Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gléasa Taistil.

Title
Gléasa Taistil.
Author(s)
Ó Súilleabháin, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GLÉASA TAISTIL.



Ar na mílte rud atá ag déanamh mearathail agus
imnidhe do lucht intleachta an domhain is beag
ceann aca go bhfuil an oiread suim dá chur
ann le gléas taistil. Ní fhuil lá ghabhann
thart ná cluintear trácht ar ghléas nua i
mball éigin nó feabhas curtha ar shean-ghléas.
Tá formad is comórtas idir na náisiún i dtaobh na ceiste seo,
gach ceann aca ag iarraidh buanacht na slighe do fhagháil chum
margaidhe móra an domhain.



Ar a shon so go léir tá an saoghail mór ag gabháil timcheall
ar a shocaireacht mar do bhí an chéad lá riamh, agus ag caitheamh
cheithre uair a chluig ag tabhairt cúrsa na gréine isteach gach lá.
Tá gach nídh ar dhruim an domhain ag gluaiseacht ar an sean-nós,
agus de réir nadúire acht amháin an daonnaidhe. Acht de réir
an fhuadair atá fé sin, tá gach aon deallramh air gur gearr go
n-árdóchaidh sé a sheólta chun imtheacht ar dhruim na gaoithe agus
ná bheidh beann aige ar árd ná ísleán.



Bhí lá i nÉirinn, agus ní raibh puinn éileamh ar na nidhthibh seo.


L. 96


Bhíodar sásta ins na laethibh úd dul ag taisteal na tíre ar lúth-
thuras éadtrom ar marcaigheacht nó ar coisigheacht. De réir a
dtuairisc níorbh' aon "tsop ar an mbóthar" iad is ná goillfeadh
sé ortha puncture d'fhagháil. I dtaobh a gcuid earraidhe do bhreith
go dtí an margadh ba bheag ortha aistear dáfhichid míle thabhairt
isteach ag déanamh fé dhéin na cathrach, agus go mbíodh na
comhursain ag cur fáilte rómpa ar gcasadh a-bhaile dhóibh, agus
ag fagháil tuairisc ar chursaíbh an tsaoghail lasmuigh.



Acht tháinig atharrughadh ar an scéal so i nÉirinn nuair a cuir-
eadh an chéad bhóthar iarainn ar bun breis is deich mbliadhna is
trí fichid ó shoin i n-aice Bhaile Átha Cliath. Ó shoin anuas tá
siad ag leathadh amach, i dtreó go bhfuil os cionn 3,000 míle de
bhóithribh iarainn ag ruith tré fhaid agus leithead na tíre fé láthair.
Bhí screaduigheal an ineall gaile, agus fothrom cóistí na leit-
reach le cloisint ag ruith i gcomórtas le na chéile ar feadh a
bhfad tar éis an chéad bhóthar iarainn bheith curtha ar bun, acht
ruagadh na cóistí fé dheireadh.



Do cheap an Riaghaltas ar dtúis na bóithre iarainn do
choimeád fé n-a gcúram féin is iad do chur ar bun le hairgead
an Chiste; agus pé farasbárr airgid do thiocfadh de bhárr na
hoibre tar éis an sochar do íoc leis an gCiste agus na bóithre
do choimeád suas, é bheith ag dul chun an costas iomchuir a
laigheadughadh ó am go ham. Ba mhaith an iarracht í seo chun
Éire do chur ar a bonnaibh agus chun saothrachta na hÉireann do
aithbheóchaint dá mbeidís dáiríribh mar gheall air. Acht mo chreach,
ní rabhadar. Ba ghearr gur bhogadar a ngreim ar na bóithribh,
agus ná rabhadar a bhfad mar chúram ortha. Thugadar caoi don
allmhurach is don choigchríoch sleamhnughadh isteach agus chómhluchtaí
chur ar bun chun an gnó do riaradh, agus chum toradh agus tairbhe
na hoibre do roinnt eatortha féin agus a gcáirde gan bac gan
bara.



