Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. III - An Peata.
Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. III - An Peata.
Author(s)
Ó Conchubhair, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh. do scríobh. III. - AN PEATA. CUID A hAON. - AN PEATA AR SCOIL. Deich mbliadhna fichead ó shoin, nuair bhí Tadhg Breathnach ag dul ar scoil, ní raibh a shamhail eile de pheata ar na dtaoibh istigh de Pharóiste Bhaile an Bhóthair. Tadhg an Choinnlín a tugadh mar leas-ainm air - go dearbhtha ní raibh éinne le dul ó leanbhaíbh na scoile céadna gan athbhaiste do dhéanamh air. Ní fheacathas Tadhg riamh ar scoil gan pinginn i gcómhair milseán i n-a phóca aige; agus, muna mbeadh an phinginn oireamhnach ag a mháthair le tabhairt dó, d'fhanfadh Tadhg san mbaile. B'shin cuid dá pheatuigheacht. Acht níor bh'é an t-iomlán é. Choimeádfadh súgán sneachtaidh istigh ó scoil é. Bhíodh tinneas fiacail air trí huaire níosa mhincí 'ná ar aon leanbh eile théigheadh ar an scoil úd. Dá mbeadh aon deallramh báistighe ar an lá, níor bheag soin. Ní fheicfidhe Tadhg ar scoil an lá soin. Ó deineadh tagairt do na milseánaibh ó chianaibh, ní miste cur síos annso ar rud a thuit amach do Thadhg lá mar gheall ortha. Do chómhnuigh bean díolta na milseán achar beag siar ó thigh na scoile, agus bhí tigh Thaidhg leathmhíle slighe soir uaidh. Ní fhéadadh Tadhg dul ag ceannach na milseán gan gabháil thar tigh na scoile siar dó. Lá de sna laetheantaibh, bhí sé ag sleamh- nughadh leis siar, agus eagla an domhain air go bhfeicfeadh an máighistir é. Ráinig leis an máighistir a bheith ar an dtaoibh istigh de dhoras, agus do chonnaic sé an bioránach ag éalughadh leis ar scáth an chlaidhe. Dhruid sé amach go béal an dorais agus ghlaéidh air. D'fhill Tadhg go leisceamhail. "Ní rabhais chum teacht ar scoil indiu leis, is dócha, a Thaidhg?" ars' an máighistir, mar ní fheacathas Tadhg ar scoil le trí lá.
"Ó! bhíos, a mháighistir; acht theastuigh uaim anois tobac a dh'fhagháil dom athair." "Ná bac anois é," ar san máighistir. "Beidh uain do dhóthain agat tráthnóna chuige." D'fhan Tadhg; acht ní raibh sé istigh leis féin. Bhí dhá ubh lachain i bpóca a chasóige aige i gcómhair na milseán, agus bhí eagla air go mbrisfidhe air iad. Agus briseadh agus brúghadh is eadh fuair- eadar. Ní raghadh oiread ó Roibeárd de Bhailís. Fuair sé faill éigin gur dhein sé an gníomh aganfhios do Thadhg. I gcionn scaithim bhig n-a dhiaidh san, bhí Tadhg i n-a shuidhe ar shuidheachán agus an máighistir i n-a sheasamh ar a aghaidh amach. "Faghaidh na peanna chun scríbhneóireachta," ar san máighistir. Ráinig gur i bpóca na n-ubh a bhí peann Thaidhg. Ní raibh aon amhras aige an díoghbháil a bheith déanta air. Sháthaigh sé síos a lámh. Ba mhall leis an máighistir a bhí sé ag tógaint an phinn amach. "Brostuigh ort, a gharsúin," ar seisean. Tharraig Tadhg aníos a lámh fé dheireadh. An máighistir féin a thosnuigh é. Do phléasc na gáiridhe air chomh luath is chonnaic sé an lámh a tharraig Tadhg as a phóca. Bhí lán a chroibh de bhuidheachán aige i dteannta an phinn. Níor deineadh mórán maitheasa i dtigh na scoile an ceathramhadh uaire chluig sin, agus bhí scéal Thaidhg ar fuaid na paróiste fé thuitim oidhche. Chuir imtheacht an lae