Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar déantar uisge beatha

Title
Mar déantar uisge beatha
Author(s)
Mag Fhionnlaoigh, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mar déantar uisge beatha



Déantar tuilleadh agus 60,000,000 galún biotáile
(do réir láidreachta prúf) gach uile bhliadhain 'san
Ríoghacht Aontuighthe. Ní'l dearbh-chúntas againn ar an
gcaindigheacht a déantar i ngach roinn de'n Ríoghacht
acht is féidir linn tuairim chomhgarach do thabhairt uirri.
Bhí aon tigh deug déanta biotáile i Sasanaibh 'san
mbliadhain so chuaidh tharainn. Bhí ocht ar fhichid aca i
nÉirinn agus bhí fá thuairim céad go leith aca i nAlbain.
Atá cuid mhaith de na tighthibh stilleadh i nAlbain nach
bhfuil mórán méide ionnta. Tighthe déanta uisge-
beatha pota is eadh iad, agus i dTuaisceart Alban atáid
suidhte beagnach go léir. I nDeisceart Alban atá
tighthe ina ndéantar mór-chuid bhiotáile agus atá sé
cinnte go ndéantar i n-Albain i bhfad níos mó ná trian
a bhfuil déanta de bhiotaille ins na tíorthaibh so. Atá
sé cinnte mar an gcéadna go bhfuil i bhfad níos lugha
ná trian déanta i Sasanaibh, agus is baramhail liom
go bhfuil an biotáile a déantar i nÉirinn idir ceath-
ramha agus trian de'n chaindighteacht iomlán, 'sé sin le
rádh, idir 15,000,000 agus 20,000,000 galún 'san
mbliadhain. Anois má mheasamaoid gur fiú leathchoróin
gach galún de'n mhéid so, taobh amuich de'n cháin atá
air, gheibhimíd fá thuairim dhá mhilliún punt mar dhío-
laigheacht bhliadhantamhail ar bhiotáile déanta i nÉirinn
gan trácht ar a ceithre oiread airgid dhíoltar do'n
Riaghaltas as. Ní Éireannaigh dhíolas an t-airgead so
go léir óir cuirthear uisge beatha Éireannach go dtí
gach áird san domhan; agus siúd 's go bhfuil uisge-
beatha Albanach ag breith buadha ar uisge beatha
Éireannach le seal, chítear gur mór an gnó atá 'ga
dhéanamh as biotáile i nÉirinn.



Uisge beatha an biotáile is mó déantar i n-Éirinn,
agus i nAlbain, acht i Sasanaibh, cuirthear blasanna
éagsamhla ar an mbiotáile, aith-bhreisighthear é, agus
díoltar é fá ainmneachaibh brannda gin agus a leithéidí
eile. Mar is éigeantach blas agus baladh ceart do
bheith ar uisge beatha go nádurdha, ní fuláir é do dhéanamh
as adhbhar mhaith fholláin amhail braich, nó braich i n-aoin-
fheacht le harbhar nádurdha. 'Sé an modh ann a ndéan-
tar braich d'arbhar mar leanas .i. - Eorna an t-arbhar
is mó déantar braich dhí. Cuirthear an eorna i bpoll
nó i róightheach ceathair-chúinneach agus báidhtear í le
huisge agus fágthar annsin í i gcionn lae nó dó.
Tarraingthear an t-uisge dhi annsin agus fágthar
amhlaidh í i gcionn lae eile. Ina dhiaidh sin sgapthar an
eorna amach ar urlár, ar a trí nó a ceathair d'ordlaighibh
ar dhoimhneacht, agus fágthar ar an urlar í ar feadh
seachtmhaine nó coicthighthise do réir teasa na haimsire
agus an chinéil bhracha theasduigheas ó'n mbraicheadóir.
Is é tharluigheas do'n eorna nó do'n bhraich ar an urlár
go bhfásann fréimhín agus beagáinín i ngach grán
beagnach, agus athruighthear substaint na heorna tré
san bhfás sin. Iompuighthear an eorna go minic ionnus
go bhfásfaidh sí comhthrom, agus nuair mheasann an
braicheadóir go bhfuil substaint na heorna athruighthe
go leór tógann sé ó'n urlár í, agus cuireann sé ar áth
í le n-a thiormughadh.



