Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe. III - An Peata.

Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. III - An Peata.
Author(s)
Ó Conchubhair, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe.



MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh.
do scríobh.



III. - AN PEATA.



CUID A hAON. - AN PEATA AR SCOIL.



Deich mbliadhna fichead ó shoin, nuair bhí Tadhg Breathnach ag
dul ar scoil, ní raibh a shamhail eile de pheata ar na dtaoibh istigh
de Pharóiste Bhaile an Bhóthair. Tadhg an Choinnlín a tugadh mar
leas-ainm air - go dearbhtha ní raibh éinne le dul ó leanbhaíbh na
scoile céadna gan athbhaiste do dhéanamh air. Ní fheacathas
Tadhg riamh ar scoil gan pinginn i gcómhair milseán i n-a phóca
aige; agus, muna mbeadh an phinginn oireamhnach ag a mháthair le
tabhairt dó, d'fhanfadh Tadhg san mbaile.



B'shin cuid dá pheatuigheacht. Acht níor bh'é an t-iomlán é.
Choimeádfadh súgán sneachtaidh istigh ó scoil é. Bhíodh tinneas
fiacail air trí huaire níosa mhincí 'ná ar aon leanbh eile théigheadh
ar an scoil úd. Dá mbeadh aon deallramh báistighe ar an lá,
níor bheag soin. Ní fheicfidhe Tadhg ar scoil an lá soin.



Ó deineadh tagairt do na milseánaibh ó chianaibh, ní miste
cur síos annso ar rud a thuit amach do Thadhg lá mar gheall
ortha. Do chómhnuigh bean díolta na milseán achar beag siar ó
thigh na scoile, agus bhí tigh Thaidhg leathmhíle slighe soir uaidh. Ní
fhéadadh Tadhg dul ag ceannach na milseán gan gabháil thar tigh
na scoile siar dó. Lá de sna laetheantaibh, bhí sé ag sleamh-
nughadh leis siar, agus eagla an domhain air go bhfeicfeadh an
máighistir é. Ráinig leis an máighistir a bheith ar an dtaoibh istigh
de dhoras, agus do chonnaic sé an bioránach ag éalughadh leis ar
scáth an chlaidhe. Dhruid sé amach go béal an dorais agus
ghlaéidh air. D'fhill Tadhg go leisceamhail.



"Ní rabhais chum teacht ar scoil indiu leis, is dócha, a
Thaidhg?" ars' an máighistir, mar ní fheacathas Tadhg ar scoil le
trí lá.


L. 292


"Ó! bhíos, a mháighistir; acht theastuigh uaim anois tobac a
dh'fhagháil dom athair."



"Ná bac anois é," ar san máighistir. "Beidh uain do dhóthain
agat tráthnóna chuige."



D'fhan Tadhg; acht ní raibh sé istigh leis féin. Bhí dhá ubh lachain
i bpóca a chasóige aige i gcómhair na milseán, agus bhí eagla air
go mbrisfidhe air iad. Agus briseadh agus brúghadh is eadh fuair-
eadar. Ní raghadh oiread ó Roibeárd de Bhailís. Fuair sé faill
éigin gur dhein sé an gníomh aganfhios do Thadhg.



I gcionn scaithim bhig n-a dhiaidh san, bhí Tadhg i n-a shuidhe ar
shuidheachán agus an máighistir i n-a sheasamh ar a aghaidh amach.



"Faghaidh na peanna chun scríbhneóireachta," ar san máighistir.



Ráinig gur i bpóca na n-ubh a bhí peann Thaidhg. Ní raibh aon
amhras aige an díoghbháil a bheith déanta air. Sháthaigh sé síos a
lámh. Ba mhall leis an máighistir a bhí sé ag tógaint an phinn
amach. "Brostuigh ort, a gharsúin," ar seisean. Tharraig Tadhg
aníos a lámh fé dheireadh.



An máighistir féin a thosnuigh é. Do phléasc na gáiridhe air
chomh luath is chonnaic sé an lámh a tharraig Tadhg as a phóca. Bhí
lán a chroibh de bhuidheachán aige i dteannta an phinn. Níor
deineadh mórán maitheasa i dtigh na scoile an ceathramhadh uaire
chluig sin, agus bhí scéal Thaidhg ar fuaid na paróiste fé thuitim
oidhche.



