Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. IV. - Donnchadh an Daingin.
Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. IV. - Donnchadh an Daingin.
Author(s)
Ó Conchubhair, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh. IV. - DONNCHADH AN DAINGIN. Fear siubhail do b'eadh Donnchadh bocht ón gcéad lá riamh gur seóladh é go dtí an gceanntar so marar chaith sé furmhór a shaoghail. "Fear siubhail" is gnáthach do thabhairt annso i gCiarraighe ar aon taistealuidhe bocht a bhíonn ag imtheacht ó thigh go tigh ar lorg a choda, agus ag braith ar charthannacht na gcomh- ursain chum é choimeád i mbiadh. Níor bh'eól d'éinne cad as go dtáinig sé an uair bhuail sé chughainn anoir go Baile an Mhuilinn. Dhein gach n-aon truagh dhó an uair chonncadar ná raibh sé róchruinn ann féin, mar adeir- idís. Leigeadh dó botháinín a chur suas i lúib páirce ar thaoibh an bhóthair, agus ní lá fós é muna bhfuair sé cabhair chun na hoibre. Do chabhruigh a raibh de bhuachaillíbh deas-lámhacha san mbaile leis. B'fhéidir nach raibh an tsaoirseacht ró-shlachtmhar, acht mar sin féin ní bheadh aon bheann ag an mbothán ar ghaoith ná ar aimsir go ceann abhfad. Chomh luath is bhí Donnchadh sealbhuighthe san áit agus é chun cómhnuidhthe ina bhothán ghabhadh sé amach fén dtír gach lá, ba chuma gaothmhar nó grianmhar, fliuch nó tirm an aimsear. Ní fheachathas péidhre bróg riamh á gcaitheamh aige. Dá mbronnfaidhe air iad, b'é an scéal céadna é. Acht bhíodh lóipínidhe coitchianta ar a chosaibh, i gcaitheamh an bhrothail agus i mbolglár an gheimhridh. Greannmhaireacht eile a bhain leis, ní shiubhlóchadh sé oiread is coiscéim acht é i gcomhnuidhe ar geamhshodar. Dá raghadh sé dá fhichid míle slighe as baile san ló ní bheadh sé sásta gan a chúirt bheag féin a bhaint amach i gcómhair na hoidhche. Bhí neart capaill agus luathas gadhair ann; agus deireadh sé féin nár chuimhin leis riamh tuirse bheith air d'éis an lae; agus is maith a ghéilleamair dó. D'fhág sé Baile an Mhuilinn um aimsir eadarshuth maidean bhreagh samhraidh. Níor fhill sé go raibh drúcht agus deireannaighe na hoidhche ann. Mar ba ghnáthach linn chuaidh cuid againn isteach chuige d'éis filleadh dhó d'fhonn eachtraidhthe an lae d'fhagháil uaidh.
"Cá raibh do thaisteal indiu, a Dhonnchadh?" arsa Diarmuid Ó Gríbhthín. "Ó, bhíos i dTráighlí a d'iarraidh caipín dam féin," ar seisean. "Seadh, i dTráighlí; níor chás duit a bheith ann agus thar n-ais ó fhágais an baile ar maidin." "Is dóigh is fearr fhios agam-sa; agus bhíos ann adeirim libh arís. Seo é mo chómhartha lem chois agam." Agus do thaisbeáin sé dhúinn caipín nua is é taiscithe fé pháipéar. "Mhaise, ná faghfá a shamhail sin thíos i dtigh an Rísigh san Daingean?" arsa mise. "Gheobhainn," ar seisean, "agus chuadhas ann ar maidin. D'fhiafruigheas de mhnaoi an tighe an mór a bheadh uaithi ar an gcaipín. Ní thabharfadh sí dham é gan trí pingne déag. Chuireas díom an bóthar soir go Tráighlí, agus féach agam anois é ar sgilling bháin." B'shin deich míle fichead siubhalta aige ag imtheacht dó, agus an t-aistear céadna ag filleadh. Ní'l aon amhras ná go raibh sé i dTráighlí an lá sain. Dubhairt tiománuidhe cóiste na litreach go bhfeachaidh sé féin ann é. Seo scéilín fé leith i dtaoibh Dhonnchadh, agus measaim gur fiú é innsint: Lá áirithe i dtosach an fhoghmhair do thárla go rug cúram éigin go Tráighlí é. Cuireadh beagán moille air ann, i dtreó go raibh an ghrian ag tuitim go mear le fánaidh sarar thug sé aghaidh ar an mbaile. An uair a shroich sé Cathair Uí Mhodhráin bí sí dá tomadh féin fé uiscíbh na fairrge thiar. Díreach i lár an droichid, cia casfaidhe air acht Muiris Ó Laoithigh, fear thar Daingean aniar go raibh seanaithne aige ar Dhonnchadh. Bheannuigheadar dá chéile. Annsan d'fhiafraigh Muiris den bhfear eile an a-bhaile bhí sé ag dul chomh déidheannach soin. "'Seadh, go deimhin," arsa Donnchadh; "tá sé de bhéas agam gan cur fúm i gcómhair na hoidhche i n-aon tigh acht fém chleith bhig féin. Dá ndéanfainn a mhalairt, raghadh codladh na hoidhche amugha orm." "Is truagh gan neart agam-sa dul a-bhaile anocht, mhaise," arsa Muiris; "acht, fóiríor! is beag é mo dhul air. Ar fiche púnt ní fhéadfainn-se coisidheacht a dhéanamh as so go dtí an Daingean, agus meadhon lae bheith agam chuige. Bhí sé de dhonas