Ní leas ná tairbhe na tíre bhí ag déanamh imnidhe don dream
so acht cionnus airgead na tíre do shladadh le costas neamh-
meódhnach do éileamh ar earraí na tíre do iomchur, agus ag
tabhairt caoi don stróinséar bheith ag teannadh toradh a shaothair
isteach ar bheagán costais. Bhí na postaoí do b'aoirde le fagháil
fútha i seilbh an dream Ghallda de ghnáth, agus gan toradh madra
le fagháil ag muinntir na hÉireann. Níor theastuigh duine den


L. 97


chreideamh Ghaedhlach ná den teangain Ghaedhealach uatha dá
bhfaghaidís a malairt. Acht fóríor! In' indheóin so go léir bhí a
lán daoine Gaedhealach idir phobal is chléir ag cuidiughadh leó san
obair seo. Óir chuireadar a gcuid airgid amach chun sochair ins
na chómhluchtaíbh seo, agus ba chuma leó cia aca Rúisíneach nó
Iodáileach, Sasanach no Éireannach bhí mar seirbhísigh aca. Ba
chuma leó cia aca bhí an costas iomchuir ag goilleamhaint ar thír
na hÉireann nó ná raibh. I n-aon fhocal amháin bhíodar bog ar an
scéal go léir, acht go mbeadh sochar maith le roinnt amach
eatortha ag an gcruinniughadh leath-bhliadhna.



Is bocht annróitheach an scéal atá le hinnsint i dtaobh na tíre
ar feadh na haimsire atá an obair seo ar siubhal. Na daoine ag
fagháil bháis le gorta is le ganntanas. Saothrachta na tíre ag
meath agus dá gcur fá chois. Uaill uaigneach an deóruidhe
agus a cháirde gaoil le cloisint gac lá. Agus rud is
measa ná so go léir b'fhéidir an t-iasacht ag éirighe fé mheas,
agus an dúthchas treascartha fé tháir is fé tharcuisne.



"Tá "Béarla" go tiugh dá shéideadh lasmuigh" i dtaobh na
ceiste so le tamall. Tá Coiste toghtha ag an Riaghaltas chun
breithniughadh ar chúrsaíbh tráchtála i nÉirinn, rátaí na mbóthar
iarainn, agus rl. Táid comhairlí contaethe, agus rl., ag cur teachtairí
chun fiadhnaise thabhairt os comhair an Choiste seo; agus gan aon
amhras is iomdha éagcóir throm is drochbheart atá curtha i leith
lucht na mbóthar iarainn. Is mór an obair tar éis an Bhéarla
bhreágh atá dá stealladh amach ó cheann ceann na tíre le deich
mbliadhna fichead nár cuimhnigheadh ar na neithibh seo go dtí so.
"Tá a fhios ag an talamh ó's é tá bodhar balbh" go bhfuil an
éagcóir dá dhéanamh i mórán slighte; acht cá bhfuil an leigheas?
Nó, an dtroidfimíd i n-aghaidh na héagcóra má tá an leigheas le
fagháil? Táid bóithre iarainn na hÉireann go léir beag nach
fé chúram seacht gcuideachta déag atá ag reamhrughadh agus ag
déanamh saidhbhris as dealbhas na tíre le fada. Sé baramhail
daoine áirithe gur feárr a raghadh sé dhon tír dá mbeadh na
bóithre seo fé chúram an Riaghaltais. Óir, i dtíorthaibh eile ar
fuaid na hEórpa i n-a bhfuil an Riaghaltas dá n-oibriughadh, go
bhfuil sé i gcumas lucht-saothair, feirmeoirí, &rl., a gcuid
earraidhe, eallach, toradh na talmhan, &rl., a chur go dtí an margadh
ar bheagán costais, agus go bhfuil na tíortha so ag dul ar aghaidh


L. 98


go tréan dá chionn. Ní fuláir náq gur mar sin atá an scéal aca
súd. Acht ní hionann bheith fé chion is fé chúram Riaghalthóra,
agus bheith fé ghéarleanamhaint, fé smacht is fé tharcuisne aige.
Sid í an difrigheacht go léir. Ní fhuil cion ná cúram ag Seághan
breágh ar mhuinntir na hÉireann. Dá mbeadh na bóithre iarainn
fé n-a churam is ar mhaithe le na líon tighe féin do oibreóchadh sé
iad "dá ghiorracht do dhuine a chóta is giorra 'ná soin a léine
dho." I dtaobh lucht na mbhóthar iarann, ní feárr cheachtar díobh
'ná a chéile. Iad féin iad féin.



