Filidhe ó Chairbre - II.
SEÁN Ó COILEÁIN.
PÉADAR Ó hANNRACHÁIN
do scríobh.
"Ó mo laogh mo chailín."
Ní dóigh liom go bhfuil fhios ag puinn daoine gur chum Seán
an t-amhrán deas ceólmhar so i n-aon chor. Tá amhrán eile ar
an bhfonn gcéadna ná fuil ró-ghlan. "An Smachtín Crón" atá
mar ainm air sin. Deirthear gur Seán a cheap é, agus b'fhéidir
gur bh'é, mar is beag file a bhí riamh againn ná go raibh 'n-a
chumas an t-olc agus an mhaith do chur le chéile. Mar seo atá
"Ó! mo laogh mo chailín" ag muinntir Mhidhe Ruis -
"Tráth is me ar mearaidhe,
Ag siubhal liom fhéin sa gharaidhe,
Do casadh orm i nglaschoill,
Stuaire dho chailín óg;
Ba ghlionndaireach éin i gcrannuíol,
Buic is bruic ar stró,
Agus éisc a' teacht thar caisibh,
Ag éisteacht le n-a glór.
Ó! mo laogh mo chailín,
Suaircbhean bhreagh na geal-phíop
Ó! mo laogh mo chailín,
Ciúin tais banamhail óg.
"Ag siubhal liom fhéin sa Gharaidhe." "Garradha na Mumhan"
a bhí agus atá mar ainm ar Mhidhe Ros. Tá cuid de thalamh na
háite ana-thoradhmhail go léir.
Éire b'eadh an "tsuaircbhean bhreagh" so do luadhtar san
amhrán, gan amhras. Sidé an rann deireanach fuaras de: -
D'fhreagair me an fhlaith mhín
Is dubhairt n-ár bh'aon thar lear í
D'fhlaithibh aosta sean-Ghaoidheal
Do fhír-shliocht Éibhir Mhóir.
Mar is fada a bhí ár maithbhuidhean
'Na ríghthe i gCúig' sa gCoróin
Go trúpach daondach deagh-thighe
Go teacht na nGall tar Bóinn.
Nílim sásta anois im aigne go bhfuil an bhéarsa san i gceart
agam. Is dóigh liom ná fuil an gaol ró-dhlúth idir a dhá leath.
Acht tá fonn áluinn ar an amhrán, pé scéal é, agus tá ceól sa
chaint atá ann.
Tá misleacht fé leith i gcaint an fhile seo, is dócha. Mara
mbeadh gur cheap na daoine chuaidh romhain go raibh ní déarfaidís
gur b'é "Fear Líomhtha na Mumhan" é nó Silver Tongue of
Munster mar a dubharthas i Sacs-Bhéarla.
Dá mbadh rud é ná beadh de thuairisc againn air acht gur bh'é
do cuir Gaedhilg ar "The Exile of Erin" ba chóir gur mhór le
rádh a ainm 'nár measc indiu. Níor fhág sé rian an Ghalldachais
ar an amhrán san. Ní fhéadfadh éinne a rádh go bhfuil luid den
Bhéarlachas istigh ann. Ritheann an Ghaedhilg go ceólmhar is go
gleoidhte ó bhéal an fhile. Nochtann sé aigne is smaointí an
deoraidhe dhúinn, i dtreo gur minic, do shil ár ndaoine frasa
deór le linn an amhrán san do chlos dóibh. Thuil an tAlbanach
do chéadcheap é árdmholadh acht tuilleann ár bhfile féin
d'aistrigh é go binnteanga na nGaedheal - teanga an díbirthigh
féin, go raibh sé ag cur síos air, tuilleann sé fíormholadh nách
beag uainn-ne.
Chuala gur bh'é an Coileánach do chuir Gaedhilg ar amhrán
Bearlá do bhíodh ghá chanadh annso le n-a linn, acht deireann
daoine eile liom gur bh'é Mícheál Chormaic a dhein é aistriughadh.
Seo mar tá sé i nGaedhilg againn -
"SLIABH NA mBAN"
Ár gclann-mhac a chealg sin, ár náisiún céasta
Cluas le héisteacht le spórt ná stair
Tá Gráine scartha le na teascaibh daortha
Is na slabhraidhe réabtha tá thuas i bhfad
Anois go hobann a tháinig an méid seo
I ngabháil go séanmhar le héifeacht cheart
Ní bhfuighead cead deargtha le feist an lae dhóibh
Acht a scaoileadh ar féarach go Sliabh na mBan.