Chuir imtheacht an lae úd stailc ar Thadhg, agus ní dheachaidh sé
ar scoil go ceann cóigthighis ón Luan a bhí chuige.



Coimeádadh Tadhg istigh ó scoil ar fad chomh luath is bhí na
cheithre bliadhna déag slánuighthe aige. Cad chuige, an dóigh leat?
Táim i n-amhras go ndéarfair gur theastuigh a chabhair ó n-a
athair, chun giollaidhecht an chapaill a dhéanamh, cur i gcás. Mo
thruagh gan tuigsint thú! Bhí an garsún ró-óg ró-bhog d'aon nídh
mar sin, má b'fhíor dá mháthair. Níor bh'eadh i n-aon chor, acht é
féin a rádh 'san mbaile nách raibh tuilleadh ag an máighistir le
múineadh dhó. B'ionann soin agus a rádh go raibh oiread fogh-
luma air féin is bhí ar an máighistir. Go bhfóiridh Dia orainn! Ní
fhéadfadh Tadhg leitir do scríobhadh dá mbeadh saoradh a anama
ag braith air. Agus ní ar an máighistir scoile a bhí an locht.
Ceann-chruaidh do b'eadh Tadhg, an dtuigeann tú?


L. 293


AN DARA CUID. - AN PEATA AGUS A GHUNNA.



'Seadh, d'fhan Tadhg an Choinnlín istigh ó scoil, agus fan faic
le déanamh san mbaile aige acht a ghoradh féin i gcúinne na
teine i rith an gheimhridh, agus bheith ag fiadhach nó ag iascach san
tsamhradh. Dá n-iarrfadh sé an nuadh-rae ar a athair, dhéanfadh an
t-athair bocht simplidhe iarracht ar í sholáthairt dó.



Im basa, ná beadh sé sásta choidhche nó gur ceannuigheadh
gunna dhó. Acht deónughadh Dé amháin, nár lámhaigh Tadhg é féin
nó duine éigin eile leis an ngunna céadna. Gheibheadh buachaill
eile ón gcomhursanacht amach le cois Thaidhg ar dtúis an uair bhí
sé tar éis an ghunna d'fhagháil; acht do cuireadh i n-umhail dó go
raibh bás obann i ndán dó, muna séanfadh sé an
chuideachta soin.



Bhíodar araon amuigh fén sliabh lá áirithe. Ní raibh éan ná
girrfhiadh ag bualadh leó, ar a shon go raibh cuid mhaith chuard-
uighthe déanta aca. Bhíodar tuirseach míobhuidheach dá n-aistear
an uair scuireadar tráthnóna, agus bhí an baile breis is dhá mhíle
slighe uatha. Shuidheadar cois carraige chum a n-anál do tharrac
i gcomhair an bhóthair. Bhuail Tadhg a dhrom leis an gcarraig,
agus bhí an fiaguidhe eile in a shuidhe ar a láimh chlé, troigh nó dhó
amach ón gcarraig. Níor bh'fhada go raibh Tadhg ar sodar ag
cur síos ar na héachtaibh a bhí déanta aige ó fuair sé gunna.



"Ar m'fhocal," ar seisean, "do chaitheas urchar an lá fé dheire
le londubh, agus mharbhuigheas ceann eile bhí ag gabháil tharm
agus gan aon choinne léi; acht d'imthigh an chéad cheann."



Bhí an buachaill eile beagnach bodhar ó bheith ag éisteacht le
sna scéaltaibh san, agus níor thug sé aon chluas leó.



"Mhaise," arsa Tadhg, fé chionn tamaill, "dá bhfeicfeá
Peadar Ó Gríbhthín an lá eile, dhéanfá gáire faoi. D'iarr sé an
gunna orm-sa go gcaithfeadh sé le préachán a bhí i mbárr chrainn
thoir san gcoill. Thugas dó é. chuir sé leis an ngualainn chlé
é agus do chaith. Is dócha gur baineadh geit as an bpréachán, acht
ba mhó 'ná soin an gheit a baineadh as féin. Ní raibh greim
daingean aige ar an ngunna ní fuláir, agus, an uair phléasc an
púghdar, do buaileadh Peadar i bpoll na cluaise leis an stoc.
Thuit an gunna ar an dtalamh, agus ní mór nár deineadh smidir-
ínidhe dhé; acht creid mise leis ná béarfaidh Peadar i n-a láimh
go fóill arís ar ghunna. Ar airighis riamh a leithéid, gunna a chur
leis an ngualainn chlé chun urchar a chaitheamh as?"