Áirmhightear go bhfuil ós cionn cheithre milliún púnt ag dul tré
lámhaibh lucht na mbóthar iarainn gach bliadhain, agus go gcosnuigh-
eann sé dhá mhilliún go leith na bóithre do oibriughadh. Áirmhightear,
mar an gcéadna, go gceannóchadh caogad milliún púnt na boithre
iarainn amach ar shochar trí bpúnt go leith as an gcéad nó mar
sin. Anois, tá Seaghán ag maoidheamh le tamall gur mhaith leis
go mbeadh lámh, seadh agus lámh mhór leis, ag muinntir na
hÉireann i ngnóthaíbh a dtíre féin. Má tá sé chomh ceanamhail ar
mhuinntir na hÉireann is leigeann sé air a bheith anois an t-am
aige chun é thespáint. Is furas dó dlighe do chur i bfeidhm do
thabharfaidh caoi dhóibh na bóithre iarainn do cheannach amach, agus
an t-airgead a thabhairt dóibh ar iasacht freisin. Ní bheadh sé
dadamh caillte leis, óir ní baoghal ná go n-íocfaidís thar n-ais go
cneasta é, cé go bhfuil abhfad níos mó 'ná an méid sin sladaithe
thar cheart aige uatha le fiche bliadhain. "Éist le fuaim na habhann
agus gheóbhair breac; ag magadh atá sibh," adéarfaidh Seaghán.



Anois, ní fhuil aon chabhair bheith ag brath ar go raghaidh tír na
hÉireann chun tosaigh an fhaid a bheidh gléas taistil na tíre fé
riaradh an namhad. Is cosmhail le duine bheadh i bhfeighil tighe do
dhuine eile é, agus go mbeadh sé ag goid is ag fuadach
uaidh chum a thighe féin. Acht dá mbeadh an obair fé n-a
gcúram féin is fé bhainisteoireacht achmhuinneach, is géarr go
mbeadh a mhalairt de scéal le hinnsint i dtaobh na tíre. Ar an
gcéad dul síos ní chosnóchadh sé a leath-oiread na bóitre do
oibriughadh, óir ní theastóchadh leath na riaruightheóirí ná na daoine
uaisle eile atá ag borradh is ag at ar shaothar na ndaoine fé
láthair. Is iomdha rud atá ag dreoghadh i nÉirinn indiu go
ndéanfaidhe é shaothrughadh agus úsáid a dhéanam dhe nuair a
bheidís i n-ann a chur amach ar chostas réasúnta, gual, móin,


L. 99


clocha, &rl. Chuirfidhe saothrachta ar bun. Bheadh treabhadh agus
fuirse ar siubhal ar an dtalamh bán arís. Chabhróchthaidhe go tréan
le gach dhéantús Gaedhlach. Mar bhárr air seo go léir chuirfidhe
cosc leis an imirce, agus dá bhrígh sin do bheadh níos mó
taistealacht is níos mó le déanamh ag an mbóthar iarainn, agus
bheadh an tír go léir níos feárr dá dhruim.



Ní fhuil rud ar bith gur feárr is féidir é chur i gcompráid le
gléas taistil oireamhnach i n-aon tír 'ná cuisleanna is féitheacha
na colna go mbíonn an fhuil ag teacht is ag imtheacht tríotha ó
ceart lár an chroidhe. Má's folláin an croidhe beidh an cuisle
fuinneamhail, agus ruithfidh an fhuil go mear láidir lúthmhar amach
go himeallaibh na colna, agus bheidh an cholann go léir sláinte-
amhail curanta. Acht má tá an cholann lag de cheal bídh
oireamhnaigh nó tar éis íde mí-nádúrtha thabhairt di, beidh an
croidhe fann is an cuisle gan fuinneamh; beidh an fhuil ag
dranntán go fuar faon i gcuisleannaibh is i bhféitheachaibh na
colna. Dá bhrígh sin beidh dath an aoil ar an ghnúis agus na
géaga leóinte gan tapa. Is fada atá Éire bhocht ag tál is ag
taoscadh a cod' fóla amach sa bhfairrge, agus fuil an iasachtaigh
ag teannadh isteach uirthi le toil an Riaghaltais is lucht na
mbóthar iarainn. Ní hiongnadh go bhfuil éadan ná tíre ag ruith
amach bán.



