Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Tháinig a lán daoine i bhfochair a chéile i mBaile Ath'
Cliath, ar chuireadh an mhéire seachtmhain na Dra-
Ardaoineach so chum Comhairle dheanamh le chéile mar
gheall ar leacht chuimhinte do Pharnell. Tar éis méid
na maitheasa rinne sé dá dhúthaigh ars' an méire agus an
chuid a bhí leis, ba cheart tosnughadh ar a leacht a thógáil
anois gan stad.
Dubhairt a thuilleadh dá raibh láithreach gur i n-am
mí-thrathamhail a ceapadh air, nuair táthar d'iarraidh
airgid do bhailiughadh chum leacht do thógail i gcuimhne
ar Wolfe Tone agus ar an mhuinntir a thuit mar aon leis
cead bliadhain ó shoin.
Is mór a chosnochadh leacht oireamhnach do Pharnell, agus
deir daoine eile gur mairg a thabharfadh sé obair dá
leithéid anois ó ta na Feisirí agus an duthaigh go léir is
gan cóir ghiolla ná gearráin ortha.
Is uathbhasach na calathaidhe tóirneach a bhris os cionn
Cúige Mumhan an dara lá fichead d'Iúl. Marbhuigheadh
triúr fear agus cuid mhaith d'ainmhithibh. Níor b'fhéidir
leis an dtóirneach agus leis an ngailbheán bháisdighe bhí ann
le linn na haimsire sin gan an dubhachan a thabhairt leo
ar na gardhathaibh prátaidhe ná raibh spréighte. Deir
siad nach mór an díoghbháil atá déanta fós d'aon phrá-
taidhibh a spréighfidhe leis an aimsir bhreágh so.
Níor chuir sé aon bhuadhairt ar Mhuimhneachaibh nuair
caitheadh amach Bille na mBóthar Iarainn sa Phárlamuid
an tseachtmhain eile; acht níor bh'iongnadh do lucht na
mbóthar sain féin bheith go buadhartha i ndiaidh a gcéad
míle púnt, nó teannta leis, a chaitheadar thall i Lún-
duinn, agus gan luach cíonóige 'á bhárr acu. Is beag ná
gur imireadh an cleas céadna ar an mBille a bhí ag
muinntir Bhaile Áth' Cliath chun teóranta na cathrach a
druidim amach. Do loit na Tighearnaidhe breághdha an
Bille ortha, agus is cuma dhóibh acu nó uatha a bhfuaradar
dá dtoil féin.
Chuaidh Eibhlis Ní 'ic Mhathghamhna ar bórd luinge ag
Nuadh-Eabhrac seachtmhain an tSathairn seo chuaidh
tharainn i n-aois a céad agus a cúig di. Ag filleadh a bhaile
atá sí chum an chód' eile dá saoghal a chaitheamh 'na
baile duthchais i gConndae Mhuineacháin. Tá sí amuigh
le 75 bliadhna. Leagadh i mbualadh Waterloo an
buachaill a bhí le pósadh aici, agus níor ghabh sí le na
mhalairt ó shoin. Saoghal fada fá shólas go raibh i
nÉirinn aici.
Do réir gach aon sgéil níor mhór an buntaisde do
bhochtanaibh bheith i dTigh na mBocht i gCathair Chorcaighe
le tamall, dá mbeadh greim le n-ithe le fágháil las-
muigh acu. Chuir an Bórd Coimeádta daoine éigin ag
breathnughadh ar fuaid an tighe le déidheanaighe. Ní raibh
thíos ná thuas ann rómpa acht salachar agus fliuchán,
cé gur searbh a chaitheann daoine eile díol as an áit a
choiméad i gcóir mhaith. Bhí aon oifigeach amháin a
gheibheadh a thuarasdal ar theacht ann trí h-uaire sa
tseachtmhain, acht ina ionad sain is fánacha thagadh sé
i n-aon chor ann. Deir an Bórd nuadh ná déanfaidh an
saghas sain oibre an gnó dhóibh féin.
Fuarthas beirt dearbhráthar do na Báiréadaigh cionn-
tach i mbás Dhiarmud Uí Cheocháin, an sean-duine a
marbhuigheadh le h-ais Beanntraighe ráithe ó shoin.
Fagadh i n-athchomhair báis an oidhche chéadna mac dó a
bhí le n-a chois, acht tháinig sé chuige féin agus dhearbhuigh
sé ar an mbeirt Bairéadach. Chúig bhliadhna príosúin
a cuireadh ar dhuine acu agus trí bliadhna ar an bhfear eile.
Feargus Finn-Bhéil