L. 294


"Ní dócha," ar san buachaill eile, "go mbeadh bac ar dhuine
gunna do dhíriughadh ar an gcuma soin. Cad ba ghábhadh dhó a
dhéanamh acht an tsúil dheas a dhúnadh?"



"Féach anois! níor chuimhnigheas riamh air sin."



Ní raibh aire ná éisteacht ag an mbuachaill á thabhairt dó um
an dtaca so. Bhí a shúil aige i ndiaidh choirriasc leathan-sciath-
ánach a gluais chúcha aniar ón bhfairrge. Bhí sé dá faire féachaint
an ísleóchadh sí chum talmhan i n-aon chomhngar dóibh. Ní raibh
focal ag ceachtar aca á labhairt anois.



A dhuine mo chroidhe 'stigh! Pé útamáil a bhí ag Tadhg leis an
ngunna, d'imthigh an t-urchar thar cluais an bhuachalla eile amach.
Ba ghearr an mhoill air siúd bonna na gcos a chur faoi.



"Cad chuige dhuit," ar seisean, "an cleas úd a dh'imirt
orm?"



Bhí Tadhg chomh bán leis an gcailc, agus gan ann focal a rádh.



"A Dia na bhfeart!" ars' an buachaill, "tá sé marbh, agus
tabharfar mise chum cúnntais mar gheall air."



Do ghlaeidh sé aríst:



"A Thaidhg, an bhfuilir marbh?"



"Ní - ní - ní fheadar, nílim. Ó! is baoghalach go bhfuilim,"
do fhreagair Tadhg, i nguth fann.



"Dhe, croith suas tu féin, a dhuine. Ní dóigh liom go bhfuil
seóid ort. Seo, éirigh it sheasamh," agus do rug sé ar láimh
Thaidhg.



"Ó! mo chroidhe - mo chroidhe," ar seisean.



"Ná dubhraís ó chianaibh nár imthigh aon nídh ort," ars' an
buachaill.



"Ó! a dhuine, an phreab a baineadh asam. Mheasas go rabhais
lámhachta, agus gur mé féin ba chionntach leis. Tusa fé ndeara
an tionóisc úd a thuiteam amach orm. Bhíos ag féachaint an
bhféadfainn an gunna do dhíriughadh ón ngualainn chlé, fé mar
dheineann Peadar Ó Gríbhthín. Thárla go raibh an casúr i n-a
sheasamh aganfhios dom. Luigheas mo mhéar ar an inneal. Do
leagas an casúr agus tugadh caoi imtheachta don urchar. Dar
fiadh! marar mheasas go rabhais socair agam."



Ghluaiseadar ortha abhaile. Ó'n lá soin amach, ní fheacaidh
éinne an bheirt i n-aon bhóthar ag fiadhach.


L. 295


Bhí Tadhg i n-a aonar lá eile, agus é ag glanadh an ghunna ar
aghaidh dorais an stábla amach. Ar ádhbhraíbh an tsaoghail ba
philéar a bhí mar urchar ann an lá céadna. Is dóigh liom go raibh
sé ceaptha ar dhul fé dhéin an chnuic féachaint an dtiocfadh sé
suas le broc, mar go bhfuair sé tuairisc go bhfeacaidh Donnchadh
na Bó ceann thíos i gCum an Áir. Breille gan cruinneas
a b'eadh Tadhg an lá a b'fhearr a bhreacuigh riamh, agus ní raghadh
oiread uaidh gan tuaiplils a dhéanamh ar an ócáid seo leis.
Scaoil sé an piléar ar siubhal, agus cá n-imtheóchadh sé acht tré
dhoras an stábla isteach. Bhí sean-láir 'san stábla, agus fuair
sí an piléar san gceathramhain. Níor bh'fholláin dí: lá oibre ar
fóghnamh níor dhein sí arís go ló a báis.



