Seanchus Grinn na Tuaithe.
MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR
do scríobh.
IV. - DONNCHADH AN DAINGIN.
Fear siubhail do b'eadh Donnchadh bocht ón gcéad lá riamh gur 
seóladh é go dtí an gceanntar so marar chaith sé furmhór a 
shaoghail.  "Fear siubhail" is gnáthach do thabhairt annso i 
gCiarraighe ar aon taistealuidhe bocht a bhíonn ag imtheacht ó thigh 
go tigh ar lorg a choda, agus ag braith ar charthannacht na gcomh-
ursain chum é choimeád i mbiadh. 
Níor bh'eól d'éinne cad as go dtáinig sé an uair bhuail sé 
chughainn anoir go Baile an Mhuilinn.  Dhein gach n-aon truagh dhó 
an uair chonncadar ná raibh sé róchruinn ann féin, mar adeir-
idís.  Leigeadh dó botháinín a chur suas i lúib páirce ar thaoibh an 
bhóthair, agus ní lá fós é muna bhfuair sé cabhair chun na hoibre. 
Do chabhruigh a raibh de bhuachaillíbh deas-lámhacha san mbaile leis. 
B'fhéidir nach raibh an tsaoirseacht ró-shlachtmhar, acht mar sin féin 
ní bheadh aon bheann ag an mbothán ar ghaoith ná ar aimsir go 
ceann abhfad. 
Chomh luath is bhí Donnchadh sealbhuighthe san áit agus é chun 
cómhnuidhthe ina bhothán ghabhadh sé amach fén dtír gach lá, ba chuma 
gaothmhar nó grianmhar, fliuch nó tirm an aimsear.  Ní fheachathas 
péidhre bróg riamh á gcaitheamh aige.  Dá mbronnfaidhe air iad, 
b'é an scéal céadna é.  Acht bhíodh lóipínidhe coitchianta ar a 
chosaibh, i gcaitheamh an bhrothail agus i mbolglár an gheimhridh. 
Greannmhaireacht eile a bhain leis, ní shiubhlóchadh sé oiread 
is coiscéim acht é i gcomhnuidhe ar geamhshodar. 
Dá raghadh sé dá fhichid míle slighe as baile san ló ní bheadh sé 
sásta gan a chúirt bheag féin a bhaint amach i gcómhair na hoidhche. 
Bhí neart capaill agus luathas gadhair ann; agus deireadh sé féin 
nár chuimhin leis riamh tuirse bheith air d'éis an lae; agus is maith 
a ghéilleamair dó. 
D'fhág sé Baile an Mhuilinn um aimsir eadarshuth maidean 
bhreagh samhraidh.  Níor fhill sé go raibh drúcht agus deireannaighe 
na hoidhche ann.  Mar ba ghnáthach linn chuaidh cuid againn isteach 
chuige d'éis filleadh dhó d'fhonn eachtraidhthe an lae d'fhagháil uaidh. 
"Cá raibh do thaisteal indiu, a Dhonnchadh?" arsa Diarmuid 
Ó Gríbhthín. 
"Ó, bhíos i dTráighlí a d'iarraidh caipín dam féin," ar seisean.
"Seadh, i dTráighlí; níor chás duit a bheith ann agus thar n-ais 
ó fhágais an baile ar maidin." 
"Is dóigh is fearr fhios agam-sa; agus bhíos ann adeirim libh 
arís.  Seo é mo chómhartha lem chois agam."  Agus do thaisbeáin 
sé dhúinn caipín nua is é taiscithe fé pháipéar. 
"Mhaise, ná faghfá a shamhail sin thíos i dtigh an Rísigh san 
Daingean?" arsa mise. 
"Gheobhainn," ar seisean, "agus chuadhas ann ar maidin. 
D'fhiafruigheas de mhnaoi an tighe an mór a bheadh uaithi ar an 
gcaipín.  Ní thabharfadh sí dham é gan trí pingne déag.  Chuireas 
díom an bóthar soir go Tráighlí, agus féach agam anois é ar 
sgilling bháin." 
