Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sinn Féin.



Tá cairde beag fós ag na daoinibh atá ag scríobhadh i gcóir an Oireachtuis.
Badh mhian linn a athchairt ar na scríbhneóiríbh a ndícheall báis a dhéanamh i
gcaitheamh na haimsire atá fágtha aca. Is mór é ar ndualgus i leith an
Oireachtuis. Is linn féin é, agus fúinn féin atá a chothughadh agus a thabhairt
chun deaghchríthe ó bhliadhain go bliadhain.



Cuireann an tOireachtus gnúis Ghaedhlach ar Bhaile Átha Cliath an fhaid a
sheasann gach bliadhna. Tigid muinntir na Gaedhilge n-a sluaightibh agus
deinid "foslongphort" i bríomhchathair na ríoghachta. Cuirimís romhainn an
foslongphort soin, do fadughadh is do mhéadughadh ó bhliadhain go bliadhain, go
dtí i ndeire na mbeart go mbeidh an phríomhchathair i seilbh na nGaedheal ó
cheann ceann na bliadhna. Nára fada go dtí soin.



Agus do chailleamair Tomás Niallach Ruiséil! Beannacht Dé leis. Sin
duine eile de sna seana-leoghain imthighthe uainn ar shlighe na fírinne. Bhí an
Ruiséalach gan bheith ar fóghnamh le tamall maith anois, acht go dtí lá a bháis
do chuireadh sé suim i gcursaíbh teangan na Gaedhilge. Bhí slighe fé leith aige
chun í labhairt. Bhí slighe fé leith aige chun í scríobhadh. Bhí slighe fé leith aige
chun í chur chun cinn. Acht duine ar leithligh a b'eadh an Ruiséalach riamh. Má


L. 332


b'eadh féin Éireannach neamhspleádhach a b'eadh é. D'fhuathuigh an t-olc is an
cam is an urraim gan gábhadh. Is iomdhó troid do dhein. Cuimhnighid sean-
léightheóirí an IRISLEABHAIR ar chuid aca. Acht tá an troid mhór dheiridh
tabhartha aige, agus dá treise bhí sé do buadhadh air. Ar dheis an Tighearna
Dia go raibh.



Ba mhaith linn a iarraidh ar léightheóiríbh an IRISLEABHAIR, aistí agus
scéalta beaga sultmhara a chur chughainn. Tá greann na Gaedhilge gan
scríobhadh fós - i gcead duit-se i a Énrí Uí Mhuirgheasa - agus beidh cúil san
IRISLEABHAR ina chomhair i gcomhnuidhe. Cia chuideoghaidh linn chun é leathadh?
Seadh a lucht scríobhtha na Gaedhilge, a shlán fúibh!



Uair amháin eile táimíd dá athchuingidh ar ár léightheóiríbh cabhrughadh le sna
daoinibh atá ag cabhrughadh linne. Nuair bhíonn sibh chun earradh a cheannach, a
cháirde, féachaidh tríd na fógraí san IRISLEABHAR. Nuair a bhíonn sibh ag
ceannach, abair le fear an tsiopa go bhfeacabhair a fhógra san IRISLEABHAR.
Nuair a bhíonn sibh ag scríobhadh ag triall ar fhear siopa, na dearmadaidh gan
ainm an pháipéir seo do luadh. Déanfaidh soin seódh de mhaitheas dúinne.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services