orm indiu nár fhéadas cóiste na litreach do fhriotháilt, agus, dá bhrígh sin, beidh iachall orm mo shuaimhneas a cheapadh annso go maidin, ar a shon nách ceadtha dhom ar phúnt gan é im chumas triall a-bhaile anocht." Bhí Donnchadh agus a cheann faoi, agus é ag machtnamh an fhaid is bhí an fear eile ag cainnt. Fé dheireadh d'árduigh sé a cheann. "Cogar," ar seisean, "an ndíolfá go maith an fear a thabh- arfadh marcaigheacht go dtí an Daingean anois duit?" "Nách cuma ciaca," arsa Muiris, "an uair ná fuil adhbhar na marcaigheachta le fagháil. Coróin a dhíolann as ionad fhir ar an gcóiste." "Dar fiadh! a Mhuiris," arsa Donnchadh, "tabharfad-sa iom- chur ar mo mhuin duit ar leath na coróineach soin." "Chuir Muiris scarta gáire as. "Is baoghlach, a Dhonnchadh," ar seisean, "dá mbeinn-se chomh amadánta agus í thabhairt duit go mbeadh breall orm ar ball." "Ní gábhadh dhuit scaramhaint léi nó go leagfad-sa thiar ar an nDroichead mBeag thú. Coinghibh greim uirthi choidhche go mbeidh sí tuillte agam, agus muna dtuillfeadh go macánta í ní bhéad á héileamh, geallaim dhuit." "Leanbhaidheacht, a Dhonnchadh! Beitheá cortha sara shroichfimís barra Mháma Chúlaigh, agus cad a dhéanfainn-se annsan? D'fhágfá-sa i n-iomar na haimléise mé." "Máiseadh, gheobhair óstaidheacht go maidin ón bPiarsach, agus cad a bheidh caillte agat? Má bhíonn éinne againn chun deireadh leis, is mise an duine." Seadh, do rinneadh an margadh. D'árduigh Donnchadh Muiris chuige ar a mhuin. Chun na fírinne d'innsint ní raibh faid ná leithead i Muiris gur bh'fhiú trácht air, agus ní dócha gur mheádhuigh sé naoi gclocha an lá ba thruime bhí sé ó chliabhán go huaigh dó. Chuireadar díobh an bóthar, idir árdán agus ísleán, an méid a bhí mín dé, agus i n-am mhairbh na hoidhche do leag Donnchadh a ualach ar an nDroichead mBeag i gceartlár an Daingin. "An bhfuil an leath-choróin úd tuillte agam, a Mhuiris?" arsa Donnchadh. "B'é an margadh tusa dhom iomchur-sa ó Chathair Uí Mhodhráin go Daingean Uí Chúis, nár bh'é?" arsa Muiris.
"B'é, gan amhras," arsa Donnchadh. "Agus nach cuimhin leat gur shiubhlas Mám Cúlach aníos? Seo dhuit dhá scilling, agus is dóigh liom go bhfuilir díolta go maith." Cneamhaire do b'eadh Muiris. B'í teist na gcomhursan air nár theastuigh riamh uaidh acht margaidhe saora maithe. Bhí a dhá dhóthain d'fhear istigh anois leis, ámhthach. D'fhéach Donnchadh air an uair tharraing sé an dá scilling dó. Níor ghlac sé uaidh iad, agus ní dubhairt focal. Ina ionad-san do chrom sé, agus sara raibh aon choinne ag Muiris cad a bhí ar aigne aige a dhéanamh, do beireadh ar rúitíníbh air, agus do caitheadh trasna ghualann Dhonnchadh thar n-ais é. "Dar bhrígh na mionn, mhaise, a Mhuiris," ar seisean, "go mbéarfad-sa soir go dtí an áit mara bhfuaireas tráthnóna thú muna ndíolfair iomlán na leath-choróineach úd liom." Mheas Muiris ar dtúis go scaoilfeadh sé uaidh láithreach é, agus ná raibh 'n-a bhréithribh acht bladhmann agus gaoth mhór. Im briathar nách mar sin a bhí. Agus do tuigeadh do Mhuiris ar ball go raibh Donnchadh i ndáríribh. Bhíodar míle slighe amach ón mbaile an uair smaoineadh do Mhuiris go mb'fhearra dhó géilleadh i n-am; agus d'iarr agus d'athchuingidh sé ar an bhfear eile filleadh a-bhaile agus é bhreith leis agus go bhfaghadh sé an méid a gealladh dó ar dtúis. "Ní bhéarfainn trasna an bhóthair thú chun maitheasa dhéanamh dhuit," arsa Donnchadh. "Gheobhair cead reatha dhuit féin má thugann tú dhom iomlán mo thuarastail; muna ndéanfair sin, chomh fírinneach is tá na réiltínidhe ag lonnradh insan spéir, gheóbhair aithiomchur as so go Cathair Uí Mhodhráin i n-aiscidh." Tharraig Muiris leathchoróin as a phóca go mall leisceamhail. Bhuail Donnchadh chuige í, agus as go bráthach leis. Deireadh sé ina dhiaidh sin go raibh aithreachas air nár chuir sé dúbailt chánach ar Mhuiris an uair bhí greim aige air. * Is clos dom go bhfuil cosamhlacht aige seo le scéál a bhí i gcló sa' "Packet" an uair bhí "Sceilg" i mbun "Leathanach na Gaedhilge" sa pháipéar úd. Ní fheaca-sa riamh an scéal i gcló ná i láimh-scríbhinn, agus bhí sé seo scríobhtha agam sarar chuala go raibh a shamhail curtha síos ag éinne. Ní'l aon tseanduine ar fuaid an bhaill seo ná coimeádfadh go maidin thú ag éisteacht leis ag cur síos ar eachtraidhthibh a bhaineas le Donnchadh an Daingin, mar is timcheall na háite seo do chaith sé furmhór a shaoghail. M. Ua C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services