Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Mhuighe Mochruimhe. VII.

Title
Cath Mhuighe Mochruimhe. VII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cath Mhuighe Mochruimhe. - VII.



Beireas Oilioll ar Fhiacha agus teannas re n-a ucht agus re
n-a úrbhruinne é go dil dúthrachtach agus mar ad-chonnairc
Fiacha é ar buile agus ar baill-chrith, caoidheas frasa déar,
agus ro ghabh eagla ádhbhal-mhór é.



"Coisg dod' chaoi, a bhaoith-leinbh bhig," ar sé, "nó caoidhfead-
sa leat go luath, óir ní feas duit-se do dhuadh ná do dhochair féin
fós, agus ní mar sin damh-sa, óir ní dhearna codla ba codla do
bhroc ó'n lá tugadh Cath Mhuighe Mochruimhe, agus is é sin
beathadhach is lúgha díol codlata 'san mbith, óir ní chodlann 'san
oidhche ar ghrádh a choda agus ní chodlann 'san ló ar eagla a
iarrata."



Gonadh é sin Cath Mhuighe Mochruimhe.



(A críoch).



[CRAOBHSGAOILEADH AR CHATH MUIGHE MOCHRUIMHE ANNSO:



Do ghaibh Conn Céad-chathach mac Feighlim rachtmhar tar éis
mairbhthe Mhogha-Nuadhat, flaitheas iomlán Éireann sé bliadhna,
gur thuit le Tiobraide Tíre Rígh Uladh i bhfeall agus é uaigneach
i dTeamhraigh. Do ghaibh Conaire mac Mogha Lámha, cliamhain
Chuinn, ríoghacht Éireann agus Alban ocht mbliadhna, gur thuit le
Neimhidh mac Sraibhghin i gCath Cruitghine. Antiochus Commodus i
ighe an domhain trí bliadhna re linn an Chonaire sin. Do ghaibh
Art Aoinfhir mac Cuinn Céad-chathaigh iar sin righeacht Éireann
30 bliadhna, go bhfrasabhra, óir do bhí Oilioll Olum mac Eoghain
Mhóir i righe Leatha Mhogha re n-a linn, agus Maicniadh mac
Luidhioch, gur thug Oilioll Olum Sadhbh, inghean Cuinn, ó Mhaicniadh
ar éigean, agus gan do chloinn aice acht Mac Con, agus rug
deichneamhar mac d'Oilioll i n-a dhiaidh sin, agus fuair Maicniadh
bás do ghalar dubhach i ndiaidh a mná.



Do ghluais Eoghan óg mac Oiliolla Oluim agus Cian mac
Oiliolla Oluim agus Mac Con mac Micniadh d'fhios Art
mac Cuinn go Teamhair, go bhfeacadar crann áluinn iubhair
i ndeas mhaighe agus ceól ba bhinne ar bith dá chantainn 'san
gcrann.


L. 181


"Liom an t-iubhar go n-a phréamhaibh," ar Cian.



"Liom-sa a úr agus a chríon," ar Mac Con.



"Liom-sa a cham agus a dhíreach go n-a cheólaibh," ar Eoghan.



Inntuighid a dtriúr go h-Oilioll do bhreith breithe eatorra,
agus innsid a sgéala dó.



"Le h-Eoghan an t-iubhar," ar Oilioll.



Eiligheas Mac Con an bhreith.



"Ní h-olc an bhreith ná an ceart d'Eoghan an t-iubhar
d'fagháil," ar Oilioll, "óir is in Longphort so do frith é."



"Meathachas an bhreith," ar Mac Con.



"Ní meathachas mar tusa é," ar Eoghan, "óir do ghabh
deichneamhar d'á dtángadh rómham árdrighe ar Éirinn, agus níor
gabh aon-laoch romhat-sa í."



"Má's meathach mise," ar Mac Con, "is meathach mé bhain-
fios do cheann díot-sa i gcath."



"Cá h-am sin," ar Eoghan.



"Fé cheann míosa," ar Mac Con, i gcionn Abhrat Sléibhe
Caoin."



Táinig Eoghan Mór go n-a bhráithribh agus na trí Chairbhre .i.
clann Chonaire mic Magha Lámha i gcoinne Mic Con ar Shliabh
Caoin. Fearthar cat eatorra, agus do briseadh an cath ar Mhac
Con agus ar Neimhidh mac Sraibhghin, agus cuireas Danar draoi
éadach Mhic Con uime féin, agus marbhthar le h-Eoghan é i riocht
Mhic Con. Aithnigheas Eoghan mac Con ag teitheadh i measg chách,
agus leanas é, agus ó nach rug air, tug urchar do shleigh i n-a
dhiaidh go dtárla seimh do sheimhnibh na sleadha i n-iosgaid Mhic
Con, go raibh bacach ó shoin i leith, agus do marbhadh Neimhidh mac
Sraibhghin le Cairbre Rioghfhada mac Conaire ins an gcath
ceadna.



Iomthusa Mhic Con agus Lughaidh Lágha mac Eoghain Mhóir agus
Cathmhaol mac Fircuirb .i. mac righ Osraighe, triallaid i nAlbain
ó nach fuaradar a ndíon i n-Éirinn ar chloinn Oiliolla Oluim
agus tángadar tar n-ais i gcionn bliadhna go mór-shochraidheach,
agus rl., agus rl.,]



(Foircheann)



Ní'l aon nídh iongantach nísa shia 'ná trí lá.
Cáineann duine é féin d'fhonn is go molfaidhe é.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services