Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Finn.

Title
Duanaire Finn.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Duanaire Finn.



Is fada bhíomar ag feitheamh ar an leabhar so, acht ó ná
téigheann críonadh ar an maith go deó is amhlaidh is móide ar
n-áthus an leabhar a bheith ar fagháil anois féin. Tá fáilte roimis
agus an té a léigheann is a dheineann stuidéar air, méadófar ar
a chuid eóluis um dhálaibh na Seann-Ghaedheal, agus beidh fé
chomaoin ag Eóin Mac Néill a sholáthruigh an fhleadh thaitneamhach
litridheachta so n-ar dtómus. D'imthigh Eóin Mac Néill ag
"fiadhach is ag fianchoscur" ar fuid ríoghacht na fianaigheachta.
Do b'fhada linn a bhí sé amuigh. Is cuma n-a thaobh san, ámh. Ní
gruagach ná púca ná "éifid gan bhrígh" a thug sé abhaile leis
acht giallna coscair atá lán d'anam is d'acmhuin, agus a dhéan-
faidh áis go deó dhúinn chun cothuighthe litridheacht ár sean, agus a
bheidh n-a scáthán dúinn chun amhairc ar an gcuma n-a mairidís
sin is n-a gcaithidís a saoghal san oileán so abhfad sarar phreab
isteach chughainn Normannach ná Sasanach. Chítear dúinn mar
sin nach beart gan bhrígh é an leabhar so atá d'éis teacht ó láimh
an Niallaigh. Go deimhin níor bh'fhuláir don bhrígh a ghabháil le
haon nídh a scríobhfadh Eóin Mac Néill. Acht tá buadh fé leith
san saothar so de bhárr an dlúthbhaint atá aige le cúrsaí saoghal
na ndaoine sa tsean-aimsir, agus de bhrígh gur beag duine beó
i nÉirinn is fearr a thuigeann súd ná mar a thuigeann an Niallach
é. Is soin a bheir don leabhar buadh fé leith aige thar urmhór
an toraidh do fríth de bhárr ár saothair i leith na Gaedhilge. Tá
súil againn go mbeidh ceannach dá réir air i nÉirinn.



Gearrchuntus anois ar a bhfuil fén' iadh: cúig cinn déag ar
fhichid de laoithibh is de dhuantaibh Fianaigheachta; aistriughadh
ortha-san i mBéarla; díonbhrollach fada léigheanta ag cur síos
ar an láimhscríbhinn 'na bhfuaradh na laoithe - láimhscríbhinn i
gClochar na mbráthar d'órd San Frainsias ar Chaladh na gCeann-
uidhthe i mBaile Átha Cliath - agus ag tabhairt cunntus ar an
dTécs, is ar an gcuma i n-ar geineadh is 'nar fhás an fhianaigh-


L. 317


eacht maraon le tuarasgabháil ar a thréithibh agus cur síos ar
Fhionn Mhac Cumhaill féin de réir an tseanchuis is de réir na
Fianaigheachta. N-a theannta-san tá áireamh ar rudaí raghadh
chun an técs féin a leasughadh. Deinid súd leabhar maith taibh-
seach go bhfuil suas le trí céad leathanach ann. Ba mhór an
saothar a chur le chéile, agus a fheabhus do dheineadh é, agus na
seanleabhair go mb'éigin a gcuardach a d' iarraidh eóluis um
an bhFéinn. Ní'l annso acht an leath tosaigh den duanaire mar
atá sa láimhscríbhinn. Tá d'fheabhus ortha-san ámh gurab amhlaidh
a bheidh na fiacail ionnainn ag sileadh go bhfuigheam an chuid eile
aca. Tá súil againn nach fada go dtí soin.



Scéal greannmhar go leór iseadh cúrsaí láimh-scríbhinn an
Duanaire. Do bailigheadh an t-adhbhar chuige ar fuid na hÉireann.
Do cuireadh iad súd go dtí an Lobháin. Do deineadh annsúd
athsgríobhadh ortha go léir sa Duanaire i dtómus an Captaéin
Samhairle Mac Domhnaill timcheall bliadhain a 1626-7. Ní fios
dúinn an raibh an leabhar riamh i seilbh an Chaptaéin, acht má bhí,
do chuaidh tar n-ais go dtí an Lobháin. I n-aimsir an Éirighe
Amach sa bhFraingc do cuireadh an leabhar go dtí Colláiste Shain
Isadóir sa Róimh. As soin tháinig i nÉirinn. Ag tagairt dó-san
deir an Niallach:



Do-bheir an Niallach dhúinn cunntus beacht ar an gcuma n-ar
bunuigheadh is n-ar fhás an fhianaigheacht. Ní raibh ann ar dtúis
acht scéalta gaiscidh do thárla i measc na n-aitheach tuath .i.
iarmhar Fear mBolg d'fhan i nÉirinn is a bhíodh ag fóghnamh don
Árd-rígh is do ríghthibh Cúige, go háirithe nuair a tháinig Clanna


L. 318


Míleadh i gceannus na tíre. "Mac-ghníomhartha Fhinn," an giota
prós is seannda ar áireamh na fianaigheachta. Deirtear ann-
súd gur fearadh Cath Chnucha idir Luaighnibh is Chlanna Mórna
agus muinntir Chumhaill mar gheall ar an rí-fhéinigheacht. De
Ghailianaibh a b'eadh Cumhall, athair Fhinn, agus b'é Fionn féin an
rí-fhéineach ba mhó clú dá raibh ann. Is dóigh leis an Niallach
gur i measc na nGailian so bhíodh ag foghnamh don Árdrígh is go
raibh comhnuidhe ortha timcheall na Teamhrach is i gCúige Laighean,
d'éirigh an fhianaigheacht ar dtúis. Tá deallramh leis an scéal.



