ar a chéile. Rud eile, bhí na Draoithe flúirseach go leór ann agus tá's ag Crom, i gcead díbh, go dtagann greann agus sult mar a mbíd an dream soin. Go deimhin dubhairt an "Cailín Deas Ruadh" ná feacathas "é féin" sa bhaile i gcóir dinnéir aon lá le mí. Agus ó's ag tagairt do sna Draoithibh é, de dheascaibh tionóisce éigin a thárla dhon ÁrdDhraoi féin d'óbair do Dheis- ciobal áirithe Imbus-for-Osna a dhéanamh. Is eagal leis go gcaithfidh sé fanacht n-a Dheisciobal an dá lá agus an fhaid mhair- fidh, agus thug sé na déithe do thugaid Draoithe go ndíolfadh Draoi nó Deisciobal éigin as. Bhur n-aire chughaibh, a Dhraoithe! Éireannaigh agus daoine ó Éirinn a b'eadh furmhór na ndaltaí. Ní gábhadh dham a n-ainmneacha a luadh. Aon intinn amháin a thug ann iad amh, sé sin, an dúil a bheith aca i gcúrsaíbh ár sean sa n-oileán so agus an rún a bheith i n-íochtar a chroidhe ag gach duine an t-eólus soin a chnuasach is a scaipeadh ar fuid an domhain. Bá bhreágh liom an ghasra de shagartaibh óga d'fheicsint ann. "Tá lámh Dé sa n-obair" gan aon agó, agus is follus go bhfuil cabhair agus congnamh Cholm Cille linn. Dia leat a "Uíbh Máine". Tháinig an tAthair Pádraig Ó Gormáin chughainn ó Pháris na Fraingce. Scoláire duthrachtach is eadh an tAthair Pádraig, agus tugann chugainn i gcomhnuidhe scéala i dtaobh cúrsaí na SeanGhaedhilge sa bhFraingc agus i dtaobh M. d'Arbois de Jubainville, ríscoláire na tire sin. I bhfochair an Athar Pádraig tháinig chun na scoile i mbliadhna Rúisíneach darab ainm Alexander Smirnof go bhfuil oiread flosc air chun na Gaedhilge is atá ar éinne beó. Ní fuláir nó isé an tAthair Pádraig a thug cuid dá dhuthracht féin dó. Má'sé níor braitheadh laighdughadh ar bith ar a dhuthracht féin dá bhárr. Beam ag súil leó araon arís, agus ní gábhadh dhúinn a rádh go mbeidh fáilte rómpa i gcomh- nuidhe. Do bhí againn ó Amsterdam, i dTír Fó Thuinn, M. Van Hamel. Cuireann M. Van Hammel ana-spéis sa Gaedhilg, agus tá sé ar a chumus Gaedhilg an lae indiu a léigheamh is a thuigsint maith go leór. Deir sé go dtiocfaidh sé go hÉirinn arís. Is dóigh leis gur cruaidhe go mór an Ghaedhilg Mheadhóin iná Gaedhilg na seanaGhluaiseann. Tá a lán den cheart aige, acht
"branar gan cur" iseadh an Ghaedhilg Mheadhóin fós. Is éigin do dhuine dhá nídh a bheith aige chúichi, .i. eólus maith ar an Sean- Ghaedhilg agus eólus maith ar Ghaedhilg na haimsire seo. Tá an dá nídh sin dá gcur chuige ag M. Van Hamel, agus ní baoghal ná go mbeidh sé féin n-a chongnamh againn ar ball. Bhí fear eile againn, .i. M. Pokorny, ó Bhienna san Austria. Bhí sé sin ar feadh scaithimh i gColláiste Chonnacht, agus do thaitn an áit go breagh leis. Níor réidhtigh aér na hÉireann le n-a shláinte amh, agus d'éis dó seachtmhain a chaitheamh ar an scoil againn, b'éigin dó imtheacht abhaile. Bhí ana-chathughadh orainn n-a thaobh. Do cuireadh i leith an duine bhocht rudaí ná féadfadh sé tuairim a thabhairt ortha dá bhfaghadh sé Éire