Is dóigh liom gur Mícheál do b'ughdar leis so, mar sin focal a
bhí go minic aige n-a cuid amhrán - "i ngabháil" agus fuaim
"i ngáil" air. Acht tá Mícheál fén mbrat so agam leis agus
fanadh an rann san 'n-a leith.
Cheap Seán amhráin i mBéarla leis. Ní chuala-sa acht dhá
cheann díobh, agus is greannmhar an scéal é go bhfuil ceann aca
ag moladh na Sacson agus an ceann eile ghá leadradh.
Bhí Seán cheithre bliadhna is dá fhichid nuair a cheap sé an
t-amhrán so "The Battle of Ross", acht ní fheadar cahuin do
cheap sé an dara ceann. "Sweet Castletownsend Demesne".
Pé uair chuir sé "Sweet Castletownsend Demesne" le chéile
is é mo thuairim láidir gurab amhlaidh a bhí sé i gcruadhchás
éigin, fé mar bhí Eoghan Ruadh nuair chum sé "Rodney's Glory".
Ba le sna Somervilles an Demesne sin. Níor mhór an
margadh iad, acht níor bh'iad ba mheasa. Bhíodar dona go leór
an fhaid a bhí an chomhacht aca, acht tá an lá san imthighthe.
B'fhéidir go raibh an file fé chomaoin éigin aca, agus go raibh
leathscéal aige, agus fágaimís mar sin anois é.
Acht is mór an spórt é "The Battle of Ross" do léigheamh.
Tugann sé go breadh don dream Ghallda é.
Droch-aicme b'eadh Gaill Ruis Ó gCairbre um dheireadh an
ochtmhadh aois déag. Ní ró-mhaith an saoghal a bhí ag Gaedhil na
háite fútha, agus is fútha a bhí na Gaedhil tamall.
Sa bhliadhain 1798 do thuit so amach mar chath. Is amhlaidh do
bhíodh na Sasanaigh go hárdbhladhmannach agus go bagarthacha agus
go drochghníomharthach, pé uair a bhíodh cruinniughadh aca féin.
Bhíodh árd lá gaoithe as óil i gcomhnuidhe aca ar an dara lá
déag den Iúl mar ónóir do Liam Bhuidhe agus dá lucht leanamhna
toisc an ghníomh dheineadar ar bhruach na Bóinne céad bliadhain
nó mar sin roimis sin.
Tá sean-fhothrach ar thaobh na Rúrach chúig mhíle ar an dtaobh
thiar do Ros. Bhí Cúirt áluinn ann an uair sin - 1798.
Coppinger's Court a thugthí uirthi. Sa Chúirt sin a bhí na Gaill
ag ithe is ag ól, agus ag caint i rith an lae úd, Iúl 12, 1798.
Tráthnóna bhíodar ag filleadh abhaile agus thosnuigheadar ag
déanamh drochoibre éigin. D'éirigh na Gaedhil amach is thugadar
aghaidh ortha. Ní raibh ann ar dtúis acht cnuasacht ban, agus cé
go bhfuil a lán cainte ar ar dhein mná Luimnigh is dóigh liom-sa
gur cheart mná Ruis Ó gCairbre do mholadh go hárd leis agus
áit uasal do thabhairt dóibh i stair na hÉireann.
Ba mhaith an scéal go raibh Seán Ó Coileáin againn annsan
mar d'fhág sé cunntas againn ar an gcath úd, agus cé gur
i nglafarnaigh ghairbh na Sacson d'fhág sé é tá fáilte againn
roimis anois. Bíodh is ná fuil an fhilidheacht ró-mhaith ann,
tá blúireacha dhe go deas agus go meidhreach.
Ag seo an chéad rann de: -
Seacht bhéarsa dhéag den amhrán so atá ann. Ag leathmhagadh
fé sna Sasanaigh atá an file. Agus é ag cur síos ar Major
Hewitt a bhí i measc na nGall deir sé:
Agus arís: -
Sid é an bhéarsa deireannach: -
Dubhairt Seán Ó Donabháin gur bh'é an file seo luaidhim an
scoláire, an staraidhe, agus an file déidheanach a bhí i gCairbribh.
Ba mhór an moladh é sin do Sheán, acht thuill sé é, ní fhuláir.
Ní dóigh liom, ámhthaigh, go raibh an ceart ar fad ag an nDonabhánach
nuair dubhairt sé gur bh'é Seán an file déidheanach a bhí againn
annso i gCairbre. Bhí filí óga ag borradh amach anuair a bhí Seán
ag feochadh. Ní fuláir nó bhí aithne ag cuid aca air, agus ní déar-
fainn ná gur bh'é a thug an chéad cheacht do chuid aca, agus is mór
an iongna a bhíonn orm go minic nuair machtuighim ar an scéal i
gceart agus gan aon mhairbhne cumtha ag éinne aca dhó.
