Scoil na SeanGhaedhilge.
Ní fuláir nó tá áthus ar an nDochtúir Cúno Meighear is ar
lucht riartha Scoil na SeanGhaedhilge mar gheall ar an gcuma
nar éirigh le seseón an tSamhraidh seo ann. Ón gcéad bhliadhain
nar cuireadh an scoil ar bun, agus n-a raibh an Strachánach
againn annso i mBaile Átha Cliath, níor thánig ann oiread
daoine agus tháinig i mbliadhna. Diaidh ar ndiaidh tá an scoil
ag bailiughadh chúichi féin gasra daoine go bhfuil flosc chun an
tseanaléighinn ortha, agus fonn ortha a scar féin a dhéanamh chun
a chur sa n-ionad badh dhual dó. Má ritheann leó ar an gcuma so
ní fhéadfar a chasadh le hÉireannaigh go bhfuil neamhshuim á chur
aca i ndálaibh a sean. Tá obair fhóghanta ar son na Gaedhilge is
ar son na hÉireann dá dhéanamh sa scoil seo, ar shon ná seinn-
tar stoc ná buadbhall n-a leith, agus tá súil le Dia agam
go leanfaidh mar sin.
Ba bhreágh le feicsint an dúthracht sa n-obair a thespeáin an
uile dhalta dá raibh ann. Fadhb ana-chruaidh iseadh an Briathar sa
tSeanGhaedhilg, acht ba shuarach an seasamh do dhein i gcoinnibh na
n-amus a thugadh an Dochtúir Ó hAimhirgin agus a bhuidhean
daltaí air. Bhítheas leis go ndearna taos den bhfaidhb. Pé uair
den ló do raghfá chun na scoile chífá gasra ann agus iad ar a
ndicheall ag ullmhughadh i gcóir na hoidhche. Leathsmuigh den
scoil féin do casfaidhe ort duine aonair, nó beirt nó triúr,
agus b'iad na Gluaiseanna agus An Táin "bun is bárr na
paidre" aca. Bhí fonn chun oibre ar gach duine, idir fhearaibh is
mhnáibh, idir óg agus aosta. Nuair bhíonn an croidhe sa n-obair
is iongantach an saothar is féidir a sheasamh agus ní mothuightar
an aimsir ag imtheacht. Do deineadh seódh oibre i Scoil na
SeanGhaedhilge an mhí seo ghaibh tharainn. Beidh a rian ar an
Scoil agus orainn go léir.
Ar shon go raibh ar gach éinne oibriughadh go dian bhí de éad-
tromacht croidhe orainn go bhfuaramar an chaoi ar aithne a chur
ar a chéile. Bhíodh pas grinn eadrainn anois is arís, agus is
breagh an t-anlann don léigheann é. Do ceangladh cáirdeasa
ann a mhairfidh le n-ar linn, acht cia déarfaidh nár cheart do lucht
foghluma is saothruighthe na SeanGhaedhilge aithne a bheith aca ar a
chéile. Rud eile, bhí na Draoithe flúirseach go leór ann agus
tá's ag Crom, i gcead díbh, go dtagann greann agus sult mar
a mbíd an dream soin. Go deimhin dubhairt an "Cailín Deas
Ruadh" ná feacathas "é féin" sa bhaile i gcóir dinnéir aon lá
le mí. Agus ó's ag tagairt do sna Draoithibh é, de dheascaibh
tionóisce éigin a thárla dhon ÁrdDhraoi féin d'óbair do Dheis-
ciobal áirithe Imbus-for-Osna a dhéanamh. Is eagal leis go
gcaithfidh sé fanacht n-a Dheisciobal an dá lá agus an fhaid mhair-
fidh, agus thug sé na déithe do thugaid Draoithe go ndíolfadh
Draoi nó Deisciobal éigin as. Bhur n-aire chughaibh, a Dhraoithe!
Éireannaigh agus daoine ó Éirinn a b'eadh furmhór na ndaltaí.
Ní gábhadh dham a n-ainmneacha a luadh. Aon intinn amháin a thug
ann iad amh, sé sin, an dúil a bheith aca i gcúrsaíbh ár sean sa
n-oileán so agus an rún a bheith i n-íochtar a chroidhe ag gach
duine an t-eólus soin a chnuasach is a scaipeadh ar fuid an
domhain. Bá bhreágh liom an ghasra de shagartaibh óga d'fheicsint
ann. "Tá lámh Dé sa n-obair" gan aon agó, agus is follus go
bhfuil cabhair agus congnamh Cholm Cille linn. Dia leat a "Uíbh
Máine".
Tháinig an tAthair Pádraig Ó Gormáin chughainn ó Pháris na
Fraingce. Scoláire duthrachtach is eadh an tAthair Pádraig,
agus tugann chugainn i gcomhnuidhe scéala i dtaobh cúrsaí na
SeanGhaedhilge sa bhFraingc agus i dtaobh M. d'Arbois de
Jubainville, ríscoláire na tire sin. I bhfochair an Athar Pádraig
tháinig chun na scoile i mbliadhna Rúisíneach darab ainm
Alexander Smirnof go bhfuil oiread flosc air chun na Gaedhilge
is atá ar éinne beó. Ní fuláir nó isé an tAthair Pádraig a thug
cuid dá dhuthracht féin dó. Má'sé níor braitheadh laighdughadh ar
bith ar a dhuthracht féin dá bhárr. Beam ag súil leó araon arís,
agus ní gábhadh dhúinn a rádh go mbeidh fáilte rómpa i gcomh-
nuidhe.