B'shin deich míle fichead siubhalta aige ag imtheacht dó, agus 
an t-aistear céadna ag filleadh.  Ní'l aon amhras ná go raibh sé 
i dTráighlí an lá sain.  Dubhairt tiománuidhe cóiste na litreach 
go bhfeachaidh sé féin ann é. 
Seo scéilín fé leith i dtaoibh Dhonnchadh, agus measaim gur 
fiú é innsint: 
Lá áirithe i dtosach an fhoghmhair do thárla go rug cúram éigin 
go Tráighlí é.  Cuireadh beagán moille air ann, i dtreó go raibh 
an ghrian ag tuitim go mear le fánaidh sarar thug sé aghaidh ar 
an mbaile.  An uair a shroich sé Cathair Uí Mhodhráin bí sí dá 
tomadh féin fé uiscíbh na fairrge thiar.  Díreach i lár an droichid, 
cia casfaidhe air acht Muiris Ó Laoithigh, fear thar Daingean 
aniar go raibh seanaithne aige ar Dhonnchadh.  Bheannuigheadar 
dá chéile.  Annsan d'fhiafraigh Muiris den bhfear eile an a-bhaile 
bhí sé ag dul chomh déidheannach soin. 
"'Seadh, go deimhin," arsa Donnchadh; "tá sé de bhéas agam 
gan cur fúm i gcómhair na hoidhche i n-aon tigh acht fém chleith 
bhig féin.  Dá ndéanfainn a mhalairt, raghadh codladh na hoidhche 
amugha orm." 
"Is truagh gan neart agam-sa dul a-bhaile anocht, mhaise," 
arsa Muiris; "acht, fóiríor! is beag é mo dhul air.  Ar fiche 
púnt ní fhéadfainn-se coisidheacht a dhéanamh as so go dtí an 
Daingean, agus meadhon lae bheith agam chuige.  Bhí sé de dhonas 
Bhí Donnchadh agus a cheann faoi, agus é ag machtnamh an 
fhaid is bhí an fear eile ag cainnt.  Fé dheireadh d'árduigh sé a 
cheann. 
"Cogar," ar seisean, "an ndíolfá go maith an fear a thabh-
arfadh marcaigheacht go dtí an Daingean anois duit?" 
"Nách cuma ciaca," arsa Muiris, "an uair ná fuil adhbhar na 
marcaigheachta le fagháil.  Coróin a dhíolann as ionad fhir ar an 
gcóiste." 
"Dar fiadh! a Mhuiris," arsa Donnchadh, "tabharfad-sa iom-
chur ar mo mhuin duit ar leath na coróineach soin." 
"Chuir Muiris scarta gáire as.
"Is baoghlach, a Dhonnchadh," ar seisean, "dá mbeinn-se chomh 
amadánta agus í thabhairt duit go mbeadh breall orm ar ball." 
"Ní gábhadh dhuit scaramhaint léi nó go leagfad-sa thiar ar 
an nDroichead mBeag thú.  Coinghibh greim uirthi choidhche go 
mbeidh sí tuillte agam, agus muna dtuillfeadh go macánta í ní 
bhéad á héileamh, geallaim dhuit." 
"Leanbhaidheacht, a Dhonnchadh!  Beitheá cortha sara shroichfimís 
barra Mháma Chúlaigh, agus cad a dhéanfainn-se annsan? 
D'fhágfá-sa i n-iomar na haimléise mé." 
"Máiseadh, gheobhair óstaidheacht go maidin ón bPiarsach, 
agus cad a bheidh caillte agat?  Má bhíonn éinne againn chun 
deireadh leis, is mise an duine." 
Seadh, do rinneadh an margadh.  D'árduigh Donnchadh Muiris 
chuige ar a mhuin.  Chun na fírinne d'innsint ní raibh faid ná 
leithead i Muiris gur bh'fhiú trácht air, agus ní dócha gur 
mheádhuigh sé naoi gclocha an lá ba thruime bhí sé ó chliabhán go 
huaigh dó. 
