Spailpín Fánach
MICHEÁL Ó GRÍOBHTHA Do Scríobh.
CAIB. VI.
"An áit ar chodail mé aréir bhí clampar ann.
Do chóruigh an Crobhaltach biadh do Mháirtín agus do thug do 
a sháith le n-ithe agus le n-ól.  Thug sé dhó a chuid airgid, agus 
dubhairt leis dul a chodladh dhó féin, agus go ndéanfadh sé féin 
faire ar eagla go dtiucfadh Donnchadh ar ais.  Dubhairt 
Máirtín go bhfanfadh sé féin cois na teine n'a fharradh agus 
d'iarr sé ar an gCrobhaltach a innsint do cia ar díobh é nó cad 
é an gaol a bhí aige le Donnchadh nó cad 'na fheighil a rabhadar 
'na gcomhnuidhe annsoin ar éadan an tsléibhe. 
"Táim ró-mhíshásta im' aigne anocht tar éis a raibh de chlam-
par againn, acht an chéad uair arís a bhuailfidh tú chugham 
inneosad-sa mo sgéal duit agus is é an sgéal fada é sin. 
Táir-se tuirseach tnáidhte agus is ró-mhithid duit dul a chodladh." 
Annsoin do shín Máirtín ar an leabaidh gan baint de.  Bhí 
sé chomh tuirseach soin gur thuit sé 'na chnap chodlata lom-
láithreach. 
Taidhbhsigheadh dó go raibh sé ar bórd luinge ag teacht ón 
mBreathnaisg.  Lá breagh gaelaighe móire bhí ann; bhí an fhairge 
ciúin sámh, agus solus na gréine ag taithneamh agus ag lonnradh 
go niamhrach ar an uisge.  Bhí Máirtín féin go spleodrach 
croidheamhail agus a dháfhichid púnt aige 'na phóca, agus do ghaibh 
sé buidheachas le Dia a thug dó uain na soininne chum teacht tar 
lear.  Acht fé cheann tamaill do tháinig atharughadh uathbhásach ar 
an lá.  Tháinig sgamall ar an ngréin, do dhúbhuigh an spéir 
agus do thuit an duibhthean agus an dorchadas chomh trom soin 
ar an mhuir nárbh' fheas do Mháirtín brágha na luinge seach a 
deire.  D'éirigh anfa gaoithe agus mara.  Bhí tonnta móra 
borba dá gcur ar chleas-a-chuaile tar an luing anonn agus anall, 
agus do bhí an long ag luasgadh agus ag creathadh ag lúbadh 
agus ag ionnfairt.  Bhí na seolta dá réabadh, agus bhí an long 
i riocht a basgtha.  Caitheadh Máirtín ar bhior a chinn amach fé'n 
bhfairge agus síos leis go tóin an duibheagáin.  Bhí sé díreach 
 
ar tí filleadh thar ais an uair do rugadh ar chaol na coise air. 
D'fhéach sé fé síos agus cé bheadh ann acht Donnchadh agus 
gnúis mhallaighthe air.  Níor bh'fhéidir le Máirtín an chos do 
sháthadh ná a tharraingt.  Bhí greim an fhir bháidhte beortha ag 
Donnchadh uirthi.  Chongbhaidh sé a bhéal dúnta go docht.  Bhí fhios aige 
dá n-osglóchadh sé an béal go raibh a ré caithte.  Cheap sé go 
sgoilteadh air, agus fé dheire b'éigin dó a bhéal d'osgailt agus 
an t-uisge do sgaoileadh isteach.  Chuir sé sgread as agus 
d'éirigh aniar ar a leath-láimh.  Bhí an Crobhaltach 'na sheasamh 
leis an gcnaisde agus uisge aige 'á chaitheamh idir an dá shúil 
ar Mháirtín. 
"Éirigh id' shuidhe go tapa, tá an tromluighe imthighe dhíot 
anois.  Éirigh táthar chughainn." 
