Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn Féin. Tá cairde beag fós ag na daoinibh atá ag scríobhadh i gcóir an Oireachtuis. Badh mhian linn a athchairt ar na scríbhneóiríbh a ndícheall báis a dhéanamh i gcaitheamh na haimsire atá fágtha aca. Is mór é ar ndualgus i leith an Oireachtuis. Is linn féin é, agus fúinn féin atá a chothughadh agus a thabhairt chun deaghchríthe ó bhliadhain go bliadhain. Cuireann an tOireachtus gnúis Ghaedhlach ar Bhaile Átha Cliath an fhaid a sheasann gach bliadhna. Tigid muinntir na Gaedhilge n-a sluaightibh agus deinid "foslongphort" i bríomhchathair na ríoghachta. Cuirimís romhainn an foslongphort soin, do fadughadh is do mhéadughadh ó bhliadhain go bliadhain, go dtí i ndeire na mbeart go mbeidh an phríomhchathair i seilbh na nGaedheal ó cheann ceann na bliadhna. Nára fada go dtí soin. Agus do chailleamair Tomás Niallach Ruiséil! Beannacht Dé leis. Sin duine eile de sna seana-leoghain imthighthe uainn ar shlighe na fírinne. Bhí an Ruiséalach gan bheith ar fóghnamh le tamall maith anois, acht go dtí lá a bháis do chuireadh sé suim i gcursaíbh teangan na Gaedhilge. Bhí slighe fé leith aige chun í labhairt. Bhí slighe fé leith aige chun í scríobhadh. Bhí slighe fé leith aige chun í chur chun cinn. Acht duine ar leithligh a b'eadh an Ruiséalach riamh. Má
b'eadh féin Éireannach neamhspleádhach a b'eadh é. D'fhuathuigh an t-olc is an cam is an urraim gan gábhadh. Is iomdhó troid do dhein. Cuimhnighid sean- léightheóirí an IRISLEABHAIR ar chuid aca. Acht tá an troid mhór dheiridh tabhartha aige, agus dá treise bhí sé do buadhadh air. Ar dheis an Tighearna Dia go raibh. Ba mhaith linn a iarraidh ar léightheóiríbh an IRISLEABHAIR, aistí agus scéalta beaga sultmhara a chur chughainn. Tá greann na Gaedhilge gan scríobhadh fós - i gcead duit-se i a Énrí Uí Mhuirgheasa - agus beidh cúil san IRISLEABHAR ina chomhair i gcomhnuidhe. Cia chuideoghaidh linn chun é leathadh? Seadh a lucht scríobhtha na Gaedhilge, a shlán fúibh! Uair amháin eile táimíd dá athchuingidh ar ár léightheóiríbh cabhrughadh le sna daoinibh atá ag cabhrughadh linne. Nuair bhíonn sibh chun earradh a cheannach, a cháirde, féachaidh tríd na fógraí san IRISLEABHAR. Nuair a bhíonn sibh ag ceannach, abair le fear an tsiopa go bhfeacabhair a fhógra san IRISLEABHAR. Nuair a bhíonn sibh ag scríobhadh ag triall ar fhear siopa, na dearmadaidh gan ainm an pháipéir seo do luadh. Déanfaidh soin seódh de mhaitheas dúinne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services