Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Má cailltar an sean nós amhránaidheachta, ní d'uireasbha leabhríní a thuitfidh soin amach. Ní hi gcomhnuidhe is féidir an sean nós so do chur síos de réir nodaí ceóil na haimsire seo. Bíd cuir agus casa ag amhránuidhthe Gaedhilge go dteipfeadh ar Áristothail féin a gcur ar phár. Mar sin féin má théidhmíd i ngar dóibh tiochfaidh an fhuaim cheart do chluais an Ghaedhil. Is fada ná feaca-sa aon iarracht ar an tsean nós a chur i gcló a b'fhearr 'ná an leabhrín is déadhnaighe do fríth ón Athair Pádraig Breathnach, .i. an cúigmhadh cuid de "CHNUASACHD BHEAG AMHRÁN." Sé buadh is mó atá ag an saothar so ná amhráin a bheith ann gur cuireadh síos a béalaibh na ndaoine féin an uile cheann aca. Ní féidir dul thairis sin. Tá a rian ortha. Gheibhmíd blas na Gaedhltacht agus croidhe agus anam na Gaedhltacht sa leabhrín seo, agus féadfar a rádh go dtaitneóghaid le muinntir na Gaedhilge i ngach áird d'Éirinn. Ná cloisimís feasta gearán i dtaobh a laighead amhrán nua is féidir d'fhagháil i gcóir cuir- meach ceóil. Sa leabhar so tá sé cinn déag d'amhránaibh gleóite. Ní gábha dham na seóide go léir d'áireamh, acht ba mhaith liom fonn nó dhó a luadh dhó léigh- theoiríbh an IRISLEABHAIR. Amhrán gleóite go bhfuil seanaithne agam féin air iseadh "Raca Breagh mo Chinn". Ceann eile iseadh "An Bheistín Liath". Ní gheibhmíd an "Amhrán an Mhada Ruaidh," "Máthair mo Chéile," Tom Toozick, the Gintleman," &rl … Bhí Áine Ní Raghallaigh ag cuidiughadh leis an Athair Pádraig. Congantóir maith iseadh í, Dia á beannachadh. Muinntir Bhrúin is Nualláin atá i bhfeighil an leabhair agus pinghinn a fhiacha. Bíodh ceann ag gach Gaedheal. TÓRNA. Chur Muinntir Mhánsail beart mhór de leabhraibh taithneamhacha ag triall orainn. Ní féidir teacht ortha go léir don iarracht so. Badh mhian linn, ámh, trí cinn de leabhraibh filidheachta Béarla a luadh, mar atá "THE GILLY OF CHRIST", by Seosamh Mac Cathmhaoil, 1/ - nett; "WILD EARTH," by
Pádraig Colm, 1/ - nett; agus "THE AWAKENING" by James H. Cousins, 1/ - nett. Tá aithne mhaith i measc Gaedheal ar shaothar chuid aca so, agus ní nár dúinn féin a admháil go dtaitneann linn a lán de. Táid giotaí i leabhraibh Phádraig Cholm is Sheósaimh Mhic Cathmhaoil gur dheacair a sárughadh ar dheiseacht. Is mór an deifrigheacht atá idir iad féin agus "W.B.Y."! Nach greannmhair é an dúthchus! Táid clódóireacht is ceangal na leabhar so ar áilleacht an domhain. Chun na fírinne a rádh, tá mór-chlú fachta ag Muinntir Mhánsail i dtaobh a dheise a bhídh na leabhair a chuirid ar an margadh. Raghaidh soin i dtairbhe dhóibh. COUNTY LOUTH ARCHAEOLOGICAL JOURNAL, No. 4, Vol. I. Oct. 1907. W. Tempest: Dundalk. 