Is é an fáth atá leis an saothrughadh bheirthear do
bhraich, substaint no brígh éigin atá féidhmeamhail ag an
stillearaidhe do mhéadugadh innti. Diastás thugaid
lucht ealadhna ar an mbrígh so agus is é an cumas atá
aige go n-athruigheann sé an stairs nó an stailc atá i
ngach cineál arbhair go saghas siúcra. Anois is í an
stairs atá 's an arbhar an tsubstaint as a ndéantar
biotáile agus is éigin í d'athrughadh go cineál siúcra
sul déantar uisge beatha dhi. Ag so an modh is coit-
chinne ina ndéantar an t-athrughadh úd .i. : -



Meiltear an t-arbhar agus an bhraich agus measgthar
iad thríd a chéile i ndabhaigh mhóir i naoinfheacht le huisge
te. 'Sé an teas is fearr 145º nó 150º do réir céime
Fahrenheit. Mar gheall ar an diastás ar a dtráchta-
mar cheana do bheith láithreach, coimhcheanglann cuid
de'n uisge leis an stairs agus athruighthear an stairs
go sórt siúcra agus leaghtar an siúcra san uisge. Is
éigeantach roinn bracha do bheith i láthair, óir muna mbeadh
diastás na bracha ní thiocfadh athrughadh ar bith ar an
stairs, agus níor bh'fhéidir uisge beatha d'fhagháil aisti.



Tar éis uaire nó dhó 'san dabaigh do'n braich agus do'n
arbhar, tarraingthear an t-uisge dhíobh agus fágtar an


L. 324


triosg, nó griodán na grána 'san dabhaigh. Braichlis is
ainm do'n uisge so. Atá mórán siúcra leaghta innti,
atá blas milis uirri, atá cuma glan uirri, agus atá sí
níos truime ná fíor-uisge. Tarraingthear an bhraichlis
tré shás fuaraighthe déanta de phíopaibh agus iad líonta
le huisge fuar, agus i gcionn beagáin móiméinte
fuaraighthear an bhraichlis go dtí teas oireamhnach, 'sé
sin fá thuairim 70º nó 75ºF. Cruinnighthear an bhraichlis
i ndabhachaibh móra agus cuirthear gabháil no giosda léi,
go ndéanann sí fiuchadh nó oibriughadh. Ní le teas
fhiuchas an bhraichlis mar nach mbíonn teas níos mó ná
90ºF léi uair ar bith, acht is é adhbhar an fhiuchta mar
leanas í.



Sórt mion-phlannda is í an ghabhail agus teastuigheann
uaithi biadh éigin le n-ithe, agus gheibheann sí an biadh
atá uathi 'san siúcra atá san mbraichlis. Briseann
so suas an siúcra agus déantar dhá shubstaint nuadh
i n-ionad an tsiúcra mar atá alcothal agus gail
charbónach di. Éirigheann an ghail go * as
an mbraichlis agus is é éalódh na gail ghníos (do gní)
an fhiuchadh úd 'san mbraichlis. Fágthar an t-alcothal ar
deireadh, measgtha le huisge agus le neithibh éigin eile
atá mar salachar nó adhbhar truaillighthe dhó. Cineál
leanna atá 'san mbraichlis anois agus atá d'fhiachaibh ar
an stillearaidhe, nó an mbreiseadóir an t-alcóthal do
bhaint as an uisge agus na neithe eile do dhealughadh
uaidh chomh maith is is féidir leis é.



