Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar déantar uisge beatha
Title
Mar déantar uisge beatha
Author(s)
Mag Fhionnlaoigh, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mar déantar uisge beatha Déantar tuilleadh agus 60,000,000 galún biotáile (do réir láidreachta prúf) gach uile bhliadhain 'san Ríoghacht Aontuighthe. Ní'l dearbh-chúntas againn ar an gcaindigheacht a déantar i ngach roinn de'n Ríoghacht acht is féidir linn tuairim chomhgarach do thabhairt uirri. Bhí aon tigh deug déanta biotáile i Sasanaibh 'san mbliadhain so chuaidh tharainn. Bhí ocht ar fhichid aca i nÉirinn agus bhí fá thuairim céad go leith aca i nAlbain. Atá cuid mhaith de na tighthibh stilleadh i nAlbain nach bhfuil mórán méide ionnta. Tighthe déanta uisge- beatha pota is eadh iad, agus i dTuaisceart Alban atáid suidhte beagnach go léir. I nDeisceart Alban atá tighthe ina ndéantar mór-chuid bhiotáile agus atá sé cinnte go ndéantar i n-Albain i bhfad níos mó ná trian a bhfuil déanta de bhiotaille ins na tíorthaibh so. Atá sé cinnte mar an gcéadna go bhfuil i bhfad níos lugha ná trian déanta i Sasanaibh, agus is baramhail liom go bhfuil an biotáile a déantar i nÉirinn idir ceath- ramha agus trian de'n chaindighteacht iomlán, 'sé sin le rádh, idir 15,000,000 agus 20,000,000 galún 'san mbliadhain. Anois má mheasamaoid gur fiú leathchoróin gach galún de'n mhéid so, taobh amuich de'n cháin atá air, gheibhimíd fá thuairim dhá mhilliún punt mar dhío- laigheacht bhliadhantamhail ar bhiotáile déanta i nÉirinn gan trácht ar a ceithre oiread airgid dhíoltar do'n Riaghaltas as. Ní Éireannaigh dhíolas an t-airgead so go léir óir cuirthear uisge beatha Éireannach go dtí gach áird san domhan; agus siúd 's go bhfuil uisge- beatha Albanach ag breith buadha ar uisge beatha Éireannach le seal, chítear gur mór an gnó atá 'ga dhéanamh as biotáile i nÉirinn. Uisge beatha an biotáile is mó déantar i n-Éirinn, agus i nAlbain, acht i Sasanaibh, cuirthear blasanna éagsamhla ar an mbiotáile, aith-bhreisighthear é, agus díoltar é fá ainmneachaibh brannda gin agus a leithéidí eile. Mar is éigeantach blas agus baladh ceart do bheith ar uisge beatha go nádurdha, ní fuláir é do dhéanamh as adhbhar mhaith fholláin amhail braich, nó braich i n-aoin- fheacht le harbhar nádurdha. 'Sé an modh ann a ndéan- tar braich d'arbhar mar leanas .i. - Eorna an t-arbhar is mó déantar braich dhí. Cuirthear an eorna i bpoll nó i róightheach ceathair-chúinneach agus báidhtear í le huisge agus fágthar annsin í i gcionn lae nó dó. Tarraingthear an t-uisge dhi annsin agus fágthar amhlaidh í i gcionn lae eile. Ina dhiaidh sin sgapthar an eorna amach ar urlár, ar a trí nó a ceathair d'ordlaighibh ar dhoimhneacht, agus fágthar ar an urlar í ar feadh seachtmhaine nó coicthighthise do réir teasa na haimsire agus an chinéil bhracha theasduigheas ó'n mbraicheadóir. Is é tharluigheas do'n eorna nó do'n bhraich ar an urlár go bhfásann fréimhín agus beagáinín i ngach grán beagnach, agus athruighthear substaint na heorna tré san bhfás sin. Iompuighthear an eorna go minic ionnus go