Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gléasa Taistil.
Title
Gléasa Taistil.
Author(s)
Ó Súilleabháin, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GLÉASA TAISTIL. Ar na mílte rud atá ag déanamh mearathail agus imnidhe do lucht intleachta an domhain is beag ceann aca go bhfuil an oiread suim dá chur ann le gléas taistil. Ní fhuil lá ghabhann thart ná cluintear trácht ar ghléas nua i mball éigin nó feabhas curtha ar shean-ghléas. Tá formad is comórtas idir na náisiún i dtaobh na ceiste seo, gach ceann aca ag iarraidh buanacht na slighe do fhagháil chum margaidhe móra an domhain. Ar a shon so go léir tá an saoghail mór ag gabháil timcheall ar a shocaireacht mar do bhí an chéad lá riamh, agus ag caitheamh cheithre uair a chluig ag tabhairt cúrsa na gréine isteach gach lá. Tá gach nídh ar dhruim an domhain ag gluaiseacht ar an sean-nós, agus de réir nadúire acht amháin an daonnaidhe. Acht de réir an fhuadair atá fé sin, tá gach aon deallramh air gur gearr go n-árdóchaidh sé a sheólta chun imtheacht ar dhruim na gaoithe agus ná bheidh beann aige ar árd ná ísleán. Bhí lá i nÉirinn, agus ní raibh puinn éileamh ar na nidhthibh seo.
Bhíodar sásta ins na laethibh úd dul ag taisteal na tíre ar lúth- thuras éadtrom ar marcaigheacht nó ar coisigheacht. De réir a dtuairisc níorbh' aon "tsop ar an mbóthar" iad is ná goillfeadh sé ortha puncture d'fhagháil. I dtaobh a gcuid earraidhe do bhreith go dtí an margadh ba bheag ortha aistear dáfhichid míle thabhairt isteach ag déanamh fé dhéin na cathrach, agus go mbíodh na comhursain ag cur fáilte rómpa ar gcasadh a-bhaile dhóibh, agus ag fagháil tuairisc ar chursaíbh an tsaoghail lasmuigh. Acht tháinig atharrughadh ar an scéal so i nÉirinn nuair a cuir- eadh an chéad bhóthar iarainn ar bun breis is deich mbliadhna is trí fichid ó shoin i n-aice Bhaile Átha Cliath. Ó shoin anuas tá siad ag leathadh amach, i dtreó go bhfuil os cionn 3,000 míle de bhóithribh iarainn ag ruith tré fhaid agus leithead na tíre fé láthair. Bhí screaduigheal an ineall gaile, agus fothrom cóistí na leit- reach le cloisint ag ruith i gcomórtas le na chéile ar feadh a bhfad tar éis an chéad bhóthar iarainn bheith curtha ar bun, acht ruagadh na cóistí fé dheireadh. Do cheap an Riaghaltas ar dtúis na bóithre iarainn do choimeád fé n-a gcúram féin is iad do chur ar bun le hairgead an Chiste; agus pé farasbárr airgid do thiocfadh de bhárr na hoibre tar éis an sochar do íoc leis an gCiste agus na bóithre do choimeád suas, é bheith ag dul chun an costas iomchuir a laigheadughadh ó am go ham. Ba mhaith an iarracht í seo chun Éire do chur ar a bonnaibh agus chun saothrachta na hÉireann do aithbheóchaint dá mbeidís dáiríribh mar gheall air. Acht mo chreach, ní rabhadar. Ba ghearr gur bhogadar a ngreim ar na bóithribh, agus ná rabhadar a bhfad mar chúram ortha. Thugadar caoi don allmhurach is don choigchríoch sleamhnughadh isteach agus chómhluchtaí chur ar bun chun an gnó do riaradh, agus chum toradh agus tairbhe na hoibre do roinnt eatortha féin agus a gcáirde gan bac gan bara. Ní leas ná tairbhe na tíre bhí ag déanamh imnidhe don dream so acht cionnus airgead na tíre do shladadh le costas neamh- meódhnach do éileamh ar earraí na tíre do iomchur, agus ag tabhairt caoi don stróinséar bheith ag teannadh toradh a shaothair isteach ar bheagán costais. Bhí na postaoí do b'aoirde le fagháil fútha i seilbh an dream Ghallda de ghnáth, agus gan toradh madra le fagháil ag muinntir na hÉireann. Níor theastuigh duine den
