Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidhe ó Chairbre - II. Seán Ó Coileáin.
Title
Filidhe ó Chairbre - II. Seán Ó Coileáin.
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filidhe ó Chairbre - II. SEÁN Ó COILEÁIN. PÉADAR Ó hANNRACHÁIN do scríobh. "Ó mo laogh mo chailín." Ní dóigh liom go bhfuil fhios ag puinn daoine gur chum Seán an t-amhrán deas ceólmhar so i n-aon chor. Tá amhrán eile ar an bhfonn gcéadna ná fuil ró-ghlan. "An Smachtín Crón" atá mar ainm air sin. Deirthear gur Seán a cheap é, agus b'fhéidir gur bh'é, mar is beag file a bhí riamh againn ná go raibh 'n-a chumas an t-olc agus an mhaith do chur le chéile. Mar seo atá "Ó! mo laogh mo chailín" ag muinntir Mhidhe Ruis - "Tráth is me ar mearaidhe, Ag siubhal liom fhéin sa gharaidhe, Do casadh orm i nglaschoill, Stuaire dho chailín óg; Ba ghlionndaireach éin i gcrannuíol, Buic is bruic ar stró, Agus éisc a' teacht thar caisibh, Ag éisteacht le n-a glór. Ó! mo laogh mo chailín, Suaircbhean bhreagh na geal-phíop Ó! mo laogh mo chailín, Ciúin tais banamhail óg. "Ag siubhal liom fhéin sa Gharaidhe." "Garradha na Mumhan" a bhí agus atá mar ainm ar Mhidhe Ros. Tá cuid de thalamh na háite ana-thoradhmhail go léir. Éire b'eadh an "tsuaircbhean bhreagh" so do luadhtar san amhrán, gan amhras. Sidé an rann deireanach fuaras de: - D'fhreagair me an fhlaith mhín Is dubhairt n-ár bh'aon thar lear í D'fhlaithibh aosta sean-Ghaoidheal Do fhír-shliocht Éibhir Mhóir. Mar is fada a bhí ár maithbhuidhean 'Na ríghthe i gCúig' sa gCoróin Go trúpach daondach deagh-thighe Go teacht na nGall tar Bóinn.
Nílim sásta anois im aigne go bhfuil an bhéarsa san i gceart agam. Is dóigh liom ná fuil an gaol ró-dhlúth idir a dhá leath. Acht tá fonn áluinn ar an amhrán, pé scéal é, agus tá ceól sa chaint atá ann. Tá misleacht fé leith i gcaint an fhile seo, is dócha. Mara mbeadh gur cheap na daoine chuaidh romhain go raibh ní déarfaidís gur b'é "Fear Líomhtha na Mumhan" é nó Silver Tongue of Munster mar a dubharthas i Sacs-Bhéarla. Dá mbadh rud é ná beadh de thuairisc againn air acht gur bh'é do cuir Gaedhilg ar "The Exile of Erin" ba chóir gur mhór le rádh a ainm 'nár measc indiu. Níor fhág sé rian an Ghalldachais ar an amhrán san. Ní fhéadfadh éinne a rádh go bhfuil luid den Bhéarlachas istigh ann. Ritheann an Ghaedhilg go ceólmhar is go gleoidhte ó bhéal an fhile. Nochtann sé aigne is smaointí an deoraidhe dhúinn, i dtreo gur minic, do shil ár ndaoine frasa deór le linn an amhrán san do chlos dóibh. Thuil an tAlbanach do chéadcheap é árdmholadh acht tuilleann ár bhfile féin d'aistrigh é go binnteanga na nGaedheal - teanga an díbirthigh féin, go raibh sé ag cur síos air, tuilleann sé fíormholadh nách beag uainn-ne. Chuala gur bh'é an Coileánach do chuir Gaedhilg ar amhrán Bearlá do bhíodh ghá chanadh annso le n-a linn, acht deireann daoine eile liom gur bh'é Mícheál Chormaic a dhein é aistriughadh. Seo mar tá sé i nGaedhilg againn - "SLIABH NA mBAN" Ár gclann-mhac a chealg sin, ár náisiún céasta Cluas le héisteacht le spórt ná stair Tá Gráine scartha le na teascaibh daortha Is na slabhraidhe réabtha tá thuas i bhfad Anois go hobann a tháinig an méid seo I ngabháil go séanmhar le héifeacht cheart Ní bhfuighead cead deargtha le feist an lae dhóibh Acht a scaoileadh ar féarach go Sliabh na mBan. Is dóigh liom gur Mícheál do b'ughdar leis so, mar sin focal a bhí go minic aige n-a cuid amhrán - "i ngabháil" agus fuaim "i ngáil" air. Acht tá Mícheál fén mbrat so agam leis agus fanadh an rann san 'n-a leith. Cheap Seán amhráin i mBéarla leis. Ní chuala-sa acht dhá
