Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúisí Gaedhlacha. VII - Dealbhúchán.
Title
Déantúisí Gaedhlacha. VII - Dealbhúchán.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Déantúisí Gaedhlacha. VII. - DEALBHÚCHÁN. (a.) - REMHRÁDH. Don chéad dul síos, ní miste dham a chur i dtuigsint do léightheóiríbh an IRISLEABHAIR cadé an saghas rud é "dealbh- úchán". Tugaim dealbhúchán ar an gcéird seo go dtugtar modelling air i mBéarla - 'sé sin rudaí a thógáil nó a dhealbhadh le cré, agus rl. Tá daoine ann agus beidh iongnadh ortha um a leithéid sin de chéird a bheith ann ar aon chor. Tá tuilleadh ann agus 'sé rud a bheid a dhéanamh iongnadh dhe 'ná an chéird sin a bheith n-a bheathaidh slán i n-ár measc annso i nÉirinn. Acht is sin mar atá an scéal, agus tá súil agam go mairfidh abhfad againn. Tagann ar cuaird i nÉirinn, gach bliadhain, a lán daoine iasachta, agus is beag duine aca fhágann an tír seo gan earr- aidhe agus órnáidí beaga de dhéantús na hÉireann a cheannach is do bhreith leó. Go dtí so, 'siad na rudaí ba mhó cheannuighdís, drabhfhuigheall do deintí de dhair portaigh, earraidhe ag tespáint "Paddy and the Pig" agus a leithéidí do cumadh d'aonfheidhm mar achmhusán ar Éireanchaibh. Tá a mhalairt d'earraidhe dá ndéanamh anois go tiugh, agus má ceannuightar "giolla na muice," ní ar mhuinntir na hÉireann atá an locht. Is dócha go mbeidh ann go bráth daoine gur fearr a thaitneóidh leó ornáidí de shaghas muice duibhe darach 'ná an deis is fearr dar dhealbhuigh lámh duine riamh. Ní'l leigheas ortha- sin acht an fhoidhne. Ní luaithe chughainn 'ná uainn iad, agus, ón uair nách ráinigheann leo puinn dár ndíoghbháil a dhéanamh, do b'fhéidir go mb'fheárr leigean dóibh. (b.) - STAIR NA CÉIRDE. Ní mór atá le hinnsint um an gcéird seo i nÉirinn. Is deimhnitheach, ámh, go raibh annso le linn an ochtmhadh aois déag cearduidhthe nár bh'fhéidir a sárughadh i n-aon bhall. I mBaile Átha Cliath go háirithe bhí roinnt díobh 'n-a gcomhnuidhe a fuair árdchlú de bhárr dealbhúcháin le dóib bháin; agus is don
taobh sin den chéird a bheidh ár dtagairt san aiste bhig seo. I mBaile Átha Cliath, agus ar fuid na tíre leis, tá tighthe móra do tógadh os cionn céad bliadhan ó shoin, agus fé shíonáil agus i gcúinníbh na seomraí ionnta-san tá dealbhúchán déanta a mhair- fidh "le saoghal na bhfear," agus é ar fheabhus ná fuil dul ar mhac a shamhail a dhéanamh anois. Nuair a stadadh ar Sheanaid na hÉireann, do chuaidh an chéird i luige, agus timcheall bliadhain a 1860 fuair an dealbhadóir deiridh bás. A dó nó a trí de bhliadhntaibh ó shoin chuir gasra bheag ceard- uidhthe le chéile, agus luigheadar ar dhóib bháin a dhéanamh is ar rudaí a dhealbhadh. D'éirigh leó go héachtach. "The Irish Art Companions" a thoghadar mar ainm ortha féin. (c.) - NA COMPÁNAIGH. Do chuireadar-sin fútha ar dtúis ag Sráid an Chláir i mBaile Átha Cliath. Annso do thógaidís nidhthe iongantacha, agus níor thúisce déanta 'ná díolta iad. B'éigin dóibh áit ní ba oireamhnaighe d'fhagháil i gcóir na hoibre, mar ní raibh slighe a ndóthain aca i Sráid an Chláir. D'aistrigheadar an mhonarcha go dtí Rinn Muirbhthean, agus is annsúd a deintar a gcuid earr- aidhe anois. I measc na rudaí do chonnac déanta aca, bhí deilbh bhreagh mhór ag tespeáint ar Slánuightheóir ar an gCrois. Tá an deilbh seo os cionn dá throigh dhéag ar aoirde, agus dair d'fhás i nÉirinn a bhí sa chrois. Aithris iseadh é ar an deilbh