chreideamh Ghaedhlach ná den teangain Ghaedhealach uatha dá bhfaghaidís a malairt. Acht fóríor! In' indheóin so go léir bhí a lán daoine Gaedhealach idir phobal is chléir ag cuidiughadh leó san obair seo. Óir chuireadar a gcuid airgid amach chun sochair ins na chómhluchtaíbh seo, agus ba chuma leó cia aca Rúisíneach nó Iodáileach, Sasanach no Éireannach bhí mar seirbhísigh aca. Ba chuma leó cia aca bhí an costas iomchuir ag goilleamhaint ar thír na hÉireann nó ná raibh. I n-aon fhocal amháin bhíodar bog ar an scéal go léir, acht go mbeadh sochar maith le roinnt amach eatortha ag an gcruinniughadh leath-bhliadhna. Is bocht annróitheach an scéal atá le hinnsint i dtaobh na tíre ar feadh na haimsire atá an obair seo ar siubhal. Na daoine ag fagháil bháis le gorta is le ganntanas. Saothrachta na tíre ag meath agus dá gcur fá chois. Uaill uaigneach an deóruidhe agus a cháirde gaoil le cloisint gac lá. Agus rud is measa ná so go léir b'fhéidir an t-iasacht ag éirighe fé mheas, agus an dúthchas treascartha fé tháir is fé tharcuisne. "Tá "Béarla" go tiugh dá shéideadh lasmuigh" i dtaobh na ceiste so le tamall. Tá Coiste toghtha ag an Riaghaltas chun breithniughadh ar chúrsaíbh tráchtála i nÉirinn, rátaí na mbóthar iarainn, agus rl. Táid comhairlí contaethe, agus rl., ag cur teachtairí chun fiadhnaise thabhairt os comhair an Choiste seo; agus gan aon amhras is iomdha éagcóir throm is drochbheart atá curtha i leith lucht na mbóthar iarainn. Is mór an obair tar éis an Bhéarla bhreágh atá dá stealladh amach ó cheann ceann na tíre le deich mbliadhna fichead nár cuimhnigheadh ar na neithibh seo go dtí so. "Tá a fhios ag an talamh ó's é tá bodhar balbh" go bhfuil an éagcóir dá dhéanamh i mórán slighte; acht cá bhfuil an leigheas? Nó, an dtroidfimíd i n-aghaidh na héagcóra má tá an leigheas le fagháil? Táid bóithre iarainn na hÉireann go léir beag nach fé chúram seacht gcuideachta déag atá ag reamhrughadh agus ag déanamh saidhbhris as dealbhas na tíre le fada. Sé baramhail daoine áirithe gur feárr a raghadh sé dhon tír dá mbeadh na bóithre seo fé chúram an Riaghaltais. Óir, i dtíorthaibh eile ar fuaid na hEórpa i n-a bhfuil an Riaghaltas dá n-oibriughadh, go bhfuil sé i gcumas lucht-saothair, feirmeoirí, &rl., a gcuid earraidhe, eallach, toradh na talmhan, &rl., a chur go dtí an margadh ar bheagán costais, agus go bhfuil na tíortha so ag dul ar aghaidh
go tréan dá chionn. Ní fuláir náq gur mar sin atá an scéal aca súd. Acht ní hionann bheith fé chion is fé chúram Riaghalthóra, agus bheith fé ghéarleanamhaint, fé smacht is fé tharcuisne aige. Sid í an difrigheacht go léir. Ní fhuil cion ná cúram ag Seághan breágh ar mhuinntir na hÉireann. Dá mbeadh na bóithre iarainn fé n-a churam is ar mhaithe le na líon tighe féin do oibreóchadh sé iad "dá ghiorracht do dhuine a chóta is giorra 'ná soin a léine dho." I dtaobh lucht na mbhóthar iarann, ní feárr cheachtar díobh 'ná a chéile. Iad féin iad féin. Áirmhightear go bhfuil ós cionn cheithre milliún púnt ag dul tré lámhaibh lucht na mbóthar iarainn gach bliadhain, agus go gcosnuigh- eann sé dhá mhilliún go leith na bóithre do oibriughadh. Áirmhightear, mar an gcéadna, go gceannóchadh caogad milliún púnt na boithre iarainn amach ar shochar trí bpúnt go leith as an gcéad nó mar sin. Anois, tá Seaghán ag maoidheamh le tamall gur mhaith leis go mbeadh lámh, seadh agus lámh mhór leis, ag muinntir na hÉireann i ngnóthaíbh a dtíre féin. Má tá sé chomh ceanamhail ar mhuinntir na hÉireann is leigeann sé air a bheith anois an t-am aige chun é thespáint. Is furas dó dlighe do chur i bfeidhm do thabharfaidh