Ós léir nách chum tairbhe na tíre atá gléas taistil na
hÉireann dá stiúradh fé láthair, an féidir iad do fheabhsughadh
i slighe go mbainfidhe an buntáiste is mó asta? Ar an gcéad
dul síos ní fuláir do mhuinntir na hÉireann a gcás féin a
thuigsint i dtaobh na ceiste seo. Cad tá ag teastáil uatha?
Muinighin a bheith aca asta féin, agus dá ráingheóchadh go mbeadh
sé riachtanach bheith ullamh chun a gcirt do chosnamh. Ní raibh
ceart ná cóir le fagháil i nÉirinn riamh gan troid a dhéanamh.
Acht tá a lán daoine meathta ins an tír seo adéarfaidh go bhfuil
an iomad comhachta ag luct na mbóthar iarainn is ag a lucht
leanamhna, agus ná fuil aon bhreith ag muinntir na hÉireann cor
a bhaint asta. Cé déarfadh fiche bliadhain ó shoin go mbeadh na
tighearnaí talmhan beagnach díscithe fá'n am so? Agus ba mhór
a gcómhacht sa tír. Tá daoine eile againn, daoine neamh-
maitheacha aineólacha adéarfaidh ná baineann an cás i n-aon chor
leó; agus dream eile, "fear na caorach beirbhthe," go bhfuil
rud éigin buaidhte aca dá mbárr.


L. 100


Siad na daoine seo fé ndeara fiche miliún púnt bheith ag
fágáil na tíre gach aon bhliadhain ar earraíbh iasachta, agus
saothrachta na tíre ag dul chun deiridh. Siad fé ndeara airgead
na tíre bheith ag dreóghadh i mbanncanaibh, nó dá chur chun sochair
i dtíorthaibh eile, agus ár n-aos óg ag sceinne leo thar saile,
is an talamh ag ruith amach bán de cheal saothruighthe. Siad so
go bhfuil lucht na mbóthar iarainn ag déanamh saidhbhris asta an
aimsir seo dá mbreith go Baile Átha Cliath chun dul ag féachaint
ar Sheóbóthair an Domhain nuair badh chóra dhóibh bheith ag cur le
chéile chun Aonach Gaedhlach do fhreastal cois baile. I n-aon
fhocal amháin, tá an saoghal lasmuigh tar éis meabhair a gcinn a
bhaint de mhuinntir na hÉireann. Ní fhuil muinighin ná dóchas
aca as a gcomhacht féin, ná eólas aca ar cionnus é chur i
bhfeidhm, acht ag brath ar an leigheas mar a buaileadh an aicíd
leó ar nós fear na meisce.



Cé go bhfuil cúrsaí tráchtála ag goilleamhaint ar thír na
hÉireann go léir tá áiteanna go bhfuil an scéal a bhfad níos
dona ortha 'ná a chéile. Tá na háiteanna so go léir nach mór
ar léirscáil na Gaedhltachta. Is 'mdhó bogach garbh, logán lom,
agus imeall sléibhe go bhfuil daoine bochta ag obair go dian
dicheallach ortha ag iarraidh maireachtaint a bhaint asta. Is 'mdhó
cosán cam agus bóithrín cumhang clochach atá ar a lán aca cur
díobh sula sroisid siad an bóthar árd, chun teangmháil le
mangaire nó gaimbíneach atá ag cur fé chomaoine iad ag
tógaint a gcuid ubh, ime, etc., uatha, is ag tabhairt pé luach is
maith leis dóibh. Ní fhuil aon eólas aca féin ar imtheachtaibh na
mbóthar iarainn acht an t-eólas dubhach dubhrónach, .i. gurab iad
do sciob a gclann leó fé dhéin na fairrge. Pé slighe go
raghaidh na bóithre iarainn is mithid iarracht éigin a thabhairt fé
earraí na n-áiteanna iargcúlacha so do chur chun margaidh go
tráthamhail ionnus go bhfaghadh na daoine bochta an luach ceart
ortha.



Thug an Tighearna Uíbh Eachach agus Pirrie iarracht fé rud
éigin den tsaghas so do chur ar bun tamall ó shoin, acht pé cúis
é níor tháinig aon rud de. Samhluighthear, ámh, go raibh súil aca
go raghadh an gnó chum cinn, tráth is go rabhadar ullamh chun a
gcuid airgid do chur i gcontabhairt leis.



Ní fhuil acht aon tslighe amháin chun tabhairt fé an gceist seo.


L. 101


Sé sin comh-oibriughadh do chur ar bun eatortha. Dá mbeadh soin
aca b'fhurus socrughadh mar gheall ar an tráchtáil.