a dhein Donatello, is atá os cionn na haltórach san Árdteampoll i bPadua san Iodáil. Tá deilbh ana-bhreágh de Shan Frainsias aca leis. Do dhein Ióseph Carre dóibh deilbh iongantach de Shan Ióseph, a cuireadh go dtí Halifax i Sír Eabhroc i Sasana; mar- aon le deilbh den "Chraoibhín Aoibhinn", agus rl. Ní gábhadh dham tagairt annso dá thuilleadh aca, acht cá bhfuighinn-se Bean an Bhanstonaigh a dhearmad. Dhein sí sin dóibh tairngtheóireacht dealbhtha ar úirlis chruinn, ag tespeáint Éire is í ag éagcaoine na laochraidhe a thuit ar a son. Ar a chiumhais timcheall tá scríobhtha an dá líne seo de chuid Aodhagáin Uí Rathaille: - "Is atuirseach géar liom créachta Crích Fódhla, Fá scamall go daor 's a gaolta chlí-bhreóighthe." Ní dhéanfadh cunntais dá fheabhus uaim-se tuairim a thabhairt
don léightheóir ar an obair a deintear i monarchain na gCom- pánach. Buaileadh sé féin isteach chúcha ag Sráid an Chláir agus tespeánfaidh Pádraig Mac Glaisín dó na hiongantuisí go léir, agus cuirfidh síos ortha i nGaedhilg bhlasta. (d.) - A nOBAIR DÁ DHÉANAMH. Obair é siúd nach riachtanach téarmaí d'úsáid chun cur síos air. Cloch gheal, nó an chloch ar a dtugtar gypsum, 'seadh an bun-earradh. Gheibhtear coitcheanta i n-áiteannaibh áirithe i nÉirinn í. Tógtar n-a bhfadhbairnibh as an gcraél í, agus cuir- tar iad-san chun na monarchan. Min-mheiltear iad go mbíd ar nós plúir nó salainn ana-mhín. Deintear dóib dhe sin ann- soin, agus bítear á mheascadh is á fuineadh go dtéigheann ar chosmhaileacht taois. Is féidir é úsáid anois chun aon-nídh is mian le duine do dhealbhadh. Cruadhann sé annsoin, agus deintear é dhathughadh. Obair intleachtamhail is eadh an dealbhúchán so, agus an duine a gheóbhaidh leis an gcéird ní mór dó bheith lán-oilte ar thairng- theóireacht is ar dhathúchán. 'N-a bhfochair súd is éigin dó na bliadhanta a thabhairt ag taithighe an dealbhúcháin féin. Mar sin, féadfam tuairim a bheith againn den duadh a bhain- eann leis an gcéird, agus chífam an dualgus atá orainn um an ndruing dár muinntir féin atá ag gabháil léi do chothughadh de réir ár ndíchill. I dteannta an dealbhúcháin deinid na gCompánaigh paidríní d'adharcaibh bó. I nÉirinn do-gheibhtear na hadharca soin. (e.) - SOLUÍD. Dobheir stair na céirde seo dhúinn soluíd oireamhnach ar an gcreich d'fhuiling Éire nuair do cuireadh - ní de dheóin Dé, moladh go deó leis! acht de dheóin an duine - an meath ar chearduidheacht is ar dhéantúisíbh na tíre seo. Ní hamháin gur chailleamair tairbhe ár dtionnscal; chailleamar na tionnscail féin, agus chailleamair an feabhus ceárduidheachta a bhíodh ag gabháil leo is ag braith ortha chun fanamhna i n-ár measc. B'é sin an chreach ar fad. De réir mar thigeadh meath ar thionnscal, d'imthigheadh uainn lucht na céirde, nó, má d'fhanadar abhfus, do rugadar leo san uaigh a n-eólus féin is eólus a sean ar an
gcéird. Nuair a tosnuigheadh ar an ndealbhúchán d'athbheódhchant, b'éigin luighe isteach i mbun na sraithe. Acht is mór atá tagaithe chun cinn ó shoin, dá ghirreacht an tráth. Chonnaic na Compánaigh go raibh margadh ann i gcóir earraidhe dealbhtha, agus chuireadar rómpa cuid den trácht soin a bhuadhachtant do earraidhe Gaedh- lacha. Do sholáthruigheadar na ceárduithe do b'fhearr le fagháil i nÉirinn. Chuireadar printísigh ag obair i n-éinfheacht leó soin. Éireannaigh uile iseadh na printísigh leis. Tairngid an bhun- earradh, an chloch gheal, a húir na hÉireann. Sé sin