Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Mhuighe Mochruimhe. VII.
Title
Cath Mhuighe Mochruimhe. VII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cath Mhuighe Mochruimhe. - VII. Beireas Oilioll ar Fhiacha agus teannas re n-a ucht agus re n-a úrbhruinne é go dil dúthrachtach agus mar ad-chonnairc Fiacha é ar buile agus ar baill-chrith, caoidheas frasa déar, agus ro ghabh eagla ádhbhal-mhór é. "Coisg dod' chaoi, a bhaoith-leinbh bhig," ar sé, "nó caoidhfead- sa leat go luath, óir ní feas duit-se do dhuadh ná do dhochair féin fós, agus ní mar sin damh-sa, óir ní dhearna codla ba codla do bhroc ó'n lá tugadh Cath Mhuighe Mochruimhe, agus is é sin beathadhach is lúgha díol codlata 'san mbith, óir ní chodlann 'san oidhche ar ghrádh a choda agus ní chodlann 'san ló ar eagla a iarrata." Gonadh é sin Cath Mhuighe Mochruimhe. (A críoch). [CRAOBHSGAOILEADH AR CHATH MUIGHE MOCHRUIMHE ANNSO: Do ghaibh Conn Céad-chathach mac Feighlim rachtmhar tar éis mairbhthe Mhogha-Nuadhat, flaitheas iomlán Éireann sé bliadhna, gur thuit le Tiobraide Tíre Rígh Uladh i bhfeall agus é uaigneach i dTeamhraigh. Do ghaibh Conaire mac Mogha Lámha, cliamhain Chuinn, ríoghacht Éireann agus Alban ocht mbliadhna, gur thuit le Neimhidh mac Sraibhghin i gCath Cruitghine. Antiochus Commodus i ighe an domhain trí bliadhna re linn an Chonaire sin. Do ghaibh Art Aoinfhir mac Cuinn Céad-chathaigh iar sin righeacht Éireann 30 bliadhna, go bhfrasabhra, óir do bhí Oilioll Olum mac Eoghain Mhóir i righe Leatha Mhogha re n-a linn, agus Maicniadh mac Luidhioch, gur thug Oilioll Olum Sadhbh, inghean Cuinn, ó Mhaicniadh ar éigean, agus gan do chloinn aice acht Mac Con, agus rug deichneamhar mac d'Oilioll i n-a dhiaidh sin, agus fuair Maicniadh bás do ghalar dubhach i ndiaidh a mná. Do ghluais Eoghan óg mac Oiliolla Oluim agus Cian mac Oiliolla Oluim agus Mac Con mac Micniadh d'fhios Art mac Cuinn go Teamhair, go bhfeacadar crann áluinn iubhair i ndeas mhaighe agus ceól ba bhinne ar bith dá chantainn 'san gcrann.
"Liom an t-iubhar go n-a phréamhaibh," ar Cian. "Liom-sa a úr agus a chríon," ar Mac Con. "Liom-sa a cham agus a dhíreach go n-a cheólaibh," ar Eoghan. Inntuighid a dtriúr go h-Oilioll do bhreith breithe eatorra, agus innsid a sgéala dó. "Le h-Eoghan an t-iubhar," ar Oilioll. Eiligheas Mac Con an bhreith. "Ní h-olc an bhreith ná an ceart d'Eoghan an t-iubhar d'fagháil," ar Oilioll, "óir is in Longphort so do frith é." "Meathachas an bhreith," ar Mac Con. "Ní meathachas mar tusa é," ar Eoghan, "óir do ghabh deichneamhar d'á dtángadh rómham árdrighe ar Éirinn, agus níor gabh aon-laoch romhat-sa í." "Má's meathach mise," ar Mac Con, "is meathach mé bhain- fios do cheann díot-sa i gcath." "Cá h-am sin," ar Eoghan. "Fé cheann míosa," ar Mac Con, i gcionn Abhrat Sléibhe Caoin." Táinig Eoghan Mór go n-a bhráithribh agus na trí Chairbhre .i. clann Chonaire mic Magha Lámha i gcoinne Mic Con ar Shliabh Caoin. Fearthar cat eatorra, agus do briseadh an cath ar Mhac Con agus ar Neimhidh mac Sraibhghin, agus cuireas Danar draoi éadach Mhic Con uime féin, agus marbhthar le h-Eoghan é i riocht Mhic Con. Aithnigheas Eoghan mac Con ag teitheadh i measg chách, agus leanas é, agus ó nach rug air, tug urchar do shleigh i n-a dhiaidh go dtárla seimh do sheimhnibh na sleadha i n-iosgaid Mhic Con, go raibh bacach ó shoin i leith, agus do marbhadh Neimhidh mac Sraibhghin le Cairbre Rioghfhada mac Conaire ins an gcath ceadna. Iomthusa Mhic Con agus Lughaidh Lágha mac Eoghain Mhóir agus Cathmhaol mac Fircuirb .i. mac righ Osraighe, triallaid i nAlbain ó nach fuaradar a ndíon i n-Éirinn ar chloinn Oiliolla Oluim agus tángadar tar n-ais i gcionn bliadhna go mór-shochraidheach, agus rl., agus rl.,] (Foircheann) Ní'l aon nídh iongantach nísa shia 'ná trí lá. Cáineann duine é féin d'fhonn is go molfaidhe é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services