Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Finn.
Title
Duanaire Finn.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Duanaire Finn. Is fada bhíomar ag feitheamh ar an leabhar so, acht ó ná téigheann críonadh ar an maith go deó is amhlaidh is móide ar n-áthus an leabhar a bheith ar fagháil anois féin. Tá fáilte roimis agus an té a léigheann is a dheineann stuidéar air, méadófar ar a chuid eóluis um dhálaibh na Seann-Ghaedheal, agus beidh fé chomaoin ag Eóin Mac Néill a sholáthruigh an fhleadh thaitneamhach litridheachta so n-ar dtómus. D'imthigh Eóin Mac Néill ag "fiadhach is ag fianchoscur" ar fuid ríoghacht na fianaigheachta. Do b'fhada linn a bhí sé amuigh. Is cuma n-a thaobh san, ámh. Ní gruagach ná púca ná "éifid gan bhrígh" a thug sé abhaile leis acht giallna coscair atá lán d'anam is d'acmhuin, agus a dhéan- faidh áis go deó dhúinn chun cothuighthe litridheacht ár sean, agus a bheidh n-a scáthán dúinn chun amhairc ar an gcuma n-a mairidís sin is n-a gcaithidís a saoghal san oileán so abhfad sarar phreab isteach chughainn Normannach ná Sasanach. Chítear dúinn mar sin nach beart gan bhrígh é an leabhar so atá d'éis teacht ó láimh an Niallaigh. Go deimhin níor bh'fhuláir don bhrígh a ghabháil le haon nídh a scríobhfadh Eóin Mac Néill. Acht tá buadh fé leith san saothar so de bhárr an dlúthbhaint atá aige le cúrsaí saoghal na ndaoine sa tsean-aimsir, agus de bhrígh gur beag duine beó i nÉirinn is fearr a thuigeann súd ná mar a thuigeann an Niallach é. Is soin a bheir don leabhar buadh fé leith aige thar urmhór an toraidh do fríth de bhárr ár saothair i leith na Gaedhilge. Tá súil againn go mbeidh ceannach dá réir air i nÉirinn. Gearrchuntus anois ar a bhfuil fén' iadh: cúig cinn déag ar fhichid de laoithibh is de dhuantaibh Fianaigheachta; aistriughadh ortha-san i mBéarla; díonbhrollach fada léigheanta ag cur síos ar an láimhscríbhinn 'na bhfuaradh na laoithe - láimhscríbhinn i gClochar na mbráthar d'órd San Frainsias ar Chaladh na gCeann- uidhthe i mBaile Átha Cliath - agus ag tabhairt cunntus ar an dTécs, is ar an gcuma i n-ar geineadh is 'nar fhás an fhianaigh-
eacht maraon le tuarasgabháil ar a thréithibh agus cur síos ar Fhionn Mhac Cumhaill féin de réir an tseanchuis is de réir na Fianaigheachta. N-a theannta-san tá áireamh ar rudaí raghadh chun an técs féin a leasughadh. Deinid súd leabhar maith taibh- seach go bhfuil suas le trí céad leathanach ann. Ba mhór an saothar a chur le chéile, agus a fheabhus do dheineadh é, agus na seanleabhair go mb'éigin a gcuardach a d' iarraidh eóluis um an bhFéinn. Ní'l annso acht an leath tosaigh den duanaire mar atá sa láimhscríbhinn. Tá d'fheabhus ortha-san ámh gurab amhlaidh a bheidh na fiacail ionnainn ag sileadh go bhfuigheam an chuid eile aca. Tá súil againn nach fada go dtí soin. Scéal greannmhar go leór iseadh cúrsaí láimh-scríbhinn an Duanaire. Do bailigheadh an t-adhbhar chuige ar fuid na hÉireann. Do cuireadh iad súd go dtí an Lobháin. Do deineadh annsúd athsgríobhadh ortha go léir sa Duanaire i dtómus an Captaéin Samhairle Mac Domhnaill timcheall bliadhain a 1626-7. Ní fios dúinn an raibh an leabhar riamh i seilbh an Chaptaéin, acht má bhí, do chuaidh tar n-ais go dtí an Lobháin. I n-aimsir an Éirighe Amach sa bhFraingc do cuireadh an leabhar go dtí Colláiste Shain Isadóir sa Róimh. As soin tháinig i nÉirinn. Ag tagairt dó-san deir an Niallach: Do-bheir an Niallach dhúinn cunntus beacht ar an gcuma n-ar bunuigheadh is n-ar fhás an fhianaigheacht. Ní raibh ann ar dtúis acht scéalta gaiscidh do thárla i measc na n-aitheach tuath .i. iarmhar Fear mBolg d'fhan i nÉirinn is a bhíodh ag fóghnamh don Árd-rígh is do ríghthibh Cúige, go háirithe nuair a tháinig Clanna