cheann díobh, agus is greannmhar an scéal é go bhfuil ceann aca ag moladh na Sacson agus an ceann eile ghá leadradh. Bhí Seán cheithre bliadhna is dá fhichid nuair a cheap sé an t-amhrán so "The Battle of Ross", acht ní fheadar cahuin do cheap sé an dara ceann. "Sweet Castletownsend Demesne". Pé uair chuir sé "Sweet Castletownsend Demesne" le chéile is é mo thuairim láidir gurab amhlaidh a bhí sé i gcruadhchás éigin, fé mar bhí Eoghan Ruadh nuair chum sé "Rodney's Glory". Ba le sna Somervilles an Demesne sin. Níor mhór an margadh iad, acht níor bh'iad ba mheasa. Bhíodar dona go leór an fhaid a bhí an chomhacht aca, acht tá an lá san imthighthe. B'fhéidir go raibh an file fé chomaoin éigin aca, agus go raibh leathscéal aige, agus fágaimís mar sin anois é. Acht is mór an spórt é "The Battle of Ross" do léigheamh. Tugann sé go breadh don dream Ghallda é. Droch-aicme b'eadh Gaill Ruis Ó gCairbre um dheireadh an ochtmhadh aois déag. Ní ró-mhaith an saoghal a bhí ag Gaedhil na háite fútha, agus is fútha a bhí na Gaedhil tamall. Sa bhliadhain 1798 do thuit so amach mar chath. Is amhlaidh do bhíodh na Sasanaigh go hárdbhladhmannach agus go bagarthacha agus go drochghníomharthach, pé uair a bhíodh cruinniughadh aca féin. Bhíodh árd lá gaoithe as óil i gcomhnuidhe aca ar an dara lá déag den Iúl mar ónóir do Liam Bhuidhe agus dá lucht leanamhna toisc an ghníomh dheineadar ar bhruach na Bóinne céad bliadhain nó mar sin roimis sin. Tá sean-fhothrach ar thaobh na Rúrach chúig mhíle ar an dtaobh thiar do Ros. Bhí Cúirt áluinn ann an uair sin - 1798. Coppinger's Court a thugthí uirthi. Sa Chúirt sin a bhí na Gaill ag ithe is ag ól, agus ag caint i rith an lae úd, Iúl 12, 1798. Tráthnóna bhíodar ag filleadh abhaile agus thosnuigheadar ag déanamh drochoibre éigin. D'éirigh na Gaedhil amach is thugadar aghaidh ortha. Ní raibh ann ar dtúis acht cnuasacht ban, agus cé go bhfuil a lán cainte ar ar dhein mná Luimnigh is dóigh liom-sa gur cheart mná Ruis Ó gCairbre do mholadh go hárd leis agus áit uasal do thabhairt dóibh i stair na hÉireann. Ba mhaith an scéal go raibh Seán Ó Coileáin againn annsan mar d'fhág sé cunntas againn ar an gcath úd, agus cé gur i nglafarnaigh ghairbh na Sacson d'fhág sé é tá fáilte againn
roimis anois. Bíodh is ná fuil an fhilidheacht ró-mhaith ann, tá blúireacha dhe go deas agus go meidhreach. Ag seo an chéad rann de: - Seacht bhéarsa dhéag den amhrán so atá ann. Ag leathmhagadh fé sna Sasanaigh atá an file. Agus é ag cur síos ar Major Hewitt a bhí i measc na nGall deir sé: Agus arís: - Sid é an bhéarsa deireannach: - Dubhairt Seán Ó Donabháin gur bh'é an file seo luaidhim an scoláire, an staraidhe, agus an file déidheanach a bhí i gCairbribh. Ba mhór an moladh é sin do Sheán, acht thuill sé é, ní fhuláir. Ní dóigh liom, ámhthaigh, go raibh an ceart ar fad ag an nDonabhánach nuair dubhairt sé gur bh'é Seán an file déidheanach a bhí againn annso i gCairbre. Bhí filí óga ag borradh amach anuair a bhí Seán ag feochadh. Ní fuláir nó bhí aithne ag cuid aca air, agus ní déar- fainn ná gur bh'é a thug an chéad cheacht do chuid aca, agus is mór