air. Is mór an truagh ná bíonn breis ciall againn uaireanta. Ó Dhún Éadain i nAlbain tháinig chughainn fear de mhuinntir Mhac Giolla Iain. Scoláire díoghraiseach iseadh é agus Gaedheal macánta croidheamhail. D'fhágas na Breatnaigh ar lár go dtí seo, mar tá a lán le rádh agam n-a dtaobh. Bhí beirt aca ann, .i. Mr. Glyn-Davies agus Mr. Gwynn-Jones, nó mar do b'fheárr leó féin, Seón Mac Dábhídh agus Fionn Mac Eoghain. Duine de sna congan- tóirí is fearr ag an ndochtúir Cúno Meighear i Libherpúl iseadh Seón Mac Dábhídh. Gheóbha sé a chéim i nIolscoil na Breatan, agus cuireann árdspéis insna teangthaibh Ceilteacha. Tá eólus maith aige ar an nGaedhilg. Tá sé ag léigheamh "Séadna" fé láthair agus deir sé go mbíonn ag síorchur i gcuimhne dhó scéalta Daniel Owen. Leabhar de leabhraibh Daniel Owen a bhíodh againn i mbuidhin na Breatnaise, agus gan aon amhrus badh dheacair a shárughadh. "Straeon y Pentan" an ainm atá air. Bhí an bhuidhean soin fé riar Sheóin Mhic Dábhidh agus bhíomar go léir ana-shásta leis. Badh mhaith leis bheith ag réidhteach ceart dúinn, agus an pungc ba lugha bheadh míniughadh aige air. Dia Céadaoin thugadh sé leigheacht dúinn ar stair Litridheacht na Breatnaise. Gheall sé mionaithris ar na léigheachtaibh sin a scríobhadh i gcóir an IRISLEABHAIR. Scéal iongantach is eadh stair na Breatnaise agus féadfaid Gaedhilgeóirí an lae indiu ceacht fhoghanta d'fhoghluim as, go háirithe ó's rud é gur mian linn ar sean- litridheacht féin a shaothrughadh agus litridheacht nua a chur ar bun. Fear eagair páipéir sa Bhreatain iseadh Fionn Mac Eoghain.
N-a theannta-san staruidhe, scéaluidhe agus file iseadh é. "Hiraethog" an ainm cleite a bhíonn aige, agus fé'n ainm sin do bhuaidh sé an chéad ionad agus cathaoir - duais choitcheanta i leith filidheachta sa Bhreataiin - ar an Eisteddfod Náisiúnta i mBangor sé bliadhna ó shoin. Fear mór teangthach iseadh é. Labhrann sé Fraingcis is Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis, Aráibis agus Breton agus a lán eile nach iad. Bhí beagán eóluis aige ar an nGaedhilg roimhe seo, acht do thaitn a chuaird annso chomh maith-san leis go bhfuil sé ar aigne í tharrac chuige anois agus gan cur suas di go mbeidh sé ar a chumus í labhairt. Tá Cywydd, nó dán, ceapaithe aige ar Éirinn agus mara bhfuil moladh aige á thabhairt uirthi ní lá go headartha é. Maidir le sna buidheantaibh féin is dóigh liom gurab é an bhuidhean i gcóir Graiméir agus na SeanGhluaiseann an buidhean ba líonmhaire. Bhíodh súd ar siubhal gach tráthnóna ó n-a seacht a chlog go dtí a hocht. N-a dhiaidh-san bhíodh "An Táin" againn trí oidhche agus scéal sa Ghaedhilg Mheadhóin dhá oidhche. Is mor an áise ag lucht foghluma na SeanGhaedhilg an dá leabhar soin ón Strachánach, .i. "Selection from the Old-Irish Glosses" agus "Stories from the Táin". Níor cuireadh amach fós aon leabhair a dhéanfaidh oiread leo chun eólus na Sean- Ghaedhilge a scaipeadh coitcheanta. Anois a bhraithimíd