bhfásfaidh sí comhthrom, agus nuair mheasann an braicheadóir go bhfuil substaint na heorna athruighthe go leór tógann sé ó'n urlár í, agus cuireann sé ar áth í le n-a thiormughadh. Is é an fáth atá leis an saothrughadh bheirthear do bhraich, substaint no brígh éigin atá féidhmeamhail ag an stillearaidhe do mhéadugadh innti. Diastás thugaid lucht ealadhna ar an mbrígh so agus is é an cumas atá aige go n-athruigheann sé an stairs nó an stailc atá i ngach cineál arbhair go saghas siúcra. Anois is í an stairs atá 's an arbhar an tsubstaint as a ndéantar biotáile agus is éigin í d'athrughadh go cineál siúcra sul déantar uisge beatha dhi. Ag so an modh is coit- chinne ina ndéantar an t-athrughadh úd .i. : - Meiltear an t-arbhar agus an bhraich agus measgthar iad thríd a chéile i ndabhaigh mhóir i naoinfheacht le huisge te. 'Sé an teas is fearr 145º nó 150º do réir céime Fahrenheit. Mar gheall ar an diastás ar a dtráchta- mar cheana do bheith láithreach, coimhcheanglann cuid de'n uisge leis an stairs agus athruighthear an stairs go sórt siúcra agus leaghtar an siúcra san uisge. Is éigeantach roinn bracha do bheith i láthair, óir muna mbeadh diastás na bracha ní thiocfadh athrughadh ar bith ar an stairs, agus níor bh'fhéidir uisge beatha d'fhagháil aisti. Tar éis uaire nó dhó 'san dabaigh do'n braich agus do'n arbhar, tarraingthear an t-uisge dhíobh agus fágtar an
triosg, nó griodán na grána 'san dabhaigh. Braichlis is ainm do'n uisge so. Atá mórán siúcra leaghta innti, atá blas milis uirri, atá cuma glan uirri, agus atá sí níos truime ná fíor-uisge. Tarraingthear an bhraichlis tré shás fuaraighthe déanta de phíopaibh agus iad líonta le huisge fuar, agus i gcionn beagáin móiméinte fuaraighthear an bhraichlis go dtí teas oireamhnach, 'sé sin fá thuairim 70º nó 75ºF. Cruinnighthear an bhraichlis i ndabhachaibh móra agus cuirthear gabháil no giosda léi, go ndéanann sí fiuchadh nó oibriughadh. Ní le teas fhiuchas an bhraichlis mar nach mbíonn teas níos mó ná 90ºF léi uair ar bith, acht is é adhbhar an fhiuchta mar leanas í. Sórt mion-phlannda is í an ghabhail agus teastuigheann uaithi biadh éigin le n-ithe, agus gheibheann sí an biadh atá uathi 'san siúcra atá san mbraichlis. Briseann so suas an siúcra agus déantar dhá shubstaint nuadh i n-ionad an tsiúcra mar atá alcothal agus gail charbónach di. Éirigheann an ghail go * as an mbraichlis agus is é éalódh na gail ghníos (do gní) an fhiuchadh úd 'san mbraichlis. Fágthar an t-alcothal ar deireadh, measgtha le huisge agus le neithibh éigin eile atá mar salachar nó adhbhar truaillighthe dhó. Cineál leanna atá 'san mbraichlis anois agus atá d'fhiachaibh ar an stillearaidhe, nó an mbreiseadóir an t-alcóthal do bhaint as an uisge agus na neithe eile do dhealughadh uaidh chomh maith is is féidir leis é. Le pota dubh nó still, dealuighthear an t-uisge beatha. Atá dhá chinéal stille ann .i. an pota dubh nó an still choitcheann ags sás stilléarachta. Acht cibé cineál stille a ndeantar feidmh de, atá aon phríomh-fháth amháin le stilleardhacht. Ghníonn gail de alcothal le teas is lugha 'ná