Le pota dubh nó still, dealuighthear an t-uisge
beatha. Atá dhá chinéal stille ann .i. an pota dubh
nó an still choitcheann ags sás stilléarachta. Acht
cibé cineál stille a ndeantar feidmh de, atá aon
phríomh-fháth amháin le stilleardhacht. Ghníonn gail de
alcothal le teas is lugha 'ná ghníonn gail d'uisge.
Fiuchtar nó beirbhthear alcothal le 173ºF. de theas,
agus ní fiuchtar uisge go gcuirthear 212ºF leis.
Anois nuair atá an dá chuid measgtha tré na chéile má
tugthar orra teas is mó ná 173ºF. éirigheann an
t-alcothal 'na ghail acht amháin go dtógann sé cuid de'n
uisge leis, atáid chomh tógtha sin le chéile. Ag so an
obair déantar 'san bpota dhubh. Pota mór cruinn is
eadh é déanta d'umha agus clúdaighthe chomh dluth sin
is nach féidir do'n ghail dul as an bpota i n-áit ar bith
acht amháin tré phíb mhóir atá ag éirghe ó cheann an
phota. Nuair líontar an coire so le líonn stillear-
dhachta, deargthar teine faoi thóin an phota agus tráth
éirigheas teas an leanna go dtí breis ar 173ºF.
éirigheann an t-alcothal i bhfoirm ghaile as an still.
Bíonn cuid mhaith uisge i n-aoinfheacht leis agus na neithe
úd eile da ngoirthear ola fiúsel, ola nádúrdha searbhán
(= acid) agus a leithéidí eile. Atá an phíob éirigheas
ó cheann na stille casta nós naithreach nimhe, agus
sáithte i soitheach mór atá líonta le huisge fuar. Cliath
túghthar mar ainm ar an bpíb so. Tráth shroicheann an
ghail an roinn de'n chliath atá sáithte 'san uisge fhuar,
fuaraigheann sí arís faoi theas 173ºF. agus déantar
leaghthach (= liquid) dhi. Ritheann sí amach as an gcliath
agus cruinnighthear í i soitheach oireamhnach. Biotáile
atá ann anois acht atá sé truaillighthe go mór le
barraidheacht uisge agus le substaintibh coimhightheacha
eile. Caochan nó uisge beatha de'n cheud bhreiseadh
tugthar ar an mbiotaile so, agus is éigeantach aith-
stilleardhacht do dheanamh air sul is ion-ólta é.
Cuirtear 'san bpota dhubh an dara feacht é agus
téighthear arís é, agus ritheann sé thríd an gcúrsa
chéadna agus tigeann amach 'na uisge beatha.



Atá an t-uisge beatha so ró-úr le n-ól, mar atá
mórán ola fiúsel agus searbháin ann fós, agus ní
fuláir é do chur i dtaisgidh i mbairillíbh seal fada, má
theastuigheann uisge beatha fíor-mhaith d'fhagháil. Fágthar
uisge beatha Sheaghain Mhic Shéamais agus uisgí beatha
maithe de'n chineál sin i lannaibh biotáile ar feadh a sé
nó a seacht mbliadhan nó níos mó. Is iad na bairillí
is fearr le deaghbhaladh agus deaghbhlas do chur ar uisge-
beatha bairillí do bhí líonta cheana le fíon bhán Spáin-
neach, nó fíon Searraí. Ní'l sé dearbhtha caidé an
t-athrughadh thigeas ar uisge beatha atá i dtaisgidh i
mbairillíbh, acht is dóighthe go laghduigheann na subs-
tainte coimhightheacha ar a dtráchtamar cheana.



Atá saghas eile de still ar a dtugas sás
stilleardhachta. Sás daimhaireach dó-thuigsionta atá
ann agus is eagal liom nach dtiocfaidh liom eolas
cruinn do thabhairt do'n léightheoir i dtaoibh de gan
níos mó sgríobhnóireachd 'ná chuireas romham féin do
dhéanamh. Acht le teas déantar an t-alcothal do
sgaramhain ó'n uisge agus ó na neithibh eile amhail
mar dhéantar 'san bpota dhubh. Acht glantar an
biotáile le haon riathidh amháin, agus atá sé níos
glaine agus níos láidre ná biotáile an phota dhuibh.
Cosnuigheann an sás so a ceithre nó a cúig mhíle punt,
agus atá oiread píob ann is do shroichfeadh míl slighe
dá mbeadh siad sínte amach díreach. Gidh gur
biotáile glan láidir thigeas as an sás stilleardhachta,
ní uisge bheatha maith é, mar atá sé gan bhaladh gan
bhlas, beagnach. Biotáile tosdach ghlaodhtar air go
minic. Acht déantar go saor é agus measgthar é le
huisge beatha ar a bhfuil trom-bhaladh (uisge beatha
Albanach le baladh deataigh mhóna cuirtear leis do
ghnáth) agus is é is mó gheibhthear ins na tighthibh ósda ar
fud na tíre. I mBéalfeirsde agus i nDoire déantar
an chuid is mó de'n chineál so uisge beatha. Seoltar
mór-chuid de tar lear, agus is amhlaidh is fearr é.