úd stailc ar Thadhg, agus ní dheachaidh sé ar scoil go ceann cóigthighis ón Luan a bhí chuige. Coimeádadh Tadhg istigh ó scoil ar fad chomh luath is bhí na cheithre bliadhna déag slánuighthe aige. Cad chuige, an dóigh leat? Táim i n-amhras go ndéarfair gur theastuigh a chabhair ó n-a athair, chun giollaidhecht an chapaill a dhéanamh, cur i gcás. Mo thruagh gan tuigsint thú! Bhí an garsún ró-óg ró-bhog d'aon nídh mar sin, má b'fhíor dá mháthair. Níor bh'eadh i n-aon chor, acht é féin a rádh 'san mbaile nách raibh tuilleadh ag an máighistir le múineadh dhó. B'ionann soin agus a rádh go raibh oiread fogh- luma air féin is bhí ar an máighistir. Go bhfóiridh Dia orainn! Ní fhéadfadh Tadhg leitir do scríobhadh dá mbeadh saoradh a anama ag braith air. Agus ní ar an máighistir scoile a bhí an locht. Ceann-chruaidh do b'eadh Tadhg, an dtuigeann tú?
AN DARA CUID. - AN PEATA AGUS A GHUNNA. 'Seadh, d'fhan Tadhg an Choinnlín istigh ó scoil, agus fan faic le déanamh san mbaile aige acht a ghoradh féin i gcúinne na teine i rith an gheimhridh, agus bheith ag fiadhach nó ag iascach san tsamhradh. Dá n-iarrfadh sé an nuadh-rae ar a athair, dhéanfadh an t-athair bocht simplidhe iarracht ar í sholáthairt dó. Im basa, ná beadh sé sásta choidhche nó gur ceannuigheadh gunna dhó. Acht deónughadh Dé amháin, nár lámhaigh Tadhg é féin nó duine éigin eile leis an ngunna céadna. Gheibheadh buachaill eile ón gcomhursanacht amach le cois Thaidhg ar dtúis an uair bhí sé tar éis an ghunna d'fhagháil; acht do cuireadh i n-umhail dó go raibh bás obann i ndán dó, muna séanfadh sé an chuideachta soin. Bhíodar araon amuigh fén sliabh lá áirithe. Ní raibh éan ná girrfhiadh ag bualadh leó, ar a shon go raibh cuid mhaith chuard- uighthe déanta aca. Bhíodar tuirseach míobhuidheach dá n-aistear an uair scuireadar tráthnóna, agus bhí an baile breis is dhá mhíle slighe uatha. Shuidheadar cois carraige chum a n-anál do tharrac i gcomhair an bhóthair. Bhuail Tadhg a dhrom leis an gcarraig, agus bhí an fiaguidhe eile in a shuidhe ar a láimh chlé, troigh nó dhó amach ón gcarraig. Níor bh'fhada go raibh Tadhg ar sodar ag cur síos ar na héachtaibh a bhí déanta aige ó fuair sé gunna. "Ar m'fhocal," ar seisean, "do chaitheas urchar an lá fé dheire le londubh, agus mharbhuigheas ceann eile bhí ag gabháil tharm agus gan aon choinne léi; acht d'imthigh an chéad cheann." Bhí an buachaill eile beagnach bodhar ó bheith ag éisteacht le sna scéaltaibh san, agus níor thug sé aon chluas leó. "Mhaise," arsa Tadhg, fé chionn tamaill, "dá bhfeicfeá Peadar Ó Gríbhthín an lá eile, dhéanfá gáire faoi. D'iarr sé an gunna orm-sa go gcaithfeadh sé le préachán a bhí i mbárr chrainn thoir san gcoill. Thugas dó é. chuir sé leis an ngualainn chlé é agus do chaith. Is dócha gur baineadh geit as an bpréachán, acht ba mhó 'ná soin an gheit a baineadh as féin. Ní raibh greim daingean aige ar an ngunna ní fuláir, agus, an uair phléasc an púghdar, do buaileadh Peadar i bpoll na cluaise leis an stoc. Thuit an gunna ar an dtalamh, agus ní mór nár deineadh smidir- ínidhe dhé; acht creid mise leis ná béarfaidh Peadar i n-a láimh go fóill arís ar ghunna. Ar airighis riamh a leithéid, gunna a chur leis an ngualainn chlé chun urchar a chaitheamh as?"
