Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feilmeoireacht
Title
Feilmeoireacht
Author(s)
Ní fhios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feilmeoireacht Tamall beag ó shoin bhí mé i ndíol-bhoth síl, aig éisteacht leis an gcómhrádh so idir bheirt fheilmeór: I. Cia nós a bh-fuil an saoghal ag dul leat a Mhíchíl? II. Go measardhach, mórán le déanadh agus beagán dá bharra agam. I. Sin sguel gach uile dhuine agus 'sé mo sgeulsa é. Chuireas síol ráibe mí ó shoin nuair bhí an brothal mór ann, agus ní túisge bhí dhá chluais na ráibe ós cionn talmhan na bhíodar ithte ag na míoltógaibh, agus an mhéid nár ith siad sin do státh na préacháin iad as an d-talamh. II. Míle mí-cothrom ortha mar phréacháin, tá siad ag déanamh an donais go léir ar mo chuid phrátaidhe luatha. Ní fheadar féin cad chuige gur cuireadh ar an saoghal a leithéidí, acht is dóigh go ndeineann siad maith éicint. I. Is fíor dhuit sin. Do léigheas i b-páipeur na seachtmhaine seo ghabh tharrainn gur gheárr feilmeoir an bolg as préachán bhí bpáirc chruithneachta dá cur, agus sé fuair an feilmeoir i n-iogán an phréacháin, ciaróga, caochanna-ruadha agus péisdeanna, nuair a shaoil she go raibh an cladhaire ag pléasgadh le na chuid cruithneachta. II. B'fhéidir, d'réir an sgéilsin go bhfuilimíd ro- chruaidh ar na préachánaibh. Bhfuil do chuid féir gearrtha fós? I. Ní'l acht obair triúr spealadóir, agus is truagh liom nách agfás a tá sé go fóil i n-ionad bheith baint. Tá sé go léir 'na sreathannaibh ar an dtalamh. Ní thig linn píce do chur ann tá an aimsir chomh h-olc sin. II. Níor bhaineamar-ne aon fhéar fós. Tá sé ró aibidh, acht is fearr bheith mar sin do, 'ná lobhtha le bháisdeach. Shaoileamar ár g-cuid mhóna do stualáil an tseachtmhain seo ghabh tharrain acht tháinig an fliuchán mór orrainn agus tá an mhóin mar bhí sí mí ó shoin nuair
arinneamar í chnuchairt. Mar atá an sgeul againn anois beidh an mhóin, na meacain ráibé agus an feur ag rith ar a chéile nuair a thiocfaidh an aimsir bhreágh. I. Ar spréighis do chuid phrátaidhe fós? II. Do spréigheas. Sin rud atá mé a dhéanadh le bliadhantaibh, agus dá chómhartha sin féin ní raibh mórán dom' phrátaidhibh caillte. Spréighim iad le cloch-ghorm agus roinnt beag aoil. I. Tá daoine 'á rádh gur 'b é toil Dé an mheath do theacht agus nách cheart dul i n-aghaidh tola Dé. II. Ar airighis riamh an sean-fhocal "Iarrainn dia congnamh" sé toil Dé breoiteacht agus tinneas dó theacht orrain, acht mar sin féin is maith linn fios do chur ar an dochtúir. I. Sin í an fhírinne cheart, acht tá sé an-dheacair i mhúineadh do dhaoinibh gan chiall agus tá cuid mhaith dhíobh so ar an saoghal fós. Iogán = craw; caoch-ruadh = wire-worm; stualáil = stooking turf; cnuchairt = "footing"; da chomhartha sin féin = "signs on it"; ráibe no meacan ráibe = "turnip.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services