Bhí file aca-san go bhfuilim ag tagairt dóibh ar scoil fé
theagasc Sheáin i Midhe Ros fé mar innstear dhúinn indiu.
Donchadh Ó Seachnasaigh do b'ainm dó. Do chomhnuigh a mhuinntir
i nDroighnigh. Níl amhráin an fhile sin agam, admhuighim.
Annsan bhí Mícheál Chormaic 'na fhear óg nuair thuit scamaill
an bháis ar Sheán Ó Coileáin, agus ón áit chéadna b'eadh é; agus
is cúis iongnaidh liom nár chaoin seisean Seán fé mar a chaoin
sé an Paorach agus an Coitireach agus daoine eile.
Acht go dtí an lá indiu ní chuala focal ná rann i dtaobh bháis
Sheáin i n-áit ar bhith thall ná i bhfus i gCairbre.
Tá cuid dhá láimhscríbhinn ag an nDonabhánach i Lios Árd,
i n-aice na Scibiríneach. Fuair seisean é ó Sheán Ó Coileáin,
Maighistir Scoile, i mBréantráigh. Sé tá sa láimh-scríbhinn sin
ná cuid de shean-stair na hÉireann agus seanchus i dtaobh
geinealach muinntir Dhonabháin Chairbre is Chlann Chathail. Tá
ranna i nGaedhilg ann, acht i mBéarla is eadh tá an chuid eile
dhe. Seán Ó Coileáin, Máighistir Scoile i mBréantráigh, d'innis
dam 'n-a thaoibh.
Bhí tuilleadh dá láimhscríbhinn ag an Athair Stiabhna Ó Briain
a fuair bás tamall ó shoin i bParóiste na hÁrda.
Fuair an Dochtúir Maighnéar i dTigh Molaige iad annsan.
Chuadhas ghá lorg acht nílid aige. Thug sé do Mhuiris Ó hÉaluighthe,
dlígheadóir i gCorcaigh iad, dubhairt sé.
Tá tuilleadh fós díobh san Acadamh Ríoghamhail i mBaile Átha
Cliath do réir mar chloisim.
Sgríobh sé Seanchus Chloinne Chárrthaigh, Gleanna an Chruim (i
n-aice Dhún Maon Mhuighe) agus bhí san ag Domhnall Mac
Cárthaigh Glas, an fear do scríobh "Beatha agus Leitreacha
Finghin Mhóir Mac Cárrthaigh" agus Stair Chloinne Chárrthaigh
Gleanna an Chruim.
Ba mhór an fear scríbhneóireachta é Seán, mar sin, agus ní
fuláir nó bhí tabhairt suas maith air agus a leithéid de shaothar do
thógaint air fhéin.
Níl amhras agam ná go raibh a lán leabhar aige n-a thimcheall
agus é ag scríobhadh an tseanchuis sin. Cad d'imthigh ortha san?
An féidir gur dóigheadh iad an lá do chuir an dara bean úd
a thigh trí theine.
Is clos dom go raibh anachuid leabhar aige nuair a fuair
sé bás sa Scibirín i mbliadhain 1816 agus gur goideadh a lán
aca oidhche an tórraimh. B'é mac a inghine d'innis an méid sin
dam. I dtigh a mháthair so a fuair sé bás agus bheadh fhios ag a
leithéid sin ar siúd mar scéal.
Acht, ní bhíodh Seán i gcomhnuidhe os cionn na leabhar dar
ndóigh. Shiubhaluigheadh sé a lán, agus bheadh sé seachtmhainí gan
filleadh fé dhéin na scoile. Is dócha go raibh dúil sa bhraon
dighe aige, nídh nách iongna fé mar a bhí ag na filí go léir, beag
nách.
Deirtear go raibh sé lá ag dul siar bóthar Chille Bharra taobh thiar
de Dhún Maon Mhuighe agus é ar meisce. Luigh sé i
gcoinnibh claidhe ísil ar thaobh bóthair. Bhí lochán uisce laistigh
den chlaidhe, agus pé útamáil a bhí ar siubhal ag Seán shleamhnuigh
sé thar claidhe isteach. Bhí bean bhocht, a bhí ar éadromacht céille
ag gabháil thar brághaid an uair chéadna, is chonaic sí Seán istigh
sa lochán. Dhein sí anonn air is thug sí cabhair dó teacht amach
ar a mbóthar arís. Is dócha gur bhain an tomadh san uisce cuid
den tromaidheacht chodladh dhe. Pé ar domhan é, níor theip an
fhilidheacht air.
