Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



CÉIMSEATA EÚCLILD: Eoghan Ó Neachtain: Connradh na Gaedhilge.



Is beag Gaedheal atá ag saothar ar son na Gaedhilge ná go mbeireann
taom éadóchais é idir dhá linn, nuair fhéachann sé ar an saoghal mór ag
gluaiseacht go breagh buacach mórdtimcheall air agus é féin is dorn beag
daoine n-a theannta ag iarraidh an saoghal sain a chasadh ar a slighe féin.
Cuirtar i leith muinntir na Gaedhilge go minic, go bhfuil a saothar go léir i
n-aistear, mar ná hoireann an Ghaedhilg don tsaoghal nua so i n-aon chor; nach
féidir cúrsaí gnótha an tsaoghail indiu a dhéanamh innti; go bhfuil sí ró-
sheannda; go bhfuil meirg na mbliadhanta imthighthe chomh mór sain i smior aici
ná fuil dul ar í athghabháil agus í chur fé ghléas chun gnó an lae indiu a
dhéanamh innti. Cionnus d'fhéadfaidhe an Ghaedhilg a lúbadh agus a chlaonadh ar
chor go bhféadfaidhe luighe isteach léi anois - teanga atá chomh fada sain curtha
ar ceal ag lucht léighinn, agus gan de ghnó á dhéanamh léi, acht bheith 'n-a ghléas
urlabhra ag tuathachaibh gan tabhairt suas gan léigheann?



Don aicme cháinte atá tugtha don tsaghas sain cainnte ní beag mar
fhreagra ortha a iarraidh ortha, macleabhar de CHÉIMSEATA EÚCLID d'fhagháil
agus a léigheadh. B'fhéidir, dar léo, ná fuil annsain acht iarracht bheag i
leathanfhaithche an léighinn, agus gur rómhór agus rófhairsing í an ithir ealadhan
atá le hoibriughadh annsain don tseanúirlis chaithte atá mar theangain
labhartha ag Clannaibh Gaedheal na fichmhadh aoise.



Go deimhin, chun na fírinne a innsint ní hannamh i n-aon chor do lucht
scríobhtha agus lucht aithbeodhuighthe na Gaedhilge - 'sé sin an chuid díobh a
dheineann aon mhachtnamh ar a ngnó - ní hannamh dóibh ag casadh le fuascailt
oireamhnach a sholáthar don Ghaedhilg ón dtreó atá uirthi toisc faillighe na
mbliadhanta. Don té a ghlacann imnidhe n-a thaobh so, níl amhras ná go ngríos-
faidh an leabhar so é, de bharr a fheabhas mar ar tháinig leis an nGaedhilg an
méid gnótha a bhí le déanamh aici ann, do chur di go soiléir sothuigsionach, cé go
mb'fhéidir iarracht ní b'fhearr a dhéanamh thall 's abhfus sa cheapadh focal a
deineadh léi.



I n-aon ghnó dá leithéid seo, tá dhá nídh, ar a laighead, atá riachtanach chun é
dhéanamh le haon tslacht. Tá ar an gcéad dul síos, nach fuláir don té
thugann fé atharrughadh go Gaedhilg a dhéanamh, eólas cruinn a bheith aige ar pé
nídh ar a bhfuil ag trácht. N-a theannta sain, níor mhór dó bheith cumasach ar
an eólas sain do chur i dtuigsint don tsluagh i gcainnt nádúrtha. Ní fuláir
cainnt do thoghadh a bheidh dílis do réim na Gaedhilge agus a bheidh freagarthach
sothuigsionach don aigne Ghaedhealach. Má dheinimíd an leabhar so do mheas do


L. 283


réir na gcoingheall so - agus is sin iad an dá nídh is mó agus is géire a
theastóghaidh uainn - ní féidir gan an iarracht do mholadh. Teipeann ar shuidheamh
na cainnte annso agus annsúd, acht b'fhéidir gurab é a liacht focal nua
neamh-coitchianta nár bh'fhuláir a thabhairt isteach atá n-a bhun leis sin. Tríd is
tríd, ámh, is ionmholta an leabhar é. Céim mhór ar aghaidh iseadh é don Ghaedhilg.
Na céadta iarracht dá shaghas a theastuigheann uainn, mar go dtí go ndéanfar
sain, ní rómhaith an bhail a bheidh orainn. Badh lag an mhaise dhúinn, aon fhonn
mór a bheith orainn chun lorg mion-lochtaí ionnta an fhaid agus do bheadh breis
ag teacht dóibh. Ní mór an pobal a chur i dtaithighe na nuafhocal is na
n-ealadhan ar dtúis. Chomh luath agus raghaid siad n-a dtaithige agus nuair a
bheidh caidreamh curtha aca ar an iasacht, tiocfaidh géar-chúis chúcha dá thoradh.
Go dtí sain ná bactar do mhionlochtaíbh.



BEIRT DHRUADH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services