Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Spailpín Fánach.
Title
Spailpín Fánach.
Author(s)
Ó Gríobhtha, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Spailpín Fánach MICHEÁL Ó GRÍOBHTHA Do Scríobh. CAIB. VI. "An áit ar chodail mé aréir bhí clampar ann. Do chóruigh an Crobhaltach biadh do Mháirtín agus do thug do a sháith le n-ithe agus le n-ól. Thug sé dhó a chuid airgid, agus dubhairt leis dul a chodladh dhó féin, agus go ndéanfadh sé féin faire ar eagla go dtiucfadh Donnchadh ar ais. Dubhairt Máirtín go bhfanfadh sé féin cois na teine n'a fharradh agus d'iarr sé ar an gCrobhaltach a innsint do cia ar díobh é nó cad é an gaol a bhí aige le Donnchadh nó cad 'na fheighil a rabhadar 'na gcomhnuidhe annsoin ar éadan an tsléibhe. "Táim ró-mhíshásta im' aigne anocht tar éis a raibh de chlam- par againn, acht an chéad uair arís a bhuailfidh tú chugham inneosad-sa mo sgéal duit agus is é an sgéal fada é sin. Táir-se tuirseach tnáidhte agus is ró-mhithid duit dul a chodladh." Annsoin do shín Máirtín ar an leabaidh gan baint de. Bhí sé chomh tuirseach soin gur thuit sé 'na chnap chodlata lom- láithreach. Taidhbhsigheadh dó go raibh sé ar bórd luinge ag teacht ón mBreathnaisg. Lá breagh gaelaighe móire bhí ann; bhí an fhairge ciúin sámh, agus solus na gréine ag taithneamh agus ag lonnradh go niamhrach ar an uisge. Bhí Máirtín féin go spleodrach croidheamhail agus a dháfhichid púnt aige 'na phóca, agus do ghaibh sé buidheachas le Dia a thug dó uain na soininne chum teacht tar lear. Acht fé cheann tamaill do tháinig atharughadh uathbhásach ar an lá. Tháinig sgamall ar an ngréin, do dhúbhuigh an spéir agus do thuit an duibhthean agus an dorchadas chomh trom soin ar an mhuir nárbh' fheas do Mháirtín brágha na luinge seach a deire. D'éirigh anfa gaoithe agus mara. Bhí tonnta móra borba dá gcur ar chleas-a-chuaile tar an luing anonn agus anall, agus do bhí an long ag luasgadh agus ag creathadh ag lúbadh agus ag ionnfairt. Bhí na seolta dá réabadh, agus bhí an long i riocht a basgtha. Caitheadh Máirtín ar bhior a chinn amach fé'n bhfairge agus síos leis go tóin an duibheagáin. Bhí sé díreach
ar tí filleadh thar ais an uair do rugadh ar chaol na coise air. D'fhéach sé fé síos agus cé bheadh ann acht Donnchadh agus gnúis mhallaighthe air. Níor bh'fhéidir le Máirtín an chos do sháthadh ná a tharraingt. Bhí greim an fhir bháidhte beortha ag Donnchadh uirthi. Chongbhaidh sé a bhéal dúnta go docht. Bhí fhios aige dá n-osglóchadh sé an béal go raibh a ré caithte. Cheap sé go sgoilteadh air, agus fé dheire b'éigin dó a bhéal d'osgailt agus an t-uisge do sgaoileadh isteach. Chuir sé sgread as agus d'éirigh aniar ar a leath-láimh. Bhí an Crobhaltach 'na sheasamh leis an gcnaisde agus uisge aige 'á chaitheamh idir an dá shúil ar Mháirtín. "Éirigh id' shuidhe go tapa, tá an tromluighe imthighe dhíot anois. Éirigh táthar chughainn." "Cé tá chughainn? Donnchadh?" "'Seadh agus lucht an dlighe 'na fhochair aige." "Dia lem' anam" arsa Máirtín, "sin é an taidhbhreamh agam anois." Chuadar araon amach fé'n sliabh agus do theicheadar leotha le imioll abhann a bhí ag rith ar fhaid maidhm sa sliabh. Bhí eas ar an abhainn sin, agus tuille ar an eas a bhí ag dul fiche troigh amach de dhruim na charraige, Chuaidh an bheirt síos isteach idir an tuille agus an charraig, agus d'fhanadar annsoin go meadhon lae. Bhí an tóir imthighthe an uair sin agus d'éaluigheadar an bheirt leótha anuas de'n sliabh, agus do thiodhlaic an Crobhaltach Máirtín nó gur chuir sé ar an mbóthar réidh é. Do thairg Máirtín púnt dh'á chuid airgid do'n Chrobhaltach acht ní ghlacfadh an Crobhaltach oiread agus aon phingin ruadh amháin uaidh. Do thiomaineadar cead agus céileabhradh le n-a chéile annsoin agus thug gach fear aca a bhóthar féin air. D'éirigh ceoidhe Mháirtín arís, agus do chomhairimh sé an t-airgead féachaint an raibh sé go cruinn baileach aige, agus do bhí. B'fhada leis go mbéadh sé ag baile agus d'fháisg sé leis go tréan agus níor fhás an féar glas fé n-a chosaibh go ráinig sé Mainistir na hInse tráthnóna an tarna lae. Bhí sé a naoi a chlog 'san oidhche an tráth do shroich sé a bhaile féin. Ní raibh fhios aige cia an chaoi bhí ortha ó d'imthigh sé uatha agus tháinig sgáth eagla air nuair do chuir sé lámh ar chlaibín a dhoruis féin. Chuir sé cluas air féin.
