Sinn Féin.
Tá an chéad chuid d'aiste Úna Ní Chualáin i gcló againn san 
uimhir seo.  Badh maith linn mná tighe na hÉireann do dhéanamh 
rud ar Úna mar is blasta agus is oireamhnach an chomhairle atá 
ghá thabhairt uaithi aici. 
Tá soghmhluist mhilis againn i dtómus léightheóirí an IRIS-
LEABHAIR.  Ná léaghachta ar an Oghaim is ar Stair na hÉireann 
atá ghá dtabhairt uaidh ag Eóin Mac Néill i gColláiste na 
hIolscoile, tá geallta aige iad a chur i gcló sa pháipéar so. 
Léigheachta bríoghmhara seadh iad, agus geóbhthar ionnta anachuid 
eóluis ná fuil fagháil air i n-aon áit eile.  Táimíd deimhnitheach 
dhe go dtaithneóid siad le n-ár léightheóiríbh.  Ní miste do dhuine 
suim a chur i gcomhnuidhe i gcainnt Eóin Mhic Néill.  Bíonn ciall 
agus réasún leis, agus ní thogrann sé bladar ná focail gan 
éifeacht.  Táimíd ag braith ar thosnughadh ar na léigheachtaibh seo 
i n-uimhir na Bealtaine. 
Badh lag an mhaise dhúinn gan ar mbuidheachus do ghabháil le 
sna daoinibh a scríobhann ag triall orainn ag moladh an IRIS-
LEABHAIR.  Ní gábhadh dhuinn a n-ainmneacha a luadh annso. 
Gheibhmíd páipéir as gach áird d'Éirinn, agus braithimíd ionnta 
rian láimhe duine éigin d'ár gcáirdibh i gcomhnuidhe.  Táimíd 
buidheach dhíobh-san uile.  Tuigidís as an méid sin gurab eól 
dúinn na hiarrachtaí do-ghníd.  Badh mhaith linn go gcraobhscaoil-
fidís fios i dtaobh léigheachta Eóin Mhic Néill. 
Focal eile i gcluais gach léightheóra dhen IRISLEABHAR. 
Táimíd dá rádh i gcomhnuidhe ná féadfaidh páipéar ar bith seasamh 
i n-éaghmuis fógraí.  Má luadhaid Gaedhil ainm an IRISLEABHAIR 
nuair a bhíd ag scríobhadh ag triall ar fhear siopa nó ag ceannach 
earradh uaidh, déanfar maitheas nach beag dúinne dá bhárr. 
Má chuidighid Gaedhil na Gaedhilge le chéile um an nídh sin ní 
choingeobhaidh "arm Ríogh Seóirse" sinn gan dul ar aghaidh. 
Léighidh na fógraí sa leabhar so, a dhaoine mhuinteardha, nuair atá 
sibh chun earradh a cheannach.  "Ar scáith a chéile a mháirid na 
daoine." 
NA PRÍOMH-RUDAÍ.
I. - CLÓ.
An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh 
ann acht cló adhmaid.  Acht d'imthigh na laetheannta 
so.  Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach.  Ní 
baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n 
bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin. 
Tá anois i dtigh clódóireachta cló miotaileach de 
gach aon tsaghas. 
Is mar soin DÚINNE.  I n-ár monarcha tá na 
clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir-
eachta.  Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair 
thar barr a cheap. 
Mar soin níl agat le déanamh acht an obair sin atá 
agat a chur chugainn INDIU.  Nó buail isteach chugainn 
agus labhróchamuid mar gheall uirthi. 
AN CLÓ-CHUMANN, TEO.,
SR. MHÓR NA TRÁGHA 68-71, BAILE ÁTHA CLIATH.
Guthán 1555.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11