an tslighe cheart chun déantúisí na hÉireann a chur chun cinn. Ar a leithéidí sin badh chóir earraidhe Gaedhlacha a thabhairt. Feicimís anois cionnus mar atá tuilleadh againn ag obair d'fhonn maitheasa na tíre. Cuirtear scoileanna céirde ar bun mar a n-oiltear daltaí go mbíd ionoibre. Annsoin, ón uair ná bíonn ionaid dóibh i monarchnaibh na hÉireann, scíordaid leó thar sáile. Cothuigheann Éire iad is múineann céird dóibh, agus annsoin tír éigin iasachta a gheibheann a dtairbhe. Nach deas an scéal é sin? Acht cad eile tá á dhéanamh ag furmhór na scoil- eanna céirde is tairngtheóireachta i nÉirinn dá dhéanamh? Tá eagla orm, ós rud é go mbíonn gach éinne ag cur síos ar dhéantúisíbh agus ag déanamh gleó is ag tabhairt comhairle mar gheall ortha, gurab é rud a thiocfaidh as 'ná go mbeam a d'iarraidh eitilt sara mbeidh na sciatháin d'éis fáis orainn, agus go dtiutfam chun talmhan i n-ár bpleist i slighe ná fuigheam ionainn féin corruidhe 'n-a dhiaidh-san. Seachnaimís súd, a cháirde. Bíodh súil againn ar an "margadh" i gcomhnuidhe, agus deinimís ár ndicheall fé mar dheineadar na Compánaigh ar na hearraidhibh a sholáthar go bhfuil éileamh ortha. (f.) - SIOPA NA gCOMPÁNACH. Ba dhóbair dam siopa na gCompánach a dhearmhad. Níor cheart soin a dhéanamh, mar ní hé an siopa an chuid is lugha meas dá saothar. Ní haon leasainm siopa Gaedhealach a thabhairt ar an dtigh úd i Sráid an Chláir. Ní bhfuightheá fé iadh an tighe ann acht amháin earraidhe Gaedhlacha, agus maran gléas gaile nó aithghin ar an "Mauretania" a bheadh uait ní baoghal ná go bhfuighir do shásamh ann. Tugtar aire speisialta do earraidhe do deineadh ó thúis go deireadh i nÉirinn, sé sin earraidhe do deintar de
bhun-earraidhe Gaedhlacha. Siad na hearraidhe úd is mó tugann d'obair do Ghaedhlaibh agus ortha-san badh mó badh chóir éileamh ó mhuinntir na hÉireann. Táid earraidhe dá ndíol ann ag a lán daoine ar fuid na tíre ná féadann siopa a chothughadh dhóibh fhéin i mBaile Átha Cliath. Táid úirlisí umha ann ó Eochaill, agus cliabháin is lásaí, agus rl., ó gach páirt dhen tír. Badh mhaith liom focal amháin comhairle a thabhairt do léigh- theóiríbh an IRISLEABHAIR, agus go sonnrádhach do gach pearsain dhen chléir dá bhfuil ortha. Táimíd go léir ar aon intinn i dtaobh cabhrach le déantúisíbh duthchuis na tíre seo. Tá clár earraidhe dá chur amach ag na Compánaigh, agus badh ró-mhaith liom cóib dhe sin a bheith ag an uile léightheóir den pháipéar so. Ní bhfuighfar ann acht na hearraidhe is Gaedhlaighe i measc earraidhe Gaedhlach. Cuir cárta puist á iarraidh ar an Stiúrthóir, agus gabhaim-se orm go mbeir sásta leis. TÓRNA. TAGRA. (A.) Dealbhadh, act of shaping, forming, "modelling." Drabhfuigheall, refuse. Dair portaigh, bog-oak. D'aonfheidhm, with intent. Deis, a pretty or useful thing. (B.) Dóib bhán, plaster of Paris. Síonáil, ceiling. Mac a shamhail, its like, equal. (C.) Sráid an Chláir, Clare Street. Aistrighim, I remove. Rinn Muirbhthean, Ringsend. Sír Eabhroc, Yorkshire. (D.) Téarmaí "big" words, technical terms. Fadhbairne, a large unhewn rock. Fuineadh, act of kneading. Paidríní, rosary-beads. (E.) Meath, decay. Tionnscal, tiúscal, industry. Printísigh, apprentices. Ionoibre, fit to work. (F.) Fé iadh an tighe, within, under the roof of, the house. Bun-earraidhe, "raw" materials. Umha, copper. Aithghin ar, a copy of, another such as.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services