caoi dhóibh na bóithre iarainn do cheannach amach, agus an t-airgead a thabhairt dóibh ar iasacht freisin. Ní bheadh sé dadamh caillte leis, óir ní baoghal ná go n-íocfaidís thar n-ais go cneasta é, cé go bhfuil abhfad níos mó 'ná an méid sin sladaithe thar cheart aige uatha le fiche bliadhain. "Éist le fuaim na habhann agus gheóbhair breac; ag magadh atá sibh," adéarfaidh Seaghán. Anois, ní fhuil aon chabhair bheith ag brath ar go raghaidh tír na hÉireann chun tosaigh an fhaid a bheidh gléas taistil na tíre fé riaradh an namhad. Is cosmhail le duine bheadh i bhfeighil tighe do dhuine eile é, agus go mbeadh sé ag goid is ag fuadach uaidh chum a thighe féin. Acht dá mbeadh an obair fé n-a gcúram féin is fé bhainisteoireacht achmhuinneach, is géarr go mbeadh a mhalairt de scéal le hinnsint i dtaobh na tíre. Ar an gcéad dul síos ní chosnóchadh sé a leath-oiread na bóitre do oibriughadh, óir ní theastóchadh leath na riaruightheóirí ná na daoine uaisle eile atá ag borradh is ag at ar shaothar na ndaoine fé láthair. Is iomdha rud atá ag dreoghadh i nÉirinn indiu go ndéanfaidhe é shaothrughadh agus úsáid a dhéanam dhe nuair a bheidís i n-ann a chur amach ar chostas réasúnta, gual, móin,
clocha, &rl. Chuirfidhe saothrachta ar bun. Bheadh treabhadh agus fuirse ar siubhal ar an dtalamh bán arís. Chabhróchthaidhe go tréan le gach dhéantús Gaedhlach. Mar bhárr air seo go léir chuirfidhe cosc leis an imirce, agus dá bhrígh sin do bheadh níos mó taistealacht is níos mó le déanamh ag an mbóthar iarainn, agus bheadh an tír go léir níos feárr dá dhruim. Ní fhuil rud ar bith gur feárr is féidir é chur i gcompráid le gléas taistil oireamhnach i n-aon tír 'ná cuisleanna is féitheacha na colna go mbíonn an fhuil ag teacht is ag imtheacht tríotha ó ceart lár an chroidhe. Má's folláin an croidhe beidh an cuisle fuinneamhail, agus ruithfidh an fhuil go mear láidir lúthmhar amach go himeallaibh na colna, agus bheidh an cholann go léir sláinte- amhail curanta. Acht má tá an cholann lag de cheal bídh oireamhnaigh nó tar éis íde mí-nádúrtha thabhairt di, beidh an croidhe fann is an cuisle gan fuinneamh; beidh an fhuil ag dranntán go fuar faon i gcuisleannaibh is i bhféitheachaibh na colna. Dá bhrígh sin beidh dath an aoil ar an ghnúis agus na géaga leóinte gan tapa. Is fada atá Éire bhocht ag tál is ag taoscadh a cod' fóla amach sa bhfairrge, agus fuil an iasachtaigh ag teannadh isteach uirthi le toil an Riaghaltais is lucht na mbóthar iarainn. Ní hiongnadh go bhfuil éadan ná tíre ag ruith amach bán. Ós léir nách chum tairbhe na tíre atá gléas taistil na hÉireann dá stiúradh fé láthair, an féidir iad do fheabhsughadh i slighe go mbainfidhe an buntáiste is mó asta? Ar an gcéad dul síos ní fuláir do mhuinntir na hÉireann a gcás féin a thuigsint i dtaobh na ceiste seo. Cad tá ag teastáil uatha? Muinighin a bheith aca asta féin, agus dá ráingheóchadh go mbeadh sé riachtanach bheith ullamh chun a gcirt do chosnamh. Ní raibh ceart ná cóir le fagháil i nÉirinn riamh gan troid a dhéanamh. Acht tá a lán daoine meathta ins an tír seo adéarfaidh go bhfuil an iomad comhachta ag luct na mbóthar iarainn is ag a lucht leanamhna, agus ná fuil aon bhreith ag muinntir na hÉireann cor a bhaint asta. Cé déarfadh fiche bliadhain ó shoin go mbeadh na tighearnaí talmhan beagnach díscithe fá'n am so? Agus ba mhór a gcómhacht sa tír. Tá daoine eile againn, daoine neamh- maitheacha aineólacha adéarfaidh ná baineann an cás i n-aon chor leó; agus dream eile, "fear na caorach beirbhthe," go bhfuil rud éigin buaidhte aca dá mbárr.