an chreach do bhuail umainn nuair do cailleadh an Strachánach. Ar dheis an Árdríogh go raibh thall. Chuir lucht riartha na Scoile fé áthchló na scéalta as an dTáin a bhí san IRISLEABHAR ón Strachánach i mbliadhain a 1903. Bhí an leabhar ullamh i gcóir an tseseóin agus thaitn sé le gach duine. Éinne a thuigeann Gaedhilg na haimsire seo féadfaidh sé na scéalta beaga so a léigheamh go hadhsáideach le congnamh an fhoclóra. Ní chosnann sé acht a trí is réal, agus badh cheart do gach Gaedhilgeóir é fhagháil agus é léigheamh. Sa Ghaedhilg Mheadhóin do léigheamair gearrachunntus ar bheathaidh Ádhamhnáin, atá i gcló sa tarna uimhir de "Anecdota from Irish Manuscripts". N-a theannta san do dheineamair scrúdughadh ar roinnt filidheachta, as an leabhar gcéadna, atá curtha i leith Moling Naomhtha. Bhíodar daltaí na buidhne sin sásta go maith leis an obair a dheineadar ann. Níor cheart dam críochnughadh gan mo bhuidheachus féin agus
buidheachus an uile dhuine dá raibh ar an scoil a ghabháil leis an nDochtúir Ó hAimhirgin mar gheall ar a dhíoghrais i n-ár leith. Ar éigin atá duine beó fé láthair a bhuadhfadh air i gcúrsaí teangan na Gaedhilge. Ar shon gur choingibh sé sinn ag obair go dian, do thuigeadh d'ar n-anbhfúinne agus bhíodh ullamh i gcomhnuidhe chun bearnadh a ghlanadh dhúinn. Ní thogradh a bheith tur ná gruamdha; fiú amháin nuair a bítí i n-acharann sa ghluais is doghluaiste aca, ní theipeadh air gáire a bhaint amach. Chuireadh soin misneach orainn. Tá cion fé leith agá dhaltaíbh uile ar an nDochtúir de bhrígh ná spárálann sé é féin i n-uain na hoibre. Bheadh truagh agat dó annsúd gach tráthnóna brothalach, saothar air agus an t-allus "na dhóirnibh" leis, a d'iarraidh sinn-na a fhritheálamh. Badh chuma leis dá mbadh rud é ná raibh de chúram air acht soin. Do bhí ámhthach. Bhí so agus súd le scrúdughadh aige. Tá a dhaltaí ana-bhuidheach dhe, mar do fhreastal ortha go huasal dá mhéid bruid a bhí air. Go maire sé an chéad. Tá obair fhóghanta dá dhéanamh i Scoil na SeanGhaedhilge. Ní'l aon amhrus air sin. Badh mhaith liom fhéin ámh, níos mó Gaedhilgeóirí d'fheicsint ann. Ortha-san a bheidh ar mbraith san am atá ag teacht. Má ghríosann an méid atá scríobhtha agam, cuid aca chun na scoile do thaithighe bead sásta go leór. Thabharfainn mar chómhairle dhóibh bheith á n-ullmhughadh féin i gcóir seseóin na bliadhna so cughainn, agus má's féidir leó ar aon chor é, teacht go Baile Átha Cliath. Ní bheidh pioc dá chathughadh ortha an fhaid mhairfid. TÓRNA. DUINE ÉIGIN cct. Le Fionn Mac Eoghain, Breathnach a bhí ar Scoil na SeanGhaedhilge i mbliadhna: A Fhinn Mhic Eoghain, a shaoi dhen tslógh Do scríobhfadh comhda dáimhe I dteangain na dtreón do chathuigh go leór D'fhonn Breatain na seód do ghárdadh, Glac-se uaim an ghlac so duan I dteangain Tuathail Fáilbhe I gcuimhniughadh buan ar mhí gan ghruaim Ag claoidhe le "Gluais" nó "An Táin" úd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services