Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. VII - Dealbhúchán.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. VII - Dealbhúchán.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 321


Déantúisí Gaedhlacha.



VII. - DEALBHÚCHÁN.



(a.) - REMHRÁDH.



Don chéad dul síos, ní miste dham a chur i dtuigsint do
léightheóiríbh an IRISLEABHAIR cadé an saghas rud é "dealbh-
úchán". Tugaim dealbhúchán ar an gcéird seo go dtugtar
modelling air i mBéarla - 'sé sin rudaí a thógáil nó a dhealbhadh
le cré, agus rl. Tá daoine ann agus beidh iongnadh ortha um a
leithéid sin de chéird a bheith ann ar aon chor. Tá tuilleadh ann
agus 'sé rud a bheid a dhéanamh iongnadh dhe 'ná an chéird sin a
bheith n-a bheathaidh slán i n-ár measc annso i nÉirinn. Acht is
sin mar atá an scéal, agus tá súil agam go mairfidh abhfad
againn.



Tagann ar cuaird i nÉirinn, gach bliadhain, a lán daoine
iasachta, agus is beag duine aca fhágann an tír seo gan earr-
aidhe agus órnáidí beaga de dhéantús na hÉireann a cheannach is
do bhreith leó. Go dtí so, 'siad na rudaí ba mhó cheannuighdís,
drabhfhuigheall do deintí de dhair portaigh, earraidhe ag tespáint
"Paddy and the Pig" agus a leithéidí do cumadh d'aonfheidhm
mar achmhusán ar Éireanchaibh.



Tá a mhalairt d'earraidhe dá ndéanamh anois go tiugh, agus
má ceannuightar "giolla na muice," ní ar mhuinntir na hÉireann
atá an locht. Is dócha go mbeidh ann go bráth daoine gur fearr
a thaitneóidh leó ornáidí de shaghas muice duibhe darach 'ná an
deis is fearr dar dhealbhuigh lámh duine riamh. Ní'l leigheas ortha-
sin acht an fhoidhne. Ní luaithe chughainn 'ná uainn iad, agus, ón
uair nách ráinigheann leo puinn dár ndíoghbháil a dhéanamh, do
b'fhéidir go mb'fheárr leigean dóibh.

(b.) - STAIR NA CÉIRDE.



Ní mór atá le hinnsint um an gcéird seo i nÉirinn. Is
deimhnitheach, ámh, go raibh annso le linn an ochtmhadh aois déag
cearduidhthe nár bh'fhéidir a sárughadh i n-aon bhall. I
mBaile Átha Cliath go háirithe bhí roinnt díobh 'n-a gcomhnuidhe a
fuair árdchlú de bhárr dealbhúcháin le dóib bháin; agus is don


L. 322


taobh sin den chéird a bheidh ár dtagairt san aiste bhig seo. I
mBaile Átha Cliath, agus ar fuid na tíre leis, tá tighthe móra do
tógadh os cionn céad bliadhan ó shoin, agus fé shíonáil agus i
gcúinníbh na seomraí ionnta-san tá dealbhúchán déanta a mhair-
fidh "le saoghal na bhfear," agus é ar fheabhus ná fuil dul ar
mhac a shamhail a dhéanamh anois. Nuair a stadadh ar Sheanaid na
hÉireann, do chuaidh an chéird i luige, agus timcheall bliadhain a
1860 fuair an dealbhadóir deiridh bás.



A dó nó a trí de bhliadhntaibh ó shoin chuir gasra bheag ceard-
uidhthe le chéile, agus luigheadar ar dhóib bháin a dhéanamh is ar
rudaí a dhealbhadh. D'éirigh leó go héachtach. "The Irish Art
Companions" a thoghadar mar ainm ortha féin.



(c.) - NA COMPÁNAIGH.



Do chuireadar-sin fútha ar dtúis ag Sráid an Chláir i mBaile
Átha Cliath. Annso do thógaidís nidhthe iongantacha, agus níor
thúisce déanta 'ná díolta iad. B'éigin dóibh áit ní ba
oireamhnaighe d'fhagháil i gcóir na hoibre, mar ní raibh slighe a
ndóthain aca i Sráid an Chláir. D'aistrigheadar an mhonarcha go
dtí Rinn Muirbhthean, agus is annsúd a deintar a gcuid earr-
aidhe anois.