Siad na daoine seo fé ndeara fiche miliún púnt bheith ag fágáil na tíre gach aon bhliadhain ar earraíbh iasachta, agus saothrachta na tíre ag dul chun deiridh. Siad fé ndeara airgead na tíre bheith ag dreóghadh i mbanncanaibh, nó dá chur chun sochair i dtíorthaibh eile, agus ár n-aos óg ag sceinne leo thar saile, is an talamh ag ruith amach bán de cheal saothruighthe. Siad so go bhfuil lucht na mbóthar iarainn ag déanamh saidhbhris asta an aimsir seo dá mbreith go Baile Átha Cliath chun dul ag féachaint ar Sheóbóthair an Domhain nuair badh chóra dhóibh bheith ag cur le chéile chun Aonach Gaedhlach do fhreastal cois baile. I n-aon fhocal amháin, tá an saoghal lasmuigh tar éis meabhair a gcinn a bhaint de mhuinntir na hÉireann. Ní fhuil muinighin ná dóchas aca as a gcomhacht féin, ná eólas aca ar cionnus é chur i bhfeidhm, acht ag brath ar an leigheas mar a buaileadh an aicíd leó ar nós fear na meisce. Cé go bhfuil cúrsaí tráchtála ag goilleamhaint ar thír na hÉireann go léir tá áiteanna go bhfuil an scéal a bhfad níos dona ortha 'ná a chéile. Tá na háiteanna so go léir nach mór ar léirscáil na Gaedhltachta. Is 'mdhó bogach garbh, logán lom, agus imeall sléibhe go bhfuil daoine bochta ag obair go dian dicheallach ortha ag iarraidh maireachtaint a bhaint asta. Is 'mdhó cosán cam agus bóithrín cumhang clochach atá ar a lán aca cur díobh sula sroisid siad an bóthar árd, chun teangmháil le mangaire nó gaimbíneach atá ag cur fé chomaoine iad ag tógaint a gcuid ubh, ime, etc., uatha, is ag tabhairt pé luach is maith leis dóibh. Ní fhuil aon eólas aca féin ar imtheachtaibh na mbóthar iarainn acht an t-eólas dubhach dubhrónach, .i. gurab iad do sciob a gclann leó fé dhéin na fairrge. Pé slighe go raghaidh na bóithre iarainn is mithid iarracht éigin a thabhairt fé earraí na n-áiteanna iargcúlacha so do chur chun margaidh go tráthamhail ionnus go bhfaghadh na daoine bochta an luach ceart ortha. Thug an Tighearna Uíbh Eachach agus Pirrie iarracht fé rud éigin den tsaghas so do chur ar bun tamall ó shoin, acht pé cúis é níor tháinig aon rud de. Samhluighthear, ámh, go raibh súil aca go raghadh an gnó chum cinn, tráth is go rabhadar ullamh chun a gcuid airgid do chur i gcontabhairt leis. Ní fhuil acht aon tslighe amháin chun tabhairt fé an gceist seo.