Míleadh i gceannus na tíre. "Mac-ghníomhartha Fhinn," an giota prós is seannda ar áireamh na fianaigheachta. Deirtear ann- súd gur fearadh Cath Chnucha idir Luaighnibh is Chlanna Mórna agus muinntir Chumhaill mar gheall ar an rí-fhéinigheacht. De Ghailianaibh a b'eadh Cumhall, athair Fhinn, agus b'é Fionn féin an rí-fhéineach ba mhó clú dá raibh ann. Is dóigh leis an Niallach gur i measc na nGailian so bhíodh ag foghnamh don Árdrígh is go raibh comhnuidhe ortha timcheall na Teamhrach is i gCúige Laighean, d'éirigh an fhianaigheacht ar dtúis. Tá deallramh leis an scéal. Ag trácht ar an ndeifridheacht atá idir stair na Fianaigh- achta is stair na Rudhraigheachta nó scéalta Uladh, deir an Niallach: Ní mar sin a bhí ag an bhfianaigheacht. Scéalta a b'eadh iad súd a ceapadh i gcóir daoine coitcheanta agus do chuireadh scéaluidhthe gach ré atharrughadh ortha de réir mar a b'fhearr le lucht a n-éisteacht. Sa deichmhadh aois d'innistí scéalta fian- aigheachta i gcúirt an ríogh féin. Is follus soin a "Mac- ghníomhartha Finn." Bhí an scéal soin i Saltair Chaisil. An t-atharrughadh so ó aois go haois fé ndeara don bhfianaigheacht éirighe coitcheanta i ngach ball n-a mbíodh an teanga Gaedhilge dá labhairt. Sidé an t-atháireamh do-ghní an Niallach ar an gceist:
Don litridheacht atá sa leabhar so níor mhiste tagairt. Airighmíd anois is arís gearán i dtaobh easbha eachtraidhe i bhfilidheacht na Gaedhilge, sé sin an saghas filidheachta ar a dtugtar descriptive poetry i mBéarla. Furmhór an leabhar seo, descriptive poetry iseadh é, agus tá cur síos ann ar eachtraidhibh ar chuma nár bh'fhuirist a shárughadh i n-aon teangain. Tá súil againn go mbeifear sásta feasta i dtaobh eachtraidhe na Gaedhilge. Fan go mbeidh fianaigheacht - seadh agus Rudhraigheacht - na Gaedhilge i gcló. Annsoin feiceam cia déarfaidh ná fuil descriptive poetry ar ndóthain againn. Seo giota as an gcéad eachtra sa leabhar: Do bhí ingion ag Aodh Rinn is hí ba háile i nÉirinn diar mhór a ghrádh tre mhire Eargna ainm na hingine. Do radh dhá bréithir ós cách Aodh Rinn mac Rónáin roghnáth nach rachadh gan imghoin as fear da sirfedh a chlemhnas. Ba hághmhar d'Aodh ó do ghein nach dtigeadh tar a breithir ní lamhdaois laoich tre mhire dol d'ierroidh a inghine. Ceithre bliadhna ó sin suas agus sechtmhain co lán-luas leithbhliadhain is mí amháin gor thesta céile Conáin. A nGabhair eidir dhá shliabh ann fa ghnáth in inghion fhial Liffe inghion Rónáin Bhreagh ro len a hainn don inbher. Do bhí Conán gan mhnaoi mhaith in t-uassal issin t-árdfháith ba hí inghion Aodha Rinn a bhen diongbhála d'Éirinn. Seo giota beag ana-dheas (xxv.) a theispeánfaidh cad é an saghas an fhilidheacht atá ann: Do bhádhusa úair fa folt buidhe cas is nach ffuil trem chenn acht fionnfadh gerr glas.
Robadh luinne lem folt ar dhath in fhíaich do toighecht trem chenn no finnfadh gerr líath Suirge ní dluigh dhamh óir ní meallaim mná mfholt anocht is liath ní bhía mar do bhá. Do b'fhéidir dam na céadtha soluíd mar sin a chur annso as an leabhar. Is fearr dham, amhthaigh, leigean do gach duine an leabhar a scrúdughadh dhó féin. Éinne a chuireann suim i bhfilidh- eacht na Gaedhilge - agus na filidhe féin a chur san áireamh - badh ró-mhaith an bhail air an leabhar so a léigheamh agus a athléigheamh. Cuirfidh i n-umhail dó a lán rudaí a fhóghnfaidh chun neartuighthe ar litridheacht an lae indiu. Maran eól dúinn na bóithre a thaistil ár sean, ní fheadfam choidhche an seachrán a sheachaint, agus má bheireann an mearbhthall greim orainn cuirfar as alt an óg-litridheacht is mian linn a chur ar bun. Fóghnfaidh an leabhar so an Niallaigh dhúinn ar an gcuma soin, agus badh cheart dúinn a bheith buidheach dhe n-a thaobh. Leabhair den tsaghas so chuireann i n-umhail dúinn an maitheas tar meadhón atá ghá dhéanamh ag Cumann na Scríbheann Gaedhilge. Molaimíd iad, agus tá dóchus láidir againn go dtiocfaidh de bhárr an leabhair seo go mbeidh méadughadh ar áireamh a ndaltaí a fhágfaidh aca an chaoi ar a thuilleadh den mhaith a dhéanamh. Leabhair den tsaghas so a chuirfidh misneach i nGaedhlaibh, is a thógfaidh a gcroidhthe i slighe go mbeidh an mhuinntir atá suas anois ag éad leis an mhuinntir a tháinig rompa. Is maith é beagán den éad. Ní dócha go n-iarrfadh an Niallach luach saothair eile acht go ngríosfadh an Duanaire lucht a chomhaimsire chun gnímh. TÓRNA. CIAN Ó MATHGHAMHNA ó Chairbreacha cct.: Mise Cian na mbeann óir; Ba shia mo lón 'ná mo ré; Níor coinghbheas-sa neach amuigh, 'S níor coinghbheadh mise a teagh Dé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services