Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Má cailltar an sean nós amhránaidheachta, ní d'uireasbha leabhríní a thuitfidh
soin amach. Ní hi gcomhnuidhe is féidir an sean nós so do chur síos de réir
nodaí ceóil na haimsire seo. Bíd cuir agus casa ag amhránuidhthe Gaedhilge
go dteipfeadh ar Áristothail féin a gcur ar phár. Mar sin féin má théidhmíd i
ngar dóibh tiochfaidh an fhuaim cheart do chluais an Ghaedhil. Is fada ná feaca-sa
aon iarracht ar an tsean nós a chur i gcló a b'fhearr 'ná an leabhrín is déadhnaighe
do fríth ón Athair Pádraig Breathnach, .i. an cúigmhadh cuid de "CHNUASACHD
BHEAG AMHRÁN." Sé buadh is mó atá ag an saothar so ná amhráin a bheith
ann gur cuireadh síos a béalaibh na ndaoine féin an uile cheann aca. Ní
féidir dul thairis sin. Tá a rian ortha. Gheibhmíd blas na Gaedhltacht agus
croidhe agus anam na Gaedhltacht sa leabhrín seo, agus féadfar a rádh go
dtaitneóghaid le muinntir na Gaedhilge i ngach áird d'Éirinn. Ná cloisimís
feasta gearán i dtaobh a laighead amhrán nua is féidir d'fhagháil i gcóir cuir-
meach ceóil. Sa leabhar so tá sé cinn déag d'amhránaibh gleóite. Ní gábha dham
na seóide go léir d'áireamh, acht ba mhaith liom fonn nó dhó a luadh dhó léigh-
theoiríbh an IRISLEABHAIR. Amhrán gleóite go bhfuil seanaithne agam féin air
iseadh "Raca Breagh mo Chinn". Ceann eile iseadh "An Bheistín Liath". Ní
gheibhmíd an "Amhrán an Mhada Ruaidh," "Máthair mo Chéile," Tom Toozick, the
Gintleman," &rl … Bhí Áine Ní Raghallaigh ag cuidiughadh leis an Athair Pádraig.
Congantóir maith iseadh í, Dia á beannachadh. Muinntir Bhrúin is Nualláin atá
i bhfeighil an leabhair agus pinghinn a fhiacha. Bíodh ceann ag gach Gaedheal.



TÓRNA.



Chur Muinntir Mhánsail beart mhór de leabhraibh taithneamhacha ag triall
orainn. Ní féidir teacht ortha go léir don iarracht so. Badh mhian linn, ámh,
trí cinn de leabhraibh filidheachta Béarla a luadh, mar atá "THE GILLY OF
CHRIST", by Seosamh Mac Cathmhaoil, 1/ - nett; "WILD EARTH," by


L. 46


Pádraig Colm, 1/ - nett; agus "THE AWAKENING" by James H. Cousins,
1/ - nett. Tá aithne mhaith i measc Gaedheal ar shaothar chuid aca so, agus ní nár
dúinn féin a admháil go dtaitneann linn a lán de. Táid giotaí i leabhraibh
Phádraig Cholm is Sheósaimh Mhic Cathmhaoil gur dheacair a sárughadh ar dheiseacht.
Is mór an deifrigheacht atá idir iad féin agus "W.B.Y."! Nach greannmhair é
an dúthchus! Táid clódóireacht is ceangal na leabhar so ar áilleacht an
domhain. Chun na fírinne a rádh, tá mór-chlú fachta ag Muinntir Mhánsail i
dtaobh a dheise a bhídh na leabhair a chuirid ar an margadh. Raghaidh soin i
dtairbhe dhóibh.



COUNTY LOUTH ARCHAEOLOGICAL JOURNAL, No. 4, Vol. I. Oct.
1907. W. Tempest: Dundalk. 2/6.



Nuair a shrois an chéad uimhir den Irisleabhar sinsiridheachta so sinn,
dubhramair go ndéanfadh an fhuireann chéadna nídh foghanta. Tá an rud
foghanta déanta aca cheana féin, agus ní beag linn de chomhartha ar an méid
sin go bhfuilid féin sásta le n-a bhfuil déanta. Tá breis is dhá chéad dalta
sa chumann; bíonn cruinnighthe mhóra aca anois is arís, agus tugaid cuairt ar
bhall éigin mhór-cháile de Chondae Lughmhaighe an tráth a bhíonn aiste dá
léigheamh ag duine aca ar chúrsaí a bhain leis an gceanntar san i n-allóid.