Budh chóir damh beagán focal do sgríobh i dtaoibh
de stilleardhacht neamh-dhlisdeanach .i. déanamh uisge-
beatha gan chead do'n Riaghaltas agus gan fiú cáin do
díol. I n-aitibh iargcúlacha is mó déantar uisge beatha
mar so, agus is poitín tugthar mar ainm ar uisge beatha
atá déanta amhlaidh. Bhí mór-chuid de déanta i nDún-
na-ngall gur chuir Easpog Ratha-bhoth ar gcúl an
déantas mar gheall ar an dochar do bhí sé a dhéanamh
ar na daoinibh thré meisge agus diomhaoineas. Is
dóighthe go bhfuil mórán poitín dá dhéanamh fós i
gConndae Doire agus i gConndae Thíreoghain, i nIarthar
Chonnacht agus i n-áitibh eile nach iad. Is annamh anois
déantar poitín de bhraich, acht is minice déantar í de
shiúcra leaghta, de dheasgúin, agus de gach uile shórt
shalachair. I gcró nó i mbothán amuich ar na sléibhtibh
déantar í go minic. Bíonn na huirléisí céadna ag a
lucht déanta is do luaidheas cheana acht amhain nach


L. 325


mbíonn siad chomh mór sin. Déantar an pota dubh
agus a cheann de stán le tincéir fhánach, do ghnáth,
cliath déanta d'umha is mó cuirtear i bhfeidhm acht
corr-uair ní bhíonn ag lucht déanta poitín acht sean-
phíob luaighe. Is iontuigthe nach ndéantar an biotáile
so go ró-mhaith. Bíonn sé truaillighthe go mór le hola
fiúsel, le searbhán, agus le na macsamhlaibh eile; agus
mar nach bhfuil slighe chomhgarach le n-a chur i dtaisgidh,
oltar é go ró-mhinic mar thigeann sé as an gcléith,
agus is cinnte sin nach folláin an deoch í. Ar a shon
sin is minic choncamar daoine macánta 'ga h-ól tur
agus a phusa do ligheadh ina dhiaidh.



Ní'l dearbh-chuntas ar cá h-uair rinneadh uisge beatha
i nÉirinn ar dtús. Deirthear go bhfuair sáighdiúirí an
dara Hannraoi, rí Sasan, uisge beatha i nÉirinn aimsear
ghabhála Éireann. Acht atá amhras mór orrainn fá'n
méid so. Ní airighmid go bhfuil focla fíor-Ghaedhilge
ar neithibh bhaineas le deantas uisge beatha mar atá ar
neithibh bhaineas le deantas leanna, agus is í mo
bharamhail-se nach raibh an gnó so coitcheann i nÉirinn
go dtí aimsir feoighte na Gaedhilge, .i. a dó nó a trí
céad bliadhain ó shoin.



Atá dochar agus sochar 'san gcéird so agus ní fios
damh cia aca is feirrde dhúinn nó nach feirrde. Acht
is eagal liom go mbeadh biotáile dá ól 'san tír dá
mbéimis gan braon biotáile do dhéanamh, agus má's
éigeantach dhúinn díoluigheacht do dhéanamh air, is
fearr dhúinn an t-airgead do shaothrughadh 'san
mbaile, ná é do chur thar lear ar ólachán amhail le gach
déantas eile.



Peadar Mag Fhionnlaoigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services