Chuireadar díobh an bóthar, idir árdán agus ísleán, an méid a 
bhí mín dé, agus i n-am mhairbh na hoidhche do leag Donnchadh 
a ualach ar an nDroichead mBeag i gceartlár an Daingin. 
"An bhfuil an leath-choróin úd tuillte agam, a Mhuiris?" 
arsa Donnchadh. 
"B'é an margadh tusa dhom iomchur-sa ó Chathair Uí Mhodhráin 
go Daingean Uí Chúis, nár bh'é?" arsa Muiris. 
"B'é, gan amhras," arsa Donnchadh.
"Agus nach cuimhin leat gur shiubhlas Mám Cúlach aníos? 
Seo dhuit dhá scilling, agus is dóigh liom go bhfuilir díolta 
go maith." 
Cneamhaire do b'eadh Muiris.  B'í teist na gcomhursan air 
nár theastuigh riamh uaidh acht margaidhe saora maithe.  Bhí a 
dhá dhóthain d'fhear istigh anois leis, ámhthach. 
D'fhéach Donnchadh air an uair tharraing sé an dá scilling dó. 
Níor ghlac sé uaidh iad, agus ní dubhairt focal.  Ina ionad-san 
do chrom sé, agus sara raibh aon choinne ag Muiris cad a bhí ar 
aigne aige a dhéanamh, do beireadh ar rúitíníbh air, agus do 
caitheadh trasna ghualann Dhonnchadh thar n-ais é. 
"Dar bhrígh na mionn, mhaise, a Mhuiris," ar seisean, "go 
mbéarfad-sa soir go dtí an áit mara bhfuaireas tráthnóna 
thú muna ndíolfair iomlán na leath-choróineach úd liom." 
Mheas Muiris ar dtúis go scaoilfeadh sé uaidh láithreach 
é, agus ná raibh 'n-a bhréithribh acht bladhmann agus gaoth mhór.  Im 
briathar nách mar sin a bhí.  Agus do tuigeadh do Mhuiris ar ball 
go raibh Donnchadh i ndáríribh.  Bhíodar míle slighe amach ón 
mbaile an uair smaoineadh do Mhuiris go mb'fhearra dhó géilleadh 
i n-am; agus d'iarr agus d'athchuingidh sé ar an bhfear eile 
filleadh a-bhaile agus é bhreith leis agus go bhfaghadh sé an méid a 
gealladh dó ar dtúis. 
"Ní bhéarfainn trasna an bhóthair thú chun maitheasa dhéanamh 
dhuit," arsa Donnchadh.  "Gheobhair cead reatha dhuit féin má 
thugann tú dhom iomlán mo thuarastail; muna ndéanfair sin, 
chomh fírinneach is tá na réiltínidhe ag lonnradh insan spéir, 
gheóbhair aithiomchur as so go Cathair Uí Mhodhráin i n-aiscidh." 
Tharraig Muiris leathchoróin as a phóca go mall leisceamhail. 
Bhuail Donnchadh chuige í, agus as go bráthach leis.  Deireadh sé 
ina dhiaidh sin go raibh aithreachas air nár chuir sé dúbailt chánach 
ar Mhuiris an uair bhí greim aige air. 
*  Is clos dom go bhfuil cosamhlacht aige seo le scéál a bhí i gcló sa' 
"Packet" an uair bhí "Sceilg" i mbun "Leathanach na Gaedhilge" sa pháipéar
úd.  Ní fheaca-sa riamh an scéal i gcló ná i láimh-scríbhinn, agus bhí sé
seo scríobhtha agam sarar chuala go raibh a shamhail curtha síos ag éinne.
Ní'l aon tseanduine ar fuaid an bhaill seo ná coimeádfadh go maidin thú ag
éisteacht leis ag cur síos ar eachtraidhthibh a bhaineas le Donnchadh an Daingin,
mar is timcheall na háite seo do chaith sé furmhór a shaoghail.  
M. Ua C.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11