AN TRÍOMHADH CUID. - LÁMHACH NA MUICE.



Ón lá soin amach bhíodh Tadhg an-aireach air féin. Tuigeadh
dó gur bhaoghalach do dhuine agus do bheithidheach a bheadh i n-aon
chomhgar dó an fhaid a bheadh gunna ar iomchur aige. Is fánach a
bheireadh sé an gunna ar dtaoibh amach de dhoras, agus líonfadh
sé suas de mheirg mura mbeadh go raibh Tadhg beartuighthe
ar gan préachán fhágaint i nÁrd na gCaorach gan "pianta báis
agus buan-éaga d'imirt air."



I dtosach an Earraigh a bhí chuige do chuir athair Thaidhg cró na
muc fé chlúdach breágh dín. Dubhairt sé i n-a aigne féin nár
bhaoghal aon bhraon anuas a bheith ann roimh Nodlaig na haith-
bhliadhna, pé saghas aimsire thiocfadh. Bhí soin go maith go bhfuair
na luin dubha eolas na háite, agus go dearbhtha déarfadh éinne
gur cogar a fuaireadar. Ní mór go raibh an scolb déidheannach
sáithte ag an mBreathnach gur bhuail dhá cheann aca fé dhéin
an chró - ciairseach agus gob dearg. Bhíodar chomh mórdhálach
is dá mba i n-a gcómhair féin ar leithligh do cuireadh díon ar an
gcró. Chromadar ar scríobadh agus ar chíoradh, agus níor
bh'fhada an mhoill ortha beagán treabhtha do dhéanamh. Um thráth-
nóna do rug cúram éigin an Breathnach i n-aice an chró. Chonnaic
sé an réabadh dá dhéanamh i n-a chuid oibre, agus ní mór nár chuir
an radharc an liathbhuidhe air.



Siúd fé dhéin tighe na muinntire é. Tadhg an chéad duine
bhuail leis.


L. 296


"A Thaidhg," ar seisean, "ar mhaith leat coróin a thuilleamh
duit féin?"



"Ba mhaith, i nDomhnach," arsa Tadhg, "acht go bhfaghainn go
bog í. Cad n-a thaoibh?"



"Mar go bhfuil scrios déanta i mullach an chró ag dhá
lon dubh, go marbhaidh an bás íad. Chuadhas soir ag féachaint iar
anois díreach, agus cad a bheadh ann romham 'ná mo dhá ropaire
ag obair ar a ndícheall. Is maith an bhail ortha ná fuil greidhm
agam ortha. Ghlanadar leó chomh luath is chonnacadar mise
ag cur an chúinne soir díom, agus ní déarfainn ná gur ag
magadh fúm a bhíodar agus an scread lúthgháireach a leigeadar
asta. Anois, tá gunna agat-sa, agus déanfaidh mé margadh
leat. Mairbh an dá cheann dom, agus tá píosa coróineach agam
le cur i gcúl do dhuirn. Ní thiocfaidh siad arís anocht, mar tá sé
ró-dhéidheannach; acht fair ar maidin iad agus bíodh geall go
mbeidh siad ann."



Gheall Tadhg nách fada go mbéadh sé ag éileamh na coróineach
úd.



Bhí sé i n-a shuidhe go breágh moch ar maidin. Ní raibh na luin
dubha ag obair roimis. Níor thángadar i rith an lae, ná ní
fheachathas iad i dtreó na háite lá ar n-a bháireach. B'fhéidir,
arsa tusa, go rabhadar ann i nganfhios do Thaidhg. Mo thruagh
thú! Ní fhéadfadh cuil eitilt thar druim an chró gan Tadhg
á fheicsint.



Maidean an tríomhadh lae bhi na Breathnaigh ag cáitheadh
choirce san bpáirc ar chul an tighe. Chonncadar dhá lon dubh ag
gluaiseacht aniar treasna na páirce, acht ní fé dhéin an chró
chuadar. Gan amhras bhí súil aca le gráinne coirce ar ball.