2/6. Nuair a shrois an chéad uimhir den Irisleabhar sinsiridheachta so sinn, dubhramair go ndéanfadh an fhuireann chéadna nídh foghanta. Tá an rud foghanta déanta aca cheana féin, agus ní beag linn de chomhartha ar an méid sin go bhfuilid féin sásta le n-a bhfuil déanta. Tá breis is dhá chéad dalta sa chumann; bíonn cruinnighthe mhóra aca anois is arís, agus tugaid cuairt ar bhall éigin mhór-cháile de Chondae Lughmhaighe an tráth a bhíonn aiste dá léigheamh ag duine aca ar chúrsaí a bhain leis an gceanntar san i n-allóid. An uimhir seo atá os ár gcomhair is í an ceathramhadh ceann í — an phunann deiridh de bheart a haon — agus tá ann clár innste an iomláin. Tá rian láimhe ár gcarad Énrí Ó Muirgheasa ar a fhuaid ó thúis go deire, agus, nidh nach iongna, tá Gaedhilg ann agus trácht ar Ghaedhilg is ar Ghaedhlaibh is ar dhálaibh Gaedhal. Don bhFéinn iseadh an tagairt atá ag an dTighearna Bháitéir Mac Gearailt agus ní fuláir nó go bhfuil "Silbha Gadelica" is "imtheachta Chumainn Oisín" léighte go cruinn aige, mar is beacht a chuireann sé síos ar thréithibh, ar thaoisigh, ar scléip, is ar bhéasaibh na Féinne. Tá trácht ag an bhfear céadna ar Chnoc Almhaine i gCo. Chill Dara. Ba ró-oireamhnach an t-ionad é i gcomhair turuis an Oireachtuis seo chughainn. Tá aiste ann ó "Enda" ag cur síos ar Chluainchaoin is ar Chnoc na Seangán, áitanna tábhachta; aiste ó láimh Chaireal Ó Laithbheartaigh ó Chaisleán Bléine, dá chruthughadh gurb é sean-ainm na háite sin ná Baile Leargan sara dtáinig an Gall-ridire Bléine ann i mbl. a 1607; aiste ó Athair Tomás Mac Fhógartaigh i dtaobh Chill Áine is ionad adhlactha Fuinche Naomhtha; aistí ó Énrí Ó Muirgheasa ag tagairt do ghallán Chonchullain, do Scrín Chluig Phádraig, do leabhraibh irse, &c.; agus, mar an gcéadna, an óráid Ghaedhilge a thug duine de lucht leanamhna Dhomhnaill Uí Chonaill uaidh i dtaobh Repeal ag tigh an phobuil ag Tigh Bánáin i mbl. 1843. Togha droch-Ghaedhilge atá innti, go deimhin, acht, mar sin féin, is léir go raibh a lán san éisteacht nár thuig Sacsbhéarla acht go dona. Is beag san áit indiu a thuigfadh a mhalairt! An aiste is mó is is tábhachtaighe sa leabhar, ó láimh Lorcáin Uí Mhuireadhaigh, i Magh Nuadhat do fríth í, ag baint le mainistreacha Lughmhaighe ó ré na Sean-Ghall a leith. Tá ath-chló ann, leis, de chuidh den seana- leabhar úd "Louthiana", agus é ceartuighthe ag Énrí Ó Muirgheasa. Is saith liom go bhfuil an Muirgheasach tar éis éirghe as obair rúnuidheachta an Chumainn seo le mí nó dhó, de dheascaibh malairt chúraim air féin is dócha; acht tá muinighin agam go mbeidh a thuilleadh iarrachtaí againn ó n-a láimh líomhtha. Ba cheart do sna Gaedhilgeóirí brughadh isteach isna cumannaibh seo ar fuaid na dúithche agus rian a lámha do chur ar gach irisleabhar dá leithéid seo. Fiachra Éilgeach. Tá an tarna cuid de ADHBHAR CAINNTE AN MHÚINTEÓRA ar fagháil anois ag Muinntir Fallamhain. Cuireadh gach múinteóir Gaedhilge fios air láithreach. Is maith an áis é don mhúinteóir a bhíonn ag obair de réir an Mhodh Dhírigh. Tá Clár an Oireachtuis á chur amach i bhfochair na huimhreach so. Deinidís ár scríbhneóirí é léigheamh go haireach. Anois an t-am chun tosnughadh ar obair fhoghanta. Ná fágtar chún deiridh í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services