An uimhir seo atá os ár gcomhair is í an ceathramhadh ceann í — an phunann
deiridh de bheart a haon — agus tá ann clár innste an iomláin. Tá rian láimhe
ár gcarad Énrí Ó Muirgheasa ar a fhuaid ó thúis go deire, agus, nidh nach
iongna, tá Gaedhilg ann agus trácht ar Ghaedhilg is ar Ghaedhlaibh is ar dhálaibh
Gaedhal.



Don bhFéinn iseadh an tagairt atá ag an dTighearna Bháitéir Mac Gearailt
agus ní fuláir nó go bhfuil "Silbha Gadelica" is "imtheachta Chumainn Oisín"
léighte go cruinn aige, mar is beacht a chuireann sé síos ar thréithibh, ar
thaoisigh, ar scléip, is ar bhéasaibh na Féinne. Tá trácht ag an bhfear céadna
ar Chnoc Almhaine i gCo. Chill Dara. Ba ró-oireamhnach an t-ionad é i gcomhair
turuis an Oireachtuis seo chughainn. Tá aiste ann ó "Enda" ag cur síos ar
Chluainchaoin is ar Chnoc na Seangán, áitanna tábhachta; aiste ó láimh
Chaireal Ó Laithbheartaigh ó Chaisleán Bléine, dá chruthughadh gurb é sean-ainm
na háite sin ná Baile Leargan sara dtáinig an Gall-ridire Bléine ann i
mbl. a 1607; aiste ó Athair Tomás Mac Fhógartaigh i dtaobh Chill Áine is
ionad adhlactha Fuinche Naomhtha; aistí ó Énrí Ó Muirgheasa ag tagairt do
ghallán Chonchullain, do Scrín Chluig Phádraig, do leabhraibh irse, &c.; agus,
mar an gcéadna, an óráid Ghaedhilge a thug duine de lucht leanamhna Dhomhnaill
Uí Chonaill uaidh i dtaobh Repeal ag tigh an phobuil ag Tigh Bánáin i mbl. 1843.
Togha droch-Ghaedhilge atá innti, go deimhin, acht, mar sin féin, is léir go raibh
a lán san éisteacht nár thuig Sacsbhéarla acht go dona. Is beag san áit indiu
a thuigfadh a mhalairt! An aiste is mó is is tábhachtaighe sa leabhar, ó láimh
Lorcáin Uí Mhuireadhaigh, i Magh Nuadhat do fríth í, ag baint le mainistreacha
Lughmhaighe ó ré na Sean-Ghall a leith. Tá ath-chló ann, leis, de chuidh den seana-
leabhar úd "Louthiana", agus é ceartuighthe ag Énrí Ó Muirgheasa. Is saith
liom go bhfuil an Muirgheasach tar éis éirghe as obair rúnuidheachta an
Chumainn seo le mí nó dhó, de dheascaibh malairt chúraim air féin is dócha; acht
tá muinighin agam go mbeidh a thuilleadh iarrachtaí againn ó n-a láimh líomhtha.
Ba cheart do sna Gaedhilgeóirí brughadh isteach isna cumannaibh seo ar fuaid
na dúithche agus rian a lámha do chur ar gach irisleabhar dá leithéid seo.



Fiachra Éilgeach.



Tá an tarna cuid de ADHBHAR CAINNTE AN MHÚINTEÓRA ar fagháil
anois ag Muinntir Fallamhain. Cuireadh gach múinteóir Gaedhilge fios air
láithreach. Is maith an áis é don mhúinteóir a bhíonn ag obair de réir an Mhodh
Dhírigh.



Tá Clár an Oireachtuis á chur amach i bhfochair na huimhreach so. Deinidís
ár scríbhneóirí é léigheamh go haireach. Anois an t-am chun tosnughadh ar obair
fhoghanta. Ná fágtar chún deiridh í.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services