an iongna a bhíonn orm go minic nuair machtuighim ar an scéal i gceart agus gan aon mhairbhne cumtha ag éinne aca dhó. Bhí file aca-san go bhfuilim ag tagairt dóibh ar scoil fé theagasc Sheáin i Midhe Ros fé mar innstear dhúinn indiu. Donchadh Ó Seachnasaigh do b'ainm dó. Do chomhnuigh a mhuinntir i nDroighnigh. Níl amhráin an fhile sin agam, admhuighim. Annsan bhí Mícheál Chormaic 'na fhear óg nuair thuit scamaill an bháis ar Sheán Ó Coileáin, agus ón áit chéadna b'eadh é; agus is cúis iongnaidh liom nár chaoin seisean Seán fé mar a chaoin sé an Paorach agus an Coitireach agus daoine eile. Acht go dtí an lá indiu ní chuala focal ná rann i dtaobh bháis Sheáin i n-áit ar bhith thall ná i bhfus i gCairbre. Tá cuid dhá láimhscríbhinn ag an nDonabhánach i Lios Árd, i n-aice na Scibiríneach. Fuair seisean é ó Sheán Ó Coileáin, Maighistir Scoile, i mBréantráigh. Sé tá sa láimh-scríbhinn sin ná cuid de shean-stair na hÉireann agus seanchus i dtaobh geinealach muinntir Dhonabháin Chairbre is Chlann Chathail. Tá ranna i nGaedhilg ann, acht i mBéarla is eadh tá an chuid eile dhe. Seán Ó Coileáin, Máighistir Scoile i mBréantráigh, d'innis dam 'n-a thaoibh. Bhí tuilleadh dá láimhscríbhinn ag an Athair Stiabhna Ó Briain a fuair bás tamall ó shoin i bParóiste na hÁrda. Fuair an Dochtúir Maighnéar i dTigh Molaige iad annsan. Chuadhas ghá lorg acht nílid aige. Thug sé do Mhuiris Ó hÉaluighthe, dlígheadóir i gCorcaigh iad, dubhairt sé. Tá tuilleadh fós díobh san Acadamh Ríoghamhail i mBaile Átha Cliath do réir mar chloisim. Sgríobh sé Seanchus Chloinne Chárrthaigh, Gleanna an Chruim (i n-aice Dhún Maon Mhuighe) agus bhí san ag Domhnall Mac Cárthaigh Glas, an fear do scríobh "Beatha agus Leitreacha Finghin Mhóir Mac Cárrthaigh" agus Stair Chloinne Chárrthaigh Gleanna an Chruim. Ba mhór an fear scríbhneóireachta é Seán, mar sin, agus ní fuláir nó bhí tabhairt suas maith air agus a leithéid de shaothar do thógaint air fhéin. Níl amhras agam ná go raibh a lán leabhar aige n-a thimcheall agus é ag scríobhadh an tseanchuis sin. Cad d'imthigh ortha san? An féidir gur dóigheadh iad an lá do chuir an dara bean úd a thigh trí theine.
Is clos dom go raibh anachuid leabhar aige nuair a fuair sé bás sa Scibirín i mbliadhain 1816 agus gur goideadh a lán aca oidhche an tórraimh. B'é mac a inghine d'innis an méid sin dam. I dtigh a mháthair so a fuair sé bás agus bheadh fhios ag a leithéid sin ar siúd mar scéal. Acht, ní bhíodh Seán i gcomhnuidhe os cionn na leabhar dar ndóigh. Shiubhaluigheadh sé a lán, agus bheadh sé seachtmhainí gan filleadh fé dhéin na scoile. Is dócha go raibh dúil sa bhraon dighe aige, nídh nách iongna fé mar a bhí ag na filí go léir, beag nách. Deirtear go raibh sé lá ag dul siar bóthar Chille Bharra taobh thiar de Dhún Maon Mhuighe agus é ar meisce. Luigh sé i gcoinnibh claidhe ísil ar thaobh bóthair. Bhí lochán uisce laistigh den chlaidhe, agus pé útamáil a bhí ar siubhal ag Seán shleamhnuigh sé thar claidhe isteach. Bhí bean bhocht, a bhí ar éadromacht céille ag gabháil thar brághaid an uair chéadna, is chonaic sí Seán istigh sa lochán. Dhein sí anonn air is thug sí cabhair dó teacht amach ar a mbóthar arís. Is dócha gur bhain an tomadh san uisce cuid den tromaidheacht chodladh dhe. Pé ar domhan é, níor theip an fhilidheacht air. Dubhairt