"Ní dócha," ar san buachaill eile, "go mbeadh bac ar dhuine gunna do dhíriughadh ar an gcuma soin. Cad ba ghábhadh dhó a dhéanamh acht an tsúil dheas a dhúnadh?" "Féach anois! níor chuimhnigheas riamh air sin." Ní raibh aire ná éisteacht ag an mbuachaill á thabhairt dó um an dtaca so. Bhí a shúil aige i ndiaidh choirriasc leathan-sciath- ánach a gluais chúcha aniar ón bhfairrge. Bhí sé dá faire féachaint an ísleóchadh sí chum talmhan i n-aon chomhngar dóibh. Ní raibh focal ag ceachtar aca á labhairt anois. A dhuine mo chroidhe 'stigh! Pé útamáil a bhí ag Tadhg leis an ngunna, d'imthigh an t-urchar thar cluais an bhuachalla eile amach. Ba ghearr an mhoill air siúd bonna na gcos a chur faoi. "Cad chuige dhuit," ar seisean, "an cleas úd a dh'imirt orm?" Bhí Tadhg chomh bán leis an gcailc, agus gan ann focal a rádh. "A Dia na bhfeart!" ars' an buachaill, "tá sé marbh, agus tabharfar mise chum cúnntais mar gheall air." Do ghlaeidh sé aríst: "A Thaidhg, an bhfuilir marbh?" "Ní - ní - ní fheadar, nílim. Ó! is baoghalach go bhfuilim," do fhreagair Tadhg, i nguth fann. "Dhe, croith suas tu féin, a dhuine. Ní dóigh liom go bhfuil seóid ort. Seo, éirigh it sheasamh," agus do rug sé ar láimh Thaidhg. "Ó! mo chroidhe - mo chroidhe," ar seisean. "Ná dubhraís ó chianaibh nár imthigh aon nídh ort," ars' an buachaill. "Ó! a dhuine, an phreab a baineadh asam. Mheasas go rabhais lámhachta, agus gur mé féin ba chionntach leis. Tusa fé ndeara an tionóisc úd a thuiteam amach orm. Bhíos ag féachaint an bhféadfainn an gunna do dhíriughadh ón ngualainn chlé, fé mar dheineann Peadar Ó Gríbhthín. Thárla go raibh an casúr i n-a sheasamh aganfhios dom. Luigheas mo mhéar ar an inneal. Do leagas an casúr agus tugadh caoi imtheachta don urchar. Dar fiadh! marar mheasas go rabhais socair agam." Ghluaiseadar ortha abhaile. Ó'n lá soin amach, ní fheacaidh éinne an bheirt i n-aon bhóthar ag fiadhach.