"Má tá aon mhaith ionnta, a Thaidhg," arsa a athair, "tuillfir
an choróin úd indiu. Beimíd ullamh annso láithreach, agus tioc-
faidh na luin dubha chomh luath is fágfar an áit fútha féin. Tá
súil aca le béile bhreágh as an mbarraghlach. Ná bíodh sé it mhéar
ná it shúil muna dtabharfair-se béile dhóibh ná beidh aon iarraidh
aca uirthi."



"Agus cá bh'fhios duit an iad-san an dá cheann a dhein do
dhíoghbháil, a athair?"



"Is cuma liom. Mairbh-se iad, agus gheobhair an t-airgead
a gheallas duit. Beidh sásamh éigin agam."


L. 297


Do cáitheadh deireadh an choirce agus bhailigheadar isteach sa
scioból é. Chuir Tadhg a ghunna fé ghléas, agus amach leis go
binn an tighe. Bhí na luin dubha i n-imeall chairn an bharraghlaigh,
agus iad ag piocadh ar a ndícheall. Pé rud a bhain preab asta,
do léimeadar, agus isteach leo i dtor aitinn a bhí ag fás ar
thaoibh an chlaidhe. Níor chaith Tadhg leo. D'fhanfadh sé go fill-
fidís. Thug sé tamall annsan ag faire ortha, acht níor thángadar.



"Ní haon tairbhe dhom a bheith im leathadh féin annso go
fóill," ar seisean. "Raghad isteach agus caithfidh mé mo chuid
bídh. B'fhéidir go mbeidís annso rómham ar mo theacht thar n-ais
dam."



Bhíodar roimis ann gan amhras an ath-uair. Pé rud a stiúruigh
muc reamhar an bealach, bhí sí ann chomh maith leo. Chuaidh Tadhg
ar scáth toir ag feitheamh nó go bhfaghadh sé faill chum pléasctha
ortha. Ní raibh aon radharc aige ar an gciairsigh. Báidh éigin, ní
fuláir, a bhí ag an muic leis an ngob dearg: de réir mar
thómhachadh an mhuc bhí an lon dubh ag piocadh uaithi.



Do shocruigh Tadhg i n-a aigne ceann aca do mharbhadh, agus,
muna dtiocfadh leis an dara ceann a leagadh ar an láthair sin,
an ceann soin a leanamhain, dá dtógfadh sé go hoidhche uaidh a
anam a bhaint dé. Acht ní mar cheaptar a thuiteann amach i
gcómhnuidhe.



Tagann toradh as an bhfoidhne. I gcionn tamaill do phreab
an gob dearg i n-áirde ar muin na muice. Anois an t-am aige.
Ní raibh an mhuc thar dhachad troigh uaidh. Bhí a chroidhe ag preab-
arnaigh le háthas. Ní mór ná gur mhothuigh sé an choróin i n-a phóca
cheana féin; nó, mara raibh, ní fada go mbeadh. Dhírigh sé ar an
ngob dearg agus do chaith. Huth! Léim na luin dubha - an dá
cheann - agus d'imthigheadar thar claidhe gan bac ná bárthain ar
cheachtar aca.



Ní mar sin don mhuic bhocht. Do leig sise scread aisti, agus
siúd fé dhéin na beárnan í agus sruthán fola ar sileadh léi. Ní
ráinig léi an bheárna do chur dí chum gur thuit sí. Pé creathán a
tháinig i láimh Thaidhg, do lámhaigh sé go marbhthach an mhuc. Chuaidh
cheithre ghráinne as an ngunna thré lár a croidhe anonn, agus
níor éirigh sí as an láthair mar ar thuit sí.



Ní lá fós é, mara bhfuair Tadhg bearrthóireacht, agus ní
gábhadh dhom a rádh nár tugadh aon choróin dó. Deireadh sé féin


L. 298


i n-a dhiaidh san go mbídís ag tathaint ar a athair an mhuc a
mharbhadh dhóibh, agus, an uair ná déanfadh sé rud ortha, gur mhairbh
sé féin ar an gcuma soin í. Acht ní ghéilleadh éinne dhó. Thuig-
eadar gur ag déanamh leathscéil a bhíodh sé. Pé uair a chídheadh
na cómhursain gunna aige ón lá soin amach, d'fhiafruighdís dé ar
mhairbh sé aon lon dubh le déidheannaighe.



(A chríoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services