"Cé tá chughainn?  Donnchadh?"
"'Seadh agus lucht an dlighe 'na fhochair aige."
"Dia lem' anam" arsa Máirtín, "sin é an taidhbhreamh agam 
anois." 
Chuadar araon amach fé'n sliabh agus do theicheadar leotha le 
imioll abhann a bhí ag rith ar fhaid maidhm sa sliabh.  Bhí eas ar an 
abhainn sin, agus tuille ar an eas a bhí ag dul fiche troigh amach 
de dhruim na charraige,  Chuaidh an bheirt síos isteach idir an 
tuille agus an charraig, agus d'fhanadar annsoin go 
meadhon lae.  Bhí an tóir imthighthe an uair sin agus d'éaluigheadar 
an bheirt leótha anuas de'n sliabh, agus do thiodhlaic an Crobhaltach 
Máirtín nó gur chuir sé ar an mbóthar réidh é.  Do thairg 
Máirtín púnt dh'á chuid airgid do'n Chrobhaltach acht ní ghlacfadh 
an Crobhaltach oiread agus aon phingin ruadh amháin uaidh.  Do 
thiomaineadar cead agus céileabhradh le n-a chéile annsoin agus 
thug gach fear aca a bhóthar féin air. 
D'éirigh ceoidhe Mháirtín arís, agus do chomhairimh sé an 
t-airgead féachaint an raibh sé go cruinn baileach aige, agus do 
bhí.  B'fhada leis go mbéadh sé ag baile agus d'fháisg sé leis go 
tréan agus níor fhás an féar glas fé n-a chosaibh go ráinig sé 
Mainistir na hInse tráthnóna an tarna lae.  Bhí sé a naoi a 
chlog 'san oidhche an tráth do shroich sé a bhaile féin. 
Ní raibh fhios aige cia an chaoi bhí ortha ó d'imthigh sé uatha agus 
tháinig sgáth eagla air nuair do chuir sé lámh ar chlaibín a dhoruis 
féin.  Chuir sé cluas air féin. 
 
"Triopall, treapall, seana-cheann chapaill,
Cia méad mac a bhí 'g an rígh?
Dáréag mac i gcúil an tighe;
Sgiub-se leat a mhéirín fheacaigh bhuidhe
'S tabhair na caoire buidhe(acha) leat - a bhaile."
"Ar Pháidín atá an crann; gabh suas go dtí an dorus a 
Pháidín." 
"Tá Páidín ag éisteacht."
"Gabh amach, a Pháidín, amach leat anois."
D'osgail Páidín an dorus agus do tháinig amach.  Isteach 
leis arís agus deabhadh ar a shálaibh. 
"A mháthair, a mháthair," ar seisean, "tá fear ag an dorus, 
nó sprid; is dóigh liom gur sprid atá ann." 
"Éist do bhéal, a dhailtín, nó gheobhaidh mé de shlait ort."
"Deirim-se gur fíor dhóm é."
"B'fhéidir dhuit an ceart do bheith agat.  Feach amach arís, 
cá bhfios duit nach é t'athair a bhéadh ann." 
"An fear céadna, mhaise," arsa Máirtín ag preabadh chúcha 
isteach. 
Fágaimíd annsoin aca é.
A CRÍOCH.
Tagra.
"Mar a raibh comhnuidhe ar Mháirtín" - mar a raibh sé 'na chomhnuidhe.
"Nó gur éirigh a mhuirighin chuige" - nó gur tháinig an cúram sain air.
"Acht ná fanfadh sé" - seo athchuinge air gan fanacht ró-fhada.
"D'fhág sé slán aca" - aca an focal ceart annso.
"Dalcháinín" - cnapán airgid.
"Lár na luinge" - the deck of the ship.  (Vide "Imtheachta na Tromdháimhe.")