Sé sin comh-oibriughadh do chur ar bun eatortha. Dá mbeadh soin aca b'fhurus socrughadh mar gheall ar an tráchtáil. Tá gléas taistil an-áiseamhail tabhartha amach aca thall sa bhFrainnc i gcomhair na hoibre seo. Tiomáintear le neart mótor é, agus tá chúig no sé cóistí gabhtha le chéile. Is féidir iad so do scaoileadh ó n-a chéile aon uair is maith leó é. Rud eile dhe, tá sé ceapaithe i slighe gur féidir é thiomáint ar aon bhóthar puiblidhe gan baoghal dul síos tríd. Óir ní fhuil aon áit de idir ineall is cóistí níos truime 'ná a chéile. Tiomáintear é seo amach ar maidin ó gcathair no ón mbaile mór, agus fágann sé cóiste aca so i n-áit áirithe annso is annsúd, ag crosbhóthar nó aon áit áiseamhail. Tig le muinntir na háite sin pé earraí bheadh aca chun cur go dtí an margadh iad do chur isteach sa chóiste seo, agus é bheith ullamh roimh an mótor ag filleadh thar n-ais dó um thráthnóna. Tá na bóithre puiblidhe maith go leór ins an tír seo; agus fóríor, díomhaoin is uaigneach a ndóthain chun cóistí teintreacha do thiomáint ortha. Is feárr do mhuinntir na hÉireann bheith ag déanamh úsáid éigin díobh, tar éis a bhfuil caillte aca leó, do raghadh chun a sonas féin is chun tairbhe na tíre 'ná bheith ag féachaint ar bhoicíní iasachta ag caitheamh na láibe ortha le na gcóistí, is ag déanamh magadh agus fonómhaid fé n-a bhfaillighe. Cá bhfaghfar an t-airgead chun an ghnó so do chur ar siubhal? Do dhéanfadh an méid airgid atá dá chaitheam gach bhliadhain ag coinghbháil tighthe na mbocht suas, an obair go léir. Nó do dhéanfadh an méid farasbárr atá ag Ciste Shasana dá éileamh de bhárr Bille na Talmhan tosnughadh maith. Nó, do déanfadh an cúigmhadh cuid déag den mhéid airgid atá ag imtheacht ar ólachán gach bliadhain é. Ní feárr bheith ag cainnt, ámh, ní fhuil aon fhághail ar an airgead so go fóill, acht go háirithe. I dteannta gach tubaiste eile tá an méid sin donus ar mhuinntir na hÉireann go bhfuil greim an duine bháidhte aca ar aon phinginn do raghadh chun tairbhe na tíre, chun go gcurfar dlighe éigin i bhfeidhm thall mar gheall air ar mhaithe leo mar'dh eadh; agus annsoin caithfid siad lámh a chur i n-a bpóca, agus ná raibh maith aca. Anois cuir i gcás go mbeadsh comhoibriughadh ar bun i gceann- tar iargcúlach idir feirmeóirí, lucht céirde, etc., agus ná
beidís i n-ann gléas taistil oireamhnach do sholáthar dóibh féin. Bíonn gach aon tosnughadh lag. Dá gcuirfidís fógraí ins na páipéaraíbh amuigh is sa mbaile gá rád go dtabharfaidís tráchtáil na háite sin don duine nó don chómhlucht is saoire do dhéanfadh an gnó, gabhaim-se orm gur geárr go bhfuighidís freagra, is go mbeadh comórtas idir lucht mótor mar gheall ar. B'fhéidir go mbeidís beagán caillte leis an obair ar dtúis; acht do réir mar a bheidís ag fagháil eóluis ar na margaidhibh is ag fagháil luach mhaith ar a n-earraidhibh, bheidís ag dul i neartmhaire le linn na haimsire. Rud eile dhe, bheadh na ceannuightheóirí lasmuigh ag cur aithne ortha féin is ar a dtír; agus nuair a bheadh gléas taistil oireamhnach aca chun teacht agus imtheacht, luighfidís ar na saothrachta do bheadh oireamhnach don áit sin do chur ar bun, agus ní baoghal ná go dtiocfadh feabhus ar an gceanntar go léir dá dhruim. Is 'mdhó fear saidhbhir de shliocht na nGaedheal tar lear atá lán-ullamh chun chabhrughadh le na thir dhúthchuis. Acht mar adubhairt duine aca le déadhnaighe: cadé an tairbhe bheith ag caitheamh airgid ar mhuinntir na hÉireann