Laogh mo Chroidhe.
AN tATHAIR LABHRAS Ó MATHGHAMHNA, cct.
Is atuirseach tréith me féin fóríor,
Gan aiteas ná scléip acht ag déanamh caoidh,
Aganfhios don tsaoghal le tréimhse 'om shnoighe,
Le taitneamh go léir do laogh mo chroidhe.
Tá dathacha im thaobh 's im ghéaga síos,
Mo ghoile ní thaobhann aon ghiob bídh,
Acht me i gcaitheamh an lae le taobh gach claidhe
Féachaint an bhfeicfinn ar aon chor laogh mo chroidhe.
Nuair a thagann an rae is na réalta chím,
Chun socaird nuair théidheann gach n-aon sa dtír,
A chodladh ní théidhim 's ní fhéadaim suidhe
Acht ag feitheamh le glaodh ó laogh mo chroidhe.
Tá an oiread-san réx ag éileamh gaoil
Ar bhruinneal na gcraobh so féin do ríomhaim,
Go gcrithim mar dhéanfadh éan ar chraoibh
Le heagal gur bhaoghal do laogh mo chroidhe.
Dá bhfeicinn-se féin an bhé seo mhaoidhim,
Nó 'á gcloisinn í théacht fé réim don tír,
Do rithfinn im léine gan spéis dá dhruim
Chun luigh(t)e le taobh geal laogh mo chroidhe.
Nach aindeis dam féin, tar éis ar maoidheadh,
Mara gceanglaidh cléir le chéille sinn;
Acht is dearbh gan bhréag go n-éagfa sí
Nó béad-sa mar chéile ag laogh mo chroidhe
Do b'fhearra liom féin ná Cléire is Craoibhigh,
Is ná claidheamh cinnóir im dhóid ón rígh,
'Ná cathair na Traé lem shaoghal gan chíos,
Bheith ag rinnce ar "stage" le laogh mo chroidhe.
Dá mhéid luingeas i gcóir fé sheóil is chrainn
Is fuireann ar chóstaibh Sheóirse Bhuidhe,
Do rinnceas-sa féin "serenade" is ríl
Ar amharc an lae le laogh mo chroidhe
Níl madra muar de chuaine an fhill
Ón Sionainn adtuaidh go Cuan Chorcaighe,
Ná measann le pléir is faobhar a gclaidhimh
Mise do shéide ó laogh mo chroidhe.
Aithchim-se féin an tAonmhac Críost
Gach nduine ler mhéin ó chéile sínn
Bheith treascartha faon gan réim n-a ndaíll
Go follus don tsaoghal go dtéidhid don chill.
TAGRA.
I nOileán Cléire a bhíodh an tAthair Labhrás. Deir Micheál Ó Cuileanáin
liom go raibh beirt fhile aca chun an amhráin seo, an tAthair Labhrás agus
Diarmaid Ó Mineacháin, agus gur cheapadar gach re gceathramhain eatortha. Ní
dócha gur mar sin a bhí amh. Sa leabhar n-a bhfuairemair-na an t-amhrán ní
raibh thíos leis acht ainm an Athar Labhrás amháin.
Cér bh'í "Laogh mo Chroidhe," nó cadé an rud í? Cheapas féin ar dtúis gur
bh'í Éire í. Is dóigh liom anois gur coite smugléara do b'eadh í.
Badh maith linn tuilleadh eóluis d'fhagháil i dtaobh an Athar Labhrás agus an
tráth nar mhair sé. Tá againn a dó nó a trí de ghiotaíbh beaga eile dá chuid
agus cuirfam i gcló san IRISLEABHAR iad. Tá's againn go bhfuil a thuilleadh
aca ann, agus b'fhéidir go mbaileóghadh duine éigin iad. Ar shon go rabhadar
na filidhe go líonmhar i gCairbreachaibh, is fírbheag dá saothar i mbuanchló fós.
TÓRNA.
CEIST:
A Chléirigh, léigheas Béarla, agus Laidean buadhach binn,
Is téxanna Gaedhilge n-a gceasta cruadha cinn,
Nuair beid sliocht Ébha ar aon chnoc 's a pobal sluagh cruinn
Cé an taobh de Mhac Dé annsoin n-a ngeabhthar cuan linn?
FREAGRA:
Réighfead-sa t'aon cheist mar leigis uait í:
Nuair bheid sliocht Ébha ar aon chnoc 's a pobal sluagh cruinn,
Go mbéir-se ann go traochta is go tuirseach truagh tím
Is pé taobh de Mhac Dé inar thuillis uaidh bí.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11