Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN. Tá scríobhtha ag a lán daoine chughainn ag moladh an IRIS- LEABHAIR nua. Táimíd buidheach dhíobh uile. Is follus go bhfuil ar ndicheall dá dhéanamh againn chun a chur san IRISLEABHAR rudaí a thaitneoghaidh le gach éinne. Leanfam den nós soin, le congnamh Dé, agus bheirimíd buidheachus ó chroidhe do sna daoinibh atá ag tabhairt congnaimh dúinn. Tá mórchuid aistí maithe Béarla geallta dhúinn, agus chífar i gcló iad i ndiaidh a chéile. Ní miste linn tagairt arís do sna daoinibh atá ag cabhrughadh linn i dtaobh fógraí. Athchuingimíd ar léightheóiríbh an pháipéir seo cuidiughadh leo, gach duine de réir a ghustail féin. Féibh mar adubhramair cheana, níor bh'fhéidir dúinn an tIRISLEABHAR a choimeád ar siubhal gan fógraí. Na daoine go bhfuil fógraí uatha annso má thugaid fé ndeara go gcuirid muinntir na Gaedhilge spéis i bhfógraíbh san IRISLEABHAR fanfaid na fógraí againn agus ragham chun cinn go buacach. Badh ró-mhór an congnamh dhúinn, gach n-aon dár gcáirdibh do luadh ainm an IRISLEABHAIR nuair a bhíonn ag ceannach earradh nó ag scríobhadh ag triall ar fhear siopa. Tá súil againn go ndéanfar amhlaidh. Fé dheireadh is fé dheóidh tá scéala againn le hinnsint ar an iomaidheacht a chuireamair ar bun i dtaobh Bhainistidhe. Do thug cúigear fá aiste a scríobhadh agus deir na breitheamhain go rabhadar go léir go maith. Tá an duais ag dul do Úna Ní Fhualáin, Máighistreás Scoile i nÁrainn Mhóir. Molaimíd í. Cuirfar i gcló gan mhoill an aiste a scríbh sí. Anois ar theacht an tsamhraidh is iomdha Gaedheal a bheidh ag ceannach caipín nua i gcóir rothaidheachta, agus rl. Badh maith linn a mholadh dar ndaoine muinnteartha féin na hearraidhe a deintear i dtigh Mhic Uí Ghormáin, i gCorcaigh. Thugamar tamall de lá i n-a mhonarchain sin agus do b'iongnadh linn an bhruid agus tsástacht do bhraitheamair ar gach éinne ann. Togha Gaedhil iseadh Mac Uí Ghormáin féin, agus togha earraidhe Gaedhlacha a deintear n-a thigh. Cabhruighdís Gaedhil leis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services