Bhí Tadhg i n-a aonar lá eile, agus é ag glanadh an ghunna ar aghaidh dorais an stábla amach. Ar ádhbhraíbh an tsaoghail ba philéar a bhí mar urchar ann an lá céadna. Is dóigh liom go raibh sé ceaptha ar dhul fé dhéin an chnuic féachaint an dtiocfadh sé suas le broc, mar go bhfuair sé tuairisc go bhfeacaidh Donnchadh na Bó ceann thíos i gCum an Áir. Breille gan cruinneas a b'eadh Tadhg an lá a b'fhearr a bhreacuigh riamh, agus ní raghadh oiread uaidh gan tuaiplils a dhéanamh ar an ócáid seo leis. Scaoil sé an piléar ar siubhal, agus cá n-imtheóchadh sé acht tré dhoras an stábla isteach. Bhí sean-láir 'san stábla, agus fuair sí an piléar san gceathramhain. Níor bh'fholláin dí: lá oibre ar fóghnamh níor dhein sí arís go ló a báis. AN TRÍOMHADH CUID. - LÁMHACH NA MUICE. Ón lá soin amach bhíodh Tadhg an-aireach air féin. Tuigeadh dó gur bhaoghalach do dhuine agus do bheithidheach a bheadh i n-aon chomhgar dó an fhaid a bheadh gunna ar iomchur aige. Is fánach a bheireadh sé an gunna ar dtaoibh amach de dhoras, agus líonfadh sé suas de mheirg mura mbeadh go raibh Tadhg beartuighthe ar gan préachán fhágaint i nÁrd na gCaorach gan "pianta báis agus buan-éaga d'imirt air." I dtosach an Earraigh a bhí chuige do chuir athair Thaidhg cró na muc fé chlúdach breágh dín. Dubhairt sé i n-a aigne féin nár bhaoghal aon bhraon anuas a bheith ann roimh Nodlaig na haith- bhliadhna, pé saghas aimsire thiocfadh. Bhí soin go maith go bhfuair na luin dubha eolas na háite, agus go dearbhtha déarfadh éinne gur cogar a fuaireadar. Ní mór go raibh an scolb déidheannach sáithte ag an mBreathnach gur bhuail dhá cheann aca fé dhéin an chró - ciairseach agus gob dearg. Bhíodar chomh mórdhálach is dá mba i n-a gcómhair féin ar leithligh do cuireadh díon ar an gcró. Chromadar ar scríobadh agus ar chíoradh, agus níor bh'fhada an mhoill ortha beagán treabhtha do dhéanamh. Um thráth- nóna do rug cúram éigin an Breathnach i n-aice an chró. Chonnaic sé an réabadh dá dhéanamh i n-a chuid oibre, agus ní mór nár chuir an radharc an liathbhuidhe air. Siúd fé dhéin tighe na muinntire é. Tadhg an chéad duine bhuail leis.
"A Thaidhg," ar seisean, "ar mhaith leat coróin a thuilleamh duit féin?" "Ba mhaith, i nDomhnach," arsa Tadhg, "acht go bhfaghainn go bog í. Cad n-a thaoibh?" "Mar go bhfuil scrios déanta i mullach an chró ag dhá lon dubh, go marbhaidh an bás íad. Chuadhas soir ag féachaint iar anois díreach, agus cad a bheadh ann romham 'ná mo dhá ropaire ag obair ar a ndícheall. Is maith an bhail ortha ná fuil greidhm agam ortha. Ghlanadar leó chomh luath is chonnacadar mise ag cur an chúinne soir díom, agus ní déarfainn ná gur ag magadh fúm a bhíodar agus an scread lúthgháireach a leigeadar asta. Anois, tá gunna agat-sa, agus déanfaidh mé margadh leat. Mairbh an dá cheann dom, agus tá píosa coróineach agam le cur i gcúl do dhuirn. Ní thiocfaidh siad arís anocht, mar tá sé ró-dhéidheannach; acht fair ar maidin iad agus bíodh geall go mbeidh siad ann." Gheall Tadhg nách fada go mbéadh sé ag éileamh na coróineach úd. Bhí sé i n-a shuidhe go breágh moch ar maidin. Ní raibh na luin dubha ag obair roimis. Níor thángadar i rith an lae, ná ní fheachathas iad i dtreó na háite lá ar n-a bháireach. B'fhéidir, arsa tusa, go rabhadar ann i nganfhios do Thaidhg. Mo thruagh thú! Ní fhéadfadh cuil eitilt thar druim an chró gan Tadhg á fheicsint. Maidean an tríomhadh lae bhi na Breathnaigh ag cáitheadh choirce san bpáirc ar chul an tighe. Chonncadar dhá lon dubh ag gluaiseacht aniar treasna na páirce, acht ní fé dhéin an chró chuadar. Gan amhras bhí súil aca le gráinne coirce ar ball. "Má tá aon mhaith ionnta, a Thaidhg," arsa a athair, "tuillfir an choróin úd indiu. Beimíd ullamh annso láithreach, agus tioc- faidh na luin dubha chomh luath is fágfar an áit fútha féin. Tá súil aca le béile bhreágh as an mbarraghlach. Ná bíodh sé it mhéar ná it shúil muna dtabharfair-se béile dhóibh ná beidh aon iarraidh aca uirthi." "Agus cá bh'fhios duit an iad-san an dá cheann a dhein do dhíoghbháil, a athair?" "Is cuma liom. Mairbh-se iad, agus gheobhair an t-airgead a gheallas duit. Beidh sásamh éigin agam."
