Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feilmeoireacht

Title
Feilmeoireacht
Author(s)
Ní fhios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feilmeoireacht



Tamall beag ó shoin bhí mé i ndíol-bhoth síl, aig
éisteacht leis an gcómhrádh so idir bheirt fheilmeór:



I. Cia nós a bh-fuil an saoghal ag dul leat a Mhíchíl?



II. Go measardhach, mórán le déanadh agus beagán dá
bharra agam.



I. Sin sguel gach uile dhuine agus 'sé mo sgeulsa é.
Chuireas síol ráibe mí ó shoin nuair bhí an brothal mór
ann, agus ní túisge bhí dhá chluais na ráibe ós cionn
talmhan na bhíodar ithte ag na míoltógaibh, agus an mhéid
nár ith siad sin do státh na préacháin iad as an d-talamh.



II. Míle mí-cothrom ortha mar phréacháin, tá siad ag
déanamh an donais go léir ar mo chuid phrátaidhe luatha.
Ní fheadar féin cad chuige gur cuireadh ar an saoghal
a leithéidí, acht is dóigh go ndeineann siad maith éicint.



I. Is fíor dhuit sin. Do léigheas i b-páipeur na
seachtmhaine seo ghabh tharrainn gur gheárr feilmeoir an
bolg as préachán bhí bpáirc chruithneachta dá cur, agus sé
fuair an feilmeoir i n-iogán an phréacháin, ciaróga,
caochanna-ruadha agus péisdeanna, nuair a shaoil she go
raibh an cladhaire ag pléasgadh le na chuid cruithneachta.



II. B'fhéidir, d'réir an sgéilsin go bhfuilimíd ro-
chruaidh ar na préachánaibh. Bhfuil do chuid féir gearrtha
fós?



I. Ní'l acht obair triúr spealadóir, agus is truagh liom
nách agfás a tá sé go fóil i n-ionad bheith baint. Tá
sé go léir 'na sreathannaibh ar an dtalamh. Ní thig linn
píce do chur ann tá an aimsir chomh h-olc sin.



II. Níor bhaineamar-ne aon fhéar fós. Tá sé ró
aibidh, acht is fearr bheith mar sin do, 'ná lobhtha le
bháisdeach. Shaoileamar ár g-cuid mhóna do stualáil
an tseachtmhain seo ghabh tharrain acht tháinig an fliuchán
mór orrainn agus tá an mhóin mar bhí sí mí ó shoin nuair


L. 310


arinneamar í chnuchairt. Mar atá an sgeul againn
anois beidh an mhóin, na meacain ráibé agus an feur ag
rith ar a chéile nuair a thiocfaidh an aimsir bhreágh.



I. Ar spréighis do chuid phrátaidhe fós?



II. Do spréigheas. Sin rud atá mé a dhéanadh le
bliadhantaibh, agus dá chómhartha sin féin ní raibh mórán
dom' phrátaidhibh caillte. Spréighim iad le cloch-ghorm
agus roinnt beag aoil.



I. Tá daoine 'á rádh gur 'b é toil Dé an mheath do
theacht agus nách cheart dul i n-aghaidh tola Dé.



II. Ar airighis riamh an sean-fhocal "Iarrainn dia
congnamh" sé toil Dé breoiteacht agus tinneas dó theacht
orrain, acht mar sin féin is maith linn fios do chur ar
an dochtúir.



I. Sin í an fhírinne cheart, acht tá sé an-dheacair i
mhúineadh do dhaoinibh gan chiall agus tá cuid mhaith dhíobh
so ar an saoghal fós.



Iogán = craw; caoch-ruadh = wire-worm; stualáil =
stooking turf; cnuchairt = "footing"; da chomhartha sin
féin = "signs on it"; ráibe no meacan ráibe = "turnip.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services