Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. CÉIMSEATA EÚCLILD: Eoghan Ó Neachtain: Connradh na Gaedhilge. Is beag Gaedheal atá ag saothar ar son na Gaedhilge ná go mbeireann taom éadóchais é idir dhá linn, nuair fhéachann sé ar an saoghal mór ag gluaiseacht go breagh buacach mórdtimcheall air agus é féin is dorn beag daoine n-a theannta ag iarraidh an saoghal sain a chasadh ar a slighe féin. Cuirtar i leith muinntir na Gaedhilge go minic, go bhfuil a saothar go léir i n-aistear, mar ná hoireann an Ghaedhilg don tsaoghal nua so i n-aon chor; nach féidir cúrsaí gnótha an tsaoghail indiu a dhéanamh innti; go bhfuil sí ró- sheannda; go bhfuil meirg na mbliadhanta imthighthe chomh mór sain i smior aici ná fuil dul ar í athghabháil agus í chur fé ghléas chun gnó an lae indiu a dhéanamh innti. Cionnus d'fhéadfaidhe an Ghaedhilg a lúbadh agus a chlaonadh ar chor go bhféadfaidhe luighe isteach léi anois - teanga atá chomh fada sain curtha ar ceal ag lucht léighinn, agus gan de ghnó á dhéanamh léi, acht bheith 'n-a ghléas urlabhra ag tuathachaibh gan tabhairt suas gan léigheann? Don aicme cháinte atá tugtha don tsaghas sain cainnte ní beag mar fhreagra ortha a iarraidh ortha, macleabhar de CHÉIMSEATA EÚCLID d'fhagháil agus a léigheadh. B'fhéidir, dar léo, ná fuil annsain acht iarracht bheag i leathanfhaithche an léighinn, agus gur rómhór agus rófhairsing í an ithir ealadhan atá le hoibriughadh annsain don tseanúirlis chaithte atá mar theangain labhartha ag Clannaibh Gaedheal na fichmhadh aoise. Go deimhin, chun na fírinne a innsint ní hannamh i n-aon chor do lucht scríobhtha agus lucht aithbeodhuighthe na Gaedhilge - 'sé sin an chuid díobh a dheineann aon mhachtnamh ar a ngnó - ní hannamh dóibh ag casadh le fuascailt oireamhnach a sholáthar don Ghaedhilg ón dtreó atá uirthi toisc faillighe na mbliadhanta. Don té a ghlacann imnidhe n-a thaobh so, níl amhras ná go ngríos- faidh an leabhar so é, de bharr a fheabhas mar ar tháinig leis an nGaedhilg an méid gnótha a bhí le déanamh aici ann, do chur di go soiléir sothuigsionach, cé go mb'fhéidir iarracht ní b'fhearr a dhéanamh thall 's abhfus sa cheapadh focal a deineadh léi. I n-aon ghnó dá leithéid seo, tá dhá nídh, ar a laighead, atá riachtanach chun é dhéanamh le haon tslacht. Tá ar an gcéad dul síos, nach fuláir don té thugann fé atharrughadh go Gaedhilg a dhéanamh, eólas cruinn a bheith aige ar pé nídh ar a bhfuil ag trácht. N-a theannta sain, níor mhór dó bheith cumasach ar an eólas sain do chur i dtuigsint don tsluagh i gcainnt nádúrtha. Ní fuláir cainnt do thoghadh a bheidh dílis do réim na Gaedhilge agus a bheidh freagarthach sothuigsionach don aigne Ghaedhealach. Má dheinimíd an leabhar so do mheas do
réir na gcoingheall so - agus is sin iad an dá nídh is mó agus is géire a theastóghaidh uainn - ní féidir gan an iarracht do mholadh. Teipeann ar shuidheamh na cainnte annso agus annsúd, acht b'fhéidir gurab é a liacht focal nua neamh-coitchianta nár bh'fhuláir a thabhairt isteach atá n-a bhun leis sin. Tríd is tríd, ámh, is ionmholta an leabhar é. Céim mhór ar aghaidh iseadh é don Ghaedhilg. Na céadta iarracht dá shaghas a theastuigheann uainn, mar go dtí go ndéanfar sain, ní rómhaith an bhail a bheidh orainn. Badh lag an mhaise dhúinn, aon fhonn mór a bheith orainn chun lorg mion-lochtaí ionnta an fhaid agus do bheadh breis ag teacht dóibh. Ní mór an pobal a chur i dtaithighe na nuafhocal is na n-ealadhan ar dtúis. Chomh luath agus raghaid siad n-a dtaithige agus nuair a bheidh caidreamh curtha aca ar an iasacht, tiocfaidh géar-chúis chúcha dá thoradh. Go dtí sain ná bactar do mhionlochtaíbh. BEIRT DHRUADH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services