ghníonn gail d'uisge. Fiuchtar nó beirbhthear alcothal le 173ºF. de theas, agus ní fiuchtar uisge go gcuirthear 212ºF leis. Anois nuair atá an dá chuid measgtha tré na chéile má tugthar orra teas is mó ná 173ºF. éirigheann an t-alcothal 'na ghail acht amháin go dtógann sé cuid de'n uisge leis, atáid chomh tógtha sin le chéile. Ag so an obair déantar 'san bpota dhubh. Pota mór cruinn is eadh é déanta d'umha agus clúdaighthe chomh dluth sin is nach féidir do'n ghail dul as an bpota i n-áit ar bith acht amháin tré phíb mhóir atá ag éirghe ó cheann an phota. Nuair líontar an coire so le líonn stillear- dhachta, deargthar teine faoi thóin an phota agus tráth éirigheas teas an leanna go dtí breis ar 173ºF. éirigheann an t-alcothal i bhfoirm ghaile as an still. Bíonn cuid mhaith uisge i n-aoinfheacht leis agus na neithe úd eile da ngoirthear ola fiúsel, ola nádúrdha searbhán (= acid) agus a leithéidí eile. Atá an phíob éirigheas ó cheann na stille casta nós naithreach nimhe, agus sáithte i soitheach mór atá líonta le huisge fuar. Cliath túghthar mar ainm ar an bpíb so. Tráth shroicheann an ghail an roinn de'n chliath atá sáithte 'san uisge fhuar, fuaraigheann sí arís faoi theas 173ºF. agus déantar leaghthach (= liquid) dhi. Ritheann sí amach as an gcliath agus cruinnighthear í i soitheach oireamhnach. Biotáile atá ann anois acht atá sé truaillighthe go mór le barraidheacht uisge agus le substaintibh coimhightheacha eile. Caochan nó uisge beatha de'n cheud bhreiseadh tugthar ar an mbiotaile so, agus is éigeantach aith- stilleardhacht do dheanamh air sul is ion-ólta é. Cuirtear 'san bpota dhubh an dara feacht é agus téighthear arís é, agus ritheann sé thríd an gcúrsa chéadna agus tigeann amach 'na uisge beatha. Atá an t-uisge beatha so ró-úr le n-ól, mar atá mórán ola fiúsel agus searbháin ann fós, agus ní fuláir é do chur i dtaisgidh i mbairillíbh seal fada, má theastuigheann uisge beatha fíor-mhaith d'fhagháil. Fágthar uisge beatha Sheaghain Mhic Shéamais agus uisgí beatha maithe de'n chineál sin i lannaibh biotáile ar feadh a sé nó a seacht mbliadhan nó níos mó. Is iad na bairillí is fearr le deaghbhaladh agus deaghbhlas do chur ar uisge- beatha bairillí do bhí líonta cheana le fíon bhán Spáin- neach, nó fíon Searraí. Ní'l sé dearbhtha caidé an t-athrughadh thigeas ar uisge beatha atá i dtaisgidh i mbairillíbh, acht is dóighthe go laghduigheann na subs- tainte coimhightheacha ar a dtráchtamar cheana. Atá saghas eile de still ar a dtugas sás stilleardhachta. Sás daimhaireach dó-thuigsionta atá ann agus is eagal liom nach dtiocfaidh liom eolas cruinn do thabhairt do'n léightheoir i dtaoibh de gan níos mó sgríobhnóireachd 'ná chuireas romham féin do dhéanamh. Acht le teas déantar an t-alcothal do sgaramhain ó'n uisge agus ó na neithibh eile amhail mar dhéantar 'san bpota dhubh. Acht glantar an biotáile le haon riathidh amháin, agus atá sé níos glaine agus níos láidre ná biotáile an phota dhuibh. Cosnuigheann an sás so a ceithre nó a cúig mhíle punt, agus atá oiread píob ann is do shroichfeadh míl slighe dá mbeadh siad