Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn Féin. Tá an chéad chuid d'aiste Úna Ní Chualáin i gcló againn san uimhir seo. Badh maith linn mná tighe na hÉireann do dhéanamh rud ar Úna mar is blasta agus is oireamhnach an chomhairle atá ghá thabhairt uaithi aici. Tá soghmhluist mhilis againn i dtómus léightheóirí an IRIS- LEABHAIR. Ná léaghachta ar an Oghaim is ar Stair na hÉireann atá ghá dtabhairt uaidh ag Eóin Mac Néill i gColláiste na hIolscoile, tá geallta aige iad a chur i gcló sa pháipéar so. Léigheachta bríoghmhara seadh iad, agus geóbhthar ionnta anachuid eóluis ná fuil fagháil air i n-aon áit eile. Táimíd deimhnitheach dhe go dtaithneóid siad le n-ár léightheóiríbh. Ní miste do dhuine suim a chur i gcomhnuidhe i gcainnt Eóin Mhic Néill. Bíonn ciall agus réasún leis, agus ní thogrann sé bladar ná focail gan éifeacht. Táimíd ag braith ar thosnughadh ar na léigheachtaibh seo i n-uimhir na Bealtaine. Badh lag an mhaise dhúinn gan ar mbuidheachus do ghabháil le sna daoinibh a scríobhann ag triall orainn ag moladh an IRIS- LEABHAIR. Ní gábhadh dhuinn a n-ainmneacha a luadh annso. Gheibhmíd páipéir as gach áird d'Éirinn, agus braithimíd ionnta rian láimhe duine éigin d'ár gcáirdibh i gcomhnuidhe. Táimíd buidheach dhíobh-san uile. Tuigidís as an méid sin gurab eól dúinn na hiarrachtaí do-ghníd. Badh mhaith linn go gcraobhscaoil- fidís fios i dtaobh léigheachta Eóin Mhic Néill. Focal eile i gcluais gach léightheóra dhen IRISLEABHAR. Táimíd dá rádh i gcomhnuidhe ná féadfaidh páipéar ar bith seasamh i n-éaghmuis fógraí. Má luadhaid Gaedhil ainm an IRISLEABHAIR nuair a bhíd ag scríobhadh ag triall ar fhear siopa nó ag ceannach earradh uaidh, déanfar maitheas nach beag dúinne dá bhárr. Má chuidighid Gaedhil na Gaedhilge le chéile um an nídh sin ní choingeobhaidh "arm Ríogh Seóirse" sinn gan dul ar aghaidh. Léighidh na fógraí sa leabhar so, a dhaoine mhuinteardha, nuair atá sibh chun earradh a cheannach. "Ar scáith a chéile a mháirid na daoine."
NA PRÍOMH-RUDAÍ. I. - CLÓ. An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh ann acht cló adhmaid. Acht d'imthigh na laetheannta so. Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach. Ní baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin. Tá anois i dtigh clódóireachta cló miotaileach de gach aon tsaghas. Is mar soin DÚINNE. I n-ár monarcha tá na clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir- eachta. Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair thar barr a cheap. Mar soin níl agat le déanamh acht an obair sin atá agat a chur chugainn INDIU. Nó buail isteach chugainn agus labhróchamuid mar gheall uirthi. AN CLÓ-CHUMANN, TEO., SR. MHÓR NA TRÁGHA 68-71, BAILE ÁTHA CLIATH. Guthán 1555.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services