"Triopall, treapall, seana-cheann chapaill, Cia méad mac a bhí 'g an rígh? Dáréag mac i gcúil an tighe; Sgiub-se leat a mhéirín fheacaigh bhuidhe 'S tabhair na caoire buidhe(acha) leat - a bhaile." "Ar Pháidín atá an crann; gabh suas go dtí an dorus a Pháidín." "Tá Páidín ag éisteacht." "Gabh amach, a Pháidín, amach leat anois." D'osgail Páidín an dorus agus do tháinig amach. Isteach leis arís agus deabhadh ar a shálaibh. "A mháthair, a mháthair," ar seisean, "tá fear ag an dorus, nó sprid; is dóigh liom gur sprid atá ann." "Éist do bhéal, a dhailtín, nó gheobhaidh mé de shlait ort." "Deirim-se gur fíor dhóm é." "B'fhéidir dhuit an ceart do bheith agat. Feach amach arís, cá bhfios duit nach é t'athair a bhéadh ann." "An fear céadna, mhaise," arsa Máirtín ag preabadh chúcha isteach. Fágaimíd annsoin aca é. A CRÍOCH. Tagra. "Mar a raibh comhnuidhe ar Mháirtín" - mar a raibh sé 'na chomhnuidhe. "Nó gur éirigh a mhuirighin chuige" - nó gur tháinig an cúram sain air. "Acht ná fanfadh sé" - seo athchuinge air gan fanacht ró-fhada. "D'fhág sé slán aca" - aca an focal ceart annso. "Dalcháinín" - cnapán airgid. "Lár na luinge" - the deck of the ship. (Vide "Imtheachta na Tromdháimhe.") "Cad as" - where from. "Cá bhfuil do thriall?" = Cá bhfuil tú ag dul. "Go Tiobruid Árann nó geall leis" - to Tipperary or near it. "Ag pléidh a chod' thalmhan" - fighting for his land. (Is minic an t-atharughadh so ar an bhfocal "cuid" ar n-a chur sa chás gheineamhnach dó.) "Brughcungcais" - encroaching, from "brugh," to push or crush, and "cumhang," narrow (or perhaps from "cungais," conquest). "Coim" - the waist (nom. com). "Do chaithfinn líog" - do chaithfinn cloch - "shoulder stone." "D'uaghdar" - the old past tense. I have never heard "d'itheadar," in Clare.
"An clog dhá bhuanadh" - the bell being rung. (Buanadh is applied to any metallic ring). "An blosgaire" - the town crier (older bollsgaire). "Cruidhte … ar bogadh" - soft; i.e. loose, stirring. "Do sgoilteadar eatortha é" - they divided it between them. "Slán do thabhairt duit annsoin" - to give you guarantee for that. "Doich," .i. moch. (Níl an focal so "moch" agá labhairt go coitcheann sa Chlár.) "Deabhthach" impatient to be off; "righin" the opposite of "deabhthach" - i.e. dallying. "Searróg," .i. buidéal. "Do chromadar ar an ól" - not "ólachán," which I understand to mean con- tinued drinking or tippling. D'éirigh a chroidhe" - he became cheerful. "D'éirigh an croidhe air" - seems to be the reverse. "An léim sin do chaitheamh" - to perform the leap. (I have always heard this, but never any other idiom for jumping anything.) "Do loc air" - he baulked. "An-chruth" - terrible plight. (Focal coitcheann.) "An crann" - the "lot" to die. "Chuardaigh sé an t-airgead" - níor chuala riamh "do chuarduigh sé don airgead." "Gan chlú gan cháirde" - without "a name" by which he could get anything without immediate payment; ie. without "trust." "Atha-reatha" - the "lead" or intervening distance. (I have always heard "aga-reatha," but have written "atha-reatha" because I have seen it in "Feis tighe Chonáin Chinn sléibhe." "Bainfead-sa cúla srathraighe dhíot" - get the better of you. (This evidently comes from the ancient practice of the Irish foot-soldiers of pursuing cavalry, leaping on the back of the horse behind the rider and killing and unhorsing him.) "Do chuir é féin i dtaca" - put himself in steady position, balanced himself. "Do tharraing sé an bata" - whirled the stick before casting. "Díocus" - assiduity. (Focal coitcheann.) "Snaidhte" - exhausted. "Crobhaltach" - .i. crobh agus allta. "Gur shaothruighis an t-airgead" - gur thuillis. "Bainfidh dhuit" - you will come to grief. "Ní féidir" - past tense of ní fheadar. "Bás anbadh" - violent death. "Sgamh" - a snarl which parts the lips. "Agus go mba chruadh dho féin." It would go hard with himself. (Cruadh is spelled as pronounced, not cruaidh). "Chuir an buille sin 'na chomhnuidhe é" - that blow "settled" him. "Lá breagh gaelaighe móire" - a day of great brightness. "Do dhúbhaidh an spéir" - ní béarlachas é seo. ("Tiucfaidh sgamall ar an ngealaigh agus dúbhfaidh" - sean-amhrán). "Brágha na luinge" - nílim deimhnightheach gur chuala mé é seo acht is dóigh liom gur chualas. "Cleas-a-chuaile" - head over heels. ("Cleas a thuille" in Connacht). "Táthar chughainn" - an enemy is trying to surprise us. "Claibín" - a latch.