Tá gléas taistil an-áiseamhail tabhartha amach aca thall sa
bhFrainnc i gcomhair na hoibre seo. Tiomáintear le neart mótor
é, agus tá chúig no sé cóistí gabhtha le chéile. Is féidir iad so
do scaoileadh ó n-a chéile aon uair is maith leó é. Rud eile dhe,
tá sé ceapaithe i slighe gur féidir é thiomáint ar aon bhóthar
puiblidhe gan baoghal dul síos tríd. Óir ní fhuil aon áit de idir
ineall is cóistí níos truime 'ná a chéile. Tiomáintear é seo
amach ar maidin ó gcathair no ón mbaile mór, agus fágann
sé cóiste aca so i n-áit áirithe annso is annsúd, ag crosbhóthar
nó aon áit áiseamhail. Tig le muinntir na háite sin pé earraí
bheadh aca chun cur go dtí an margadh iad do chur isteach sa
chóiste seo, agus é bheith ullamh roimh an mótor ag filleadh thar
n-ais dó um thráthnóna. Tá na bóithre puiblidhe maith go leór
ins an tír seo; agus fóríor, díomhaoin is uaigneach a ndóthain
chun cóistí teintreacha do thiomáint ortha. Is feárr do mhuinntir
na hÉireann bheith ag déanamh úsáid éigin díobh, tar éis a bhfuil
caillte aca leó, do raghadh chun a sonas féin is chun tairbhe na
tíre 'ná bheith ag féachaint ar bhoicíní iasachta ag caitheamh na láibe
ortha le na gcóistí, is ag déanamh magadh agus fonómhaid fé
n-a bhfaillighe.



Cá bhfaghfar an t-airgead chun an ghnó so do chur ar siubhal?
Do dhéanfadh an méid airgid atá dá chaitheam gach bhliadhain ag
coinghbháil tighthe na mbocht suas, an obair go léir. Nó do
dhéanfadh an méid farasbárr atá ag Ciste Shasana dá éileamh de
bhárr Bille na Talmhan tosnughadh maith. Nó, do déanfadh an
cúigmhadh cuid déag den mhéid airgid atá ag imtheacht ar
ólachán gach bliadhain é. Ní feárr bheith ag cainnt, ámh, ní fhuil aon
fhághail ar an airgead so go fóill, acht go háirithe. I dteannta
gach tubaiste eile tá an méid sin donus ar mhuinntir na
hÉireann go bhfuil greim an duine bháidhte aca ar aon phinginn
do raghadh chun tairbhe na tíre, chun go gcurfar dlighe éigin i
bhfeidhm thall mar gheall air ar mhaithe leo mar'dh eadh; agus
annsoin caithfid siad lámh a chur i n-a bpóca, agus ná raibh maith
aca.



Anois cuir i gcás go mbeadsh comhoibriughadh ar bun i gceann-
tar iargcúlach idir feirmeóirí, lucht céirde, etc., agus ná


L. 102


beidís i n-ann gléas taistil oireamhnach do sholáthar dóibh féin.
Bíonn gach aon tosnughadh lag. Dá gcuirfidís fógraí ins na
páipéaraíbh amuigh is sa mbaile gá rád go dtabharfaidís tráchtáil
na háite sin don duine nó don chómhlucht is saoire do dhéanfadh
an gnó, gabhaim-se orm gur geárr go bhfuighidís freagra, is go
mbeadh comórtas idir lucht mótor mar gheall ar. B'fhéidir go
mbeidís beagán caillte leis an obair ar dtúis; acht do réir
mar a bheidís ag fagháil eóluis ar na margaidhibh is ag fagháil
luach mhaith ar a n-earraidhibh, bheidís ag dul i neartmhaire le linn
na haimsire. Rud eile dhe, bheadh na ceannuightheóirí lasmuigh ag
cur aithne ortha féin is ar a dtír; agus nuair a bheadh gléas
taistil oireamhnach aca chun teacht agus imtheacht, luighfidís ar na
saothrachta do bheadh oireamhnach don áit sin do chur ar bun, agus
ní baoghal ná go dtiocfadh feabhus ar an gceanntar go léir dá
dhruim.



Is 'mdhó fear saidhbhir de shliocht na nGaedheal tar lear atá
lán-ullamh chun chabhrughadh le na thir dhúthchuis. Acht mar adubhairt
duine aca le déadhnaighe: cadé an tairbhe bheith ag caitheamh
airgid ar mhuinntir na hÉireann agus iad san dá chur anonn go
Sasana. Acht dá bhfeicfeadh sé sin nó a leithéid eile gnó den
gcineál so curtha ar bun agus na daoine ag obair as a ngustal
féin, ní baoghal ná go dtabharfadh sé a chongnamh pearsanta dhóibh
ins gach chéim.



