Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. SEANFHOCLA ULADH: LÉIRMHEAS. An té léighfeadh an leabhar so, ní fuláir go dtiubhradh sé fá ndeara aon cháilidheacht mhór amháin ag baint leis ó thús go deireadh. Sin é, an saothar mór do rinne an t-ughdar le haghaidh gach aon rud do bhailiughadh d'ar bhain le hadhbhar a leabhair. Cuireann sé i gcuimhne dhúinn an Gaillimheach úd do thug mar fhreagra ar "Dia 's Muire dhuit is Pádraig" "Níor fhág tú dadaidh agam-sa le radh," nó a shamhail siúd. Go fáithchiallach, níor fhág Énrí Ó Muirgheasa dadaidh de sheanfhoclaibh i gCúigeadh Uladh le cruinniughadh ag aon fhear dá dtiocfaidh 'na dhiaidh, nó má d'fhág, is beag é. Acht ní hé sin an t-aon tsaothar amháin is féidir d'fheicsint sa leabhar. Tá Béarla curtha ag an ughdar ar gach aon tseanfhocal riamh aca, agus má tá féin, cibé focal aca do bhí dorcha nó diamhair nó ciall rúnda leis, tá tuilleadh Béarla curtha síos aige ar an gceann soin, chum é do mhíniughadh agus do thabhairt chum cruinnis níos fearr. Agus is dóigh linn gur b'éigean dó soin. Ní féidir a lán de sheanfhoclaibh na Gaedhilge do thuigsint 'na gceart i n-éag- mhais an mhínighthe sin. Ní leigthear a leas a rádh go bhfuil togha eagna agus rogha chomhairle isna seanráidhtibh seo Uladh. Molamaoid thar cionn "Comhairle Choluim Chille". Ní dóigh linn gur léigheamar riamh aon rud do thaitin linn comh maith leis. Cé nach é Colum Cille féin do chum é, badh cheart go mbeadh modh agus onóir ag dul do'n té do chuir le chéile an méid sin sean-eagna, cibé hé féin. Agus ní misde do'n "Comhairle" gan é bheith i ndán, mar, gach duine léigheas eagna i ndán, ní fuláir gurab í an mhéadaireacht bhinn is mó bhíos ar a aire, ar mhodh nach tugann sé fá ndeara binneas na céille bhíos innti agus é os a chomhair amach. Féach mar thosnuigheann an "Chomhairle seo Choluim Chille:" "Féach cionnus a chaithis an lá: Má's go maith a chaithis é, beir buidheachas le Dia; Agus má's go holc a chaithis é, iarr maitheamhnas ar Dia agus déana aith- reachas." Comhairle an-mhaith, gan amhras. Dá bhféadfamaois ár lá do chaitheamh ar nós na comhairle seo, ní baoghal nach sona suairc so-ranna bheimís go deireadh ár lae. Acht tá morán de rudaíbh deasa eile sa leabhar fare sin. Féachtar ar "An Teagasg Ríoghdha" agus ar a bhfuil 'na dhiaidh sa roinn sin de'n leabhar. Tá "Fuatha Mhic na Míochomhairle" rud beag deacair i gcorr-áit. Is iomdha focal ann annso agus annsúd nach fuil coitcheann sa teangaidh anois, cé go mb'fhéidir go bhfuil seandaoine ann do fhéadfhadh mór-chuid díobh do mhíniughadh, de shiocair go bhfuilid ar béaloideas aca ó'n sinsear. Cuireann soin i gcuimhne dhúinn rud éigin do tháinig i n-ar n-aigneadh ó léigheamar an leabhar ar tús. Dá mhéad saothar do rinne an t-ughdar ar an leabhar, is beag má tá sé iomlán anois féin. Tá mórán focal annso agus annsúd nár mhisde a míniughadh fá leith. Dá réir sin, tá súil againn go gcuir- fidh an Muirgheasach foclóirín i n-a dheiread fós, ar chor go mbéidís le faghail ag an bhfoclóiridhe ar an toirt, agus a fhios againn san am gcéadna nach beadh uain ag éinneach a bheadh ag cur foclóra le chéile iad do chuartughadh sa leabhar mar a bhfuilid ar fud chos a chéile.
Tá áit nó dhó i "Seanfhocla Uladh" nach fios dúinn 'na dtaobh an bhfuil an cheart thíos ann. Ní dóigh linn gur focal i ndáiríribh "cala éanda" - tá fhios againn, ar ndóigh, nach fuil ann acht baramhail nó tuairim do baineadh as droch- léightheoireacht na láimsgríbhinne. 'Sé rud badh cheart do'n Mhuirgheasach do dhéanamh, an focal atá isna láimhsgríbhnibh eile, .i. "ealadha," é chur sa teistimhin, agus gan aon áird a bheith aige ar "cala éanda" nach raibh ann acht "ealadhna" (.i. an t-iolradh) agus a "é" loitthe tré gur cailleadh a thrasnán, nós go ndearnadh "c" de. Támaoid ag cur críche air an méid seo le guidhe go léighfid Gaedhil na hÉireann an leabhar maith seo, mar ní breág dúinn a rádh gurab iad seanfhocail na hÉireann atá ann, cé gur i nUltaibh do bailigheadh iad. FAOL AINM ÉIGIN. (.i. Mac Tíre).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services