An Cluiche Cartaidhe. An muileat maol a mheilt, an cuireat caol a cheilt, applied to unscrupulous gambling Do mheilt, to falsely utter; do cheilt, to renege. Cearrbhach, originally a professional card-player, latterly applied to a person skilled in or making a practice of card-playing. The term is applied only to a skilful and honourable player. "Éagcóir ar na cartaidhibh," his respect for the game would not brook abuse of the cards. "Do shuathaidh se," he shuffled the cards. "Deighlimís," let us cut the cards. Probably the correct spelling would be deaghlaimís. Also "bainimís díobh." [Bearraimís is used elsewhere]. "Riar," the deal. "Riaradh" (also "roinnt,") the act of dealing (or having the right to) distribute the cards. "Luighe na beirte," the fall of the lift (or trick). The last to play in each round should take the trick if able to do so. "Fáinne óir ort," gold ace on you, i.e. you've got the ace. "Comharthaidhe." "tokens," a contemptible practice. "Do dhíol Donnchadh as an aon," Donnchadh "put down" for the ace. "Do ghabh, do rug, an bheart," took the trick. "Drabh," a poor card (not a trump) by which a trick is taken. Dréith is the ordinary word for a card which is not a trump. "Ar eagla go gcrochfaidhe é," for fear he should be suspended for that hand. "Sáth," "set," i.e. sending a trump in to the last player. This is very impor- tant when "luighe na beirte" comes on a man of high count. "Cad a tháinig ó bhonn?" What card was "laid" ("led" with), or first played in the round. "Do thug," was "laid" or first played in the round. "Do leag se righ airt ar an gCrobhaltach," he led with a king card so as to compel the Crobhaltach to part a trump. "Insan chead turus eile," in the next round. (This word turus is translated "journey." "Do dhein sé na cártaidhe," he arranged the cards for cutting. "Breith na birte," the taking of the trick. "An cíoná," the five (of trumps). Níor chuala riamh aga thabhairt ar an gcluiche seo acht an "Seana-chluiche." Seo mar deantar an cóimhreamh, (a) Nuair na bíonn ag imirt acht beirt, nó dá dhrong páirtidhte: Trí bheart sin bun, Dhá bhun sin úd Úd agus bun an cluiche; Ceithre beart sin fiche Dá fiche an cluiche; Fiche agus bun sin úd: Cúig beart sin rian (nó cluiche) - "jink." (Ní coimhrighthear beart ná dhá bheart agus leigtear ar lár gach aon rud fé bhun an bhuin). (b) Nuair bhíonn breis is beirt ag imirt agus gach duine ag imirt as féin, nó nuair bhíonn trí drong pártaidhthe (nó ós a chionn sin) ag imirt: Dhá bheart sin deich Dhá dheich sin fiche Fiche agus deich sin úd Úd agus deich an cluiche:
Ceithre beart sin fiche Dá fiche an cluiche Cúig beart as aon láimh chártaidhe amháin sin rian, .i. cluiche. (Ní cóimhrighthear aon bheart amháin, sgaoiltear ar lár é). Cóimharighthear fiche as gach riar cártaidhe muna ndeintear rian nó muna ngabhann cúigear beart an duine. Dá bhfaghadh aoinne amháin dhá bheart agus gan dhá beart do bheith ag teacht d'aoinne eile as an riar chéadna bheadh fiche ag gabháil leis an ndá mbeart. Ar gach slighe eile is mar a chéile e féin agus an "Twenty-Five." Ní fheadfadh duine an cluiche seo d'imirt chomh fuiris leis an Neap. D'oir- feadh dhó a mheamhair do bheith go cruinn aige agus innchinn ar dtaobh thiar dhá mheamhair aige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services