Dá mbeadh obair den tsaghas so ar siubhal fé bhainisteóireacht
acmhuinneach ní dóigh liom go bhfuil slighe is giorra chun láimhe chun
barrathuisle thabhairt do lucht na mbóthar iarainn is chun teacht
"dia thiar díobh mar a tháinig an sioc ar Eóchaill." Dá mbeadh
an gléas nua so ag muinntir na tuaithe, agus go n-eiteóchadh
lucht na mbóthar iarainn na rátaí do laighdughad, tig leó an
mótor do thiomáint i gcomórtus leó dá mbadh isteach go príomh-
chathair na hÉireann é. Is sia raghadh obair mar sin chun scannradh
agus smacht do chur ortha ná dá mbeadh lucht an Bhéarla ag
cainnt go dtí lá an Luain. Ní fhuil aon áit is feárr iad do
aimsiughadh 'ná i bpóca an bhríste. Dá n-eireóchadh aon rud mar
seo i gcoinnibh lucht na mbóthar iarainn 'sé an chéad rud do
dhéanfaidís ámh, ná an gléás nua do cheannach amach dá bhfaighdís
é le ceannach. Tá a lán cuideachta beaga slugtha aca mar seo
ar fuaid na tíre, agus dá bhrígh sin ní fhuil bac ortha a rogha cána


L. 103


do chur suas. Tá an ealadha so ró-fhada cheana chun cur síos
ar thráchtáil na n-abhann mar, An tSionann leathan láidir, an
Bhóinn is an chuid eile aca. Acht b'fhéidir dúinn uair éigin eile.
I n-aon fhocal amháin, caithfid muinntir na hÉireann cromadh ar
a ngnó féin do dhéanamh i dtaobh na ceiste seo agus gach ceiste
eile atá ag ghoilleamaint ortha, má tá sé i ndán dóibh bheith buan.
Dá ndéanfaidhe tosnughadh ar an gcuma so ins na ceanntaraibh
iargcúlacha, agus sprid agus anam na nGaedhltachta do mhúscailt
is do ghríosadh chun gnó bunadhsach do chur ar bun agus do
bhreith ar aghaidh; tespáint agus míniughadh dhóibh go bhfuil sé
i n-a gcumas éirghe ins an tsaoghal i n-indeóin gach tubaiste
atá ag cur i n-a gcoinnibh is geárr go mbeadh a mhalairt de
scéal le hinnsint fá dtaobh díobh. Do lean an galldachus cúrsa
an bhóthair iarainn de ghnáth, agus bhí an ruagadh dá chur ar an
nGaedhltacht dá réir. Bhí a muinntir deighilte amach ón saoghal
eile go léir. Pé feabhas a bhí ag teacht ar an saoghal lasmuigh
ní raibh aon bhreith aca súd ar aon chuid de.



Bhíodar mar bheadh deóraidhthe i mbraighdeanas i n-a dtír féin.
Acht ar a shon san ní rabhadar acht ag breith amach leómhnughadh
Dé, ag coimeád oighreacht a sean saor ó mhasla go dtiocfadh
an aiséirghe. Tá comharthaí go bhfuil soin ag teacht. Anois an
t-am chun muinntir na Gaedhltachta do fhuascailt, agus caoi
thabhairt dóibh chun casadh ar a n-ionadaibh féin, agus coidreamh
a bheith idir iad féin agus an tír uile. De réir mar díbrigheadh
an Ghaedhltacht amach sa bhfásach an uair sin curfar an ruagadh
ar an nGalldachas thar n-ais. Beidh an fhuil Ghaedhealach ag
preabadh go meanmnach i gcuisleannaibh na tíre arís, thoir, thiar,
theas, agus thuaid. Ní Ulaidh ná Mumhain, Connachta ná Laighin,
Leath-Mhogha ná Leath-Chuinn, a bheadh mar rosc catha ann, óir
curfar cúigeachas ar leathtaoibh, acht "Éire go léir, agus
an Gaedheal i n-uachtar."



BONN AR BÓTHAR.



[.i. Pádraig Ó Súilleabháin, Dúinín, Sráid an Mhuilinn, Co.
Chorcaighe. Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i nIomaidh-
eacht a & .i. an Iomaidheacht i gcuimhniughadh ar na Maolánaigh,
Pádraig agus Eibhlín, ar an Oireachtas, 1907. ]

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services