Ag trácht ar an ndeifridheacht atá idir stair na Fianaigh-
achta is stair na Rudhraigheachta nó scéalta Uladh, deir an
Niallach:



Ní mar sin a bhí ag an bhfianaigheacht. Scéalta a b'eadh iad
súd a ceapadh i gcóir daoine coitcheanta agus do chuireadh
scéaluidhthe gach ré atharrughadh ortha de réir mar a b'fhearr le
lucht a n-éisteacht. Sa deichmhadh aois d'innistí scéalta fian-
aigheachta i gcúirt an ríogh féin. Is follus soin a "Mac-
ghníomhartha Finn." Bhí an scéal soin i Saltair Chaisil. An
t-atharrughadh so ó aois go haois fé ndeara don bhfianaigheacht
éirighe coitcheanta i ngach ball n-a mbíodh an teanga Gaedhilge
dá labhairt. Sidé an t-atháireamh do-ghní an Niallach ar an
gceist:




L. 319


Don litridheacht atá sa leabhar so níor mhiste tagairt.
Airighmíd anois is arís gearán i dtaobh easbha eachtraidhe i
bhfilidheacht na Gaedhilge, sé sin an saghas filidheachta ar a
dtugtar descriptive poetry i mBéarla. Furmhór an leabhar seo,
descriptive poetry iseadh é, agus tá cur síos ann ar eachtraidhibh ar
chuma nár bh'fhuirist a shárughadh i n-aon teangain. Tá súil
againn go mbeifear sásta feasta i dtaobh eachtraidhe na Gaedhilge.
Fan go mbeidh fianaigheacht - seadh agus Rudhraigheacht - na
Gaedhilge i gcló. Annsoin feiceam cia déarfaidh ná fuil
descriptive poetry ar ndóthain againn. Seo giota as an gcéad
eachtra sa leabhar:




Do bhí ingion ag Aodh Rinn is hí ba háile i nÉirinn
diar mhór a ghrádh tre mhire Eargna ainm na hingine.



Do radh dhá bréithir ós cách Aodh Rinn mac Rónáin roghnáth
nach rachadh gan imghoin as fear da sirfedh a chlemhnas.



Ba hághmhar d'Aodh ó do ghein nach dtigeadh tar a breithir
ní lamhdaois laoich tre mhire dol d'ierroidh a inghine.



Ceithre bliadhna ó sin suas agus sechtmhain co lán-luas
leithbhliadhain is mí amháin gor thesta céile Conáin.



A nGabhair eidir dhá shliabh ann fa ghnáth in inghion fhial
Liffe inghion Rónáin Bhreagh ro len a hainn don inbher.



Do bhí Conán gan mhnaoi mhaith in t-uassal issin t-árdfháith
ba hí inghion Aodha Rinn a bhen diongbhála d'Éirinn.




Seo giota beag ana-dheas (xxv.) a theispeánfaidh cad é an
saghas an fhilidheacht atá ann:




Do bhádhusa úair fa folt buidhe cas
is nach ffuil trem chenn acht fionnfadh gerr glas.


L. 320


Robadh luinne lem folt ar dhath in fhíaich
do toighecht trem chenn no finnfadh gerr líath



Suirge ní dluigh dhamh óir ní meallaim mná
mfholt anocht is liath ní bhía mar do bhá.




Do b'fhéidir dam na céadtha soluíd mar sin a chur annso as
an leabhar. Is fearr dham, amhthaigh, leigean do gach duine an
leabhar a scrúdughadh dhó féin. Éinne a chuireann suim i bhfilidh-
eacht na Gaedhilge - agus na filidhe féin a chur san áireamh - badh
ró-mhaith an bhail air an leabhar so a léigheamh agus a athléigheamh.
Cuirfidh i n-umhail dó a lán rudaí a fhóghnfaidh chun neartuighthe
ar litridheacht an lae indiu. Maran eól dúinn na bóithre a
thaistil ár sean, ní fheadfam choidhche an seachrán a sheachaint,
agus má bheireann an mearbhthall greim orainn cuirfar as alt
an óg-litridheacht is mian linn a chur ar bun. Fóghnfaidh an leabhar
so an Niallaigh dhúinn ar an gcuma soin, agus badh cheart dúinn
a bheith buidheach dhe n-a thaobh.



Leabhair den tsaghas so chuireann i n-umhail dúinn an
maitheas tar meadhón atá ghá dhéanamh ag Cumann na Scríbheann
Gaedhilge. Molaimíd iad, agus tá dóchus láidir againn go
dtiocfaidh de bhárr an leabhair seo go mbeidh méadughadh ar
áireamh a ndaltaí a fhágfaidh aca an chaoi ar a thuilleadh den
mhaith a dhéanamh. Leabhair den tsaghas so a chuirfidh misneach i
nGaedhlaibh, is a thógfaidh a gcroidhthe i slighe go mbeidh an
mhuinntir atá suas anois ag éad leis an mhuinntir a tháinig
rompa. Is maith é beagán den éad. Ní dócha go n-iarrfadh an
Niallach luach saothair eile acht go ngríosfadh an Duanaire lucht
a chomhaimsire chun gnímh.



TÓRNA.




CIAN Ó MATHGHAMHNA ó Chairbreacha cct.:



Mise Cian na mbeann óir;
Ba shia mo lón 'ná mo ré;
Níor coinghbheas-sa neach amuigh,
'S níor coinghbheadh mise a teagh Dé.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services