Do bhí againn ó Amsterdam, i dTír Fó Thuinn, M. Van
Hamel. Cuireann M. Van Hammel ana-spéis sa Gaedhilg, agus
tá sé ar a chumus Gaedhilg an lae indiu a léigheamh is a thuigsint
maith go leór. Deir sé go dtiocfaidh sé go hÉirinn arís. Is
dóigh leis gur cruaidhe go mór an Ghaedhilg Mheadhóin iná
Gaedhilg na seanaGhluaiseann. Tá a lán den cheart aige, acht
"branar gan cur" iseadh an Ghaedhilg Mheadhóin fós. Is éigin
do dhuine dhá nídh a bheith aige chúichi, .i. eólus maith ar an Sean-
Ghaedhilg agus eólus maith ar Ghaedhilg na haimsire seo. Tá an
dá nídh sin dá gcur chuige ag M. Van Hamel, agus ní baoghal
ná go mbeidh sé féin n-a chongnamh againn ar ball.
Bhí fear eile againn, .i. M. Pokorny, ó Bhienna san Austria.
Bhí sé sin ar feadh scaithimh i gColláiste Chonnacht, agus do thaitn
an áit go breagh leis. Níor réidhtigh aér na hÉireann le n-a
shláinte amh, agus d'éis dó seachtmhain a chaitheamh ar an scoil
againn, b'éigin dó imtheacht abhaile. Bhí ana-chathughadh orainn
n-a thaobh. Do cuireadh i leith an duine bhocht rudaí ná féadfadh
sé tuairim a thabhairt ortha dá bhfaghadh sé Éire air. Is mór
an truagh ná bíonn breis ciall againn uaireanta.
Ó Dhún Éadain i nAlbain tháinig chughainn fear de mhuinntir
Mhac Giolla Iain. Scoláire díoghraiseach iseadh é agus Gaedheal
macánta croidheamhail.
D'fhágas na Breatnaigh ar lár go dtí seo, mar tá a lán le
rádh agam n-a dtaobh. Bhí beirt aca ann, .i. Mr. Glyn-Davies
agus Mr. Gwynn-Jones, nó mar do b'fheárr leó féin, Seón
Mac Dábhídh agus Fionn Mac Eoghain. Duine de sna congan-
tóirí is fearr ag an ndochtúir Cúno Meighear i Libherpúl iseadh
Seón Mac Dábhídh. Gheóbha sé a chéim i nIolscoil na Breatan,
agus cuireann árdspéis insna teangthaibh Ceilteacha. Tá eólus
maith aige ar an nGaedhilg. Tá sé ag léigheamh "Séadna" fé
láthair agus deir sé go mbíonn ag síorchur i gcuimhne dhó scéalta
Daniel Owen. Leabhar de leabhraibh Daniel Owen a bhíodh againn
i mbuidhin na Breatnaise, agus gan aon amhrus badh dheacair a
shárughadh. "Straeon y Pentan" an ainm atá air. Bhí an
bhuidhean soin fé riar Sheóin Mhic Dábhidh agus bhíomar go léir
ana-shásta leis. Badh mhaith leis bheith ag réidhteach ceart dúinn,
agus an pungc ba lugha bheadh míniughadh aige air. Dia Céadaoin
thugadh sé leigheacht dúinn ar stair Litridheacht na Breatnaise.
Gheall sé mionaithris ar na léigheachtaibh sin a scríobhadh i gcóir an
IRISLEABHAIR. Scéal iongantach is eadh stair na Breatnaise
agus féadfaid Gaedhilgeóirí an lae indiu ceacht fhoghanta
d'fhoghluim as, go háirithe ó's rud é gur mian linn ar sean-
litridheacht féin a shaothrughadh agus litridheacht nua a chur ar bun.
Fear eagair páipéir sa Bhreatain iseadh Fionn Mac Eoghain.
N-a theannta-san staruidhe, scéaluidhe agus file iseadh é.
"Hiraethog" an ainm cleite a bhíonn aige, agus fé'n ainm sin
do bhuaidh sé an chéad ionad agus cathaoir - duais choitcheanta i
leith filidheachta sa Bhreataiin - ar an Eisteddfod Náisiúnta
i mBangor sé bliadhna ó shoin. Fear mór teangthach iseadh
é. Labhrann sé Fraingcis is Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis,
Aráibis agus Breton agus a lán eile nach iad. Bhí beagán
eóluis aige ar an nGaedhilg roimhe seo, acht do thaitn a chuaird
annso chomh maith-san leis go bhfuil sé ar aigne í tharrac chuige
anois agus gan cur suas di go mbeidh sé ar a chumus í labhairt.