I measc na rudaí do chonnac déanta aca, bhí deilbh bhreagh
mhór ag tespeáint ar Slánuightheóir ar an gCrois. Tá an deilbh
seo os cionn dá throigh dhéag ar aoirde, agus dair d'fhás i
nÉirinn a bhí sa chrois. Aithris iseadh é ar an deilbh a dhein
Donatello, is atá os cionn na haltórach san Árdteampoll i
bPadua san Iodáil. Tá deilbh ana-bhreágh de Shan Frainsias aca
leis. Do dhein Ióseph Carre dóibh deilbh iongantach de Shan
Ióseph, a cuireadh go dtí Halifax i Sír Eabhroc i Sasana; mar-
aon le deilbh den "Chraoibhín Aoibhinn", agus rl. Ní gábhadh dham
tagairt annso dá thuilleadh aca, acht cá bhfuighinn-se Bean an
Bhanstonaigh a dhearmad. Dhein sí sin dóibh tairngtheóireacht
dealbhtha ar úirlis chruinn, ag tespeáint Éire is í ag éagcaoine
na laochraidhe a thuit ar a son. Ar a chiumhais timcheall tá
scríobhtha an dá líne seo de chuid Aodhagáin Uí Rathaille: -




"Is atuirseach géar liom créachta Crích Fódhla,
Fá scamall go daor 's a gaolta chlí-bhreóighthe."




Ní dhéanfadh cunntais dá fheabhus uaim-se tuairim a thabhairt


L. 323


don léightheóir ar an obair a deintear i monarchain na gCom-
pánach. Buaileadh sé féin isteach chúcha ag Sráid an Chláir agus
tespeánfaidh Pádraig Mac Glaisín dó na hiongantuisí go léir,
agus cuirfidh síos ortha i nGaedhilg bhlasta.



(d.) - A nOBAIR DÁ DHÉANAMH.



Obair é siúd nach riachtanach téarmaí d'úsáid chun cur síos
air. Cloch gheal, nó an chloch ar a dtugtar gypsum, 'seadh an
bun-earradh. Gheibhtear coitcheanta i n-áiteannaibh áirithe i
nÉirinn í. Tógtar n-a bhfadhbairnibh as an gcraél í, agus cuir-
tar iad-san chun na monarchan. Min-mheiltear iad go mbíd
ar nós plúir nó salainn ana-mhín. Deintear dóib dhe sin ann-
soin, agus bítear á mheascadh is á fuineadh go dtéigheann ar
chosmhaileacht taois. Is féidir é úsáid anois chun aon-nídh is mian
le duine do dhealbhadh. Cruadhann sé annsoin, agus deintear é
dhathughadh.



Obair intleachtamhail is eadh an dealbhúchán so, agus an duine
a gheóbhaidh leis an gcéird ní mór dó bheith lán-oilte ar thairng-
theóireacht is ar dhathúchán. 'N-a bhfochair súd is éigin dó na
bliadhanta a thabhairt ag taithighe an dealbhúcháin féin.



Mar sin, féadfam tuairim a bheith againn den duadh a bhain-
eann leis an gcéird, agus chífam an dualgus atá orainn um an
ndruing dár muinntir féin atá ag gabháil léi do chothughadh de
réir ár ndíchill.



I dteannta an dealbhúcháin deinid na gCompánaigh paidríní
d'adharcaibh bó. I nÉirinn do-gheibhtear na hadharca soin.



(e.) - SOLUÍD.



Dobheir stair na céirde seo dhúinn soluíd oireamhnach ar an
gcreich d'fhuiling Éire nuair do cuireadh - ní de dheóin Dé,
moladh go deó leis! acht de dheóin an duine - an meath ar
chearduidheacht is ar dhéantúisíbh na tíre seo. Ní hamháin gur
chailleamair tairbhe ár dtionnscal; chailleamar na tionnscail
féin, agus chailleamair an feabhus ceárduidheachta a bhíodh ag
gabháil leo is ag braith ortha chun fanamhna i n-ár measc. B'é
sin an chreach ar fad. De réir mar thigeadh meath ar thionnscal,
d'imthigheadh uainn lucht na céirde, nó, má d'fhanadar abhfus, do
rugadar leo san uaigh a n-eólus féin is eólus a sean ar an


L. 324


gcéird. Nuair a tosnuigheadh ar an ndealbhúchán d'athbheódhchant,
b'éigin luighe isteach i mbun na sraithe. Acht is mór atá tagaithe
chun cinn ó shoin, dá ghirreacht an tráth. Chonnaic na Compánaigh
go raibh margadh ann i gcóir earraidhe dealbhtha, agus chuireadar
rómpa cuid den trácht soin a bhuadhachtant do earraidhe Gaedh-
lacha. Do sholáthruigheadar na ceárduithe do b'fhearr le fagháil
i nÉirinn. Chuireadar printísigh ag obair i n-éinfheacht leó soin.
Éireannaigh uile iseadh na printísigh leis. Tairngid an bhun-
earradh, an chloch gheal, a húir na hÉireann. Sé sin an tslighe
cheart chun déantúisí na hÉireann a chur chun cinn. Ar a leithéidí
sin badh chóir earraidhe Gaedhlacha a thabhairt.



