Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Laogh mo Chroidhe.
Title
Laogh mo Chroidhe.
Author(s)
Ó Mathghamhna, An tAthair Labhrás,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Laogh mo Chroidhe. AN tATHAIR LABHRAS Ó MATHGHAMHNA, cct. Is atuirseach tréith me féin fóríor, Gan aiteas ná scléip acht ag déanamh caoidh, Aganfhios don tsaoghal le tréimhse 'om shnoighe, Le taitneamh go léir do laogh mo chroidhe. Tá dathacha im thaobh 's im ghéaga síos, Mo ghoile ní thaobhann aon ghiob bídh, Acht me i gcaitheamh an lae le taobh gach claidhe Féachaint an bhfeicfinn ar aon chor laogh mo chroidhe. Nuair a thagann an rae is na réalta chím, Chun socaird nuair théidheann gach n-aon sa dtír, A chodladh ní théidhim 's ní fhéadaim suidhe Acht ag feitheamh le glaodh ó laogh mo chroidhe. Tá an oiread-san réx ag éileamh gaoil Ar bhruinneal na gcraobh so féin do ríomhaim, Go gcrithim mar dhéanfadh éan ar chraoibh Le heagal gur bhaoghal do laogh mo chroidhe. Dá bhfeicinn-se féin an bhé seo mhaoidhim, Nó 'á gcloisinn í théacht fé réim don tír, Do rithfinn im léine gan spéis dá dhruim Chun luigh(t)e le taobh geal laogh mo chroidhe. Nach aindeis dam féin, tar éis ar maoidheadh, Mara gceanglaidh cléir le chéille sinn; Acht is dearbh gan bhréag go n-éagfa sí Nó béad-sa mar chéile ag laogh mo chroidhe
Do b'fhearra liom féin ná Cléire is Craoibhigh, Is ná claidheamh cinnóir im dhóid ón rígh, 'Ná cathair na Traé lem shaoghal gan chíos, Bheith ag rinnce ar "stage" le laogh mo chroidhe. Dá mhéid luingeas i gcóir fé sheóil is chrainn Is fuireann ar chóstaibh Sheóirse Bhuidhe, Do rinnceas-sa féin "serenade" is ríl Ar amharc an lae le laogh mo chroidhe Níl madra muar de chuaine an fhill Ón Sionainn adtuaidh go Cuan Chorcaighe, Ná measann le pléir is faobhar a gclaidhimh Mise do shéide ó laogh mo chroidhe. Aithchim-se féin an tAonmhac Críost Gach nduine ler mhéin ó chéile sínn Bheith treascartha faon gan réim n-a ndaíll Go follus don tsaoghal go dtéidhid don chill. TAGRA. I nOileán Cléire a bhíodh an tAthair Labhrás. Deir Micheál Ó Cuileanáin liom go raibh beirt fhile aca chun an amhráin seo, an tAthair Labhrás agus Diarmaid Ó Mineacháin, agus gur cheapadar gach re gceathramhain eatortha. Ní dócha gur mar sin a bhí amh. Sa leabhar n-a bhfuairemair-na an t-amhrán ní raibh thíos leis acht ainm an Athar Labhrás amháin. Cér bh'í "Laogh mo Chroidhe," nó cadé an rud í? Cheapas féin ar dtúis gur bh'í Éire í. Is dóigh liom anois gur coite smugléara do b'eadh í. Badh maith linn tuilleadh eóluis d'fhagháil i dtaobh an Athar Labhrás agus an tráth nar mhair sé. Tá againn a dó nó a trí de ghiotaíbh beaga eile dá chuid agus cuirfam i gcló san IRISLEABHAR iad. Tá's againn go bhfuil a thuilleadh aca ann, agus b'fhéidir go mbaileóghadh duine éigin iad. Ar shon go rabhadar na filidhe go líonmhar i gCairbreachaibh, is fírbheag dá saothar i mbuanchló fós. TÓRNA. CEIST: A Chléirigh, léigheas Béarla, agus Laidean buadhach binn, Is téxanna Gaedhilge n-a gceasta cruadha cinn, Nuair beid sliocht Ébha ar aon chnoc 's a pobal sluagh cruinn Cé an taobh de Mhac Dé annsoin n-a ngeabhthar cuan linn? FREAGRA: Réighfead-sa t'aon cheist mar leigis uait í: Nuair bheid sliocht Ébha ar aon chnoc 's a pobal sluagh cruinn, Go mbéir-se ann go traochta is go tuirseach truagh tím Is pé taobh de Mhac Dé inar thuillis uaidh bí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services