Tá Cywydd, nó dán, ceapaithe aige ar Éirinn agus mara bhfuil
moladh aige á thabhairt uirthi ní lá go headartha é.
Maidir le sna buidheantaibh féin is dóigh liom gurab é
an bhuidhean i gcóir Graiméir agus na SeanGhluaiseann an
buidhean ba líonmhaire. Bhíodh súd ar siubhal gach tráthnóna ó n-a
seacht a chlog go dtí a hocht. N-a dhiaidh-san bhíodh "An Táin"
againn trí oidhche agus scéal sa Ghaedhilg Mheadhóin dhá oidhche.
Is mor an áise ag lucht foghluma na SeanGhaedhilg an dá
leabhar soin ón Strachánach, .i. "Selection from the Old-Irish
Glosses" agus "Stories from the Táin". Níor cuireadh amach
fós aon leabhair a dhéanfaidh oiread leo chun eólus na Sean-
Ghaedhilge a scaipeadh coitcheanta. Anois a bhraithimíd an chreach
do bhuail umainn nuair do cailleadh an Strachánach. Ar dheis an
Árdríogh go raibh thall.
Chuir lucht riartha na Scoile fé áthchló na scéalta as an dTáin
a bhí san IRISLEABHAR ón Strachánach i mbliadhain a 1903. Bhí
an leabhar ullamh i gcóir an tseseóin agus thaitn sé le gach
duine. Éinne a thuigeann Gaedhilg na haimsire seo féadfaidh
sé na scéalta beaga so a léigheamh go hadhsáideach le congnamh
an fhoclóra. Ní chosnann sé acht a trí is réal, agus badh cheart
do gach Gaedhilgeóir é fhagháil agus é léigheamh.
Sa Ghaedhilg Mheadhóin do léigheamair gearrachunntus ar
bheathaidh Ádhamhnáin, atá i gcló sa tarna uimhir de "Anecdota
from Irish Manuscripts". N-a theannta san do dheineamair
scrúdughadh ar roinnt filidheachta, as an leabhar gcéadna, atá
curtha i leith Moling Naomhtha. Bhíodar daltaí na buidhne sin
sásta go maith leis an obair a dheineadar ann.
Níor cheart dam críochnughadh gan mo bhuidheachus féin agus
buidheachus an uile dhuine dá raibh ar an scoil a ghabháil leis an
nDochtúir Ó hAimhirgin mar gheall ar a dhíoghrais i n-ár
leith. Ar éigin atá duine beó fé láthair a bhuadhfadh air
i gcúrsaí teangan na Gaedhilge. Ar shon gur choingibh sé
sinn ag obair go dian, do thuigeadh d'ar n-anbhfúinne agus
bhíodh ullamh i gcomhnuidhe chun bearnadh a ghlanadh dhúinn. Ní
thogradh a bheith tur ná gruamdha; fiú amháin nuair a bítí i
n-acharann sa ghluais is doghluaiste aca, ní theipeadh air gáire a
bhaint amach. Chuireadh soin misneach orainn. Tá cion fé leith
agá dhaltaíbh uile ar an nDochtúir de bhrígh ná spárálann sé é
féin i n-uain na hoibre. Bheadh truagh agat dó annsúd gach
tráthnóna brothalach, saothar air agus an t-allus "na dhóirnibh"
leis, a d'iarraidh sinn-na a fhritheálamh. Badh chuma leis dá mbadh
rud é ná raibh de chúram air acht soin. Do bhí ámhthach. Bhí so
agus súd le scrúdughadh aige. Tá a dhaltaí ana-bhuidheach
dhe, mar do fhreastal ortha go huasal dá mhéid bruid a bhí air.
Go maire sé an chéad.
Tá obair fhóghanta dá dhéanamh i Scoil na SeanGhaedhilge.
Ní'l aon amhrus air sin. Badh mhaith liom fhéin ámh, níos mó
Gaedhilgeóirí d'fheicsint ann. Ortha-san a bheidh ar mbraith san
am atá ag teacht. Má ghríosann an méid atá scríobhtha agam,
cuid aca chun na scoile do thaithighe bead sásta go leór.
Thabharfainn mar chómhairle dhóibh bheith á n-ullmhughadh féin i gcóir
seseóin na bliadhna so cughainn, agus má's féidir leó ar aon
chor é, teacht go Baile Átha Cliath. Ní bheidh pioc dá chathughadh
ortha an fhaid mhairfid.
TÓRNA.
DUINE ÉIGIN cct.
Le Fionn Mac Eoghain, Breathnach a bhí ar Scoil na SeanGhaedhilge i mbliadhna:
A Fhinn Mhic Eoghain, a shaoi dhen tslógh
Do scríobhfadh comhda dáimhe
I dteangain na dtreón do chathuigh go leór
D'fhonn Breatain na seód do ghárdadh,
Glac-se uaim an ghlac so duan
I dteangain Tuathail Fáilbhe
I gcuimhniughadh buan ar mhí gan ghruaim
Ag claoidhe le "Gluais" nó "An Táin" úd.