an bhean leis gur mór an náire dá leithéid sin de scoláire bheith mar sin ar meisce os comhair na ndaoine. Tuig- thear as soin go raibh aithne air san áit sin. Ghriog caint na mná é, is labhair sé mar seó: - Fear na meisce síoraidhe; Agus bean ar buile shíntighe; Agus bean na buile Dá chur i dtuisgint D'fhear na meisce a dhroch-phuintí. Lá Domhnaigh bhí Seán ag Séipéal an Stuicín i Midhe Ros ag feitheamh go mbeadh an tAifrionn ar siubhal. Thárla go raibh ag an séipéal an mhaidean chéadna fear siubhail ar a dtugthaí "Sciúirdín" mar leas-ainm. Bhí gaidhrín ag Sciúirdín agus "Beití" mar ainm uirthi. 'Seadh! bhí an t-Aifreann ar siubhal agus ní sháiseóch' éinnídh mo "Bheití" acht greas amhastraighe a chur di. Bhí an sagart ar buile acht ní dubhairt sé faic. Tar éis an Aifrinn nuair a tháinig an sagart amach cia bheadh ag an ngeata
roimis acht Sciúirdín agus a ghadhar le n-a chois. Thosnuigh an gadhar ag tafain ar an sagart, agus é ag gabháil amach. Bhí fhios ag an sagart annsan gur bh'í an gaidhrín céadna dhein an fothrom sa séipéal. Dhein sé anonn uirthi is fuair greidhm uirthi agus bhuail i gcoinnibh an fhalla í, agus mhairbh sé den bhuile sin í, agus d'imthigh leis an bóthar síos. Bhí Sciúirdín cráidhte, acht níor mhaith leis labhairt i gcoinnibh an tsagairt. Bhí Seán agus cuid eile den phobal i láthair. Chonncadar an gníomh do dhein an sagart. Tháinig Seán i leith mar a raibh Beití sínte marbh ar a dtalamh. D'fhéach sé uirthi is dubhairt: - "A Bheití an anma, ar maidin nuair dhúisighís, Do thriallais go tapa chun Aifrinn d'ionnsuidheacht; Ar thaobh an fhalla, do cnagadh do chúl cinn, Is ní bás gan sagart fuair madra Sciúirdín." Ceathrar cloinne a bhí ag Seán leis an gcéad mhnaoi, beirt mhac is beirt inghean. Is aca a bhí an fheirm a bhí roimis sin ag muinntir a máthar mar níor phós aon dearbhráthair dá máthair cé go raibh triúr aca ann. Máiseadh, níor réidhtigheadar san le Seán agus ní dócha go labhraidís le chéile, i n-aon chor. Ní fé n-a ndéin do chuaidh Seán nuair a bhí an t-aos ag cur air féin, acht fé dhéin na hinghine a bhí aige leis an dara mnaoi. Bhí sise pósta 'sa Scibirín le fear de mhuinntir Drisceóil agus chuaidh an file chun comhnuighthe 'n-a dteannta. Bhí sé ag múineadh scoile sa Scibirín annsan ar feadh tamaill. Ní raibh aige acht tigh beag san Árd-tSráid. Bhí sé bocht do réir dheallraimh, acht ní raibh an saoghal ró-chruaidh air. I dtigh a inghine sa Scibirín fuair sé bás sa bhliadhain 1816. Cuireadh go galánta é i gCill Mín, agus tá sé n-a shíorchodladh annsan ó shoin gan oiread is crois adhmaid os cionn a leabthan. Tráth dá rabhas sa roilg sin bhí na crainn ghá lúbadh ag an ngaoith, agus crónán géar, brónach ar siubhal aca ag caoineadh na ndaoine a fuair foithin fén gcré ann. Chuarduigheas síos suas acht ní bhfuaras aon tuairisc ar uaigh Sheáin bhoicht. Tá foth- dhuine sa treó fós go bhfuil fhios aca cá bhfuil ionad a leabthan, agus tá súil agam go mbeidh leacht chuimhne os cionn na huaighe san sula mbéarfaidh Feis na Mumhan eile orainn. Mar sin bímís ag bailiughadh a chuid amhrán agus seanchuis agus gá gcur i n-eagar, agus bídís sin leis mar leacht chuimhne eile againn ar an bhfile mhór-cháil so, Seán Ó Coileáin, máighistir is príomh-fhile agus árd-staruidhe Chairbre. A CHROÍCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services