"Cad as" - where from.  "Cá bhfuil do thriall?" = Cá bhfuil tú ag dul.
"Go Tiobruid Árann nó geall leis" - to Tipperary or near it.
"Ag pléidh a chod' thalmhan" - fighting for his land.  (Is minic an t-atharughadh
so ar an bhfocal "cuid" ar n-a chur sa chás gheineamhnach dó.)
"Brughcungcais" - encroaching, from "brugh," to push or crush, and "cumhang,"
narrow (or perhaps from "cungais," conquest).
"Coim" - the waist (nom. com).
"Do chaithfinn líog" - do chaithfinn cloch - "shoulder stone."
"D'uaghdar" - the old past tense.  I have never heard "d'itheadar," in Clare.
 
"An clog dhá bhuanadh" - the bell being rung.  (Buanadh is applied to any
metallic ring).
"An blosgaire" - the town crier (older bollsgaire).
"Cruidhte … ar bogadh" - soft; i.e. loose, stirring.
"Do sgoilteadar eatortha é" - they divided it between them.
"Slán do thabhairt duit annsoin" - to give you guarantee for that.
"Doich," .i. moch.  (Níl an focal so "moch" agá labhairt go coitcheann sa
Chlár.)
"Deabhthach" impatient to be off; "righin" the opposite of "deabhthach" - i.e.
dallying.
"Searróg," .i. buidéal.
"Do chromadar ar an ól" - not "ólachán," which I understand to mean con-
tinued drinking or tippling.
D'éirigh a chroidhe" - he became cheerful.  "D'éirigh an croidhe air" - seems
to be the reverse.
"An léim sin do chaitheamh" - to perform the leap.  (I have always heard this,
but never any other idiom for jumping anything.)
"Do loc air" - he baulked.
"An-chruth" - terrible plight.  (Focal coitcheann.)
"An crann" - the "lot" to die.
"Chuardaigh sé an t-airgead" - níor chuala riamh "do chuarduigh sé don
airgead."
"Gan chlú gan cháirde" - without "a name" by which he could get anything
without immediate payment; ie. without "trust."
"Atha-reatha" - the "lead" or intervening distance.  (I have always heard
"aga-reatha," but have written "atha-reatha" because I have seen it in 
"Feis tighe Chonáin Chinn sléibhe."
"Bainfead-sa cúla srathraighe dhíot" - get the better of you.  (This evidently
comes from the ancient practice of the Irish foot-soldiers of pursuing
cavalry, leaping on the back of the horse behind the rider and killing and
unhorsing him.)
"Do chuir é féin i dtaca" - put himself in steady position, balanced himself.
"Do tharraing sé an bata" - whirled the stick before casting.
"Díocus" - assiduity.  (Focal coitcheann.) 
"Snaidhte" - exhausted.
"Crobhaltach" - .i. crobh agus allta.
"Gur shaothruighis an t-airgead" - gur thuillis.
"Bainfidh dhuit" - you will come to grief.
"Ní féidir" - past tense of ní fheadar.
"Bás anbadh" - violent death.
"Sgamh" - a snarl which parts the lips.
"Agus go mba chruadh dho féin."  It would go hard with himself.  (Cruadh is
spelled as pronounced, not cruaidh).
"Chuir an buille sin 'na chomhnuidhe é" - that blow "settled" him.
"Lá breagh gaelaighe móire" - a day of great brightness.
"Do dhúbhaidh an spéir" - ní béarlachas é seo.  ("Tiucfaidh sgamall ar an 
ngealaigh agus dúbhfaidh" - sean-amhrán).
"Brágha na luinge" - nílim deimhnightheach gur chuala mé é seo acht is dóigh
liom gur chualas.
"Cleas-a-chuaile" - head over heels. ("Cleas a thuille" in Connacht).
"Táthar chughainn" - an enemy is trying to surprise us.
"Claibín" - a latch.
 
An Cluiche Cartaidhe.
