SINN FÉIN.
Tá scríobhtha ag a lán daoine chughainn ag moladh an IRIS-
LEABHAIR nua. Táimíd buidheach dhíobh uile. Is follus go bhfuil
ar ndicheall dá dhéanamh againn chun a chur san IRISLEABHAR
rudaí a thaitneoghaidh le gach éinne. Leanfam den nós soin, le
congnamh Dé, agus bheirimíd buidheachus ó chroidhe do sna daoinibh
atá ag tabhairt congnaimh dúinn. Tá mórchuid aistí maithe
Béarla geallta dhúinn, agus chífar i gcló iad i ndiaidh a chéile.
Ní miste linn tagairt arís do sna daoinibh atá ag cabhrughadh
linn i dtaobh fógraí. Athchuingimíd ar léightheóiríbh an pháipéir
seo cuidiughadh leo, gach duine de réir a ghustail féin. Féibh
mar adubhramair cheana, níor bh'fhéidir dúinn an tIRISLEABHAR
a choimeád ar siubhal gan fógraí. Na daoine go bhfuil fógraí
uatha annso má thugaid fé ndeara go gcuirid muinntir na
Gaedhilge spéis i bhfógraíbh san IRISLEABHAR fanfaid na fógraí
againn agus ragham chun cinn go buacach. Badh ró-mhór an
congnamh dhúinn, gach n-aon dár gcáirdibh do luadh ainm an
IRISLEABHAIR nuair a bhíonn ag ceannach earradh nó ag scríobhadh
ag triall ar fhear siopa. Tá súil againn go ndéanfar amhlaidh.
Fé dheireadh is fé dheóidh tá scéala againn le hinnsint ar an
iomaidheacht a chuireamair ar bun i dtaobh Bhainistidhe. Do thug
cúigear fá aiste a scríobhadh agus deir na breitheamhain go
rabhadar go léir go maith. Tá an duais ag dul do Úna Ní
Fhualáin, Máighistreás Scoile i nÁrainn Mhóir. Molaimíd í.
Cuirfar i gcló gan mhoill an aiste a scríbh sí.
Anois ar theacht an tsamhraidh is iomdha Gaedheal a bheidh ag
ceannach caipín nua i gcóir rothaidheachta, agus rl. Badh maith linn
a mholadh dar ndaoine muinnteartha féin na hearraidhe a
deintear i dtigh Mhic Uí Ghormáin, i gCorcaigh. Thugamar tamall
de lá i n-a mhonarchain sin agus do b'iongnadh linn an bhruid agus
tsástacht do bhraitheamair ar gach éinne ann. Togha Gaedhil
iseadh Mac Uí Ghormáin féin, agus togha earraidhe Gaedhlacha a
deintear n-a thigh. Cabhruighdís Gaedhil leis.