Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Tháinig a lán daoine i bhfochair a chéile i mBaile Ath' Cliath, ar chuireadh an mhéire seachtmhain na Dra- Ardaoineach so chum Comhairle dheanamh le chéile mar gheall ar leacht chuimhinte do Pharnell. Tar éis méid na maitheasa rinne sé dá dhúthaigh ars' an méire agus an chuid a bhí leis, ba cheart tosnughadh ar a leacht a thógáil anois gan stad. Dubhairt a thuilleadh dá raibh láithreach gur i n-am mí-thrathamhail a ceapadh air, nuair táthar d'iarraidh airgid do bhailiughadh chum leacht do thógail i gcuimhne ar Wolfe Tone agus ar an mhuinntir a thuit mar aon leis cead bliadhain ó shoin. Is mór a chosnochadh leacht oireamhnach do Pharnell, agus deir daoine eile gur mairg a thabharfadh sé obair dá leithéid anois ó ta na Feisirí agus an duthaigh go léir is gan cóir ghiolla ná gearráin ortha. Is uathbhasach na calathaidhe tóirneach a bhris os cionn Cúige Mumhan an dara lá fichead d'Iúl. Marbhuigheadh triúr fear agus cuid mhaith d'ainmhithibh. Níor b'fhéidir leis an dtóirneach agus leis an ngailbheán bháisdighe bhí ann le linn na haimsire sin gan an dubhachan a thabhairt leo ar na gardhathaibh prátaidhe ná raibh spréighte. Deir siad nach mór an díoghbháil atá déanta fós d'aon phrá- taidhibh a spréighfidhe leis an aimsir bhreágh so. Níor chuir sé aon bhuadhairt ar Mhuimhneachaibh nuair caitheadh amach Bille na mBóthar Iarainn sa Phárlamuid an tseachtmhain eile; acht níor bh'iongnadh do lucht na mbóthar sain féin bheith go buadhartha i ndiaidh a gcéad míle púnt, nó teannta leis, a chaitheadar thall i Lún- duinn, agus gan luach cíonóige 'á bhárr acu. Is beag ná gur imireadh an cleas céadna ar an mBille a bhí ag muinntir Bhaile Áth' Cliath chun teóranta na cathrach a druidim amach. Do loit na Tighearnaidhe breághdha an Bille ortha, agus is cuma dhóibh acu nó uatha a bhfuaradar dá dtoil féin. Chuaidh Eibhlis Ní 'ic Mhathghamhna ar bórd luinge ag Nuadh-Eabhrac seachtmhain an tSathairn seo chuaidh tharainn i n-aois a céad agus a cúig di. Ag filleadh a bhaile atá sí chum an chód' eile dá saoghal a chaitheamh 'na baile duthchais i gConndae Mhuineacháin. Tá sí amuigh le 75 bliadhna. Leagadh i mbualadh Waterloo an buachaill a bhí le pósadh aici, agus níor ghabh sí le na mhalairt ó shoin. Saoghal fada fá shólas go raibh i nÉirinn aici. Do réir gach aon sgéil níor mhór an buntaisde do bhochtanaibh bheith i dTigh na mBocht i gCathair Chorcaighe le tamall, dá mbeadh greim le n-ithe le fágháil las- muigh acu. Chuir an Bórd Coimeádta daoine éigin ag breathnughadh ar fuaid an tighe le déidheanaighe. Ní raibh thíos ná thuas ann rómpa acht salachar agus fliuchán, cé gur searbh a chaitheann daoine eile díol as an áit a choiméad i gcóir mhaith. Bhí aon oifigeach amháin a gheibheadh a thuarasdal ar theacht ann trí h-uaire sa tseachtmhain, acht ina ionad sain is fánacha thagadh sé i n-aon chor ann. Deir an Bórd nuadh ná déanfaidh an saghas sain oibre an gnó dhóibh féin. Fuarthas beirt dearbhráthar do na Báiréadaigh cionn- tach i mbás Dhiarmud Uí Cheocháin, an sean-duine a marbhuigheadh le h-ais Beanntraighe ráithe ó shoin. Fagadh i n-athchomhair báis an oidhche chéadna mac dó a bhí le n-a chois, acht tháinig sé chuige féin agus dhearbhuigh sé ar an mbeirt Bairéadach. Chúig bhliadhna príosúin a cuireadh ar dhuine acu agus trí bliadhna ar an bhfear eile. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services