sínte amach díreach. Gidh gur biotáile glan láidir thigeas as an sás stilleardhachta, ní uisge bheatha maith é, mar atá sé gan bhaladh gan bhlas, beagnach. Biotáile tosdach ghlaodhtar air go minic. Acht déantar go saor é agus measgthar é le huisge beatha ar a bhfuil trom-bhaladh (uisge beatha Albanach le baladh deataigh mhóna cuirtear leis do ghnáth) agus is é is mó gheibhthear ins na tighthibh ósda ar fud na tíre. I mBéalfeirsde agus i nDoire déantar an chuid is mó de'n chineál so uisge beatha. Seoltar mór-chuid de tar lear, agus is amhlaidh is fearr é. Budh chóir damh beagán focal do sgríobh i dtaoibh de stilleardhacht neamh-dhlisdeanach .i. déanamh uisge- beatha gan chead do'n Riaghaltas agus gan fiú cáin do díol. I n-aitibh iargcúlacha is mó déantar uisge beatha mar so, agus is poitín tugthar mar ainm ar uisge beatha atá déanta amhlaidh. Bhí mór-chuid de déanta i nDún- na-ngall gur chuir Easpog Ratha-bhoth ar gcúl an déantas mar gheall ar an dochar do bhí sé a dhéanamh ar na daoinibh thré meisge agus diomhaoineas. Is dóighthe go bhfuil mórán poitín dá dhéanamh fós i gConndae Doire agus i gConndae Thíreoghain, i nIarthar Chonnacht agus i n-áitibh eile nach iad. Is annamh anois déantar poitín de bhraich, acht is minice déantar í de shiúcra leaghta, de dheasgúin, agus de gach uile shórt shalachair. I gcró nó i mbothán amuich ar na sléibhtibh déantar í go minic. Bíonn na huirléisí céadna ag a lucht déanta is do luaidheas cheana acht amhain nach
mbíonn siad chomh mór sin. Déantar an pota dubh agus a cheann de stán le tincéir fhánach, do ghnáth, cliath déanta d'umha is mó cuirtear i bhfeidhm acht corr-uair ní bhíonn ag lucht déanta poitín acht sean- phíob luaighe. Is iontuigthe nach ndéantar an biotáile so go ró-mhaith. Bíonn sé truaillighthe go mór le hola fiúsel, le searbhán, agus le na macsamhlaibh eile; agus mar nach bhfuil slighe chomhgarach le n-a chur i dtaisgidh, oltar é go ró-mhinic mar thigeann sé as an gcléith, agus is cinnte sin nach folláin an deoch í. Ar a shon sin is minic choncamar daoine macánta 'ga h-ól tur agus a phusa do ligheadh ina dhiaidh. Ní'l dearbh-chuntas ar cá h-uair rinneadh uisge beatha i nÉirinn ar dtús. Deirthear go bhfuair sáighdiúirí an dara Hannraoi, rí Sasan, uisge beatha i nÉirinn aimsear ghabhála Éireann. Acht atá amhras mór orrainn fá'n méid so. Ní airighmid go bhfuil focla fíor-Ghaedhilge ar neithibh bhaineas le deantas uisge beatha mar atá ar neithibh bhaineas le deantas leanna, agus is í mo bharamhail-se nach raibh an gnó so coitcheann i nÉirinn go dtí aimsir feoighte na Gaedhilge, .i. a dó nó a trí céad bliadhain ó shoin. Atá dochar agus sochar 'san gcéird so agus ní fios damh cia aca is feirrde dhúinn nó nach feirrde. Acht is eagal liom go mbeadh biotáile dá ól 'san tír dá mbéimis gan braon biotáile do dhéanamh, agus má's éigeantach dhúinn díoluigheacht do dhéanamh air, is fearr dhúinn an t-airgead do shaothrughadh 'san mbaile, ná é do chur thar lear ar ólachán amhail le gach déantas eile. Peadar Mag Fhionnlaoigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services