Feicimís anois cionnus mar atá tuilleadh againn ag obair
d'fhonn maitheasa na tíre. Cuirtear scoileanna céirde ar bun
mar a n-oiltear daltaí go mbíd ionoibre. Annsoin, ón uair ná
bíonn ionaid dóibh i monarchnaibh na hÉireann, scíordaid leó
thar sáile. Cothuigheann Éire iad is múineann céird dóibh, agus
annsoin tír éigin iasachta a gheibheann a dtairbhe. Nach deas an
scéal é sin? Acht cad eile tá á dhéanamh ag furmhór na scoil-
eanna céirde is tairngtheóireachta i nÉirinn dá dhéanamh?



Tá eagla orm, ós rud é go mbíonn gach éinne ag cur síos
ar dhéantúisíbh agus ag déanamh gleó is ag tabhairt comhairle
mar gheall ortha, gurab é rud a thiocfaidh as 'ná go mbeam a
d'iarraidh eitilt sara mbeidh na sciatháin d'éis fáis orainn, agus
go dtiutfam chun talmhan i n-ár bpleist i slighe ná fuigheam
ionainn féin corruidhe 'n-a dhiaidh-san. Seachnaimís súd, a
cháirde. Bíodh súil againn ar an "margadh" i gcomhnuidhe, agus
deinimís ár ndicheall fé mar dheineadar na Compánaigh ar na
hearraidhibh a sholáthar go bhfuil éileamh ortha.



(f.) - SIOPA NA gCOMPÁNACH.



Ba dhóbair dam siopa na gCompánach a dhearmhad. Níor
cheart soin a dhéanamh, mar ní hé an siopa an chuid is lugha meas
dá saothar. Ní haon leasainm siopa Gaedhealach a thabhairt ar an
dtigh úd i Sráid an Chláir. Ní bhfuightheá fé iadh an tighe ann acht
amháin earraidhe Gaedhlacha, agus maran gléas gaile nó aithghin
ar an "Mauretania" a bheadh uait ní baoghal ná go bhfuighir do
shásamh ann. Tugtar aire speisialta do earraidhe do deineadh
ó thúis go deireadh i nÉirinn, sé sin earraidhe do deintar de


L. 325


bhun-earraidhe Gaedhlacha. Siad na hearraidhe úd is mó tugann
d'obair do Ghaedhlaibh agus ortha-san badh mó badh chóir éileamh ó
mhuinntir na hÉireann.



Táid earraidhe dá ndíol ann ag a lán daoine ar fuid na
tíre ná féadann siopa a chothughadh dhóibh fhéin i mBaile Átha
Cliath. Táid úirlisí umha ann ó Eochaill, agus cliabháin is lásaí,
agus rl., ó gach páirt dhen tír.



Badh mhaith liom focal amháin comhairle a thabhairt do léigh-
theóiríbh an IRISLEABHAIR, agus go sonnrádhach do gach pearsain
dhen chléir dá bhfuil ortha. Táimíd go léir ar aon intinn i dtaobh
cabhrach le déantúisíbh duthchuis na tíre seo. Tá clár earraidhe
dá chur amach ag na Compánaigh, agus badh ró-mhaith liom cóib dhe
sin a bheith ag an uile léightheóir den pháipéar so. Ní bhfuighfar
ann acht na hearraidhe is Gaedhlaighe i measc earraidhe Gaedhlach.
Cuir cárta puist á iarraidh ar an Stiúrthóir, agus gabhaim-se
orm go mbeir sásta leis.



TÓRNA.



TAGRA.



(A.) Dealbhadh, act of shaping, forming, "modelling." Drabhfuigheall,
refuse. Dair portaigh, bog-oak. D'aonfheidhm, with intent. Deis, a pretty or
useful thing.



(B.) Dóib bhán, plaster of Paris. Síonáil, ceiling. Mac a shamhail, its like,
equal.



(C.) Sráid an Chláir, Clare Street. Aistrighim, I remove. Rinn Muirbhthean,
Ringsend. Sír Eabhroc, Yorkshire.



(D.) Téarmaí "big" words, technical terms. Fadhbairne, a large unhewn
rock. Fuineadh, act of kneading. Paidríní, rosary-beads.



(E.) Meath, decay. Tionnscal, tiúscal, industry. Printísigh, apprentices.
Ionoibre, fit to work.



(F.) Fé iadh an tighe, within, under the roof of, the house. Bun-earraidhe,
"raw" materials. Umha, copper. Aithghin ar, a copy of, another such as.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services