agus iad san dá chur anonn go Sasana. Acht dá bhfeicfeadh sé sin nó a leithéid eile gnó den gcineál so curtha ar bun agus na daoine ag obair as a ngustal féin, ní baoghal ná go dtabharfadh sé a chongnamh pearsanta dhóibh ins gach chéim. Dá mbeadh obair den tsaghas so ar siubhal fé bhainisteóireacht acmhuinneach ní dóigh liom go bhfuil slighe is giorra chun láimhe chun barrathuisle thabhairt do lucht na mbóthar iarainn is chun teacht "dia thiar díobh mar a tháinig an sioc ar Eóchaill." Dá mbeadh an gléas nua so ag muinntir na tuaithe, agus go n-eiteóchadh lucht na mbóthar iarainn na rátaí do laighdughad, tig leó an mótor do thiomáint i gcomórtus leó dá mbadh isteach go príomh- chathair na hÉireann é. Is sia raghadh obair mar sin chun scannradh agus smacht do chur ortha ná dá mbeadh lucht an Bhéarla ag cainnt go dtí lá an Luain. Ní fhuil aon áit is feárr iad do aimsiughadh 'ná i bpóca an bhríste. Dá n-eireóchadh aon rud mar seo i gcoinnibh lucht na mbóthar iarainn 'sé an chéad rud do dhéanfaidís ámh, ná an gléás nua do cheannach amach dá bhfaighdís é le ceannach. Tá a lán cuideachta beaga slugtha aca mar seo ar fuaid na tíre, agus dá bhrígh sin ní fhuil bac ortha a rogha cána
do chur suas. Tá an ealadha so ró-fhada cheana chun cur síos ar thráchtáil na n-abhann mar, An tSionann leathan láidir, an Bhóinn is an chuid eile aca. Acht b'fhéidir dúinn uair éigin eile. I n-aon fhocal amháin, caithfid muinntir na hÉireann cromadh ar a ngnó féin do dhéanamh i dtaobh na ceiste seo agus gach ceiste eile atá ag ghoilleamaint ortha, má tá sé i ndán dóibh bheith buan. Dá ndéanfaidhe tosnughadh ar an gcuma so ins na ceanntaraibh iargcúlacha, agus sprid agus anam na nGaedhltachta do mhúscailt is do ghríosadh chun gnó bunadhsach do chur ar bun agus do bhreith ar aghaidh; tespáint agus míniughadh dhóibh go bhfuil sé i n-a gcumas éirghe ins an tsaoghal i n-indeóin gach tubaiste atá ag cur i n-a gcoinnibh is geárr go mbeadh a mhalairt de scéal le hinnsint fá dtaobh díobh. Do lean an galldachus cúrsa an bhóthair iarainn de ghnáth, agus bhí an ruagadh dá chur ar an nGaedhltacht dá réir. Bhí a muinntir deighilte amach ón saoghal eile go léir. Pé feabhas a bhí ag teacht ar an saoghal lasmuigh ní raibh aon bhreith aca súd ar aon chuid de. Bhíodar mar bheadh deóraidhthe i mbraighdeanas i n-a dtír féin. Acht ar a shon san ní rabhadar acht ag breith amach leómhnughadh Dé, ag coimeád oighreacht a sean saor ó mhasla go dtiocfadh an aiséirghe. Tá comharthaí go bhfuil soin ag teacht. Anois an t-am chun muinntir na Gaedhltachta do fhuascailt, agus caoi thabhairt dóibh chun casadh ar a n-ionadaibh féin, agus coidreamh a bheith idir iad féin agus an tír uile. De réir mar díbrigheadh an Ghaedhltacht amach sa bhfásach an uair sin curfar an ruagadh ar an nGalldachas thar n-ais. Beidh an fhuil Ghaedhealach ag preabadh go meanmnach i gcuisleannaibh na tíre arís, thoir, thiar, theas, agus thuaid. Ní Ulaidh ná Mumhain, Connachta ná Laighin, Leath-Mhogha ná Leath-Chuinn, a bheadh mar rosc catha ann, óir curfar cúigeachas ar leathtaoibh, acht "Éire go léir, agus an Gaedheal i n-uachtar." BONN AR BÓTHAR. [.i. Pádraig Ó Súilleabháin, Dúinín, Sráid an Mhuilinn, Co. Chorcaighe. Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i nIomaidh- eacht a & .i. an Iomaidheacht i gcuimhniughadh ar na Maolánaigh, Pádraig agus Eibhlín, ar an Oireachtas, 1907. ]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services