An muileat maol a mheilt, an cuireat caol a cheilt, applied to unscrupulous
gambling Do mheilt, to falsely utter; do cheilt, to renege.
Cearrbhach, originally a professional card-player, latterly applied to a person 
skilled in or making a practice of card-playing.  The term is applied only
to a skilful and honourable player.
"Éagcóir ar na cartaidhibh," his respect for the game would not brook abuse
of the cards.
"Do shuathaidh se," he shuffled the cards.
"Deighlimís," let us cut the cards.  Probably the correct spelling would be
deaghlaimís.  Also "bainimís díobh."  [Bearraimís is used elsewhere].
"Riar," the deal.  "Riaradh" (also "roinnt,") the act of dealing (or having the
right to) distribute the cards.
"Luighe na beirte," the fall of the lift (or trick).  The last to play in each round
should take the trick if able to do so.
"Fáinne óir ort," gold ace on you, i.e. you've got the ace.
"Comharthaidhe."  "tokens," a contemptible practice.
"Do dhíol Donnchadh as an aon," Donnchadh "put down" for the ace.
"Do ghabh, do rug, an bheart," took the trick.
"Drabh," a poor card (not a trump) by which a trick is taken.  Dréith is the
ordinary word for a card which is not a trump.
"Ar eagla go gcrochfaidhe é," for fear he should be suspended for that hand.
"Sáth," "set," i.e. sending a trump in to the last player.  This is very impor-
tant when "luighe na beirte" comes on a man of high count.
"Cad a tháinig ó bhonn?"  What card was "laid" ("led" with), or first played
in the round.
"Do thug," was "laid" or first played in the round.
"Do leag se righ airt ar an gCrobhaltach," he led with a king card so as to
compel the Crobhaltach to part a trump.
"Insan chead turus eile," in the next round.  (This word turus is translated
"journey."
"Do dhein sé na cártaidhe," he arranged the cards for cutting.
"Breith na birte," the taking of the trick.
"An cíoná," the five (of trumps).
Níor chuala riamh aga thabhairt ar an gcluiche seo acht an "Seana-chluiche."
Seo mar deantar an cóimhreamh,
(a) Nuair na bíonn ag imirt acht beirt, nó dá dhrong páirtidhte:
Trí bheart sin bun,
Dhá bhun sin úd
Úd agus bun an cluiche;
Ceithre beart sin fiche
Dá fiche an cluiche;
Fiche agus bun sin úd:
Cúig beart sin rian (nó cluiche) - "jink."
(Ní coimhrighthear beart ná dhá bheart agus leigtear ar lár gach aon rud fé bhun
an bhuin).
(b)  Nuair bhíonn breis is beirt ag imirt agus gach duine ag imirt as féin,
nó nuair bhíonn trí drong pártaidhthe (nó ós a chionn sin) ag imirt:
Dhá bheart sin deich 
Dhá dheich sin fiche
Fiche agus deich sin úd
Úd agus deich an cluiche:
 
Ceithre beart sin fiche
Dá fiche an cluiche
Cúig beart as aon láimh chártaidhe amháin sin rian, .i. cluiche.   
(Ní cóimhrighthear aon bheart amháin, sgaoiltear ar lár é).  
Cóimharighthear fiche as gach riar cártaidhe muna ndeintear rian nó muna
ngabhann cúigear beart an duine.  Dá bhfaghadh aoinne amháin dhá bheart agus
gan dhá beart do bheith ag teacht d'aoinne eile as an riar chéadna bheadh fiche ag
gabháil leis an ndá mbeart.  Ar gach slighe eile is mar a chéile e féin agus an
"Twenty-Five."
Ní fheadfadh duine an cluiche seo d'imirt chomh fuiris leis an Neap.  D'oir-
feadh dhó a mheamhair do bheith go cruinn aige agus innchinn ar dtaobh thiar dhá
mheamhair aige.