Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clódhanna Nua. IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD. Ar n-a chur amach do Chonnradh Chuilm Naomhtha. Baile Átha Cliath: M. H. Gill agus a Mhac. Scilling a luach. Badh mhian liom a lán a rádh i dtaobh an Irisleabhair, acht deir an Fear Eagair liom gan bheith faidscéalach nó go dteipfidh air slighe d'fhagháil dam. Tá feabhus ar an Irisleabhar so tar gach ceann dá dtáinig roimhe. Is mór an rádh é sin, acht tá an fhírinne ann. Tespeánann an tIrisleabhar dam i gcomh- nuidhe a dhéine atá Colláiste Muighe Nuadhad is a dhaltaí dilse ag treabhadh na dtonn fé dhéin cuain an Ghaedhlachais. Bíonn an obair ar siubhal i ganfhios don tsaoghal acht amháin go bhfuighmíd amharc ar a thoradh, uair sa bhliadhain, ins an Irisleabhar. Ó na cunntaisí do-gheibhmíd san uimhir seo, is follus go bhfuil an Ghaedhilg ag dul i dtreise sa Cholláiste is go bhfuil Pádraig is Colm Cille ag cabhrughadh le n-a gcloinn is le n-a n-oighríbh chirt abhfus. A bhuidhe le Dia go bhfuil soin mar sin. Ní dhéanfad aireamh ar na soghluistí atá sa uimhir seo dhen Irisleabhar. Táid ann go líonmhar i nGaedhilg is i mBéarla, agus iad ag breith an bhárra ó n-a chéile ar ghontacht is ar thaitneamhaidheacht. Do thaitn "go seóig" liom féin an t-alt breagh ciallmhar atá i gcló ann ón nDochtúir Ó Síothchain, agus tá súil agam go ndéanfaid scríbhneoirí na Gaedhilge rud air. Tráth contabhartach iseadh an tráth so i ndálaibh litridheachta na Gaedhilge, agus níor mhiste dhúinn liobarnacht cainnte a sheachaint i gcomhnuidhe. Athchuinghim ar gach léightheóir d'IRISLEABHAR NA GAEDILGE Irisleabhar Muighe Nuadhad a cheannach is a mhionscrúdughadh. Cuirfidh sé áthas croidhe agus "méadughadh meanmann" air. GLAS MAC DUIBH. OITEAGAN Ó'N IAR Breezes from the West. Le Iain Mac Cormaig; fó láimh Chalum Mhic Phárlain. Paisley: Alexander Gardner. Is fada ná feacamar leabhar ba dheise dealbh is cló iná na leabhar céadna soin na n-oiteagan. Agus tá an t-adhbhar dá réir. Ní hiongnadh linn soin agus a theacht ó láimh ar nduine muinntearda Calum Mac Phárlain. Dornlach de scéaltaibh is de chomhráidhtíbh is eadh é, agus, rud is fearr ná a chéile, tá iarr- acht dá dhéanamh ann ar ghnáth-shaoghal Gaedheal na hAlban a chur ar phár i n-a dteangain féin. Tá ag éirighe go maith le Iain Mac Cormaig, agus de réir dheallraimh cloisfear uaidh arís. Isé gnáth-saoghal an lae indiu is mó atá ag déanamh buartha do Iain. Go deimhin is beag duine nach mar sin atá an scéal aige, agus níor mhiste dhúinn-na i nÉirinn gan an méid sin a leigean ar dí- chuimhneamh nuair a chuirimíd chun scéalta nuadhéanta a cheapadh. Tá ciúta an scéaluidhe go maith ag Iain. Ó thosach go dtí deireadh an leabhair, bíonn ag duine gach re dtamall ar ghol 's ar gháire. Tá súil againn go seólfar i dtreo na hÉireann mórchuid de sna hOiteagan so, agus ní bréag a rádh go bhfuil ceacht le foghluim ag an uile scríbhneóir dá bhfuil againn abhfus. Cuiridís fios air. SAOGHAL-RÉ SHEATHRÚIN CÉITINN. Riseárd Ó Foghludha .i. "Fiachra Eilgeach" do scríbh. Baile Átha Cliath: Muinntir an Ghoill, teo. Leathréal. Ní ghábadh an leabhar beag so a mholadh dho leightheóiríbh an IRISLEABHAIR. Athchló is eadh éa ar an aiste a bhí sa pháipéar so. Gach blúire eóluis ar bheatha Chéitinn dá bhfuil ar fagháil tá bailighthe is curtha i dtoll a chéile annso ag Fiachra, agus soin le dúthract is le gléire glóir. Is fada suim ag Fiachra á chur i n-oibreachaibh is i mbeatha Chéitinn, agus tá againn sa leabhar beag so cunntas ar a bhfuil faghálta aige go dtí so. Gheobhaidh sé tuilleadh gan amhrus. Taghdáluidhe maith is eadh é. Tá dhá cheann de pheictiúirí beaga taitneamhacha a gabháil leis an scéal, agus is maith an deis ar an leabhar iad. Féachann an leabhar go piocaithe snasta. Go deimhin is mór an chreideamhaint don Chló- chumann é. Do b'fhéidir feidhm a bhaint as an leabhar so mar adhbhar léightheoir- eachta i rangaibh uachtair ár scol is i gcraobhchaibh an Chonnradh. Leabhair dhen tsórd so a chuirfidh ar dhaoinibh óga flosc chun stuidéir chruinn a dhéanamh ar stair ár dtíre duthchuis.
Léightheóirí an IRISLEABHAIR a chuireann spéis i gceól is i n-amhránaidheacht, molaimíd dóibh an leabhar so d'fhagháil. Furmhór na n-amhrán ann is amhlaidh fríth ó bhéalaibh daoine iad. Táid chomh Gaedhlach is do b'fhéidir iad d'fhagháil, go háirithe "Slieve Gallon Braes" agus "A Éire, gaibh áthus." Tá ainm mhór ar Chaireall Hardebeic i dtaobh ceóil, agus go mór mór i dtaobh a fheabhus atá chun deisiughchán ar fonnaibh Gaedhlacha. Is follus soin as an dtaighde do dhein dtaobh an leabhair seo. Ná cloisimís a thuilleadh daoine á rádh ná fuil amhráin oireamhnacha sa Ghaedhilg. Nuair a bheidh an mhéid seo caithte, gheobhmíd tuilleadh ó Chaireall Hardebeic. Ní haon díoghbháil iad d'fhágaint féidh. Go maire sé a Seóda binne ceóil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services