Dubhairt an bhean leis gur mór an náire dá leithéid sin de
scoláire bheith mar sin ar meisce os comhair na ndaoine. Tuig-
thear as soin go raibh aithne air san áit sin.
Ghriog caint na mná é, is labhair sé mar seó: -
Fear na meisce síoraidhe;
Agus bean ar buile shíntighe;
Agus bean na buile
Dá chur i dtuisgint
D'fhear na meisce a dhroch-phuintí.
Lá Domhnaigh bhí Seán ag Séipéal an Stuicín i Midhe Ros ag
feitheamh go mbeadh an tAifrionn ar siubhal.
Thárla go raibh ag an séipéal an mhaidean chéadna fear
siubhail ar a dtugthaí "Sciúirdín" mar leas-ainm. Bhí
gaidhrín ag Sciúirdín agus "Beití" mar ainm uirthi.
'Seadh! bhí an t-Aifreann ar siubhal agus ní sháiseóch' éinnídh
mo "Bheití" acht greas amhastraighe a chur di.
Bhí an sagart ar buile acht ní dubhairt sé faic. Tar éis an
Aifrinn nuair a tháinig an sagart amach cia bheadh ag an ngeata
roimis acht Sciúirdín agus a ghadhar le n-a chois. Thosnuigh an
gadhar ag tafain ar an sagart, agus é ag gabháil amach. Bhí
fhios ag an sagart annsan gur bh'í an gaidhrín céadna dhein an
fothrom sa séipéal. Dhein sé anonn uirthi is fuair greidhm
uirthi agus bhuail i gcoinnibh an fhalla í, agus mhairbh sé den bhuile
sin í, agus d'imthigh leis an bóthar síos. Bhí Sciúirdín cráidhte,
acht níor mhaith leis labhairt i gcoinnibh an tsagairt. Bhí Seán
agus cuid eile den phobal i láthair. Chonncadar an gníomh do
dhein an sagart. Tháinig Seán i leith mar a raibh Beití sínte
marbh ar a dtalamh. D'fhéach sé uirthi is dubhairt: -
"A Bheití an anma, ar maidin nuair dhúisighís,
Do thriallais go tapa chun Aifrinn d'ionnsuidheacht;
Ar thaobh an fhalla, do cnagadh do chúl cinn,
Is ní bás gan sagart fuair madra Sciúirdín."
Ceathrar cloinne a bhí ag Seán leis an gcéad mhnaoi, beirt
mhac is beirt inghean. Is aca a bhí an fheirm a bhí roimis sin
ag muinntir a máthar mar níor phós aon dearbhráthair dá máthair
cé go raibh triúr aca ann. Máiseadh, níor réidhtigheadar san le
Seán agus ní dócha go labhraidís le chéile, i n-aon chor. Ní fé
n-a ndéin do chuaidh Seán nuair a bhí an t-aos ag cur air féin,
acht fé dhéin na hinghine a bhí aige leis an dara mnaoi. Bhí sise
pósta 'sa Scibirín le fear de mhuinntir Drisceóil agus chuaidh
an file chun comhnuighthe 'n-a dteannta.
Bhí sé ag múineadh scoile sa Scibirín annsan ar feadh
tamaill. Ní raibh aige acht tigh beag san Árd-tSráid. Bhí sé
bocht do réir dheallraimh, acht ní raibh an saoghal ró-chruaidh air.
I dtigh a inghine sa Scibirín fuair sé bás sa bhliadhain 1816.
Cuireadh go galánta é i gCill Mín, agus tá sé n-a shíorchodladh
annsan ó shoin gan oiread is crois adhmaid os cionn a leabthan.
Tráth dá rabhas sa roilg sin bhí na crainn ghá lúbadh ag an
ngaoith, agus crónán géar, brónach ar siubhal aca ag caoineadh
na ndaoine a fuair foithin fén gcré ann. Chuarduigheas síos
suas acht ní bhfuaras aon tuairisc ar uaigh Sheáin bhoicht. Tá foth-
dhuine sa treó fós go bhfuil fhios aca cá bhfuil ionad a leabthan,
agus tá súil agam go mbeidh leacht chuimhne os cionn na huaighe
san sula mbéarfaidh Feis na Mumhan eile orainn. Mar sin
bímís ag bailiughadh a chuid amhrán agus seanchuis agus gá gcur
i n-eagar, agus bídís sin leis mar leacht chuimhne eile againn ar
an bhfile mhór-cháil so, Seán Ó Coileáin, máighistir is príomh-fhile
agus árd-staruidhe Chairbre.
A CHROÍCH.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11