Do cáitheadh deireadh an choirce agus bhailigheadar isteach sa scioból é. Chuir Tadhg a ghunna fé ghléas, agus amach leis go binn an tighe. Bhí na luin dubha i n-imeall chairn an bharraghlaigh, agus iad ag piocadh ar a ndícheall. Pé rud a bhain preab asta, do léimeadar, agus isteach leo i dtor aitinn a bhí ag fás ar thaoibh an chlaidhe. Níor chaith Tadhg leo. D'fhanfadh sé go fill- fidís. Thug sé tamall annsan ag faire ortha, acht níor thángadar. "Ní haon tairbhe dhom a bheith im leathadh féin annso go fóill," ar seisean. "Raghad isteach agus caithfidh mé mo chuid bídh. B'fhéidir go mbeidís annso rómham ar mo theacht thar n-ais dam." Bhíodar roimis ann gan amhras an ath-uair. Pé rud a stiúruigh muc reamhar an bealach, bhí sí ann chomh maith leo. Chuaidh Tadhg ar scáth toir ag feitheamh nó go bhfaghadh sé faill chum pléasctha ortha. Ní raibh aon radharc aige ar an gciairsigh. Báidh éigin, ní fuláir, a bhí ag an muic leis an ngob dearg: de réir mar thómhachadh an mhuc bhí an lon dubh ag piocadh uaithi. Do shocruigh Tadhg i n-a aigne ceann aca do mharbhadh, agus, muna dtiocfadh leis an dara ceann a leagadh ar an láthair sin, an ceann soin a leanamhain, dá dtógfadh sé go hoidhche uaidh a anam a bhaint dé. Acht ní mar cheaptar a thuiteann amach i gcómhnuidhe. Tagann toradh as an bhfoidhne. I gcionn tamaill do phreab an gob dearg i n-áirde ar muin na muice. Anois an t-am aige. Ní raibh an mhuc thar dhachad troigh uaidh. Bhí a chroidhe ag preab- arnaigh le háthas. Ní mór ná gur mhothuigh sé an choróin i n-a phóca cheana féin; nó, mara raibh, ní fada go mbeadh. Dhírigh sé ar an ngob dearg agus do chaith. Huth! Léim na luin dubha - an dá cheann - agus d'imthigheadar thar claidhe gan bac ná bárthain ar cheachtar aca. Ní mar sin don mhuic bhocht. Do leig sise scread aisti, agus siúd fé dhéin na beárnan í agus sruthán fola ar sileadh léi. Ní ráinig léi an bheárna do chur dí chum gur thuit sí. Pé creathán a tháinig i láimh Thaidhg, do lámhaigh sé go marbhthach an mhuc. Chuaidh cheithre ghráinne as an ngunna thré lár a croidhe anonn, agus níor éirigh sí as an láthair mar ar thuit sí. Ní lá fós é, mara bhfuair Tadhg bearrthóireacht, agus ní gábhadh dhom a rádh nár tugadh aon choróin dó. Deireadh sé féin
i n-a dhiaidh san go mbídís ag tathaint ar a athair an mhuc a mharbhadh dhóibh, agus, an uair ná déanfadh sé rud ortha, gur mhairbh sé féin ar an gcuma soin í. Acht ní ghéilleadh éinne dhó. Thuig- eadar gur ag déanamh leathscéil a bhíodh sé. Pé uair a chídheadh na cómhursain gunna aige ón lá soin amach, d'fhiafruighdís dé ar mhairbh sé aon lon dubh le déidheannaighe. (A chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services